Committee Reports::Report No. 59 - Community Aid for Industrial Restructuring and Conversion Operations::19 December, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar na tograí a rinne an Coimisiún le haghaidh—


Rialachán ón gComhairle faoi Chúnamh Comhphobal d’oibríochtaí athchóiriúcháin agus athrúcháin tionscail [R/2821/79 (ECO 239)], agus


Cinntí ón gComhairle faoi chúnamh Comhphobail d’infheistíochtaí athchóiriúcháin agus athrúcháin (a) sa tionscal longthógála agus (b) i dtionscal na dteicstílí, go háirithe i dtionscal na snáithíní sintéiseacha.


Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais de chuid an Chomhchoiste, faoi Cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha, scrúdú ar na tograí. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Chuaigh an Fo-Choiste i gcomhairle le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus leis an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh.


2. Tá an togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 235 de Chonradh CEE faoina bhféadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimisiún, bearta iomchuí a ghlacadh “má tharlaíonn, i gcúrsa an cómhargadh a oibriú, gur gá don Chomhphobal gníomhú chun aidhm de chuid an Chomhphobail a ghnóthú agus nach dtugtar sa Chonradh seo na cumhachtaí is gá”. Faoin rialachán beartaithe d’fhéadfaí cúnamh Comhphobail a thabhairt i leith oibríochtaí athchóiriúcháin agus athrúcháin tionscail arna sonrú ag an gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún. Sna dréacht-Chinntí ón gComhairle atá curtha faoi bhráid ag an gCoimisiún déantar dhá earnáil den sórt sin a shonrú.


3. Tá sé tugtha le fios don Chomhchoiste go ndearna Meitheal Oibre, faoi choimirce na Comhairle, na tograí a phlé roinnt uaireanta le deich mí anuas agus go bhfuil siad curtha faoi bhráid COREPER anois.


An Rialachán Beartaithe

4. Is é príomhchuspóir an Rialacháin cabhrú le hathchóiriúcháin ar earnálacha tionscail sa Chomhphobal ag a bhfuil ró-chumas táirgthe. Mar a dúradh cheana, is í an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chinnfeadh na hearnálacha dá dtabharfaí cúnamh. D’áireofaí ar chláir athchóiriúcháin den chineál atá i gceist ag an gCoimisiún taighde réasúnúcháin, nuachóiriú ar threalamh agus táirgeadh agus teicníochtaí bainistíochta agus díolacháin.


5. Chomh maith le cabhair a thabhairt i leith athchóiriúcháin laistigh d’earnálacha chabhródh an ionstraim, má ghlactar léi, le hoibríochtaí athrúcháin, i.e. infheistíochtaí chun cabhrú le gnóthais athrú go dtí gníomhaíochtaí de chineál eile nó chun postanna nua a chur ar fáil sna réimsí lena mbainfeadh an t-athchóiriúchán agus i réimsí eile gníomhaíochta, postanna a bheadh ceaptha go mór mór d’oibrithe a bheadh iomarcach de dheasca an athchóiriúcháin nó toisc gur dúnadh na gnóthais sin go hiomlán nó go páirteach.


6. Ní thabharfaí cúnamh do ghnóthais ach amháin ar an gcoinníoll go raibh siad i dteideal cúnaimh náisiúnta cheana féin. Chun go mbeadh tionscadail infheistíochta i dteideal cúnaimh Chomhphobail níorbh fholáir gan tús a bheith curtha le haon obair thógála i ndáil leo.


7. Is é a bheadh sa chúnamh Comhphobail atá i bhfís préimheanna infheistíochta nó aisíocaíochtaí úis ar na hiasachtaí ar fad, nó ar chuid de na hiasachtaí, a cruinníodh le haghaidh oibríochtaí athchóiriúcháin nó athrúcháin. Ní thabharfaí aisíocaíochtaí úis, i bprionsabal, ach d’oibríochtaí airgeadais a seoladh le cabhair iasachtaí ó chomhlachtaí Comhphobail, i.e. an Banc Eorpach Infheistíochta nó trí shaoráid iasachtaí Ortoli. Níorbh ionann méid na haisíocaíochta úis ó ghnóthas go gnóthas ach bheadh sé níos airde i gcás infheistíochtaí athrúcháin a ghabhfaí de láimh:


(a)sna limistéir is mídheisiúla nó i réigiúin nó limistéir a gcuirfeadh athchóiriúchán as dóibh go mór.


(b)ag fiontair bheaga agus leathmhóra.


Níor mhó na préimheanna infheistíochta ná deontas is ionann agus an t-aisíoc úis is airde a d’fhéadfaí a thabhairt.


8. Maidir leis na hiarratais le haghaidh cúnaimh dhéanfaí chuig an gCoimisiún iad go díreach ó na hinfheisteoirí nó trí idirghabhálaí na mBallstát. I ngach cás d’iarrfadh an Coimisiún a dtuairimí ar na Ballstáit lena mbainfeadh. Tá sé i bhfís sa dréacht-Rialachán freisin Coiste Comhairleach a chur ar bun ar a mbeadh ionadaithe ó na Ballstáit faoi cheannas an Choimisiúin. Chuirfí dréacht-chinntí faoi dheonú cúnaimh chuig an gCoiste sin chun tuairim a fháil orthu. Mura mbeadh an Coiste ar aon fhocal leis an gCoimisiún, dhéanfadh an Coimisiún athscrúdú ar an dréacht-chinneadh uaidh agus d’fhéadfadh sé é a tharraingt siar, a leasú nó a dhaingniú.


Cinntí Beartaithe

9. Tá an dá Chinneadh á gcur isteach ag an gCoimisiún in oirchill ar an gComhairle do ghlacadh an rialacháin bheartaithe. Is é is cuspóir dóibh go bhféadfaí an cúnamh atá i gceist sa dréacht-Rialachán a thabhairt d’fhiontair atá ag gabháil don tionscal longthógála agus do thionscal na dteicstílí, go háirithe tionscal na snáithíní sintéiseacha.


Ciallachais d’Éirinn

10. Measann an Coimisiún gur ceart gan cúnamh a thabhairt faoin Rialachán, má ghlactar leis, ach do líon beag earnálacha ar dtús agus go háirithe dóibh siúd ag a bhfuil róchumas trom, i.e. longthógáil agus sintéisigh. Tá sé tugtha le fios don Chomhchoiste gur bheag an bhuntáiste d’iarrachtaí na hÉireann chun tionscail a fhorbairt srian mar sin a bheith ar chúnamh faoin Rialachán ós rud é gur thosaigh an t-aon longlann amháin atá againn ar chlár mór athchóiriúcháin le déanaí agus ag féachaint do staid forbartha carnáil na snáithíní sintéiseacha sa tír seo atá ar na cinn is nua-aimseartha ar domhan.


Barúlacha an Chomhchoiste

11. Tá an Comhchoiste ar aon fhocal go bhfuil sé ceart agus cóir, agus an margadh mar atá sé, cúnamh Comhphobail a thabhairt chun dul i ngleic le fadhbanna struchtúrtha tionscail agus chun déileáil le torthaí an athchóiriúcháin. Creideann sé go bhfuil cúnamh den sórt sin ag teacht go hiomlán le breitheanna Chomhairle na hEorpa ar an ábhar sin sa Bhruiséil i 1977 agus i gCópanhágan i 1978.


12. Cuireadh in iúl don Choiste áfach gur tháinig sé chun suntais go raibh mórdhifríochtaí ó thaobh prionsabal agus sonraí idir na toscaireachtaí éagsúla i Meitheal Oibre na Comhairle agus nach cosúil go nglacfar an Rialachán beartaithe, sa riocht ina bhfuil sé faoi láthair ar aon nós. Thug an Coiste dá aire go raibh foráil sna Buiséid Chomhphobail do 1978 agus 1979 chun 20 milliún ACE a íoc i leith oibríochtaí athchóiriúcháin agus athrúcháin tionscail le súil, de réir dealraimh, go glacfaí Rialachán iomchuí. Is í an tuairim a bheadh ag an gCoiste gurbh ionann don Chomhairle na forálacha buiséadachta sin a cheadú agus glacadh leis, i bprionsabal, go raibh gá le cúnamh Comhphobail. Mura nglacfar aon Rialachán roimh dheireadh na bliana seo tuigtear don Choiste nach féidir an fhoráil bhuiséadachta i mBuiséad 1978 a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn agus go rachaidh sé i léig ar fad. Leis an scéal sa chuma ina bhfuil sé is léir go bhfuil géar-ghá le Rialachán éigin, fiú más Rialachán sealadach é, a ghlacadh chun leas a bhaint as na cistí atá leithroinnte cheana féin.


13. Maidir le tograí an Choimisiúin gan cúnamh a thabhairt ach do dhá earnáil, is dóigh leis an gCoiste go bhfuil sin ró-shriantach agus dá nglacfaí leis go mbeadh Éire faoi mhíbhuntáiste i gcomórtas le Ballstáit eile. Measann sé gur chóir réim an chúnaimh a leathnú i dtosach chun go gcumhdródh sé, ar a laghad, tionscail na dteicstílí agus na n-éadaí i gcoitinne agus na tionscail leathair agus páipéarchláir.


14. Fiú mura dtabharfar an cúnamh ach d’earnálacha na longthógála agus na snáithíní sintéiseacha creideann an Coiste go mbeidh Éire in ann leas a bhaint as. Le linn na gcomhchaibidlí le hionadaithe Chónaidhm Thionscail na hÉireann léiríodh don Choiste go bhfuil earnáil na snáithíní sintéiseacha, cé gur earnáil nua-aimseartha í, ar ris le hiomaíocht an-ghéar ó thríú tíortha, go háirithe ó na Stáit Aontaithe, agus gur gá oiriúnú a bheith ar siúl de shíor. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil na cláir athchóiriúcháin atá i bhfís ag an gCoimisiún fairsing go leor chun go bhféadfadh monaróirí Éireannacha a bheith páirteach iontu agus sochar a bhaint astu.


15. Ós rud é go bhfuil an Rialachán atá á bheartú ag an gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 235 den Chonradh ní mór comhaontú d’aontoil ón gComhairle lena ghlacadh. Tá sé á mholadh, áfach, nach mbeidh ach tromlach cáilithe ag teastáil le haghaidh na gCinntí a dhéanfaidh an Chomhairle faoin Rialachán ag sonrú na n-earnálacha dá dtabharfar cúnamh. Séard atá sa togra sin dáiríre iarracht chun teacht timpeall ar an riail maidir le h-aontoil-íocht atá sonraithe in Airteagal 235 agus is dóigh leis an gCoiste nach cóir glacadh leis.


Buíochas

16. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann as an mórchúnamh a fuair sé uaidh chun an t-ábhar seo a bhreithniú.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Nollaig, 1979.