Committee Reports::Report No. 62 - Customs Declarations::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar an togra a rinne an Coimisiún le haghaidh Rialacháin ón gComhairle ag sainiú na gcoinníollacha faoina bhféadfar a cheadú do dhuine dearbhú custam a dhéanamh (4372/79). Tá an togra bunaithe ar Alt 235 de Chonradh CEE faoina bhféadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint, bearta iomchuí a ghlacadh “má tharlaíonn, i gcúrsa an cómhargadh a oibriú, gur gá don Comhphobal gníomhú chun aidhm de chuid an Chomhphobail a ghnóthú agus nach dtugtar sa Chonradh seo na cumhachtaí is gá”.


2. Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais de chuid an Chomhchoiste, faoi cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha, scrúdú mion ar thogra an Choimisiúin don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Chuaigh an Fo-Choiste i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le Foras Last-Seoltóirí na hÉireann.


3. Tá rialacha éagsúla i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla maidir leis na daoine atá i dteideal dearbhú custam a dhéanamh nuair a bhíonn earraí le cur faoi nós imeachta custam agus is é tuairim an Choimisiúin nach bhfuil an cor sin ag teacht le feidhmiú ceart an aontais chustam. Ceadaítear i roinnt Ballstát dearbhuithe custam a dhéanamh in ainm an duine féin thar cheann duine éigin eile nó in ainm nó thar ceann duine éigin eile. I mBallstáit eile níl an ceart sin ach ag dearbhóirí a bhíonn ceadaithe ag na húdaráis chustam. Áitíonn an Coimisiún go dtarraingíonn an cleachtas deiridh sin costais eisriarcháin níos airde ar na gnólachtaí lena mbaineann ná mar a thabhaíonn a n-iomaitheoirí i mBallstáit eile atá in ann fostuithe nó gníomhairí eile dá rogha féin a úsáid mar ionadaithe chun críocha imréitigh chustam. Ós rud é go dtéann na costais sin i bhfeidhm ar phraghsanna earraí saobhann siad na coinníollacha iomaíochta agus dá bhrí sin is dóigh leis an gCoimisiún nach mór comhrialacha a bhunú in ionad na rialacha náisiúnta éagsúla.


Togra an Choimisiúin

4. Faoin Rialachán beartaithe aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a bheadh in ann na hearraí agus na doiciméid go léir is gá a thabhairt ar aird do na húdáráis chustam cheadófaí dó dearbhú custam a dhéanamh. Cheadófaí don dearbhóir gníomhú (a) ina ainm féin agus thar a cheann féin nó (b) ina ainm féin ach thar ceann duine eile nó (c) in ainm agus thar ceann duine eile, ach na húdaráis chustam a bheith sásta maidir leis an gcáil dlíthiúil bhaileach ina bhfuil an dearbhú á dhéanamh aige. Foráiltear sa dréacht-Rialachán nach mór sainchónaí a bheith ar an dearbhóir sa Chomhphobal ach amháin más duine é a bhíonn ag dearbhú earraí ó am go chéile ina ainm féin agus thar a cheann féin. D’fhéadfaí an ceart chun dearbhú a dhéanamh thar ceann duine eile a tharraingt siar ó éinne a bheadh ciontach i gcionta troma nó leanúnacha sa réimse sin nó i réimsí gaolmhara.


Ciallachais d’Éirinn

5. Tugadh le fios don Choiste gurb é seo a leanas an cleachtas atá i bhfeidhm in Éirinn faoi láthair:


(a) tig le saoránach de chuid Ballstáit eile earraí atá á n-allmhairiú isteach anseo a imréiteach ar choinníoll go bhfuil sainchónaí air sa Stát nó go bhfuil ionad gnó aige sa Stát. Tig leis earraí atá á n-allmhairiú a imréiteach freisin más é coinsíneoir na n-earraí é chomh maith le hiad a allmhairiú isteach go hÉirinn, agus


(b) tig le haon duine díobh seo a leanas gníomhú mar ghníomhaire chun iontráil chustam a dhéanamh:—


(i) duine a bhfuil sainchónaí air in Éirinn: nó


(ii) gnólacht phríobháideach a bhfuil ionad gnó aici in Éirinn; nó


(iii) cuideachta atá cláraithe in Éirinn; nó


(iv) cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát ach a bhfuil ionad gnó aici sa Stát agus a bhfuil na sonraí is gá comhdaithe aici faoi Alt 352 d’Acht na gCuideachtaí, 1963.


6. Dá nglacfaí an Rialachán beartaithe chaithfeadh Éire cead a thabhairt iontrálacha custam a bheith á dtíolacadh ag duine ar bith (in ionad ag an allmhaireoir nó a ghníomhaire amháin, mar atá faoi láthair) a bheadh in ann na hearraí agus na doiciméid a thabhairt ar aird don lucht custam; agus ba leor sainchónaí a bheith ar an duine sin sa Chomhphobal agus ní sa tír seo, mar atá an sceál faoi láthair. Tá sé curtha in iúl don Choiste gur cosúil go mbeadh gá le leasú éigin ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm anseo faoi láthair dá nglacfaí an Rialachán beartaithe ionas go mbeadh lánéifeacht lena fhorálacha.


Barúlacha na gcomhlachtaí lena ndeachthas i gcomhairle

7. Measann Cónaidhm Thionscail na hÉireann go bhfuil an Rialachán beartaithe ar aon dul tríd is tríd le cúrsaí mar atá siad sa tír faoi láthair agus nach gá trácht a dhéanamh air.


8. Maidir le Foras Last-Seoltóirí na hÉireann, ball de Choiste Ceangail Eorpach na Seoltóirí Comhphobail, níor mhaith leis “go nglacfadh an Comhphobal Eorpach leis an ‘gcead cinn do chách’ atá á chleachtadh sna hoileáin seo le 118 mbliana anuas”. Áitíonn sé “gur féidir le saoirse a bheith ina trúig le doiciméadú gan cúram ná freagracht”, rud “atá tar éis teacht chun suntais bhreise de réir mar a thosaigh an trácht rothlú ann/as ag baint níos mó úsáide as an Teorainn sa tír seo”. Ba mhaith leis “go mbeadh rialúchán de chineál éigin i bhfeidhm a ghéillfeadh do chearta dlíthiúla agus cearta eile gach Ballstáit i ndáil lena chuid socruithe coinneála agus scaoilte maidir le gluaiseacht idirnáisiúnta marsantais, agus a chinnteodh, maidir le haon doiciméadú a dhéanfaí chun críocha Custam agus eile, go mbeadh sé comhlánaithe go cuí agus go bhféadfaí é a thabhairt chun cuntais trí chlárú nó ceadúnú Comhphobail a thaifeadadh i gcás gach duine a dhéanfadh dearbhú thar ceann tríú páirtíthe.”


Cinneadh na Cúirte Breithiúnais

9. Tá baint ag cinneadh a rinne Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa le déanaí leis an togra. Bhain an cás (159/78) le caingean a thug an Coimisiún i gcoinne Phoblacht na hIodáile toisc gur mhainnigh sí Oibleagáidí Conarthacha a chomhlíonadh. Mar a leanas a tharla.


10. De réir dlí custam na hIodáile is é úinéir na dtáirgí a chaithfidh an dearbhú custam do tháirgí a bhíonn le hallmhairiú nó le honnmhairiú agus na gnóthaí eile custam a dhéanamh. Údaraíonn an dlí don úineír, áfach, gníomhú trí ghníomhaire, ar gníomhaire custam é a bhfuil a ainm ar an gclár gairmiúil nó gníomhaire nach bhfuil a ainm taifeadta sa chlár más fostaí de chuid an úinéara é. Cuirtear ainm an ghníomhaire is fostaí ar liosta ad hoc a bhíonn á choinneáil ag Coiste áitiúil inniúil na ngníomhairí custam gairmiúla. Tugtar stádas gníomhaire custam, i gcás an dá chineál gníomhaire, trí cheadúnas arna eisiúint ag an Aire Airgeadais ar choinníoll go n-éiríonn leis an iarratasóir i scrúdú. Ní mór do ghníomhaire custam a bheith ina chónaí i gcomún atá sa cheantar dar ceapadh é. Foráiltear freisin go ndéanfar ceadúnas do ghníomhaire custam a eisiúint, gan dochar do na coinníollacha eile is gá, chuig saoránaigh Iodálacha nó chuig saoránaigh de chuid tíre coigríche a thugann an chóir chéanna sa scéal do shaoránaigh Iodálacha.


11. D’áitigh an Coimisiún gur sháraigh dlí na hIodáile Airteagail 30 agus 34 de Chonradh CEE a thoirmisceann bearta ar comhéifeacht le srianta cainníochtúla ar allmhairí agus ar onnmhairí agus gur sárú é freisin ar Airteagal 52 a dhéanann foráil chun go ndíothófaí srianta ar shaoirse bunaíochta náisiúnach de chuid Ballstáit i gcríocha Ballstáit eile.


12. Dhiúltaigh an Chúirt de chaingean an Choimisiúin sa mhéid gur bhain sé le mainneachtain chun oibleagáidí a fhorchuirtear le hAirteagail 30 agus 34 a chomhlíonadh. Rialaigh sí maidir leis an idirdhealú a dhéanann údarás náisiúnta idir na rialacha a bhaineann le dliteanas daoine atá ag gabháil do shlí bheatha atá rialaithe agus faoi réir ceanglas i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla, agus na rialacha maidir le daoine a thugann dearbhuithe custam agus nach gcomhlíonann na coinníollacha sin, nach féidir a rá i dtaobh an idirdhealaithe sin go dtéann sé níos faide ná mar a mheasfadh rialtas ba chóir chun feidhmiú ceart na n-oibleagáidí a bhaineann le dearbhuithe custam a chinntiú. Chinn sé freisin nár éirigh leis an gCoimisiún a thaispeáint cén chaoi a d’fhéadfadh an t-idirdhealú sin bac a chur ar shaorghluaiseacht earraí.


13. Fad is a bhaineann le ceadúnais a eisiúint chuig daoine nach náisiúnaigh, áfach, ós rud é nach ndéantar foráil i ndlí na hIodáile le haghaidh eisceachta i gcás náisiúnach de chuid Ballstát eile maidir leis an gcoinníoll comharaíochta, ba í breith na Cúirte gur mhainnigh Poblacht na hIodáile a hoibleagáidí faoi Airteagal 52 de Chonradh CEE a chomhlíonadh.


Barúlacha an Chomhchoiste

14. I dtuairim an Chomhchoiste ní fhéadfadh Éire aon ní a bheith aici go bailí in aghaidh ghlacadh an Rialacháin bheartaithe ós rud é go bhfuil sé, tríd is tríd, ar aon dul leis an gcleachtas sa tír seo faoi láthair. Is dócha nach mór an togra a athscrúdú anois, áfach, ag féachaint do rialú na Cúirte. I gcoitinne is é tuairim an Choiste gur cheart go mbeadh nósanna imeachta custam chomh simplí agus is féidir iad a dhéanamh gan dochar do na fáltais ioncaim agus ba mhaith leis dá leanfaí an tuairim sin i Rialachán ar bith a dhéanfar i ndeireadh na dála.


Buíochas

15. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le Foras Last-Seoltóirí na hÉireann as an gcúnamh a thug siad dó chun an t-ábhar seo a bhreithniú.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig 1979.