Committee Reports::Report No. 64 - Units of Measurement::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá breithniú déanta ag an gComhchoiste ar an togra le haghaidh Treorach nua ón gComhairle ar chomhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le haonaid tomhais agus ag leasú Treoir 71/354/CEE ón gComhairle mar a leasaíodh go deireannach í le Treoir 76/770/CEE ón gComhairle [5247/79]. Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Sóisialta, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha de chuid an Chomhchoiste, faoi cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín, scrúdú mion ar an togra sin don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Bean Mhic Róibín agus ag a Fo-Choiste as a gcuid oibre. Chuaigh an Fo-Choiste i gcomhairle le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus leis an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh maidir leis.


2. Sa cheathrú tuarascáil is tríocha (Prl. 5590) ón seanChomhchoiste pléadh, inter alia, togra chun Treoir 71/354/CEE ón gComhairle a leasú agus glacadh an togra sin ar an 27 Iúil, 1976 (Treoir 76/770/CEE ón gComhairle).


Ábhar an Togra

3. Is amhlaidh atá faoi láthair ná go bhfuil glactha ag an gComhphobal ón 21 Aibreán, 1978 leis an gcóras méadrach S.I. d’aonaid tomhais agus le haonaid áirithe a úsáidtear leis an gcóras sin. Chomh maith leis sin, áfach, (a) tá aonaid Impiriúla atá ceadaithe anois agus nach foláir a bheith imithe i léig faoin 31 Nollaig, 1979 agus (b) tá aonaid Impiriúla atá ceadaithe anois agus nach foláir a bheith imithe i léig faoi dháta a bheidh le socrú roimh an 31 Nollaig, 1979.


4. Déanann an Treoir bheartaithe comhdhlúthú ar an forálacha Comhphobail go léir a bhaineann le haonaid tomhais agus comhlíonann sé an ceangal go ndéanfaí athbhreithniú roimh an 31 Nollaig, 1979 ar úsáid leanúnach dhlíthiúil cheadaithe na n-aonad Impiriúil atá in úsáid fós. I gCaibidil I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir bheartaithe sonraítear na haonaid tomhais dlíthiúla a bhfuil glactha leo go cinnte. I gCaibidil II sonraítear na haonaid a bheidh dlíthiúil i mBallstát go fóill go dtí 31 Nollaig, 1985; baineann siad sin go mór mór le cúrsaí leighis agus raideolaíochta. Sonraítear i gCaibidil III roinnt aonad tomhais Impiriúil a bhíonn á n-úsáid coitianta agus is féidir a choinneáil ach nach mór a bheith imithe i léig faoi dháta a bheidh le socrú ag an gComhairle roimh an 31 Nollaig, 1989. Áirítear orthu sin orlach, troigh, míle, troigh chearnach, acra, unsa leachtach, cnagaire, pionta, cárt, galún, unsa, unsa troí, pointe (meáchan), agus an feá i gcúrsaí loingseoireachta muirí.


5. Tá an Treoir beartaithe sin bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE agus féachann sé le deireadh a chur le bacainní atá fós ar thrádáil laistigh den Chomhphobal i gcásanna ina bhfuil úsáid aonad tomhais á rialú le reachtaíocht sna Ballstáit agus ag an am céanna féachann sé leis an gcóras S.I. amháin a chur á úsáid go hiomlán ar fud an Chomhphobail.


Ciallachais d’Éirinn

6. Má ghlactar leis an togra tabharfar isteach spriocdhátaí chun go dtarraingeofar as úsáid formhór nó iomlán na n-aonad tomhais nár tháinig fós faoi réir spriocdhátaí faoi théarmaí Treoir 71/354/CEE ón gComhairle arna leasú le Treoir 76/770/CEE ón gComhairle. Déanfar socrú le haghaidh déshonrú go ceann tréimhse tar éis an dáta a rachaidh an t-údarú as feidhm. Má ghlactar leis an Treoir bheartaithe ní mór reachtaíocht a bhaineann le haonaid tomhais faoi láthair a leasú chun aonaid Impiriúla a athrú go dtí aonaid den chóras S.I. agus sa chaoi sin dlús a chur le Clár Méadraíochta a bhfuil forás maith faoi cheana féin.


Barúlacha an Comhchoiste

7. Tugadh gealltanas faoin gConradh Aontachais go dtabharfaí isteach an córas méadrach S.I agus tá an togra seo ag teacht leis an ngealltanas sin.


8. Glacann an Coiste leis nach bhféadfaí bheith ag súil gur féidir aonaid tomhais atá i bhfeidhm le fada a chur ar ceal láithreach gan idirthréimhse agus tá foráil so dréacht-Treoir le haghaidh déshonrú go ceann tréimhsí cinnte áirithe. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an nós sin toisc go gcinnteoidh sé nach ndéanfar aonaid a bhfuil taithí ag daoine orthu le fada a ligean ar lár go ró-thobann. Dá bharr sin beidh sé níos éasca an córas S.I a thabhairt isteach go hiomlán i ndeireadh na dála.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig, 1979.