Committee Reports::Report No. 63 - Exchange of Young Workers::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Le Cinneadh (79/642/CEE) ón gComhairle dar dáta an 16 Iúil 1979, bunaíodh an dara clár comhpháirteach chun malartú oibrithe óga laistigh den Chomhphobal a spreagadh. Bhí an Cinneadh sin bunaithe ar thogra (5554/79) a rinne an Coimisiún ar an 14 Márta 1979, ag féachaint d’Airteagal 50 de Chonradh CEE a fhorálann “go dtaobhóidh na Ballstáit, faoi chuimsiú cláir chomhpháirtigh, le hoibrithe óga a mhalartú lena chéile”.


2. Ar an 8 Bealtaine 1964, ghlac ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, an chéad chlár CEE chun oibrithe óga a mhalartú a chríochnaigh i 1977. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nár éirigh ach go measartha maith leis an gclár sin. Ní raibh ach líon beag daoine páirteach ann agus níor gnóthaíodh ach go pointe áirithe na cuspóirí a bhí i bhfís ag an gCoimisiún chun oideachas agus oiliúint traschultúrtha a spreagadh.


3. Measann an Comhchoiste gur chóir aird Thithe an Oireachtais a tharraingt ar an dara clár ionas go bhféadfaidh Comhaltaí cuidiú lena chinntiú go mbeidh oibrithe óga sa tír seo rannpháirteach ann a mhéid is féidir sin.


4. Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Sóisialta, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha de Chuid an Chomhchoiste, faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín, scrúdú mion ar an gclár don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Bean Mhic Róibín agus ag a Fo-Choiste as a gcuid oibre. Chuaigh an Fo-Choiste i gcomhairle le Comhar Ceardchumann na hÉireann, Cumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Cumann Cónaidhme na bhFostóirí, Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus Seirbhís Sheachtrach Mheiriceá (AFS), Eire, atá i gceangal leis an gCónaidhm Eorpach um Léann Idirchultúrtha. Phléigh sé an clár freisin leis an Dochtúir Alan Harrison, AFS, Éire, le Peadar Ó Maonaigh, An Chomhairle um Sheirbhísí Ógra Bhaile Átha Cliath, agus le Micheál de Bhál, Cumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann agus le hionadaí ón Roinn Saothair.


Cuspóirí an Chláir

5. Feictear don Choimisiún go bhfuil trí chuspóir chomhchuiditheacha ar leith leis an gclár, eadhon:—


(a) Cur le gairmoiliúint do dhaoine óga, a n-ionchais fostaíochta a fheabhsú agus ar an gcaoi sin an saorghluaiseacht oibrithe a spreagadh.


(b) Cabhrú le hoibrithe óga tuiscint níos fearr a fháil ar dhálaí maireachtála agus oibre i dtíortha eile, agus


(c) Bacainní a dhíothú trí theagmháil agus malartú a fhorbairt.


Achomaireacht ar an gClár

6. Baineann an clár le tréimhsí oiliúna a eagrú d’oibrithe óga i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu. D’fhéadfadh tréimhsí fada nó tréimhsí gearra oiliúna a bheith i gceist agus is grúpaí a eagrófar ag leibhéal Eorpach agus a bheidh roghnaithe ag an gCoimisiún a chuirfidh i ngníomh iad. Gné nua den dara clár is ea go mbeidh an gaol idir na grúpaí sin agus an Coimisiún faoi réir comhaontuithe foirmiúil ina saineofar na coinníollacha i ndáil le malartuithe a chur i ngníomh, dualgais na heagraíochta Eorpaí lena mbaineann agus oibleagáidí airgeadais na bpáirtithe faoi seach.


7. Le go mbeidh sé/sí cáilithe chun bheith rannpháirteach sa Chlár ní mór (a) go mbeadh an t-oibrí óg idir 18 agus 28 mbliana d’aois, (b) go mbeadh gairmoiliúint bhunaidh nó taithí phraiticiúil oibre aige/aici agus (c) gur thosaigh sé/sí ag obair sular shroich sé/sí 20 bliain d’aois. Níor bhain an Chéad Chlár ach le raon teoranta gníomhaíochtaí (feirmeoireacht, iascaireacht, baincéireacht) ach ní bheidh teorainn den chineál sin leis an dara clár.


8. Is éard a bheidh sna tréimhsí oiliúna faoin dara clár (i) tréimhse fhada nó (ii) tréimhse ghearr. Mairfidh an tréimhse fhada idir 4 agus 16 mhí i dteannta fostóra sa tír chaoifeach agus is oiliúint de ghné gairmoiliúna is mó a bheidh i gceist inti. Mairfidh an tréimhse ghearr idir 3 sheachtain agus 3 mhí agus beidh sé ceaptha di a chur ar chumas na rannpháirtithe teacht i dteagmháil le timpeallacht oibre agus maireachtála na tíre caoifí. Is athrú nua an tréimhse ghearr i gcomparáid leis an gcéad chlár. Gné nua eile is ea go mbeidh tréimhse níos faide ann le haghaidh oiriúnú/teangoiliúint dóibh siúd a bheidh ar an gcúrsa fada oiliúna.


9. Beidh cúnamh Comhphobail ar fáil do rannpháirtithe sa Chlár mar seo a leanas:—


—suas le 75 faoin gcéad den chostas taistil,


—fad a mhaireann an malartú íocfar ranníoc seachtainiúil i leith gach oiliúnaí, is ionann agus 300 ACE sa mhí faoi láthair i leith rannpháirtithe ar mhalartú fada agus 175 ACE sa tseachtain i leith rannpháirtithe ar mhalartú gairid,


—móide 100 ACE sa tseachtain de chúnamh forlíontach le haghaidh teangoiliúna d’oiliúnaithe atá ag tosú ar mhalartú fada.


10. Ainmeoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil lenar chóir do na comhlachtaí tionscnaimh dul i dteagmháil chun scrúdú a dhéanamh ar thionscadail mhalartúcháin agus chun cabhair a fháil leis na tréimhsí oiliúna a eagrú agus a chur i ngníomh. Cé is moite de sin ní bheidh aon bhaint ag Ballstáit leis ach amháin i gcáil chomhairleach.


11. 650,000 ACE i 1979, 1.5 milliún ACE i 1980 agus 2 mhilliún ACE do gach bliain ó 1981 go 1984, faoi seach, an leithroinnt atá beartaithe don Chlár ó bhuiséad an Chomhphobail. Is figiúirí sealadacha iad na figiúirí do 1980 go 1984 nach bhfuil ceadaithe ag an gComhairle go fóill.


Barúlacha an Chomhchoiste

12. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil malartú staidéarchuairte ar siúl faoin gclár an mhí seo faoina bhfuil naoi lá déag á gcaitheamh ag cúigear oibrí óg Éireannach sa Bheilg agus cúigear Beilgeach ar cuairt chun na tíre seo. Ba é an AFS a rinne na socruithe maidir le hÉirinn. Tuigeann an Coiste gurb éigean an malartú sin a eagrú gan mórán fógra agus le deacracht ionas go mbeadh rannpháirteachas éigin ag Éirinn sa scéim i 1979. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil anchreidiúint ag dul dóibh siúd ar éirigh leo an chuairt sin a eagrú.


13. Feictear don Chomhchoiste gur measartha an Clár é: meastar nach mbeidh ach 1,500 daoine as an gComhphobal ar fad rannpháirteach ann i 1980 agus níl sa spriocfhigiúr do 1980 go 1984, go huile, ach 1,600 sa bhliain. Níl aon fhoráil ann le haghaidh bheith páirteach sa chlár ar bhonn cuóta náisiúnta. Sna himthosca sin creideann an Coiste go mbeidh gá le hiarracht chomhbheartaithe lena áirithiú go bhfaighidh Éire scair chothrom de na háiteanna atá ar fáil. Tuigeann an Coiste gurb í an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta a bheidh á hainmniú mar údarás inniúil d’Éirinn agus tá súil aige go dtarraingeoidh an tSeirbhís aird comhlachtaí leasmhara ar an gclár go luath agus go gcabhróidh sí ar bhealach ar bith is féidir léi le comhoibriú na bhfostóirí a áirithiú. Ba mhaith leis an gCoiste freisin go dtarraingeofaí na hoibrithe óga a bheidh páirteach ann as an oiread codanna éagsúla den tír agus is féidir.


14. Tugann an Coiste faoi deara nach bhfuil aon fhoráil ar leith sa chlár chun cúrsaí oiliúna a sheoladh sna tíortha éagsúla ar bhonn cómhalartach. Creideann sé nach mór dá bhrí sin faireachán grinn a dhéanamh ar ghníomhú an chláir le bheith cinnte go bhfuil malartú oibrithe óga ar siúl faoi dáiríre. Is maith leis a thabhairt faoi deara freisin nach ndéanfar daoine óga dífhostaithe a fhágáil as an áireamh sa chlár. Tá súil aige go mbainfear leas cuí as an ní sin nuair a bheifear ag lorg áiteanna d’oibrithe óga sa tír seo.


15. Creideann an Comhchoiste go gcuirfidh na cuairteanna gearra faoin gclár teagmhálacha suimiúla spreagúla ar fáil do dhaoine óga nach mbeadh na deiseanna sin acu á n-éagmais. Tá súil aige go mbeidh leorpháirteachas ag Éirinn sa ghné sin den chlár. Mairfidh na gearrthreimhsí oiliúna sin trí sheachtain ar a laghad agus tá sé ráite leis an gCoiste gur cosúil ónar tharla roimhe seo go mbeidh sé deacair a thabhairt ar fhostóirí Éireannacha oibrithe óga a scaoileadh saor ar feadh níos mó ná dhá sheachtain. Measann an Coiste gur cóir don tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta, mar údarás inniúil don tír seo, gach dícheall a dhéanamh chun áiteamh ar fhostóirí comhoibriú trína bhfostaithe óga a scaoileadh ar feadh tréimhse iomláine aon chúrsa oiliúna dá roghnófar iad.


16. Is é tuairim an Chomhchoiste freisin nar chóir go mbeadh rannpháirtíocht na hÉireann i dtaoibh leis na gearrchuairteanna amháin. Dúradh leis an gCoiste go mbeadh deacrachtaí móra ann dá mbeadh Éire rannpháirteach sna malartuithe fada. Tá súil ag an gComhchoiste go bhféadfar na deacrachtaí sin a shárú. Tá idir oiliúint teanga agus gairmoiliúint i gceist leis na malartuithe fada agus d’fhéadfadh oibrithe óga na hÉireann tairbhe mhór a bhaint astu. Moladh amháin a cuireadh faoi bhráid an Choiste ná go bhféadfaí na malartuithe fada sin a shocrú, mar chuid den chúrsa, dóibh siúd atá ag fáil oiliúint phrintíseachta faoi AnCO. Is dóigh leis an gCoiste gur fiú an moladh sin a bhreithniú go cúramach. Nuair a bheidh rannpháirtithe á roghnú measann an Coiste gur chóir aird chuí a thabhairt ar na hoilteachtaí a bhfuil gá leo sa tír seo.


Buíochas

17. Tá an Comhchoiste lán-bhuíoch do Chomhar Ceardchumann na hÉireann, Cumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Cumann Cónaidhme na bhFostóirí, Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus AFS Éire as an gcabhair a thug siad don Choiste chun an clár a bhreithniú. Tá sé faoi chomaoin go háirithe ag an Dochtúir Alan Harrison, ag Peadar Ó Maonaigh agus ag Micheál de Bhál as an stró a chuir siad orthu féin chun a áirithiú go mbeadh eolas iomlán ag an gCoiste ar gach gné den chlár.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig, 1979.