Committee Reports::Report No. 61 - European Communities' Generalised Tariff Preferences Scheme for 1980::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Is é is cuspóir do Chóras Fabhar Taraife Ginearálta Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa cabhrú le tíortha atá i mbéal a bhforbartha trí fhabhair tharaife a thabhairt do tháirgí áirithe críochnaithe agus leathchríochnaithe ó na tíortha sin a allmhairítear isteach sa Chomhphobal. Sá tríú tuarascáil is tríocha uaidh (Prl. 7616) dar dáta 6 Nollaig 1978, a bhain le forálacha an chórais do 1979, thug an Comhchoiste achoimre ar ghnéithe den chóras.


2. Tugadh an córas isteach i 1971 agus bhí sé ceaptha dó a bheith i bhfeidhm go ceann deich mbliana. Beartaítear, áfach, an córas a choimeád i bhfeidhm ar feadh dara tréimhse ag tosú le fabhair 1981. Chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil na tograí do 1980 ar aon dul le córais roimhe sin agus nach bhfuil siad oirchilleach ar na treoirlínte nua a chuirfear ar bun don dara tréimhse agus a fhoilseofar, mar a cuireadh in iúl don Chomhchoiste, roimh dheireadh 1979. Is cosúil mar sin go dtosófar na pléití ar threoirlínte nua le linn Uachtaránacht na Comhairle a bheith ag Éirinn.


3. Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais de chuid an Chomhchoiste, faoi Cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha, scrúdú ar thograí an Choimisiúin do 1980 a bhí i bhfoirm deich gcinn de Rialacháin CEE agus dhá dhréacht- Chinneadh CEGC agus tá liosta díobh sin san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Phléigh an Fo-Choiste na tograí le Seán Ginneá Ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus le hionadaithe ón Roinn Talmhaíochta agus ón Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh.


4. Té glactha ag an gComhairle le tograí an Choimisiúin [COM (79) 348] agus glacadh na Rialacháin agus na Cinntí cuí an 10 Nollaig 1979.


Scéim 1980

5. Fad is a bhaineann le táirgí talmhaíochta próiseáilte, níl aon táirgí nua ar áireamh sa scéim ach déantar mion-choigeartuithe chun go mbeidh rochtain níos fearr ar mhargadh an Chomhphobail ag táirgí talmhaíochta áirithe atá ar áireamh sa scéim cheana féin. Áirítear orthu sin bananaí triomaithe, anainn agus ola phailme. D’fhéadfadh an tomhaltóir Éireannach buntáistí éigin a fháil de bharr na n-athruithe sin. Sa mhéid a bhaineann le táirgeoirí na hÉireann tugadh le fios don Chomhchoiste gur rí-bheag an éifeacht a bhí ag an scéim mar gur táirgí teochreasa agus meánmhara formhór na dtáirgí lena mbaineann sé. Chuir lucht tionscail thobac na hÉireann in iúl go raibh imní orthu i dtaobh modhnú a bheith beartaithe ar an socrú taraife do thobac den chineál Virginia ach tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil glacadh acu leis an socrú ar ar cinneadh faoi dheireadh.


6. Is le teicstílí a bhaineann an príomh-athrú i scéim 1980 do tháirgí tionscail. Tá córas na n-allmhairí fabhair do theicstílí a athmhúnlú de dhroim atheagar a bheith curtha ar an gComhaontú Ilsnáithíneach agus comhaontuithe déthaobhacha, arb é a mbrí, inter alia, go gcuirfear srianta saorálacha ar onnmhairí go dtí CEE, a bheith déanta le formhór soláthróirí teicstíleacha an Chomhphobail, leis an aidhm go ndéanfar comhchuibhiú idir bainistíocht an SGF agus na socruithe sin. Bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún an t-athrú sin a dhéanamh do 1979 ach cuireadh siar é cheal ama lena bhreithniú anuraidh.


7. De réir an ghnáthchleachtais tá athríomh déanta ar na barrmhéideanna go léir chun bliain tagartha níos déanaí, i.e. 1977, a thabhairt i gcuntas. Ach mar gheall ar an gcor eacnamaíoch i roinnt earnálacha tionscail níl méadú ar bith, nó níl ach méadú 5%, á cheadú do 1980 agus i gcás roinnt táirgí eile ní féidir lánéifeacht an athríofa a chur chun feidhme.


Tíortha Tairbhithe

8. Is é an príomhathrú do 1980 ó thaobh tíortha tairbhithe de ná go n-áirítear Daonphoblacht na Síne i leith na dtáirgí go léir lena mbaineann an córas ach amháin táirgí íogaire tionscail. Is cosúil gur ardaigh an tSín ceist i dtaobh í a bheith ar áireamh sa chóras agus tá sé tugtha le fios ag an gComhchoiste gur ar bhonn fiúntais a cinneadh í a áireamh ann. Chinn an Coimisiún nach mór breathnú ar an tSín mar thír atá i mbéal forbartha mar gheall ar bhuntosca geilleagair fearacht a holltáirgeacht náisiúnta, struchtúr a cuid geilleagair, atá bunaithe ar an talmhaíocht agus táirgeacht fuinnimh etc.


Barúlacha an Chomhchoiste

9. Fiú roimh dhul isteach sa Chomhphobal di bhí glactha ag Éirinn leis an bprionsabal go dtabharfaí cóir tharaife speisialta do tháirgí ó tíortha i mbéal a bhforbartha. Ós rud é go bhfuil an córas atá anois ann ag druidim chun deiridh is cúis áthais don Choiste a thabhairt faoi deara go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún treoirlínte a mholadh do scéim nua a oibreoidh ó 1981 amach. Le blianta beaga anuas bhí ar an gComhchoiste agus ar an sean-Chomhchoiste cuid de na lamháltais a tugadh a bhreithniú go grinn mar gheall ar dheacrachtaí eacnamaíochta na dtionscal baile a bhí san iomaíocht. I gcoitinne, áfach, caithfidh sé a adhmháil ó thaobh na hÉireann de gur áis mheasartha é an SGF le cabhair a thabhairt do thíortha tearcphribhléide. Cuireadh i iúl don Choiste nach raibh i dtáirgí SGF go dtí seo ach 0.4% dár gcuid allmhairí go léir.


10. Tá súil ag an gComhchoiste go bhféachfar lena chinntiú i dtreoirlínte an Choimisiúin do chóras nua SGF gurb iad na tíortha is lú forbairt is mó a thairbheoidh. Tá sé ráite leis an gComhchoiste nach tír i mbéal forbartha í an tSín, i gcomparáid le cuid de na tairbhithe eile ar aon nós, agus gur ar chúiseanna polaitiúla amháin a áiríodh sa chóras í. Ní thig leis an gCoiste breith a thabhairt ar an bpointe sin agus níl aon fhianaise chinnte aige go ndéanfar aon dochar don tír seo de dheasca an tSín a bheith ar áireamh ann. Dúradh leis an gCoiste go rabhthas imníoch i dtaobh an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairí slischláir ón tSín ar thionscal atá i ndeacracht cheana féin anseo. Cuireadh in iúl don Choiste áfach nach bhfuil aon chumas go bhfios dúinn ag an tSín chun slischlár a tháirgeadh lena onnmhairiú ach dar ndóigh d’fhéadfadh sé titim amach. Cuireadh in iúl dó freisin nach mbeidh ach 2% d’onnmhairí na Síne i dteideal fabhair i 1980 agus go bhfuil táirgí íogaire tionscail fágtha as an áireamh ar fad.


11. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil cosúlacht go ndéanfar comhaontú trádála idir an Comhphobal agus an Iúgslaiv atá ina tairbhí faoin SGF cheana féin. Cuireadh in iúl don Choiste go rabhthas imníoch go mbeadh comhaontú den sórt sin, i dteannta oibriú an SGF, ina thrúig le breis iomaíochta a thionscnamh in aghaidh tionscail na hÉireann. Tá súil ag an gCoiste go scrúdófar an comhaontú ina dhréacht ón taobh sin. Tá easnamh 2,000 m.a.c ar chomhardú íocaíochta na hIúgslaive leis an gComhphobal agus is ó airgead eisimirceach sa Chomhphobal a thagann 20% dá tuillimh dofheicthe. Gan amhras tá cúiseanna polaitíochta ann freisin le caidreamh cobhsaidh tráchtála leis an tír sin a chinntiú. Tá imeallchríoch choiteann aici leis an Iodáil agus tá sí ar an mbealach go dtí an Ghréig, a bheidh ag teacht isteach sa Chomhphobal i 1981.


12. Rialaítear caidreamh trádála idir an Comhphobal agus an chuid eile den domhan ní hamháin leis an SGF agus Coinbhinsiún Lomé, a bhfuil sé ceaptha dóibh cuidiú le tíortha tearcfhorbartha, ach fós le mórchuid comhaontuithe déthaobhacha agus ilnáisiúnta. Cuireadh i láthair an Chomhchoiste go bhfuil sí deacair do lucht gnó idirbhainteachas agus ilchiallachais na socruithe sin go léir a leanúint agus, go háirithe, go mb’fhéidir go bhfuil foinsí fóinteacha amhábhar ar fáil do thionsclóirí na hÉireann nach bhfuil aon eolas acu ina dtaobh. Molann an Comhchoiste go ndéanfadh na ranna lena mbaineann dul i gcomhairle le Cónaidhm Thionscail na hÉireann féachaint conas is fearr dul i ngleic leis an bhfadhb sin. D’fhéadfaí cabhair a iarraidh ón gCoimisiún freisin dar ndóigh.


Buíochas

13. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann as an gcúnamh fíorthábhachtach a thug sé dó chun na tograí a scrúdú.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig, 1979.