|
TUARASCÁILTogra a Scrúdaíodh1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Treorach ón gComhairle i dtaobh comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát maidir le ceanglais shábháilteachta do phiolóin tógála le haghaidh obair thógála [R/3431/78 (ECO 282)]. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE agus tá de chuspóir leis deireadh a chur leis na bacainní atá ar thrádáil laistigh den Chomhphobal i bpiolóin thógála de dheasca na ndifríochtaí atá idir na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstáit chun na daoine a úsáideann na piolóin sin, agus daoine eile, a chosaint. 2. Maidir leis an Treoir bheartaithe is é an dara togra le haghaidh Treorach sonraí é atá déanta ag an gCoimisiún chun na Comhairle agus tá sí bunaithe ar Threoir ghréaschló bheartaithe faoi ghairis ardaithe agus mheicniúla atá os comhair na Comhairle ó 1975. Ábhar an Togra3. Chuirfeadh an Treoir bheartaithe córas ar bun faoina ndéanfadh údaráis náisiúnta iniúchadh agus faoina n-eiseofaí deimhnithe ar chineál—scrúdú CEE maidir le gach cineál piolóin tógála a chomhlíonann na ceanglais theicniúla sonraithe. D’eiseodh an monaróir nó a ghníomhaire deimhniú comhréireachta maidir le gach cineál piolóin tógála a bheadh déanta de réir an mhúnla cheadaithe agus chuirfeadh sé comhartha comhréireachta CEE ar gach piolón. Ó thaobh forais a bhaineann leis an gceanglas atá leagtha síos sa Treoir, ní bheadh cead ag Ballstáit piolóin tógála le deimhniú comhréireachta agus an comhartha comhréireachta ceadaithe a chosc ó theacht ar an margadh. 4. Is comhchuibhiú roghnach an comhchuibhiú atá á bheartú. Dá réir sin ní bheadh d’oibleagáid ar Bhallstáit úsáid phiolón tógála nach gcomhlíonfadh an Treoir a thoirmeasc. Ciallachais d’Éirinn5. Tá forálacha maidir le piolóin le fáil sna Rialacháin Foirgníochta (Sábháilteacht, Sláinte agus Leas), 1975 a rinneadh faoin Acht Monarchan, 1955. Tugtar le fios don Chomhchoiste nach bhforordaítear aon choinníollacha sna Rialacháin seo a fhágfadh nach gceadófaí piolóin a bheadh tógtha de réir sonraíochtaí CEE a úsáid. 6. Tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil cuideachta amháin sa tír seo a bhfuil spéis aici i monarú piolón tógála cé nach bhfuil siad á monarú aici faoi láthair. Tuigtear dó nach léir don chuideachta deacrachtaí ar bith sna sonraíochtaí a leagtar síos sa dréacht-Treoir. Barúlacha an Chomhchoiste7. Ó thaobh prionsabail de ní chuireann an Comhchoiste i gcoinne comhchuibhiú a dhéanamh ar na dlíthe náisiúnta maidir le piolóin tógála mar atá sa Treoir bheartaithe. Tá ceist ann fós, áfach, an leor chun na críche sin na forálacha teicniúla atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an dréacht-Treoir. Measann Comhar Ceardchumann na hÉireann nach leor iad, mar is léir ó mheamram a fuarthas uathu agus atá faoi chló sa bhFoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Molann an Coiste dá réir sin go ndéanfar scrúdú speisialta ar na forálacha teicniúla ag féachaint dá bhfuil le rá ag an gComhar go bhfeicfear cad iad na hathruithe is féidir a dhéanamh orthu chun freastal do na tuairimí sin. Comhlachtaí lena ndeachthas i gcomhairle8. Le linn an togra a scrúdú chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle leis an gCónaidhm Tionscail Fhoirgníochta, le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le Comhar Ceardchumann na hÉireann. Is mian leis a fhíorbhuíochas a chur in iúl dóibh as an gcúnamh a fuair sé uathu. (Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 27 Meitheamh, 1979. |
||||||||||||