Committee Reports::Report No. 46 - Prevention of Classical Swine Fever::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá breithniú déanta ag an gComhchoiste ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán ón gComhairle ag tabhairt bearta Comhphobail isteach chun muc-fhiabhras coiteann a chosc (4098/79). Tuigeann an Coiste go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún go mbeidh an Rialachán beartaithe mar aon le dréacht-Rialachán eile a bhfuil sé i gceist aige é a chur faoi bhráid na Comhairle sar i bhfad mar bhonn do phlean Comhphobail chun fiabhras muc a scriosadh. Dá nglacfaí na Rialacháin nua bheadh deireadh le maoluithe áirithe a deonaíodh don tír seo (agus don Danmhairg agus don Ríocht Aontaithe) anuas go dtí an Nollaig, 1977 ar dtús leis an gConradh Aontachais (Airteagal 104.1) agus a fadaíodh ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meitheamh 1979 le cinntí comhleanúnacha ón gComhairle (78/54/CEE an 19 Nollaig 1977 agus 79/111/CEE an 24 Eanáir 1979). (Chuir an Coimisiún togra chuig an gComhairle ag iarraidh na maoluithe a choimeád i bhfeidhm go dtí deireadh 1979). Deonaíodh na maoluithe sin mar aitheantas go bhfuil gach ceann de na trí Bhallstát nua saor ó fhibhras muc leis na blianta fada, nach raibh vacsaíniú ar siúl acu ina choinne agus go raibh sé de bheartas acu na muca a mharú dá dtarlódh an fiabhras ina gcríocha.


An Cineál Galair

2. Is galar an-tógálach é an muc-fhiabhras coiteann. Faigheann mórchuid muc bás leis nuair is measa an fiabhras ach bíonn anabaíocht, aimride agus laghdú fáis ag gabháil leis freisin mar dheasca. Is éagsúil ar fad mar a ndéileálann na Ballstáit leis an ngalar agus is é is bonn do thogra an Choimisiúin gur gá comhchuibhiú a dhéanamh ar na modhanna sin chun deireadh a chur le bac ar thrádáil laistigh den Chomhphobal.


3. Tá Éire saor ón ngalar ó 1958 i leith agus ós rud é nach ndéantar vacsaíniú ina choinne anseo bheadh an tréad náisiúnta go mór i mbaol i gcás an galar a theacht isteach ón gcoigrích dá ndéanfaí ár gcuid rialacha náisiúnta maidir le muca agus muiceoil a allmhairiú a tharraingt siar sula mbeidh scéim chuí éifeachtach chun fiabhras muc a rialú agus a scriosadh glactha agus i ngníomh sna Ballstáit sin inar galar eindéimeach é.


Léargas ar Thograí an Choimisiúin

4. Déanann an Rialachán beartaithe cur síos mion ar an mbeart atá le déanamh ag an údarás inniúil i ngach Ballstát i ndáil le (a) gabháltas a mheastar nó a fháithmheastar an galar a bheith air, (b) gabháltas a bhfuil seans ann gur uaidh a tháinig an galar, (c) marú muc ar ghabháltais atá faoi ghalar agus na himthosca inar féidir an marú a chur siar nó gan dul ar aghaidh leis, (d) fiosrú eipeazóiteolaíoch a sheoladh, (e) limistéar cosanta a chur ar bun mórthimpeall ar an ngabháltas aicídithe agus gluaiseacht na muc istigh ann a rialú, (f) caighdeáin agus modhanna fáithmheasa comhordaithe a ghlacadh, (g) vacsaniú agus (h) úsáid turscair a rialú.


Maoluithe

5. Cé go ndealraíonn sé go bhfuil mar chuspóir inmholta ag tograí an Choimisiúin fiabhras muc a chosc tá roinnt forálacha sa dréacht Rialachán a thugann maolú ar na bearta coisctheacha agus Rialaithe atá beartaithe agus a fhágann dá bhrí sin nach bhfuil siad chomh dian is a dhealraíonn siad ar an gcéad amharc. Lamhálfaí do Bhallstáit de mhaolú ar na bunfhorálacha na nithe seo a leanas a cheadú—


(a) go gcuirfí ar ceal marú éigeantach muc áirithe agus díothú conablach ar ghabháltas aicídithe ionas gur féidir ramhrú much a chríochnú,


(b) gluaiseacht muc ó ghabháltas atá faoi amhras go dtí seamlas,


(c) maolú ar bhearta rialaithe maidir le gabháltais atá faoi amhras nó aicídithe,


(d) gluaiseacht bhanbh lena ramhrú laistigh de chrios cosanta nó lasmuigh den chrios sin ó ghabháltas laistigh de chrios cosanta, agus


(e) gluaiseacht (i) muca le haghaidh ramhrú agus (ii) muca le haghaidh pórú amach as crios cosanta.


Forálacha Áirithe

6. Maidir le forálacha mionchruinne sa Rialachán beartaithe measann an Comhchoiste go gcaithfear cur in aghaidh na bhforálacha seo a leanas fad is a bhaineann le hÉirinn de:—


(i)Le bheith cinnte go bhfuil an truailliú díchurtha ní leor mar thréimhse an tréimhse moille 15 lá dá dtagraítear sa seachtú fleasc d’Airteagal 5, san ochtú fleasc d’Airteagal 6 agus i bhfomhír 2 (b) agus i mír 3 d’Airteagal 9;


(ii)Tá easpa mínithe nó easpa soiléireachta maidir leis na caighdeáin léiriúcháin is infheidhme le linn an Rialachán a chur i ngníomh i leith (a) aonad muc agus i leith muca a choimeád i gcróite, a chothabháil agus a bheathú ar leithligh agus (b) iad a choimeád i bhfoirgnimh nó i mbloic scartha, etc., dá dtagraítear, faoi seach, sa chéad agus sa dara fleasc d’Airteagal 9;


(iii)I stát ar nós na hÉireann atá saor ó fhiabhras muc níl aon ghá leis an bhforáil in Airteagal 13 a cheanglódh go gcuirfí marc ar na muca go léir ar iad a aistriú ó na gabháltais ina gcoimeádtar iad. Tuigtear go ndéanann roinnt Ballstát ar an mór-roinn ina mbíonn an galar nó a bhfuil mar bheartas acu vacsaíniú a dhéanamh, a gcuid muc a mharcáil. Maidir le hÉirinn, áfach, dá ndéanfaí na muca uile a mharcáil roimh iad a aistriú chuirfeadh sé cúraimí agus costais bhreise nár ghá ar tháirgeoirí muc. Bheadh ar an Roinn Talmhaíochta freisin rialúcháin a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm sa tír seo nach mbeadh riachtanas leo ó thaobh sláinte na n-ainmhithe;


(iv)Maidir leis an bhforáil in Airteagal 14 i leith feidhm a bhaint as vacsaíniú, de rogha Ballstáit, mar bheart urchoscach agus forlíontach chun fiabhras muc a rialú nuair a thugtar faoi deara ar ghabháltas é, ní móide go mbeadh glacadh leis sin ag Ballstáit ar nós na hÉireann atá saor ón ngalar agus nach ndéanann vacsaíniú nó nach gceadaíonn muca a vacsaíníodh ar a gcríocha. Is deacair an fhoráil atá ann i leith vacsaíniú, fiú amháin más de rogha é, a chur ag freagairt don chuspóir a dhearbhaigh an Coimisiún i Meitheamh, 1976, an fiabhras muc a scriosadh go hiomlán agus deireadh a chur le vacsaíniú;


(v)Is forálacha fairsinge casta iad na forálacha i leith turscair in Airteagal 15 agus dá nglacfaí iad thiocfadh sé i gceist arbh fhiú agus arbh fhéidir iad a cur i bhfeidhm. Chun na forálacha a chomhlíonadh bheadh gá le dianchóras costasach ceadúnúcháin agus cigireachta chun rialúcháin a fheidhmiú i leith bailiú, iompar, cóireáil, stóráil agus úsáid turscair, lena n-áirítear sriantachtaí, a bheadh an-deacair a mhaoirsiú, á choinneáil ar leithligh do mhuca le ramhrú agus dóibh sin amháin;


(vi)Cé go bhforáiltear in Airteagal 5, maidir le cásanna ina ndeimhnítear go hoifigiúil go bhfuil an fiabhras muc ann, go bhforordóidh an t-údarás inniúil go marófaí go héigeantach na muca uile ar an ngabháltas, ní dhéantar aon fhoráil i ndáil le cúiteamh a íoc leis an úinéir i leith muc a maraíodh nó conablach a díothaíodh ná i ndáil le tacaíocht airgid ón gComhphobal. Is mór an locht é sin. Faoin Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 seo againne, foráiltear cúiteamh sainordaithe a íoc nuair a mharaítear go héigeantach ainmhithe ar a bhfuil galar d’Aicme A, ar nós fiabhras muc, agus


(vii)Ní dhéantar aon fhorálacha ann chun cúnamh airgid a thabhairt do Bhallstáit chun fiabhras muc a scriosadh nó a chosc.


Éifeacht ar Reachtaíocht na hÉireann

7. Má ghlactar leis an Rialachán gabhfaidh sé ionad forálacha na n-ionstraimí reachtúla seo a leanas a mhéid a bheidh siad ar neamhréir leis:—


Swine Fever (Ireland) Order, 1900,


Swine Fever (Ireland) Order, 1901,


An tOrdú i dtaobh Galair Choise agus Bhéil agus Fiabhrais Mhuc (Ábhair Bhídh d’Ainmhithe do Bheirbhiú), 1933, agus


An tOrdú i dtaobh Galair Choise agus Bhéil (Braicheas do Chur de Láimh), 1937.


8. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar na héifeachtaí, más ann dóibh, a bheadh ag an Rialachán ar fhorálacha an Achta um Ghalair Ainmhithe, 1966, arb é príomhchód reachtach na hÉireann é chun galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíchur.


An tSaotharlann Taighde Tréidliachta

9. Tugadh le fios don Chomhchoiste go gcaithfí, d’fhonn na tástálacha atá i gceist sa Rialachán beartaithe a dhéanamh, saoráid saotharlainne ardslándála a chur leis an Saotharlann Taighde Tréidliachta ag Baile an Aba, Caisleán Cnucha, Co. Bhaile Átha Cliath, toisc nach leor na saoráidí atá ansin faoi láthair chun na tástálacha ar fad a dhéanamh.


Tátáil an Chomhchoiste

10. Sa tuarascáil (R. 1668/7) ón gCoimisiún don Chomhairle i Meitheamh, 1976, chuir an Coimisiún in iúl go rachadh sé i mbun gnímh chun an fiabhras muc a scriosadh go hiomlán agus deireadh a chur le vacsaíniú agus go mbeadh bearta i gceist freisin, a gheobhadh tacaíocht airgid ón gComhphobal, chun galair ainmhithe thógálacha áirithe a scriosadh. Is é tuairim an Chomhchoiste gur chóir tuilleadh breithnithe ar an Rialachán beartaithe a chur siar go dtí go bhfaighfear deis chun scrúdú a dhéanamh ar cibé tograí a bheidh ag an gCoimisiún chun na gealltanais sin a chomhlíonadh. Measann an Comhchoiste, áfach, nach dtugann an dréacht-Rialachán dóthain cosanta i gcomhthéacs saor-ghluaiseacht earraí do thír atá saor ón ngalar ar nós na hÉireann. Thairis sin bheadh sé ró-chostasach an scéim atá i gceist ann a oibriú gan cúnamh substainteach airgid a fháil ó chistí an Chomhphobail. Go dtí go mbeidh scéim chuimsitheach éifeachtach Chomhphobail i bhfeidhm leis an fiabhras muc a rialú agus a scriosadh measann an Coiste nach féidir a mhalairt a dhéanamh ach leanúint leis na bearta náisiúnta atá ann faoi láthair.


(Sínithe) MICHEÁL Ó NUANÁIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine, 1979.