|
TUARASCÁILA. RÉAMHRÁTograí a Scrúdaíodh1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an 22 Márta 1979 i dtaobh beartas i ndáil le heagair thalmhaíochta [5720/79]. Tá an Coimisiún á mholadh go foirmiúil go leasófaí Treoracha 72/159/CEE (An Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha), 75/268/CEE (Limistéir faoi Mhíbhuntáiste), 72/160/CEE (Scéim Scoir d’Fheirmeoirí) agus 72/161/CEE (Treoireacht Daon-Eacnamaíoch agus Gairmoiliúint). Mar chéim tosaigh chun cláir a thionscnamh i dtaobh maoiniú Comhphobail d’Fhorbairt na talmhaíochta i limistéir Chomhphobail atá an-mhí-dheisiúil tá an Coimisiún ag moladh freisin go nglacfaí rialacháin nua ón gComhairle i dtaobh forbairt talmhaíochta in Iarthar na hÉireann, táirgeadh bó feola agus caorach san Iodáil agus feirmeoireacht caorach sa Ghraonlainn. Tá Rialacháin nua á moladh freisin chun cabhrú le forbairt gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an talmhaíocht in Oileáin Iarthar na hAlban, le ceantar Lozere na Fraince agus le cúige Lucsamburg na Beilge. Mar chríoch, tá rialachán leasaitheach á mholadh ag an gCoimisiún a bhaineann le marú muc agus próiseáil muiceola sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe. 2. Cuireadh in iúl don choiste go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar na tograí seo ag Gasraí Oibre ón gComhairle agus tá ráite leis, ós rud é go mbeidh Uachtaránacht na Comhairle ag Éirinn ón 1 Iúil seo chugainn, go mbainfear leas as an Uachtaránacht sin chun iarracht a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar iad a phróisiú chomh tapaidh agus is féidir. Ach measann an Coiste nach bhféadfaí bheith ag súil go mbeadh cinntí deimhnitheacha ar fáil roimh dheireadh na bliana. Buíochas3. I ndáil leis an scrúdú a rinne sé ar thograí an Choimisiúin chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus le Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann. Ba mhian leis a fhíor-bhuíochas a ghabháil leo as an gcúnamh a tugadh dó. B. AN SCÉIM NUACHÓIRIÚCHÁIN FEIRMEACHAAn Scéim faoi láthair4. Tá an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha faoi réir choinníollacha Treoir 72/159/CEE. Leagann an Treoir sin síos córas roghnach cúnaimh i bhfabhar feirmeoirí forbraíochta, is iad sin, de réir an tsainmhínithe atá ann faoi láthair, feirmeoirí atá in ann plean forbartha a chur isteach a ghnóthóidh, laistigh de 6 bliana, an t-ioncam comparáideach réamh-mheasta d’oibrithe neamh-thalmh-aíochta. Aisíocann CEE 25 faoin gcéad den chaiteachas náisiúnta cáilithe faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha i leith feirmeoirí forbraíochta amháin. Na Leasuithe a Bheartaítear5. D’fhonn na cistí atá ar fáil a dhíriú ar na feirmeoirí is mó a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu molann an Coimisiún go n-athrófaí mar seo a leanas na critéir d’fheirmeoirí forbraíochta:— —laghdófaí go 90 faoin gcéad den ioncam comparáideach an sprioc-ioncam do phleananna forbartha; —ní bheadh ar Bhallstáit, le linn ioncam feirme a ríomh, níos mó ná 3.5 faoin gcéad a asbhaint i leith an fháltais ar chaipiteal an fheirmeora a infheistíodh ar an bhfeirm; —ní thabharfaí cúnamh forbartha ach amháin d’fheirmeoirí a ghabhfadh de láimh pleananna ag a mbeadh sprioc nach mó ná 120 faoin gcéad den ioncam comparáideach réamh-mheasta. 6. Beartaítear freisin —go ndéanfaí an uasteorainn ar infheistíocht atá i dteideal cúnaimh faoi phleananna forbartha a ardú ón leibhéal atá ann faoi láthair, eadhon, 43,000 ac an t-aonad oibre, gan aon teorainn leis an líon aonad oibre, go dtí 60,000 ac an t-aonad oibre suas go dtí uasmhéid trí aonad oibre; —go bhféadfadh Ballstáit leanúint leo ag íoc an ardleibhéil chúnaimh as cistí náisiúnta le feirmeoirí faoi bhun 55 nach dtig leo pleananna forbartha a ghabháil orthu féin. Bheadh 15,000 ac an fheirm mar theorainn infheistíochta leis an gcúnamh sin agus níor mhór do na feirmeoirí cuntais a choimeád ar feadh cúig bliana ar a laghad. 7. Molann an Coimisiún freisin go ndéanfar cúnamh le haghaidh infheistíochta a fhionraí amhail ón 1 Eanáir, 1980— (i)i leith déirí-fheirmeoireacht, ach d’fhéadfaí leanúint de chúnamh a thabhairt d’fheirmeacha, nach méadaíonn a dtréada déiríochta, ach a bhfuil 35 faoin gcéad ar a laghad den limistéar atá in úsáid faoi fhéar iontu, agus fós, “limistéir shléibhe” agus limistéir áirithe san Iodáil a fhágáil as an áireamh, (ii)i leith muc-fheirmeoireacht, ach amháin d’fheirmeacha nach ndéanann thar 10 faoin gcéad de mhéadú ar stoc ramhar nó ar chránacha nó a bhfuil breis agus 65 faoin gcéad dá dtalamh faoi bharraí. Déanfar eisceacht freisin de infheistíocht i ndáil le húsáid bhainne bhearrtha leachtaigh. Ní foláir infheistíocht eiscthe a bheith idir 10,000—54,565 ac (£7,892 go £43,000) agus ar an bhforbairt a bheith críochnaithe, ní mór go mbeadh ar chumas na feirme 35 faoin gcéad ar a laghad dá hábhair bheatha a tháirgeadh, agus (iii)i leith tithe gloine a thógáil. Teacht ar Stádas Forbartha8. Mar a thaispeáin an Comhchoiste sa chúigiú tuarascáil uaidh (Prl. 7103), dar dáta an 19 Aibreán 1978, ní féidir a rá go bhfuil ag éirí leis an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha go dtí go mbeidh breis mhór feirmeoirí in ann forbairt a ghabháil de láimh. Maidir le tograí an Choimisiúin chun forbairt a éascú trí laghdú a thabhairt ar an sprioc-ioncam agus ar an ráta brabaigh ar chaipiteal a úsáidfear chun ioncam a ríomh, ba chóir go mbeadh d’éifeacht leo sin go bhféadfadh breis feirmeoirí dul isteach sa scéim. Fáiltítear roimh na tograí mar sin agus is fiú tacú leo cé gurbh fhearr fós ó thaobh na hÉireann de dá socrófaí 85 faoin gcéad den ioncam comparáideach mar sprioc-ioncam in ionad 90 faoin gcéad mar atá beartaithe ag an gCoimisiún. Srianta ar Chúnamh Infheistíochta9. Sa dóú tuarascáil is tríocha uaidh (Prl. 7615), dar dáta an 6 Nollaig 1978, maidir leis an gcor in earnáil an bhainne, tharraing an Comhchoiste aird ar cé chomh tromchúiseach is a bheadh sé do dhéiríocht na hÉireann mar atá sí ag forbairt faoi láthair dá ndéanfaí aon laghdú ar infheistíocht. Ní féidir glacadh ar chor ar bith, dar leis an gCoiste, le togra an Choimisiúin cúnamh a fhionraí i leith feirmeacha a mhéadaíonn a dtréada déiríochta. Dá nglacfaí leis an togra d’fhágfadh sé nach mbeadh cumas forbartha ar bith ag an-chuid feirmeacha beaga agus feirmeacha leathmhóra sa tír seo. 10. Chomh maith leis sin cuireann an Coiste in aghaidh na srianta diana ar chúnamh infheistíochta d’fheirmeoireacht muc agus measann an Coiste nach bhfuil bonn cirt leo ag féachaint do staid an mhargaidh sa Chomhphobal. Níl glacadh ach oiread le cúnamh i leith tithe gloine a fhonraí go hiomlán, rud a bhainfeadh le limistéir tearcfhorbartha agus le limistéir fhorbartha araon. Ní léir ar chor ar bith céard is cuspóir don togra áirithe sin. 11. Cé gur lú táirgiúlacht thalmhaíocht na hÉireann ná táirgiúlacht thalmhaíocht na mór-roinne creideann an Comhchoiste go bhfuil cás láidir ag Éirinn díolúine a iarraidh ó aon srianta a fhorchuirfear ar chúnamh infheistíochta. Tá súil aige go ndéanfar cás láidir chun an díolúine sin a fháil. Cúnamh d’Fheirmeoirí Neamh-Fhorbraíochta12. Fad is a bheidh ochtó faoin gcéad d’fheirmeoirí na hÉireann san aicme neamh-fhorbraíochta, tá sé riachtanach go mbeadh leibhéal an chúnaimh náisiúnta atá ann faoi láthair ar fáil fós dóibh. Go deimhin, creideann an Comhchoiste gurbh fhearr de réiteach é ar a gcuid fadhbanna eagair dá mbeadh cúnamh éigin airgid ar fáil ón gComhphobal chun go mbeidís in inmhe gabháil le pleananna forbartha. Fáiltíonn an Coiste, áfach, roimh thogra an Choimisiúin cúnamh náisiúnta a choimeád i bhfeidhm ar choinníollacha áirithe cé gur dóigh leis 15,000 aonad cuntas a bheith ró-íseal mar theorainn bheartaithe ar infheistíocht. C. SCÉIM NA LIMISTÉAR FAOI MHÍBHUNTÁISTEAn Scéim faoi láthair13. De réir Treoir 75/268 féadfaidh Ballstáit, ina gcuid limistéar faoi mhíbhuntáiste, —liúntais chúiteacha (an t-aonad beostoic bólachta agus caorach) a íoc le táirgeoirí a ghabhann orthu féin a ngabháltais a shaothrú feadh cúig bliana eile ar a laghad —cúnamh infheistíochta agus préimheanna treoireachta méadaithe a íoc le feirmeoirí forbraíochta —cúnamh a íoc le haghaidh comhscéimeanna infheistíochta chun farae a tháirgeadh agus le haghaidh scéimeanna feabhsúcháin agus trealaimh do thalamh féaraigh agus do thalamh féaraigh chnoic atá á saothrú go comhpháirteach. Na Leasuithe a Bheartaítear14. Beartaítear (a)an t-uasmhéid íocaíochtaí cinn a mhéadú ó 50 aonad cuntais an t-aonad beostoic go dtí 75 ac/ab, (b)leibhéal deontas CETRT i leith cúnaimh infheistíochta a mhéadú —ó 35 faoin gcéad go dtí 50 faoin gcéad d’Éirinn agus don Iodáil i leith íocaíochtaí cinn, —ó 25 faoin gcéad go dtí 50 faoin gcéad d’Éirinn agus don Iodáil i leith infheistíochtaí a ghabhfaidh feirmeoirí forbraíochta de láimh, agus —ó 25 faoin gcéad go dtí 30 faoin gcéad don Iodáil i leith comhscéimeanna infheistíochta chun farae a tháirgeadh. Barúlacha an Chomhchoiste15. Tá togra an Choimisiúin le haghaidh méadú ar ranníocaí CETRT díreach mar an gcéanna le ceann a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle i mí na Nollag, 1977 agus a bhí á phlé sa chúigiú tuarascáil (Prl. 7103) ón gComhchoiste dar dáta 19 Aibreán 1978. Mar a léiríodh an tráth sin fáiltíonn an Coiste roimh an togra agus tá súil aige go nglacfaidh an Chomhairle leis an tráth seo. Is dóigh leis chomh maith gur chóir go mbeadh an leibhéal céanna cúnaimh CETRT a bheartaítear a thabhairt don Iodáil ar fáil do chomhscéimeanna infheistíochta chun farae a tháirgeadh in Éirinn. Maidir leis an togra chun an t-uasmhéid íocaíochtaí cinn a mhéadú, níl mórán baint aige le hÉirinn ós rud é gur ar an íosleibhéal atá na híocaíochtaí cinn anseo. D. SCÉIM SCOIR d’FHEIRMEOIRÍAn Treoir atá ann faoi láthair16. Cuireann Treoir 72/160/CEE, atá i bhfeidhm ó 1972 i leith, d’iallach ar Bhallstáit scéim scoir d’fheirmeoirí a oibriú chun— (a)blianacht, de mhéid neamhshonraithe, a thabhairt d’fheirmeoirí idir 55-65 bliana d’aois; (b)préimh, de mhéid neamhshonraithe is féidir a athrú nó a dhiúltú a thabhairt do dhaoine a fhaigheann an bhlianacht nó ar fhoras aoise nó maoine; (c)blianacht a thabhairt d’oibrithe feirme 55-65 bliana d’aois a bhí ar fostú ar fheirmeacha a bhain tairbhe as (a) nó (b). 17. Ní mór don tairbhí eírí as an bhfeirmeoireacht agus 85 faoin gcéad dá talamh a ligean uaidh mar seo a leanas:
18. Ní thugann CEE deontas ach i leith na blianachta amháin agus is iad na suimeanna a cháilíonn le haghaidh deontais— Singil: Suas go dtí 600 ac (£472) Pósta: Suas do dtí 900 ac (£708) Is é an ráta deontais 65 faoin gcéad de na méideanna thuasluaite d’Éirinn agus don Iodáil (i.e. singil, £307; pósta, £460) agus 25 faoin gcéad do na Ballstáit eile. Ní thabharfar deontas ach i gcásanna ina leithroinntear an talamh faoi dheoidh de réir Airteagal 5.1 agus sa chás ina bhfuil an blianachtóir idir 55-65 bliana. Scéim na hÉireann19. Tugadh an Scéim um Scor Feirmeoirí in Éirinn isteach an 1 Bealtaine 1974 agus is iad seo a leanas na sochair a thugann sí faoi láthair—
Ní mór don tairbhí éirí as an bhfeirmeoireacht agus ní foláir dó— (1) a chuid talún a dhíol nó a ligean ar léas le feirmeoir forbraíochta, no (2) í a dhíol le Coimisiún na Talún. Na Leasuithe a Bheartaítear20. Is iad seo a leanas sonraí na leasuithe ar Threoir 72/160/CEE atá á moladh ag an gCoimisiún faoi láthair:— (a) Blianacht Níl sé beartaithe aon athrú a dhéanamh ach amháin go bhfuil na leibhéil deontais á n-ardú go dtí 1,500 ac (£1,180) singil agus 2,000 ac (£1,574) pósta. Leanfaidh an deontas ag ráta 65 faoin gcéad (£767 singil; £1,023 pósta). (b) Préimh Socrófar í seo ag ceithre oiread chíosluach na talún a ligtear as láimh. Féadfar, áfach, é a dhiúltú go hiomlán nó go páirteach do dhaoine a fhaigheann an bhlianacht nuair atá de choinníoll leis an mblianacht a fháil go gcaithfear an talamh a ligean chuig feirmeoir forbraíochta nó a tharraingt as talmhaíocht (Airteagal 5.1) nó a ligean chuig gníomhaireacht talún (Airteagal 5.3) lena leithroinnt arís ina dhiaidh sin ar fheirmeoir forbraíochta nó lena tarraingt as talmhaíocht. Ní íocfar i dteannta na blianachta í ach amháin i gcás ina ligfear as láimh an talamh iarbhír díreach de réir Airteagail 5.1 agus 5.3. Is é is bunús leis sin gur chóir don Stát, mura gcuireann sé d’iallach ar an tairbhí an talamh a ligean chuig feirmeoir forbraíochta etc. le linn blianacht a dheonú, préimh a chur ar fáil ina teannta ach nach mbeadh an phréimh sin iníoctha ach i gcás ina ligfí an talamh as láimh amhlaidh. Féadfar deontas a thabhairt i leith na préimhe go feadh 300 ac (£236) an heicteár ag ráta 65 faoin gcéad. (c) Blianacht d’Oibrithe Feirme Ní bheartaítear aon athrú a dhéanamh ach amháin méid an deontais a mhéadú. (d) Préimh Oirchilleach Is foráil nua é seo d’fheirmeoirí idir 50-55 bliana d’aois a gheallann go n-éireoidh siad as faoi Threoir 160 laistigh de 5 bliana agus beidh sé iníoctha ina iomláine ag aois 50 agus laghdófar de réir 20 faoin gcéad é i leith gach bliana ina dhiaidh sin, ionas nach bhfaigheadh feirmeoir a gheallfadh agus é 54 bliana d’aois go n-éireodh sé as ach ag cúigiú cuid den phréimh. Tabharfar deontas ina leith ar an mbonn céanna leis an bpréimh thuas (le laghdú 20 faoin gcéad i leith gach bliana i ndiaidh 50) ach amháin gur ráta 50 faoin gcéad a bheidh ann in ionad 65 faoin gcéad. (e) Talamh a ligean as láimh i limistéir mhídheisiúla Molann an Coimisiún go n-aisíocfar (ag ráta 50 faoin gcéad) na blianachtaí is iníoctha sna limistéir sin i gcás ina ligfear an talamh as láimh chun feirm a mhéadú atá á saothrú ag feirmeoir lán-aimseartha le cúig bliana. (f) Liúntais Chomharbais Is foráil nua é seo freisin a bhaineann leis na limistéir mhídheisiúla agus is éard atá inti liúntas d’fheirmeoirí 60 bliain d’aois agus os a chionn a fhágann riaradh na feirme ag oidhre clainne a bhí breis agus cúig bliana ar fostú ar an bhfeirm. Féadfar deontas a thabhairt ina leith go feadh 1,000 ac (£787) sa bhliain ar feadh deich mbliana ag ráta 50 faoin gcéad. (g) Limistéir Mhídheisiúla Sa dréacht-leasú atá tarraingthe siar anois, a rinneadh ar an treoir i 1977, bhí liosta de na limistéir mhídheisiúla, eadhon, Iarthar na hÉireann agus Mezzogiorno. Ach sa dréacht atá ann faoi láthair, leagtar amach critéir a shásódh, de réir chosúlachta, na 13 Chontae Iartharacha (i.e. limistéir faoi mhíbhuntáiste, an Réigiún Iartharach). Ní bhainfidh an dá fhoráil díreach roimh an bhforáil seo ach leis na limistéir mhídheisiúla amháin. (h) Talamh a ligean chuig feirmeoirí forbraíochta nó a tharraingt as talmhaíocht. Laghdaítear ó 85 faoin gcéad go dtí 66 faoin gcéad an méid talún nach foláir a ligean as láimh amhlaidh (chun go gcáileoidh sé do dheontas na blianachta nó na préimhe). Ciallachais Airgeadais21. Léiríonn an tábla seo a leanas na ciallachais ó thaobh airgeadais: (i) Blianacht Is iad seo a leanas na figiúirí iomchuí—
Gan amhras, bheifí ag súil go mbeadh de thoradh ar an togra go méadófaí an bhlianacht in Éirinn go dtí leibhéil ar a bhfaighfí deontais. Thitfeadh formhór aon mhéadú den sórt sin ar Státchiste na hÉireann— (a)toisc nach dtugtar deontas ach do bhlianachtóirí idir 55-65 bliana d’aois. Soláthraíonn scéim na hÉireann blianachtaí do chuile dhuine atá ós cionn 55 bliana d’aois agus bíonn 40 faoin gcéad de na blianachtóirí os cionn 65 ar scor dóibh. (b)toisc nach mór an talamh a ligean chuig feirmeoirí forbraíochta nó a tharraingt as talmhaíocht. I gcás na hÉireann ní féidir an coinníoll sin a chomhlíonadh i gcónaí. De thoradh an deontais mhéadaithe meastar go mbeidh £68,000 d’ardú sa bhliain ar an méid a aisíocann CEE, ach toisc go mbeidh breis feirmeoirí scoir rannpháirteach sa scéim beidh £215,000 sa bhliain de mheadú, de réir mar a mheastar, ar chaiteachas. Glanchostas breise: £147,000 sa bhliain. (ii) Préimh Is é méid na préimhe faoi láthair dhá oiread an léaschíosa (faoi réir £3,000 d’uasmhéid) nó 10 faoin gcéad den airgead ceannaigh (faoi réir £1,500 d’uasmhéid). Is é atá beartaithe ceithre oiread an chíosluacha gan uasmhéid a shocrú mar phréimh, ach tabharfar deontas don chéad uair. Meastar go gcosnóidh na préimheanna £261,000 breise ach aisíocfaidh CEE £167,000 den méid sin. Glanchostas breise: £94,000. (iii) Préimh Oirchilleach Is é a bheidh mar uasmhéid don deontas ná 300 ac an heicteár ag 50 bliain d’aois, ag laghdú go bliantúil. Meastar gurb é an meánleibhéal 180 ac (£142) an heicteár agus d’fhéadfaí an phréimh a shocrú ag £1,420 i leith gabháltas deich heicteár, 50 faoin gcéad an ráta deontais. Is deacair a mheas cén tionchar a bheadh ag an togra sin ar Éirinn ach de réir áirimh an Choimisiúin meastar go mbeadh tuairim is fiche cás rannpháirteach ann in aghaidh na bliana. Glanchostas measta: £15,000 sa bhliain. (iv) Talamh a ligean as láimh i limistéir mhídheisiúla Meastar go bhfaighfí deontais bhreise £28,000 sa bhliain de bharr na forála seo. (v) Liúntas Comharbais 1,000 ac (£789) an leibhéal deontas agus bheadh 50 faoin gcéad de sin le fáil mar aisíoc ó CEE. Meastar go gcosnóidh sé suas is anuas le £158,000 in aghaidh na bliana (bunaithe ar fhigiúr 200 rannpháirtí in aghaidh na bliana) ach bheadh a leath le fáil mar aisíoc. Glanchostas measta: £79,000 sa bhliain. 22. Is achomaireacht an méid seo a leanas ar an gcostas is cosúil a thitfidh ar Státchiste na hÉireann, ach tá curtha in iúl don Choiste nach bhfuil sa chostas sin faoi láthair ach buille faoi thuairim:—
Barúlacha an Chomhchoiste23. Ní móide go bhfuil ag éirí leis an scéim seo in Éirinn agus, mar a léirítear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo, níl sa líon pinsean a deonaíodh ach tuairim is 26 faoin gcéad den líon iomlán iarratas a fuarthas. Tuigtear don Chomhchoiste nach é is cúis leis an scéal sin gur diúltaíodh do chuid mhór de na hiarratais ach gurb amhlaidh a tarraingíodh siar iarratais nó gur theip ar na hiarratasóirí agus ar Choimisiúin na Talún aontú ar phraghas nó gur theip orthu aistriú a dhéanamh chuig feirmeoir forbraíochta. 24. Creideann an Coiste go mbeadh an scéim níos tarraingtí dá nglacfaí le togra an Choimisiúin. Maidir leis an togra go gceadófaí d’fheirmeoirí lán-aimseartha nach bhfuil plean forbartha á oibriú acu talamh a ligeadh as láimh sna limistéir faoi mhíbhuntáiste a fháil, is fearr an tionchar a bheadh ag an scéim ar Éirinn dá bharr. Fáiltítear freisin roimh an méadú ar leibhéal na mblianachtaí agus roimh an bpréimh oirchilleach atá beartaithe agus fós roimh an liúntas comharbais a bheartaítear do na limistéir faoi mhíbhuntáiste. Cuireadh in iúl don Choiste gur féidir bheith ag súil leis, má ghlactar leis na tograí, go mbeidh an leibhéal rannpháirteachais beagáinín níos airde, ar a laghad, ná an barrphointe a sroicheadh sa tír seo go dtí seo. E. THEOIREACHT DAON-EACNAMAÍOCH AGUS GAIRMOILIÚINTNa leasuithe a bheartaítear25. Beartaíonn an Coimisiún scéimeanna atá i ngníomh i mBallstáit faoi Threoir 72/161/CEE a leathnú (a) trí fheabhas a chur ar na greasachtaí airgeadais do Bhallstáit (i bhfoirm méadú ar an méid airgid a ranníocann CETRT) agus d’fheirmeoirí a ghabhann páirt i gcúrsaí oiliúna (trína cheangal ar Bhallstáit liúntais i leith costais taistil agus freastail a íoc leo); agus (b) trí aicme nua oiliúna a áireamh orthu a bheidh ceaptha le haghaidh bainisteoirí agus foirne grúpaí táirgeoirí, comharchumann agus comhlachas eile a bhíonn ag gabháil do mhargú agus próiseáil táirgí talmhaíochta. Ciallachais Airgeadais26. Bhéarfadh na tograí ag (a) go n-íocfadh CETRT 50 faoin gcéad de chaiteachas Ballstát ar oiliúint fheirmeoirí—an mhír chostais is mó ar fad faoin Treoir—in ionad 25 faoin gcéad mar atá faoi láthair. Déanann siad foráil freisin le haghaidh ordú ar na teorainneacha ar chaiteachas atá i dteideal aisíocaíochta ó CETRT i leith oiliúna den sórt sin agus i leith fostú agus oiliúint thosaigh comhairleoirí daon-eacnamaíocha. Beartaítear na teorainneacha atá ann faoi láthair a ardú tuairim 50 faoin gcéad, i gcoitinne. Bheadh an aicme nua oiliúna le haghaidh bainisteoirí grúpaí táirgeoirí, comharchumann etc. i dteideal cúnaimh CETRT díreach mar atá feirmeoirí oilte ina theideal i.e. go feadh 50 faoin gcéad den chostas suas go dtí 2,400 aonad cuntais (tuairim E£1,900) an duine. Meastar go gcosnóidh na tograí 12.16m. Aonad Cuntais Eorpach breise nó tuairim is E£8m. san iomlán ar CETRT in aghaidh na bliana. Is le haghaidh cúrsaí oiliúna talmhaíochta a bheadh an tsuim sin ar fad le caitheamh cé is moite de thrí faoin gcéad de. Ciallachais d’Éirinn27. Is é an phríomh-éifeacht a bheadh ag na tograí i gcás na hÉireann an méid cúnaimh airgeadais a fhaightear ó CETRT a mhéadú go mór. Faoi láthair ranníocann CETRT tuairim is £.75m. gach bhliain i leith ár gcuid cúrsaí oiliúna d’fheirmeoirí faoin Treoir agus d’ardófaí é sin go dtí £1.5m. faoi na tograí. Maidir leis an méadú ar an deontas aonuaire do chomhairleoirí daon-eacnamaíocha lánaimseartha atá fostaithe, bheadh £65,000 i gceist san iomlán i gcás na hÉireann in ionad £40,500 mar atá faoi láthair bunaithe ar fhoireann bheartaithe 27 gcomhairleoirí. 28. Ba ghá de bhíthin na dtograí freisin sainchúrsaí oiliúna a eagrú do bhainisteoirí agus d’fhoirne gnólachtaí próiseála agus margaithe talmhaíochta. Tá sé i gceist leo gurb é an t-údarás oiliúna talmhaíochta náisiúnta nua, AnCOT, le cabhair ó ghníomhaireachtaí eile más gá, a thabharfaidh an oiliúint seo. Mar gheall ar shainghné na hoiliúna sin agus a laghad daoine a bheadh cáilithe chuige, níltear ag súil le líon mór daoine a bheith páirteach san oiliúint; 200 duine sa bhliain meastachán an Choimisiúin don Chomhphobal i gcoitinne. F. FORBAIRT NA TALMHAÍOCHTA IN IARTHAR NA hÉIREANNTograí an Choimisiúin29. Tá na bearta le haghaidh forbairt na talmhaíochta atá á moladh ag an gCoimisiún ar áireamh i ndréacht-rialachán ón gComhairle. Má ghlacann an Chomhairle leis an Rialachán cuirfear na bearta i ngníomh thar tréimhse deich mbliana ag féachaint do shrac-chlár a ullmhóidh Rialtas na hÉireann. Léireoidh an clár go mionchruinn conas a chuirfear na bearta i ngníomh. Meastar gur £150m. ranníoc iomlán an Chomhphobail i leith na mbeart. Bhainfeadh na bearta atá á moladh le hIarthar na hÉireann mar a shonraítear i dTreoir 75/272/CEE (Liosta Comhphobail de na limistéir mhídheisiúla faoi Threoir 75/268/CEE). 30. Déantar socrú i leith na nithe seo a leanas i dtogra an Choimisiúin: (a)Bonneagair: Beartaítear airgead Comhphobail a thabhairt chun cuidiú le bonneagair thalmhaíochta a fheabhsú maidir le leictriú na tuaithe, soláthairtí uisce píopaithe agus bóithre talmhaíochta faoin tuath. (b)Seirbhísí um Oideachas agus Comhairle Talmhaíochta: Beartaítear saoráidí i gColáistí Talmhaíochta a leathnú agus 25 Lárionad Oiliúna Oideachais nua a chur ar fáil. Tá sé i gceist freisin lárionad Comhairleach d’Fhorbairt Acmhainní a thógáil chun pearsanra comhairleach a oiliúint. (c)Infheistíochtaí ar an bhfeirm: Tá sé i bhfís leis an mbeart seo go dtabharfar an leibhéal céanna cúnaimh do na feirmeoirí go léir san Iarthar le haghaidh feabhsúchán ar an bhfeirm atá ar fáil d’Fheirmeoirí Forbraíochta faoi láthair. Na cúnaimh atá ar fáil don aicme feirmeoirí sin ní fhaigheann siad aon tacaíocht Chomhphobail. Tá scéim speisialta nua faoi chaibidil chun córais chomhtháite lao go mairt a bhunú. Íocfar fóirdheontas úis leo siúd a chloífidh le pleananna forbartha lena ngríosú a gcuid ainmhithe a choinneáil agus a ramhrú le haghaidh mairteola ar a bhfeirmeacha féin. (d)Feabhsú talún: Is éard atá i bhfís sna tograí 70 faoin gcéad de chúnamh a íoc mar dheontas le feirmeoirí i leith an chostais a bhaineann lena dtailte a fheabhsú. Folaíonn feabhsú talún ullmhú ithreach agus leasú chomh maith le hathshíolú agus míntíriú. Bainfidh sé le talamh sléibhe agus ísleáin. Tá foráil sa togra freisin do scéim chúnaimh chun coimíní a roinnt. Beartaítear cúnamh is ionann agus 70 faoin gcéad den chostas a bhaineann le fálú, míntíriú, leasú, etc. a thabhairt. (e)Margú agus Próiseáil Talmhaíochta Déantar foráil leis seo i leith leasú a dhéanamh ar Scéim CEE atá ann faoi láthair trína dtugann CETRT deontas cúnaimh le haghaidh tionscadail infheistíochta in earnáil mhargaithe agus phróiseála talmhaíochta. (f)Forbairt Foraoiseachta: Mar spreagadh chun foraoisiú a dhéanamh ar thalamh an Iarthair nach bhfuil oiriúnach do tháirgeadh talmhaíochta, tá scéim speisialta cúnaimh i bhfís d’fhorbairt foraoiseachta lena n-áirítear comhbhearta, mar atá, ullmhú talún, siltin, fálú, etc. Ciallachais Airgeadais31. Is iad seo a leanas na sonraí ar an gcaoi ina maoineofaí an clár:— (a)Bonneagair: Tá ranníoc CETRT is ionann agus 40 faoin gcéad den chostas iomlán i gceist. (Meastar gur £45m. a bheidh sa chúnamh Comhphobail san iomlán). (b)Seirbhísí um Oideachas agus Comhairle Talmhaíochta: Tá ranníoc CETRT is ionann agus 50 faoin gcéad den chostas iomlán i gceist. (Meastar gur £4m. a bheidh sa chúnamh Comhphobail san iomlán). (c)Infheistíochtaí ar an bhfeirm: Tá ranníoc CETRT is ionann agus 50 faoin gcéad den chúnamh náisiúnta i gceist. (Meastar gur £31m. a bheidh sa chúnamh Comhphobail san iomlán). (d)Feabhsú talún: Tá ranníoc CETRT is ionann agus 50 faoin gcéad den chúnamh náisiúnta i gceist. (Meastar gur £40m. a bheidh sa chúnamh Comhphobail san iomlán). (e)Margú agus Próiseáil Talmhaíochta: 25 faoin gcéad gnáthráta deontais CETRT ach tá sé i gceist an ráta sin a mhéadú go dtí 50 faoin gcéad don Iarthar. (Meastar gur £19m. a bheidh sa chúnamh Comhphobail san iomlán). (f)Foraoiseacht: Tá ranníoc CETRT is ionann agus 50 faoin gcéad den chúnamh náisiúnta i gceist. (Meastar gur £10m. a bheidh sa chúnamh Comhphobail san iomlán). Barúlacha an Chomhchoiste32. Is dóigh leis an gComhchoiste go léiríonn na tograí le haghaidh feabhsú eagar in Iarthar na hÉireann agus i limistéir mhídheisiúla eile sa Chomhphobal go nglacann an Coimisiún leis nach leor comhbheartas eagair aonair don Chomhphobal ar fad agus go bhfuil bearta speisialta chun fadhbanna réigiúin áirithe a réiteach fíorriachtanach. Tacaíonn an Coiste go hiomlán leis an dearcadh sin agus tá súil aige go ngníomhóidh an Chomhairle dá réir. Maidir leis an gclár atá i bhfís d’Iarthar na hÉireann, is clár maith cuimisitheach é, ós rud é go bhfuil ar áireamh ann cúnamh do bhonneagair, d’oideachas agus d’fhoraoiseacht chomh maith le cúnamh díreach le haghaidh talmhaíochta. Molann an coiste go ndéanfar gach dícheall lena chinntiú go nglacfar an clár agus go dtosófar air a luaithe is féidir. (Sínithe) MÍCHEÁL Ó NUANÁIN Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste. 30 Bealtaine, 1979. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||