|
AN DARA TUARASCÁILBRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITEDI RÉAMHRÁ(a) Cúlra1. I 1836 a bunaíodh an British & Irish Steam Packet Company i gcéaduair. Cheannaigh an Stát é ó Coast Lines Limited i 1965. Bíonn trádáil ar siúl ag an gCuideachta anois faoin ainm “B+I Line”, agus lasta, gluaisteáin agus paisinéirí á n-iompar aici chun na hÉireann agus uaithi. Glacadh an Chuideachta isteach faoi úinéireacht phoiblí d’fhonn is go mbeadh cion sa bhreis ag Éirinn den trádáil traschainéil. Ar an úinéireacht a athrú cinneadh go leanfaí den Chuideachta a oibriú de réir bheacht-rialacha na tráchtála.1 2. Cinneadh ar an gCuideachta a cheannach tráth a bhí athrú ó bhonn ag teacht ar ghnó na loingseoireachta traschainéil. Bhí an t-athrú ag teacht i lár na 1960-adaí nuair a bhí córais nua aonad-lasta á gcur i bhfeidhm go grod agus carrfeirí á dtabhairt isteach. Mar gheall ar na hathruithe sin b’éigean do chuideachtaí loingseoireachta infheistíochtaí móra airgid a ghabháil orthu féin le bheith in inmhe iomaíochta. Leis na deich mbliana seo caite, tá athruithe an-mhóra ar dhéanmhais na Cuideachta. Tá cabhlach curtha in ionad an chinn a bhí ann agus tá foirgnimh chalaidh aidhmdhéanta nua tógtha. I 1978 d’iompair an B+I beagnach 1.5 milliún tonna lasta, tuairim 760,000 paisinéirí agus 154,000 gluaisteán. Chuir sí fostaíocht ar fáil do 1,953 i 1978. (b) Cáilíocht dlíthiúil3. Is iad na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1976 a rialaíonn an B+I. Tá sé corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí. Tá sé freagrach don Aire Turasóireachta agus Iompair. Is é an tAire a cheapann an Cathaoirleach agus na stiúrthóirí, agus is eisean a rialaíonn an scairchaipiteal. Ina theannta sin caitheann an Chuideachta cuntais bhliantúla iniúchta agus tuarascálacha a chur faoina bhráid. Glactar leis gur ar an gCuideachta féin atá freagracht rudaí ar nós beartais daonchumhachta, ar a n-áirítear earcaíocht agus eagraíocht inmheánach. 4. Is é scairchaipiteal údaraithe an B+I £20 milliún punt arna roinnt i bhfiche milliún gnáthscaireanna £1 an ceann. I ndeireadh 1978 ba é an scairchaipiteal eisithe £18.4. Ina choinne sin £1.6 milliún de scairchaipiteal eisithe a bhí ann i 1965 nuair a fuair an Stát an Chuideachta. Idir an dá linn, ardaíodh an scairchaipiteal údaraithe go dtí £4.6 milliún (i 1971) agus go dtí £20 milliún (i 1976). 5. Faoi Acht 1965 ceadaíodh uaslíon stiúrthóirí ar Bhord B+I— mórsheisear agus an Cathaoirleach a áireamh. Tar éis an tAcht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 19772 a achtú, áfach, méadaíodh an líon go dtí dáréag. Is iad na stiúrthóirí breise Príomh-Fheidhmeannach na Cuideachta agus ceathrar fostaí arna dtoghadh ag fórsa saothair B+I. (c) Acmhainní agus Oibríochtaí6. Faoi láthair tá naoi long ar fad á n-oibriú ag an B+I. Is iad sin— ceithre charrfeire agus árthach lasta amháin dá cuid féin; dhá árthach lasta atá ar léas fadtéarmach aici agus arb iad a foireann féin atá á n-ionramháil; árthach lasta amháin atá a hoibriú go comhpháirteach ag an gCuideachta agus an P+O ar chairt fadtéarmach; agus árthach lasta amháin ar chairt ghearrthéarmach. 7. Tá na príomhsheirbhísí lasta agus paisinéirí a sholáthraíonn an Chuideachta leagtha amach i bhFoscríbhinn I. Is í an Chuideachta féin a rialaíonn foirgnimh chalaidh na Cuideachta in Éirinn agus sa Bhreatain. Ar an Mór-roinn, tá comhaontuithe stíbheadóireachta ag an gCuideachta i ngach ceann de na calafoirt ar a mbíonn a triall. Tá scuaidrín feithiclí á chothabháil aici i mBaile Átha Cliath, agus tá fo-chuideachtaí ród-iompair aici i Learpholl, i bhFleetwood agus i Rotterdam, chun seirbhís lasta comhiomlán ó dhoras go doras a sholáthar. Bíonn traenacha lastlínéir faoi chairt ag an B+I ag iompar tráchta idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Ina theannta sin baineann an B+I úsáid as seirbhísí lastlínéir sceidealta CIE. 8. Maidir le bainistíocht, is ar an bPríomh-Fheidhmeannach a luíonn dírfhreagreacht i dtaobh beartas na Cuideachta agus a fheidhmiú ó lá go lá a chur i ngníomh. Bíonn ceathrar Príomh-Fheidhmeannach cúnta ag cabhrú leis, agus a fhreagrachtaí féin ar gach duine acu sin maidir le príomhranna oibríochta agus riaracháin na Cuideachta. Tá an Roinn Lasta freagrach sna lastsheirbhísí luchtaithe agus díluchtaithe, leantóirí neamhthionlaicthe agus tiomsaíochta,3 a eagrú agus a mhargú; tá sé freagrach freisin sna foirgnimh chalaidh agus sna scuaidríní ród-iompair a bhíonn á n-oibriú ag an gCuideachta. Tá an Roinn Mótarbhealaigh freagrach sna seirbhísí paisinéirí a eagrú agus a mhargú; tagann na lastsheirbhísí rothdhíle isteach/amach ar na carrfeirí faoina chúram freisin. Tá an Roinn Muirchabhlaigh freagrach sa chuid teicniúil d’oibríochtaí B+I—an chabhlach a chothabháil agus a oibriú; árthaí nua a cheannach agus foireann mhuirí. Tá an Roinn Airgeadais freagrach i gcuntais na cuideachta, buiséid, foireann chalaidh agus pleanáil chorparáideach. 9. Déanann an Chuideachta a cuid gnó-straitéise a cheapadh amach ar fhoras pleananna corparáideacha cúig bhlianacha, iad a thabhairt cothrom le dáta gach sé mhí chun athruithe ar thimpeallacht gheilleagair agus tuair thráchta a chur san áireamh. Sin é, arís, a bhíonn mar bhonn le clár infheistíochta na Cuideachta. Gach bliain, ar leithligh ón bplean corparáideach a athbhreithniú, cuireann an bhainistíocht buiséad oibre mionsonraithe le chéile don bhliain le teacht agus air sin a bheith déanta go hiomlán ní mór aontú a fháil chuige ó Bhord na Cuideachta. Ullmhaítear Buiséad Sruthairgid agus Caipitil freisin ag féachaint don bhuiséad oibre. Déantar faireachas rialta ar na buiséid i gcaitheamh na bliana in aghaidh a mbíonn déanta d’obair. II RÉIM CÚRAIM NA CUIDEACHTA(a) Cuspóirí10. I 1965 cheap Bord na Cuideachta an cuspóir corparáideach seo a leanas mar aidhm di féin: “Córas iompair dromchla go hÉirinn agus ó Éirinn a bheidh nua-aoiseach, éifeachtúil, brabúsmhar, náisiúnta agus cuimsitheach a sholáthar agus a fhorbairt.” Roimh 1965 bhí an B+I lag ó thaobh airgid agus ní raibh acmhainn a dóthain aici faoi chomhair na riachtanas infheistíochta ba ghá le freastal ar thimpeallacht a bhí ag athrú go mear, sna margaí lasta agus paisinéirí araon. Ghabh sí uirthi féin cuid mhór airgid a chaitheamh ar árthaí agus saoráidí calaidh chun réim lastsheirbhísí nua-aoiseach a sholáthar. Cuireadh cóir nua-aoise ar a seirbhísí paisinéirí freisin; baineadh na sean-árthaí paisinéirí as obair i ndiaidh a chéile agus cuireadh carrfeirí ina n-ionad. De thairbhe na n-árthaí nua-aoiseacha sin bhí sé ar chumas B+I tús a chur le seirbhísí rothdhíle isteach/ amach go hÉirinn. Ina theannta sin, leathnaigh an Chuideachta a hoibríochtaí trí last a iompar chun na Mór-Roinne. 11. Tá an Chuideachta á áiteamh go bhfuil treoir bhuaidh an Rialtais comhlíonta (agus á comhlíonadh), sa mhéid go bhfuil sí i bhfeidhm láidir sna margaí anois le haghaidh paisinéirí, gluaisteáin agus lasta.4 Tugann sé sin deis don chuideachta neart a bheith aici ar iomaíocht praghsanna agus ar cháilíocht na seirbhíse do thurasóireacht agus last-iompair. Tá cionanna éagsúla de na margaí difriúla ag an gCuideachta —breis agus 42% den charr-mhargadh (agus den mhargadh paisinéirí) Traschainéil; 36% den last-mhargadh Traschainéil; 27% den mhargadh Traschainéil i bpaisinéirí coise agus 25% den last-mhargadh Mór-Roinne. Ghlac an Comhchoiste dea-thuairim do shaothar na Cuideachta i gcúrsaí margaíochta agus don leathnú trádála sna margaí paisinéirí agus lasta—tá an Chuideachta tar éis méadú rí-mhór a thabhairt ar mhéid na gcarr (agus na bpaisinéirí) a iompraíodh agus ar an toirt lasta a láimhsíodh ó fuair an Rialtas í. Taispeánann Tábla 1 an méadú ar tháirgeadh idir 1966 agus 1978. TÁBLA 1 Méadú ar Thrácht Líne B + I 1966-1978
12. Chítear don B+I féin gur gnó tráchtála is bunús di sa chéad áit; sa cháil sin cuireann si tábhacht láidir i gcónaí le gnó margaidh agus le cuspóirí airgid a bhaint amach. Chítear don Chomhchoiste, áfach, go bhfuil oibleagáidí de chineál níos leithne ar áireamh ina haidhmeanna corparáideacha. Mar shampla, nuair a bhí tuairisc á thabhairt aige ar “thoradh tráchtála inghlactha” ar charrfeirí B+I, dúirt an Cathaoirleach ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil B+I i mBealtaine 1977 narbh fholáir carrfeire nua a fháil d’fhonn an staid bhuntáiste ar mhaithe le hÉirinn a choinneáil. Ó tá árthaí á dtógáil i gCorcaigh d’fhéadfadh gurbh í an mhaitheas i leith na hÉirinn dar tagraíodh fostaíocht a sholáthar i Longlanna na hÉireann etc. Daingníodh an tuairim sin le linn tógáil na fianaise5 nuair a dúirt ionadaí do B+I go raibh oibleagáid shóisialta cuimsitheach ar an gCuideachta i leith an phobail. Sa mhéid go gcaitheann an Chuideachta caiteachas mór go maith a thabhú chun freastal ar oibleagáidí sóisialta agus náisiúnta, toisc go gceanglaíonn an Rialtas sin uirthi, molann an Comhchoiste go sonrófaí na costais sin go soiléir agus go dtabharfaí fios ar a mhéid a dhéanann siad difear do rathúnas tráchtála na Cuideachta. (b) Caidreamh le Ranna Rialtais13. Ós í an Roinn Turasóireachta agus Iompair an Roinn Rialtais a thionscain an Chuideachta, comhlíonann sí feidhmeanna éagsúla i ndáil leis an gCuideachta. Áirítear orthu sin comhairliú faoi bheartais Rialtais agus iad a chur i ngníomh; na hAchtanna iomchuí a riaradh, scairchaipiteal a rialú; maoiniú gearrthéarma agus fadtéarma a mheas. Tá beartais airgeadais na Cuideachta faoi réir a rialaithe ag an Roinn Turasóireachta agus Iompair mar aon leis an Roinn Airgeadais. Ina theannta sin, tá an Chuideachta, mar atá gach cuideachta loingseoireachta, faoi réir na rialachán a rialaíonn iompar paisinéirí agus lasta de loing. Is í an Roinn Turasóireachta agus Iompair a riarann na rialacháin sin agus dá bhrí sin téann sí i gcomhairle leis an B+I i dtaobh na rialachán a chur i bhfeidhm. Cuirtear gach togra maidir le rátaí agus muirir na Cuideachta faoi bhráid na roinne tionscnaimh lena gceadú ar dtús. 14. Aithnítear gur feidhmeanna is iomchuí do Roinn Rialtais na feidhmeanna sin roimhe seo. Ghlac an B+I ina cuid fianaise leis an bhfreagracht forleathan atá ar an Roinn Turasóireachta agus Iompair maidir le hoibríochtaí iomlána na Cuideachta.6 D’ainneoin na n-araíon-achtaí a thig de sin ar uaire, shíl an Chuideachta, nuair a bhíodh cásanna rianúla le haghaidh birt todhchaí á gcur i láthair aici, go mbíodh freagraí tuisceanacha réasúnacha á dtabhairt orthu. Creideann an Comhchoiste go bhféadfaí aon éiginnteachtaí a d’fhéadfadh tarlú amach anseo amhail idir an roinn tionscnaimh agus an Chuideachta a chur ar neamhní ach gréasán beartais iompair a bheadh sách fadtéarmach a bheith faoi réir. (c) An Bord15. Is iad atá anois ar Bhord na Cuideachta ochtar stiúrthóir (agus Príomh-Fheidhmeannach na Cuideachta a áireamh) arna gceapadh ag an Aire Turasóireachta agus Iompair agus ceathrar fostaí-stiúrthóir. Ba í an Chuideachta an chéad chomhlacht Stát-tionscanta a thogh fostaístiúrthóirí faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. Mí na Nollag 1978 a rinneadh an toghadh, tar éis réamhvótaíocht a thug le fios go raibh an tromlach d’fhostaithe B+I i bhfabhar ionadaíocht do lucht oibre ar an mBord. Dá réir sin ceapadh an ceathrar iarratasóir ar éirigh leo i dtoghchán na Nollag mar stiúrthóirí ar Bhord B+I mí Eanáir 1979. Ar cheann de ghnéithe suntasacha an toghcháin bhí gur vótáil níos mó ná 86% den líon foirne a bhí i dteideal vótála. Is é dóchas an Chomhchoiste go ndéanfaidh na fostaí-stiúrthóirí gnó tábhachtach ar Bhord na Cuideachta trí chinntí beartais a thabhairt i gcrích agus faireachas a dhéanamh ar obair na Cuideachta in aghaidh na mbuiséad bliantúla oifigiúla. III ÉIFEACHTÚLACHT OIBRÍOCHTA AGUS TORTHAÍ AIRGEADAIS(a) Ioncam agus Brabúis16. Mhéadaigh fáltais oibríochta iomlána na Cuideachta beagnach faoi dheich idir 1966 agus 1978—ó £4.3 milliún go £42 milliún. Tar éis boilsciú a chur san áireamh, is ionann é sin agus méadú dearfa 9% sa bhliain geall leis i rith na tréimhse dhá mhí dhéag. Le linn na tréimhse a raibh atheagrú ó bhonn á dhéanamh ar an gCuideachta go déanach sna 1960-adaí, ní mór ar fad na brabúis a bhí le háireamh. Ní amháin sin ach is caillteanais a bhain di i 1967 agus 1968. Bhain mórdheacrachtaí don Chuideachta i 1972 agus 1973 nuair a tharla laghdú ar an turasóireacht agus tharla caillteanais sna blianta sin. Ach ó shin i leith tá brabúis á ndéanamh ag an gCuideachta agus iad sin ag méadú de réir a chéile, d’ainneoin drochfheidhm an lagadh trádála ar an eacnamaíocht agus an borradh ar chostais bhreosla. 17. I gcúrsa na fianaise don Chomhchoiste, dúirt ionadaí ón gCuideachta gur ó lasta a tháinig 60% den ioncam. Maidir le brabúsmhaireacht na ranna éagsúla, dúradh gur ó thaobh na bpaisinéirí de na hoibríochtaí is mó a tháinig brabúis. Ach cuireadh i bhfios, sa mhéid go raibh na carrfeirí ag freastal do chomhtháirgí, is é sin, last rothdhíle isteach/amach agus gluaisteáin phaisinéirí, nárbh fhéidir dáilte ioncaim/ costais na ngníomhaíochtaí sin a shonrú. Dúradh go ndearnadh trí athrú bhunúsacha ó 1965 ar an gcuid luchtaithe/díluchtaithe den ghnó lasta agus go raibh sé i riocht idirthréimhseach go fóill, agus dá chionn sin go mb’ísle na fáltais uaidh.7 Cé go dtuigeann an Comhchoiste go bhfuil na modhanna do loingsiú lasta ag athrú i gcónaí de thoradh teicníochtaí nua, mar sin féin creideann sé, i gcás ina mbíonn modh iompair amháin ag fáil traschúnaimh airgid ó mhodh eile, gur chóir na fíora a insint go soiléir i dtuarascáil bhliantúil na Cuideachta agus na fáthanna atá leis sin a lua. 18. Ba ríbheag ar tháinig de thoradh ar chaipiteal sna chúig bliana suas go 1970 (agus bhí fiú blianta caillteacha ann). I 1971 b’ionann brabúis roimh ús a áireamh agus díreach os cionn 6% den chaipiteal a úsáideadh. Toradh caillteach a tharla i 1972 agus 1973, na blianta a tharla laghdú ar an turasóireacht. Ach sa tréimhse chúig bliana is déanaí atá caite bhí meán-ráta brabúis os cionn 7% ar an gcaipiteal a cuireadh chun críche. Tá meán-toradh brabúis de 8% tuairim á thuar ag an gCuideachta ar chaipiteal a chuirfear chun críche feadh na tréimhse 1979 go 1983. Rud riachtanach do chuideachta tráchtála ar bith leor-leibhéal brabús a ghnóthú. Chuir an B+I i láthair go bhfuil an toradh a fuair sí ar chaipiteal chomh maith lena bhfuair cuid de na comhlachtaí loingseoireachta tríd is tríd, ar a shon go bhfuil cuid acusan, ar nós European Ferries, a bhfuil ráta toradh níos airde go mór le taispeáint acu.8 Is í barúil an Chomhchoiste go bhféadfadh an Chuideachta, de thairbhe leor-leibhéal brabús, lámh a thabhairt leis an méid scairchaipiteal sa bhreis a theastódh uaithi feasta a laghdú. (b) Táirgiúlacht19. Úsáideann an B+I “pá-rolla mar chéatadán láimhdeachais” mar shlat tomhais chun feabhsuithe sa táirgiúlacht a thomhas. Tá feabhas tagtha ar an ngaolmhaireacht seo leis na deich mbliana seo caite: Párolla 1966 mar % den láimhdeachas=44% Párolla 1971 mar % den láimhdeachas=30% Párolla 1977 mar % den láimhdeachas=27% Tá súil ag an B+I leis an gcéatadán a laghdú fiú a thuilleadh san am le teacht. Cuid den chúis atá leis an bhfeabhsú go nuige seo an sochar a ráinig de mhéaduithe móra ar chaipiteal na cuideachta. Bíonn táirgiúlacht oibreachais, mar thomhas ar fheabhas gnó, ag gabháil i gcónaí i dteannta tionscail le méaduithe tábhachtacha caipitil an t-oibrí. I gcás an B+I, má thomhaistear táirgiúlacht de réir bhreisluach fíor gach duine a bhí fostaithe,9 bhí meán-fhás 4% le taispeáint i rith na tréimhse 1965 go 1978. Nuair a chuirtear san áireamh an méadú i bhfostaíocht sa tréimhse, thaispeáin an breisluach iomlán meán-fhás fíor tuairim 6%. Ní raibh mórán méadú ag teacht ar líon fostaithe na Cuideachta suas go dtí 1976, lasmuigh de 1971. Ach ó 1976 mhéadaigh an líon fostaithe 25% ionas go raibh breis agus 1,950 fostaí ann ag deireadh 1978. Tá na méaduithe fíora (tar éis coigeartú a dhéanamh do bhoilsciú) ar fhostaíocht, breisluach agus táirgiúlacht tomhaiste i dTábla 2 in aghaidh na tréimhse 1965 go 1978. TÁBLA 2 Rátaí Fáis Breisluacha, Táirgiúlachta agus Fostaíochta B+I Rátaí fáis céatadáin (arna gcumasc go bliantúil)
Tá ríthábhacht le feabhsuithe sa táirgiúlacht maidir leis an eacnamaíocht i gcoitinne agus maidir le cuideachtaí ar leithligh go speisialta. Ceann de na príomh-shlite ina ndéanfaí difear do chumas chuideachta iompair mar an B+I dul san iomaíocht ar an margadh ná athruithe sa táirgiúlacht. Tuigeann an Comhchoiste gur trí mhéaduithe sa táirgiúlacht a fhéadfar birt oibre a chosaint agus breis díobh a sholáthar san am le teacht. (c) Timpeallacht Oibríochta20. Maidir leis an timpeallacht oibríochta le haghaidh lasta, tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil éagothrom idir toirt na n-earraí Éireannacha a onnmhairítear agus toirt na n-earraí a allmhairítear go hÉirinn. Dá bhrí sin, is mó an toilleadh iompair is gá chun toirt na n-earraí go hÉirinn a ionramháil ná an toilleadh is gá d’iompar earraí amach as Éirinn. Sa mhéid go n-oibríonn roinnt cuideachtaí loingseoireachta seirbhísí as Éirinn, bíonn onnmhaireoirí na hÉireann de ghnáth i margadh ceannaitheoirí. D’fhonn méid na faidhbe a bhaineann le ‘filleadh folamh’ a laghdú, bíonn iomaíocht dian go leor idir chuideachtaí loingseoireachta do lorg onnmhairí. Dá chomhartha sin, chuir B+I i bhfios nár ardaigh an meánphraghas iompair earraí ach 22% an tonna idir 1965 agus 1975, i gcomparáid le hardú 120% ar an bpraghas-leibhéal ginearálta i rith na tréimhse; agus go bhféadfadh an muirear difríochta, i bhfabhar onnmhaireora Éireannaigh, a bheith chomh hard le 40 faoin gcéad i gcásanna áirithe.10 Cé go dtuigeann an Comhchoiste faoin éagothrom trádála, creideann sé nár cheart don Chuideachta rátaí a bhaint amach nár leor do ghlanadh costas ar mhaithe amháin le toilleadh spártha a líonadh. Creideann an Comhchoiste go bhféadfaí costasáil neamhgheilleagrach mar sin a sheachaint dá ndíreodh an Chuideachta a haire fiú níos dúthrachtaí ná mar atá á dhéanamh aici faoi láthair ar cháilíocht na seirbhíse atá á thairiscint d’onnmhaireoirí na hÉireann. 21. Ba spéis leis an gComhchoiste na seifteanna margaíochta a ghlac an Chuideachta chun turasóireacht a tharraingt. Soláthraíonn an Chuideachta réim saoire “pacáiste”, táillí speisialta saorthurais agus tionscnaimh eile d’fhonn an turasóireacht mhuintire a tharraingt ón mBreatain. Is cruthú ar mar éirigh leis an mbeartas sin go raibh ceangal gaoil nó cóngais le hÉirinn ag beagnach trí cheathrú na bpaisinéirí a d’iompar B+I.11 Tríd is tríd, bisíodh an turasóireacht i 1976 de dhroim gur laghdaigh lucht loingseoireachta na táillí. San am gcéanna athraíonn an leibhéal táillí tráthama éagsúla den bhliain i.e. táillí níos airde in ardshéasúr an tSamhraidh agus táillí níos ísle sna séasúir lagthráchta. Maidir leis na táillí Samhraidh, baineann an t-éileamh is airde le roinn bheag deireadh seachtaine i rith Iúil agus Lúnasa. Creideann an Comhchoiste gur cheart breithniú féachaint a bhféadfaí tuilleadh fós éagsúlachta a thabhairt ar tháillí sa bhuicshéasúr, ar choinníoll nach mbeadh an éagsúlacht sin ró-dhian ar aon earnálacha áirithe paisinéirí. Is é an bonn réasúin atá leis an moladh sin go bhféadfaí na buaiceanna éilimh a laghdú tuilleadh fós trí chuid den trácht a dhíriú ar laethanta a bheadh an t-éileamh faoi bhun buaice, agus dá chionn sin laghdú a thabhairt ar an méid acmhainní ba ghá chun freastal ar éileamh gach tráth. 22. Rinneadh tagairt le linn na fianaise a thógáil don díol saor ó dhleacht a tionscnaíodh i Márta 1978 do lucht taistil ar charrfeirí ar Muir Éireann.12 Chuir an B+I i láthair go ndearna sé ceataí d’oibritheoirí ar Muir Éireann gan a leithéid sin de shaoráid a bheith ann san am atá caite i gcomparáid le hoibritheoirí ón mBreatain chun na Mór-Roinne. Dúradh go raibh brabús le gnóthú as díol saor ó dhleacht agus gur chabhraigh sé le breis tráchta a tharraingt. Measann an Comhchoiste gur cuidiú ar fónamh le forbairt turasóireachta díol saor ó dhleacht a thabhairt isteach, go mór mhór más cabhair le táillí a laghdú na brabúis ó dhíol den sórt sin. IV BONNEAGAR CAIPITIÚIL(a) Cothromas Rialtais23. An an Rialtas dá fáil i 1965, bhí scairchaipiteal údaraithe £2 milliún ag an gCuideachta. Méadaíodh é sin go dtí £5 milliún i 1971. Méadaíodh tuilleadh é de £15 milliún i 1976, suim a raibh £10 milliún di ag dul don charrfeire nua (M.V. Connacht) agus £5 milliún do chaipiteal oibre. Chuidigh an méadú caipitil sin leis an gCuideachta do chur deireadh leis an éagothrom a bhí aci ina bonneagar caipitiúil. Tháinig an t-éagothrom sin de dheasca bheith ag brath rómhór ar iasachtaí coigríche agus mar gheall air sin tromualach rátaí úis agus caillteanais i madartú airgid reatha a bheith ina coinne. £18.4 milliún de scair-chaipiteal eisithe a bhí aici i ndeireadh 1978. 24. Chuir an Chuideachta in iúl, i ráiteas scríofa a chuir sí faoi bhráid an Chomhchoiste i Meán Fómhair 1978, go raibh £5 mhilliún scairchaipitil bhreise á lorg aici mar chuid den airgead le haghaidh árthaigh nua rothdhíle isteach/amach. Ach de dhroim an bhreithniú sé-mhíosúil is déanaí a rinne an Chuideachta ar an bplean chorparáideach, chinn sí nár bharr sochair di níos mó toilleadh breise lasta a thógáil ag féachaint don bharrachas last-thonnáiste ar fud an domhain agus don laghdú ar rátaí lasta. I ndáil leis sin, chuir Cathaoirleach an B+I i bhfios don Chomhchoiste go raibh árthaí barrachais ar an margadh faoi láthair agus, dá réir sin, go bhféadfadh an Chuideachta árthaí a fhostú ar fhoras fadtéarmach ar rataí iomaíochta.13 Tá sé beartaithe ag an gCuideachta anois, in ionad árthach rothdhíle isteach/amach a ordú, long carrfeire níos mó a chur ar ordú mar chuid dá clár athnuachana cabhlaigh agus chun freastal ar an mbiseach sa mhargadh turasóireachta. Tá baint fhollasach ag cúrsaí maoinithe go páirteach agus ag cúrsaí oibríochta go páirteach leis an rogha idir árthaí a cheannach de leith amháin agus iad a fháil ar léas nó ar fostú ar an leith eile. Sa mhéid go n-athródh an bhuntáiste ó am go chéile idir na roghanna éagsúla, thug an Comhchoiste dá aire go mbíonn na modhanna chun cumas nua iompair a sholáthar á mbreithniú de shíor ag B+I. (b) Caipiteal a threalmhú25. Féadfar iomlán an chaipitil a bhíonn á úsáid ag cuideachta a roinnt idir fiach agus cothromas. Dá airde an cion fiacha atá i mbonneagar caipitiúil chuideachta is ea is mó a mheastar an chuideachta a bheith trealmhaithe. Is é an cóimheas cothromas fiacha an slat tomhais a úsáidtear chun an gaol idir fiach agus cothromas a thomhas. De réir chlár comhardaithe B+I i ndeireadh 1977, ba é an cóimheas cothromas fiacha 0.4:1. Ach ní chuireann sé sin léasadh fadtéarmach san áireamh in aon chor, agus d’fhéadfaí go réasúnach é sin a áireamh mar chuid de fhiach fadtéarmach. Le linn tógáil na fianaise dúirt ionadaí ó B+I go raibh léasadh fadtéarmach ina chuid dá tomhas trealmhaithe. Ina ghiorracht, mheas an B+I gur mhaith an rud gan cistí scairshealbhóirí (cothromas agus cúltacaí) do thitim faoi bhun 35% go 40% dá gealltanas caipitiúil iomlán (iasachtaí, léasanna agus gealltanais fadtéarma).14 Aontaíonn an Comhchoiste leis an gcritéir trealmhaithe caipitil sin agus molann sé go ndéanfaí, sna nótaí a ghabhfaidh le tuarascálacha bliantúla B+I feasta, tagairt do threalmhú, go háirithe maidir le léasadh eis-chlár comhardaithe. (c) Díluachadh26. Tá gá le breithniú speisialta a dhéanamh ar an gcuma ina ndéileáltar le díluachadh árthaí.15 Chun gnáthchríocha cuntasaíochta, déanann an B+I a muirir díluachadh bliantúla amach trína cuid árthaí, a dtugtar luach dóibh ar bhonn costais staire, a dhíscríobh in imeacht tréimhse blianta. Nuair nach ndáiltear brabúis ní dhéanann an leibhéal muirir díluachadh difear don mhéid airgid a bhíonn ar fáil le haghaidh socmhainní a athnuachan. Tugadh faoi deara gur tábhachtaí leis an B+I chun a cuid críocha an ráta brabúis ar láimhdeachas agus sruth airgid ná an modh seanbhunaithe lena gcuirtear an brabús i gcomparáid leis an gcaipiteal a úsáideadh. San am atá caite, áfach, chuireadh an B+I dlús le díluachadh a cuid árthaí trí laghdú a thabhairt ar an méid blianta a ndéantar árthaí a dhíscríobh. Chun críocha bainistíochta, is féidir a áiteamh gur gá aird bhreise a thabhairt ar na méaduithe díluachadh a thig de chionn méaduithe meara a bheith ag teacht ar chostais árthaí nua. Molann an Comhchoiste gur cheart don B+I féachaint an bhféadfaí na leibhéil díluachadh a úsáideann sí ina cuid cuntas a mhéadú os cionn na leibhéal a ríomhtar faoi threoir chostas staire na n-árthaí. (d) Plean Chorparáideach27. Tá nós imeachta pleanála corparáideach foirmiúil oibrithe amach ag B+I a bhaineann le ré chúig mbliana. Athbhreithnítear na pleananna go tráthrialta d’fhonn athruithe sa timpeallacht eacnamaíochta agus sna tuair thráchta a chur san áireamh. Baineann an plean reatha leis an tréimhse go dtí 1983 agus tá socrú ann le haghaidh toilleadh breise árthaí, saoráidí calaidh a fheabhsú, agus saoráidí calaidh nua agus bonneagair bhealaigh a fheabhsú nuair is gá.16 Is cuid de an ceathrú carrfeire paisinéirí is déanaí a tugadh isteach—an M.V. Connacht. Tá socrú ann freisin chun duilárthach paisinéirí a chur ar bhealach Bhaile Átha Cliath—Learpholl i 1980, agus tá sé beartaithe chomh maith an toilleadh lasta ar sheirbhísí chun na Breataine agus na Mór-Roinne a mhéadú. Tá £50 milliún d’infheistíocht (ar phraghsanna seasmhacha) thar 5 bliana ag gabháil leis sin agus tá tuar á dhéanamh ar mheán-bhrabús £1½ milliún sa bhliain i rith na mblianta go dtí 1983. Beartaítear 650 duine a fhostú faoin bplean. Ina theannta sin, meastar go bhfostófar 1,300 duine go neamhdhíreach ar ghníomhaíochtaí a thiocfaidh ann de dhroim an plean a chur i bhfeidhm. 28. Féachann an Comhchoiste ar an ré pleanála corparáideach mar ghníomhréim riachtanach agus mar rud a chuirfidh ar fáil an léargas leathan a bhféadfar faoina chuimsiú meas a thabhairt ar chlár infheistíochta na Cuideachta. Déanann an B+I a cuid infheistíochta a mheas de réir praghsanna comhsheasmhacha i.e. ríomhtar brabúis thionscadail infheistíochta áirithe de réir phraghsanna an lae inniu. Is cuid den nós imeachta infheistíochta gníomhaíocht gheilleagrach san am le teacht a thomhas ar bhonn áirithe agus tuar a dhéanamh dá réir sin ar an margadh paisinéirí agus lasta. Déanann an B+I ansin cion áirithe de na margaí éagsúla a bheartú. Le linn na fianaise a thógáil, dúirt ionadaithe an B+I go ndéanann an Chuideachta infheistiú agus seirbhísiú ar limistéir fáis an mhargaidh.17 Nuair a bhíonn caoi nua infheistíochta á mheas úsáideann an chuideachta deiseanna ar nós sruth-airgid lascainithe18 féachaint an mbeadh toradh dearfa le sonrú ar thionscadail nua. Creideann an Comhchoiste, toisc níos mó den fhiontar a bheith ag gabháil le loingseoireacht ná le formhór gnóthaí eile (mar gheall ar na héiginnteachtaí a bhaineann le leibhéil thráchta a thuar), gur chóir bheith ag súil le ráta maith toraidh ón méid a d’infheistigh an B+I in aon tionscadail nua. 29. Tá sé tuartha ag an B+I go mbeidh £31 milliún aici de chistí scairshealbhaíochta i 1983 (de réir phraghsanna comhsheasamhacha (1978)). Tá an tuar sin bunaithe ar mheán bhrabúsmhaireacht £1½ milliún feadh na gcúig bliana dar gcionn. Sa mhéid gur mó (nó gur lú) brabúis ná mar a tuaradh méadófar nó laghdófar cistí na scairshealbhóirí. Dá bhrí sin is tábhachtach an ní don B+I na fiontair a ghabhann lena cuid tuar (e.g. giniúint tráchta, ardú costas, etc.) a mheas go hiomlán baileach. Mar shampla, tá breosta fíor-riachtanach don Chuideachta mar amhábhar agus dá dtarlaíodh aon bhriseadh ar an soláthar chuirfeadh sé sin na hoibríochtaí i mbaol, ar ndóigh. Dá bhrí sin má chuireann sí leor-sholáthair in áirithe de, tharlódh dá thoradh sin go n-ardófaí praghsanna dá réir sna blianta amach anseo thar mar tá siad faoi láthair. Mar a chéile é sin agus a rá nach bhféadfar a bheith cinnte go mbeidh praghsanna san am le teacht ina gcúiteamh astu féin in arduithe costais san am le teacht. Is í barúil an Chomhchoiste gur cheart don B+I na foshuímh a bhíonn aici i dtaobh arduithe coibhneasacha costas ar ábhair ar nós breosla a shonrú go soiléir nuair a bhíonn sí ag trácht ar na tuair chorparáideacha. Sa tslí sin amháin is féidir leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair na ciallachais fíora maoiniúcháin do oibríochtaí todhchaí an B+I a thomhas, go háirithe i gcomhthéacs riachtanas cothromais bhreise. Is dóigh leis an gComhchoiste, mura bhfíoraítear na foshuímh go léir atá le plean reatha an B+I, go bhféadfadh fadhbanna móra maoiniúcháin tarlú i rith na gcúig bliana seo romhainn. V CAIDREAMH TIONSCAIL AGUS COMHCHOMHAIRLE LE TOMHALTÓIRÍ(a) Caidreamh Tionscail30. Rinneadh atheagrú oibreachais faoi na Pleananna Forbartha Carrfeire agus Lasta (1966-1970) lena laghad cur-as ab fhéidir. Tharla 580 iomarcaíocht dá thoradh agus cuireadh i gcrích é le comhoibriú na gceardchumann iliomaí a ionadaíonn do fhoireann na Cuideachta. Téitear i gcomhchomhairle leis an bhfoireann trí chomhairlí oibreacha sna príomhionaid ina bhfuil oifigí na Cuideachta. Ina theannta sin, mar atá ráite cheana, tá ionadaíocht ag na fostaithe ar Bhord na Cuideachta (féach mír 5). Is beag má tharla aon athrú ar líon iomlán fostaithe na Cuideachta, díreach thar 1,500, amhail idir 1966 agus 1976. Leis an bhfeabhas a tháinig ar an timpeallacht trádala, áfach, tá an líon fostaithe ag dul i méid le blianta beaga anuas. I dtús 1978, bhí os cionn 1,750 duine fostaithe. Faoin bplean reatha táthar ag súil le 650 post sa bhreis um dheireadh 1983. Táthar tuairim leathslí chun na sprice sin cheana féin.19 Molann na Comhchoiste a bhfuil déanta do bhunú post de bharr an tsaothair sin. 31. Gné thábhachtach amháin de chaidreamh tionscail na Cuideachta ab ea an Scéim Iasachta Fostaithe. Ba shin comhaontú idir na fostaithe agus an Chuideachta trína ndearnadh méaduithe ar phá a fuarthas sa chéad dá mhí dhéag tar éis Comhaontú Pá Náisiúnta 1975 a fhoirceannadh a fhágáil leis an gCuideachta lena n-aisíoc as brabúis dearbhaithe todhchaí. Le linn tréimhse na hiasachta, théadh lucht bainistí go rialta i gcomhairle le coiste beartais (ionadaithe ón bhfoireann agus ó na ceardchumainn) chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhachas agus forbairt na Cuideachta. De bharr torthaí trádála feabhsaithe, bhí sé ar chumas na Cuideachta an Scéim Iasachta Fostaithe a aisíoc go hiomlán i 1977. Ba léir gur thuig an lucht bainistí, ní amháin sochair dhíreacha na hiasachta, ach freisin na sochair indíreacha, ar nós an spéis dáiríre a dúisíodh i measc na foirne i ngníomhachas comhchoiteann na Cuideachta.19 I láthair na huaire, tá an Chuideachta agus an Roinn Turasóireachta agus Iompair i dteannta a chéile ag breithniú féachaint a bhféadfadh an fhoireann tuilleadh páirteachais a ghlacadh i.e. i dtionscadal trína ndéanfadh na fostaithe árthach a cheannach agus í a chairtfhostú chun na Cuideachta. Cé go dtuigeann an Comhchoiste nach bhfuil ach fiafraí á dhéanamh i dtaobh an togra ag an gcéim seo, mar sin féin, is dóigh leis gur fiú tabhairt faoi agus molann sé go mbreithneofaí é a luaithe is féidir féachaint an bhféadfaí é a chur chun feidhme. (b) Comhchomhairle le Tomhaltóirí32. Oibríonn an B+I i dtimpeallacht atá lán d’iomaíocht agus tá barr tábhachta le seirbhís éifeachtúil a thabhairt má táthar le deathoil tomhaltóirí a choinneáil. Mar gheall ar sin, téann an Chuideachta i gcomhairle le lucht tomhaltais i ndáil le réim fhairsing gnóthaí lasta agus paisinéirí. Tá dlúthchaidreamh oibre freisin idir an gCuideachta agus na húdaráis phoirt iomchuí. Ina theannta sin bíonn sé i dtadhall i gcónaí le comhlachtaí ar nós Chóras Tráchtála, Bord Fáilte Éireann agus an Chomhairle Turasóireachta Náisiúnta i dtaobh riachtanais shonracha thionscal na hÉireann maidir le honnmhairiú agus i dtaobh forbairt na turasóireachta.20 Téann an B+I i gcomhairle freisin leis na comhlachtaí sin i gcomhthéacs pleannanna tionscnaimh na Cuideachta féin maidir le hionchais todhchaí sna margaí éagsúla. 33. Ag soláthar last-seirbhísí “doras go doras” di baineann an B+I mórchuid úsáide as seirbhísí CIE. Ní amháin go bhfostaíonn an B+I traein last linéara idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh, ach úsáideann sé freisin cuid de sheirbhísí línéara sceidealta CIE. Chuaigh an t-eolas sin i gcion ar an gComhchoiste, ní amháin toisc go gcruthaíonn sé céim ard comhoirdniúcháin idir dhá chomhlacht Stát-tionscanta ach freisin toisc gur iarracht é an trom-thrácht a bhaint de na bóithre agus é a aistriú chun na n-iarnród. VI AN tAM LE TEACHT(a) Forbairtí san am le teacht34. Tá scrúdú déanta cheana féin (féach míreanna 27-29) ar an mbeartas ginearálta atá á ghlacadh ag B+I maidir le forbairtí san am le teacht a phleanáil. Dealraíonn sé go bhfuil córas na bpleananna infheistíochta, a bhfuil íor gluaisteach cúig bliana leo, ar chor maith bisigh ag an gCuideachta. Is leor don Chomhchoiste a rá arís ag an gcéim seo go molann sé go dtabharfadh an Chuideachta faoi ráta sách ard toraidh a bhaint amach ar a cuid infheistíochtaí. (b) Duilárthach35. Maidir le forbairtí sonracha, is é an ceann is úire an duilárthach a bheartaíonn B+I a thabhairt isteach in Aibreán 1980 ar bhealach Learpholl/Baile Átha Cliath.21 Beagán thar thrí uaire an chloig díreach a thógfaidh an turas, sin níos lú ná leath an ama a thógann sé ar longa den sean-déanamh. Rud úrnua geall leis in iompar muirí is ea an fhorbairt seo in iompar paisinéirí de dhuilárthach tráchtála agus is í seo an chéad árthach dá cineál a bheidh ag seoladh ar Muir Éireann. Measann an B+I go n-iomprófar os cionn 150,000 paisinéir ar an duilárthach an chéad bhliain a bheidh sí ag obair, agus má fhíoraítear an meastachán sin beidh sé ina chuidiú tábhachtach le méadú mhargadh turasóireachta na hÉireann. Cuirfear an t-árthach ar léas. Maidir leis an mbrabúsmhaireacht atá tuartha don oibríocht chuir an B+I ar fáil don Chomhchoiste an t-eolas maidir leis an mbisiú dearfa a bhfuiltear ag súil leis a thiocfaidh de bharr na hinfheistíochta sna cúig bliana dar tosach 1980. Chinn an Comhchoiste an t-eolas sin a choinneáil faoi rún agus dá bhrí sin gan é a fhoilsiú leis an tuarascáil seo. (c) Ceangal le Loingeas Éireann Teoranta36. I scríbhinn a chuir an B+I faoi bhráid an Chomhchoiste, thug sí le fios go raibh sí ag breithniú ar sheirbhís carrfeire mór-roinne a thabhairt isteach i 1980. Tá lastseirbhísí chun na Mor-Roinne á n-oibriú cheana féin ag an gCuideachta agus ina theannta sin tá tuairim 6% dá cuid paisinéirí ar a seirbhísí ar Muir Éireann ag taisteal chun na Mór-Roinne, nó ag teacht as, tríd an mBreatain. 37. Sa mhéid go bhfuil Loingeas Éireann Teoranta ag gabháil do ghnó carrfeire ó Éirinn chun na Mór-Roinne, is í baruil an Chomhchoiste nár cheart aon seirbhísí nua chun na Mór-Roinne a thabhairt isteach gan an dá chomhlacht stát-tionscanta lena mbaineann do dhul i gcomhairle le chéile agus comhoirdniú a réiteach. I láthair na huaire tá an B+I ag ceapadh amach tograí le haghaidh cabhlaigh carrfeire an dá chuideachta a chomhoirdniú.22 Ar an ábhar go mbeidh an dá chuideachta ag oibriú amach as Cuan Ros Láir i 1980, measann an Comhchoiste gur chóir na tograí a chríochnú agus a chinneadh a luaithe is féidir. (d) Beartas Iompair a Chomhoirdniú38. Is léir go bhfuil cuspóir leathan corporáideach ag an B+I, ina cáil mar chomhlacht Stát-tionscanta (féach mír 10). Dála na gcuspóirí atá ag comhlachtaí stát-tionscanta eile, tá an leithéid sin de chuspóir mar bhonn leis na pleananna corporáideacha agus na cláir infheistíochta a chuirtear faoi bhráid na Roinne Turasóireachta agus Iompair. Creideann an Comhchoiste go bhfuil gá le comhoirdniú agus lánpháirtiú anéifeachtúil beartas maidir le rúin infheistíochta san earnáil Stáit a bhaineann le hiompar. Le linn infheistíocht iompair sna deich mbliana le teacht a bheith á pleanáil, ní foláir aird a thabhairt ar na héilimh iomaíocha ar chaipiteal a bhíonn á ndéanamh ag na comhlachtaí Stát-tionscanta. Creideann an Comhchoiste nach féidir cinntí rianúla a ghlacadh i dtaobh infheistíochta ach trí bheartas lán-aontaithe a cheapadh i ndáil le riachtanais chaipitil. 39. Tá sé tábhachtach go speisialta do B+I beartas comhoirdnithe a ghlacadh i ndáil le riachtanais infheistíochta, más gá pleanáil chun carrfeirí a sholáthar le cur in ionad a céad-chabhlaigh carrfeirí. Ní foláir carrfeirí a chur in ionad na gceann atá ann sna deich mbliana seo romhainn. Sin rud atá tábhachtach do thionscal longthógála na hÉireann, agus d’fhéadfaí a rá gur mar a chéile é sin agus Longlann Verolme Chorcaí Teo., ina bhfuil scairsheilbh 47% ag an Stát trí Fhóir Teoranta. D’fhéadfadh go bhféadfaí freastal do riachtanais B+I agus Longlann Verolme i dteannta a chéile trí uileghabhálach le haghaidh infheistíochta nua a oibriú amach. I ndáil leis sin sonraíonn an Comhchoiste an ráiteas i mír 8 den Seachtú Tuarascáil ón gComhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach (Prl. 7123), nach foláir go mbeidh sé deacair fostaíocht iomlán a choinneáil ar bun i Longlann Verolme i mblianta 1980. VII CRÍOCH40. Thug comhaltaí den Chomhchoiste cuairt ar 13 Feabhra 1979 ar Mhórláthair Feirechalaidh agus Lasta B+I chun na suiteálacha foircinn a fheiceáil a bhíonn á n-úsáid in oibríochtaí long coimeádán agus carrfeire B+I agus chun obair luchtaithe an M.V. Wicklow a scrúdú. Bhí áthas ar an gComhchoiste a ndíreolas féin a fháil ar chúrsaí an Fheirechalaidh. Ba mhaith leis an gComhchoiste admháil a thabhairt sa mhórchúnamh a fuair sé ó Bhord, lucht bainistí agus foireann an B+I le linn an fhiosraithe seo, agus a rá gur mór aige an modh rí-éifeachtúil ina bhfuil an Chuideachta á seoladh. 41. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil lena chomhairleoir lánaimsire, Tomás Ó Fearghusa, as luachmhaireacht na comhairle agus an chúnaimh a thug sé ag gach céim den fhiosrú. (Sínithe) EOIN Ó RIAIN Cathaoirleach an Chomhchoiste 21 Márta, 1979 1.Díospóireachtaí na Dála, Iml. 214, Col. 954. 3.Tá eolas cúlra i bhFoscríbhinn 2 ar na cineálacha éagsúla lastráchta. * Sna figiúirí paisinéirí áiritear paisinéirí le gluaisteáin agus paisinéirí coise. 5.Féach Fianaise (freagra deiridh ar Cheist 26). 9.Arna choigeartú de réir boilsciú. * Rinneadh sonraí breisluacha B+I a dhíbhoilsciú leis an Treoir-Phraghas do Thomhaltóirí. † Fuairtheas amach Táirgiúlacht trí bhreisluach fíor a roinnt ar an líon fostaithe. 10.Féach Fianaise (Ceisteanna 86 agus 90. 12.Féach Fianaise (Ceist 108). 16.Mar shampla, tá seirbhís carrfeire nua idir Ros Láir/Pembroke pleanáilte do 1980. 19.Féach Fianaise (Ceist 110). 22.Féach Fianaise (Ceisteanna 16 agus 17). |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||