Committee Reports::Report No. 57 - Own-Account Carriage of Goods and AETR Agreement::27 June, 1979::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí seo a leanas ón gCoimisiún a bhaineann le comhbheartas iompair CEE:—


Dréacht-Treoir ón gComhairle maidir le hiompar earraí de bhóthar idir Ballstáit ar chuntas an duine féin (4632/79), agus


Dréacht-Chinneadh ón gComhairle ar leasú Chomhaontú na hEorpa maidir le hObair Foirne Feithiclí a bhíonn ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (AETR) agus ar aontachas na gComhphobal Eorpach leis an gComhaontú (4443/79).


2. Tá an Coimisiún á iarraidh go mbeidh an Treoir bheartaithe i ngníomh ag na Ballstáit faoin 1 Eanáir 1980. Tugtar le fios don Chomhchoiste go bhfuil gach seans go gcinnfidh an Chomhairle ar an togra le linn uachtaránacht na hÉireann. Fad is a bhaineann leis an gcinneadh beartaithe ón gComhairle tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil COREPER tar éis comhaontú le mórchuid de agus dá bhrí sin is docha go dtiocfaidh sé os comhair na chéad Chomhairle Iompair eile.


Buíochas

3. Is mian leis an gComhchoiste a fhíorbhuíochas a chur in iúl as an mórchúnamh a fuair sé ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann, ó Chomhlachas Tarló Bóthair na hÉireann, ó Chomhlachas Iompair Trasmhara na hÉireann agus ó Chóras Iompair Éireann.


B. IOMPAR AR CHUNTAS AN DUINE FÉIN

Ábhar an Togra

4. Baineann an Treoir bheartaithe le hiompar earraí de bhóthar ar chuntas an duine féin. Tríd is tríd, cumhdaíonn sé sin earraí an oibritheora féin nó earraí a láimhsítear ina ghnó a iompar ina chuid feithiclí féin. De réir na Treorach, dhéileálfaí mar fheithicil de chuid an oibritheora féin le feithicil a chuirfí ar fáil don oibritheoir agus dó féin amháin, ar feadh bliana ar a laghad. Tá léirscaoileadh déanta cheana féin laistigh den Chomhphobal, faoin gCéad Treoir ón gComhairle dar dáta 23 Iúil 1962, arna leasú, ar chineálacha áirithe iompair idirnáisiúnta ar chuntas an duine féin. Chuirfeadh an Treoir nua atá á beartú d’oibleagáid ar Bhallstáit díolúine ó na córais chuóta agus údarúcháin eile go léir a thabhairt i leith iompair a dhéanfaí, ar chuntas an duine féin, ar earraí a bhfuil ceann scríbe nó ionad tionscnaimh acu ina chríoch nó a iompraítear trasna a chríche. Leagtar síos go sonrach sa dréacht-Treoir na doiciméid nach mór a bheith ar bord na feithicle agus tá foráil inti le haghaidh malartú eolais idir Ballstáit i dtaobh sáruithe ar na rialacha forordaithe.


Ciallachais d’Éirinn

5. Tá díolúine ó shriantachtaí cuóta tugtha ag Éirinn cheana féin don iompar idirnáisiúnta ar fad a dhéantar ar chuntas an duine féin, ach amháin i gcás iompair a dhéantar de réir comhaontú déthaobhach leis an bhFrainc i dtaobh iompair de bhóthar. Tá ceadúnais ag teastáil, áfach, d’fheithiclí le daoine ón gcoigrích atá ag gabháil d’iompar ar chuntas an duine féin go hÉirinn nó uaithi. Dá nglacfaí an Treoir bheartaithe chaithfí deireadh a chur leis an gceanglas i dtaobh ceadúnúcháin agus na sriantachtaí cuóta eile atá fágtha a chur ar ceal.


6. Dá nglacfaí an Treoir ní dhéanfadh sé difear do na rialacha a bhaineann le hiompar sa Stát ach gan amhras níor mhór sa chás sin a bhreithniú ar mhaith an rud é rialacha éagsúla a bheith i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta. Fad is a bhaineann le hÉirinn níl aon sriantachtaí ar iompar ar chuntas an duine féin, mar a shainmhínítear é sin in alt 112 den Acht Iompair, 1944, ach ní thig le hoibritheoirí féinchuntais feithiclí atá ar fruiliú nó ar léas acu a úsáid ach nuair a bhíonn a bhfeithiclí féin á ndeisiú. De réir na Treorach, dá nglacfaí léi, is mar iompar earraí ar chuntas an duine féin a dhéileálfaí le hiompar earraí idir Ballstáit i bhfeithiclí a bheadh ar léas nó ar fruiliú ag an oibritheoir ar feadh bliana ar a laghad.


Barúlacha an Chomhchoiste

7. Measann an Comhchoiste go bhfuil an Treoir bheartaithe i gcomhréir le cuspóirí Chonradh na Róimhe. Is eol dó nach bhfuil sriantachtaí ar bith faoi láthair ar iompar earraí ar chuntas an duine féin idir Ballstáit i gcás breis agus 80 faoin gcéad de na bealaí trádála ach go bhfuil 14 bhealach ann fós ar a ndéantar trádáil laistigh den Chomhphobal agus atá faoi réir sriantachtaí cuóta. Creideann sé gurbh é leas na tíre deireadh a chur leis na sriantachtaí sin.


8. Tá sé curtha in iúl don Choiste gur cheart foráil a bheith sa Treoir cosúil leis sin a rialaíonn iompar náisiúnta san Acht um Iompar ar Bhóithre, 1956, faoine gcéadófaí feithicil a úsáid a bheadh ar fruiliú ar feadh gearrthréimhse in ionad feithicle a bheadh á deisiú. Measann an Coiste gur iarratas réasúnach é sin agus gur ceart tacaíocht a thabhairt dó.


9. Glacann an Coiste leis gur ghá bheith san airdeall ar úsáid mhíchóir. Ní mór réamhchúraimí a ghlacadh lena chinntiú go mbeidh iompar ar chuntas an duine féin le haithint go héasca. Is cóir scrúdú géar a dhéanamh féachaint an leor chuige sin na forálacha sa Treoir a bhaineann leis na doiciméid a bheidh ag teastáil.


C. COMHAONTÚ AETR

Comhaontú Idirnáisiúnta

10. I 1970 tharraing Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip suas Comhaontú na hEorpa maidir le hObair Foirne Feithiclí a bhíonn ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar—dá ngairtear freisin AETR. Forordaíonn an Comhaontú, maidir le turais idirnáisiúnta i.e. turais idir tíortha an Chomhphobail agus tríú tíortha is páirtithe conarthacha don Chomhaontú, cód cleachtais a rialaíonn aois íosta tiománaithe, foirniú, tréimhsí tiomána leanúnacha uasta, tréimhsí tiomána uasta sa ló, sa tseachtain agus sa choicís, tréimhsí scíthe íosta sa ló agus sa tseachtain agus nósanna imeachta rialúcháin. Tá Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg, an Danmhairg, Lucsamburg, an Ostair, an tSualainn, an Ghréig, an Spáinn, an Phortaingéil, an Ioruaidh, an Iúgslaiv, Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, an tSeicslóvaic agus Aontas na Sóivéide tar éis an Comhaontú a dhaingniú.


Dréacht-Chinneadh

11. Baineann forálacha AETR leis an réimse céanna is a bhaineann reachtaíocht shóisialach CEE maidir le hiompar de bhóthar atá le fáil i rialachán Uimh. 543/69 ón gComhairle, arna leasú, agus a bhí mar ábhar sa Naoú Tuarascáil is Tríocha, dar dáta an 30 Meitheamh 1976, ón sean-Chomhchoiste (Prl. 5596). Is cuid de dhlí na hÉireann rialacha CEE anois agus tá siad á gcur i bhfeidhm de réir a chéile thar tréimhse de réir forálacha ionstraimí reachtúla baile. Ar an 19 Meitheamh 1979 rinne an tAire Saothair an ionstraim reachtúil dheireannach i dtaobh an amchláir d’fheistiú agus d’úsáid tacagrafanna.


12. Foráiltear in Airteagal 23 den AETR nós imeachta leasaitheach faoinar féidir le páirtithe conarthacha leasú amháin nó níos mó a mholadh air. Foráiltear sa Chinneadh beartaithe ón gComhairle go ndéanfadh Ballstáit CEE, ag gníomhú dóibh tríd an Uachtaránacht, feidhm a bhaint as an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 23 chun na príomhdhifríochtaí atá idir rialacha CEE agus forálacha an AETR a chur ar ceal. Is iad seo a leanas na hathruithe atá le hiarraidh maidir leis an AETR:—


(i)an tréimhse scíthe sheachtainiúil a athrú—29 n-uaire a chloig in ionad 24,


(ii)dúbailt foirne a chur ar ceal i bhfeithiclí ina bhfuil tacagrafanna,


(iii)foráil i dtaobh comhphobail stát do ghabháil chun aontachais le AETR.


Foráiltear sa dréacht-Chinneadh freisin go n-údarófaí don Choimisiún caibidlí a thionscnamh le haghaidh aontachas an Chomhphobail leis an AETR.


AETR a dhaingniú

13. Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2829/77 dar dáta an 12 Nollaig 1977 cuireadh de cheangal ar Bhallstáit uile CEE an AETR a dhaingniú. Toisc go raibh socruithe á ndéanamh in Éirinn chun rialacha CEE a chéimniú isteach i rith na tréimhse dar críoch Nollaig 1980 glacadh leis go mbeadh Éire beagán níos déanaí ná Ballstáit eile ag daingniú AFTR. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste gur cosúil go bhfógróidh Éire sul i bhfad go bhfuil rún aici an daingniú a dhéanamh agus gur le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a chuirfear an daingniú in éifeacht.


Barúlacha an Chomhchoiste

14. Tá an Comhchoiste ar aon fhocal go rachadh sé chun leas an Chomhphobail i gcoitinne dá ndéanfaí na rialacha i dtaobh foirne a bhíonn ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta de bhóthar a chomhchuibhiú ní amháin maidir le hiompar earraí idir Ballstáit ach chomh maith leis sin maidir le hiompar idir an Comhphobal agus na Stáit Eorpacha eile lena ndéanann sé trádáil. Tugtar le fios dó gur beag an méid iompair a dhéanann oibritheoirí Éireannacha chuig tíortha lasmuigh den Chomhphobal faoi láthair. Cuireadh ar a shúile don Choiste áfach gurbh éard a tharlódh, dá leathnófaí na cineálacha oibríochtaí sin, ná go mbeadh oibritheoirí na hÉireann faoi mhíbhuntáiste, ag tosú dóibh ó imeall an Chomhphobail, dá gcloífí le rialacha dochta i dtaobh tréimhsí scíthe seachtainiúla.


15. Ós rud é go bhfuil rialacha comhchuibhithe i bhfeidhm sa Chomhphobal anois tá an Coiste ar aon fhocal gur mhaith an rud é don Chomhphobal féin cloí leis an AETR. Ní ceart a mheas áfach gurb ionann aontachas leis an AETR agus gealltanas gur féidir na rialacha atá i bhfeidhm sa Chomhphobal faoi láthair a athrú i gcomhthéacs an chomhaontaithe idirnáisiúnta.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


27 Meitheamh 1979.