Committee Reports::Report No. 06 - Aer Rianta Teoranta::14 November, 1979::Report

AN SÉÚ TUARASCÁIL

AER RIANTA, TEORANTA

I RÉAMHRÁ

1.1 Cúlra

1. Tá Aer Rianta, Teoranta ar bun mar chuideachta ó 1937. I dtús báire bunaíodh í mar chuideachta sealbhaíochta in Aer Lingus agus ina dhiaidh sin in Aerlínte, agus i 1941 cuireadh freagracht bainistíochta Aerfort Bhaile Atha Cliath uirthi ar fhoras gníomhaireachta thar ceann an Aire Tionscail agus Tráchtála. Mar a tharla, áfach, d’éirigh feidhmeanna Aer Rianta agus feidhmeanna an aerlíne náisiúnta chun bheith fite fuaite lena chéile cuid mhór. Faoi Acht na nAerchuideachtaí, 1966 aistríodh scaireanna uile Aer Lingus agus Aerlínte chun an Aire Airgeadais agus scaoil Aer Rianta uaithi a feidhm mar chuideachta sealbhaíochta ach lean sí de bheith ag gníomhú mar ghníomhaire ag bainistí aerfort Bhaile Átha Cliath. Ceapadh Bord Stiúrthóirí nua faoin Acht sin agus rinneadh socruithe le haghaidh feidhmeanna Aer Rianta a scaradh ó fheidhmeanna Aer Lingus.


2. Faoi 1 Aibreán 1969, bhí scaradh na bhfeidhmeanna sin déanta agus bhí Aer Lingus tar éis freagracht bhreise a ghlacadh uirthi féin ag bainistí aerfoirt na Sionainne agus Chorcaí ar fhoras gníomhaireachta don Aire Iompair agus Cumhachta. Maidir le hEagraíocht Díola agus Lónadóireachta na Sionainne a bhíodh ag obair faoi shocrú ar leithligh cuireadh isteach í faoi Aer Rianta an 1 Aibreán 1973.


3. I láthair na huaire is Cuideachta Stáit Aer Rianta agus tá sí freagrach in Aerfoirt Chorcaí, Bhaile Atha Cliath agus na Sionainne a bhainistí agus a fhorbairt ar fhoras gníomhaireachta don Aire Turasóireachta agus Iompair. Ar na seirbhísí aerfoirt a bhíonn á n-oibriú go díreach ag Aer Rianta tá bainistíocht aerfoirt, aerfoirt a dhearadh agus a phleanáil, a thógáil agus a chothabháil, slándáil, múchadh tóiteáin agus tarrtháil, saoráidí páirceála gluaisteán, siopaí agus saoráidí lónadóireachta ginearálta. Tá roinnt fo-ghníomhaíochtaí á noibriú go díreach freisin ag Aer Rianta ar a n-áirítear seirbhísí postordúcháin agus turasóireachta. Soláthraíonn Aer Lingus thar ceann Aer Rianta seirbhísí ionramhála aerárthaí ar thalamh agus seirbhísí ionramhála paisinéirí agus lasta. Ina theannta sin tá roinnt lamháltas á n-oibriú sna haerfoirt faoi chonradh le hAer Rianta. Soláthraíonn an Roinn Turasóireachta agus Iompair roinnt seirbhísí rialú aerthráchta agus cumarsáidí, agus is iad na Coimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Dlí agus Cirt faoi seach a sholáthraíonn seirbhísí custam agus inimirce.


1.2 Gné Dlíthiúil

4. Cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta is ea Aer Rianta agus tá sí corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí. Ní foláir don Chuideachta cuntais bhliantúla iniúchta agus tuarascálacha eile a chur díreach faoi bhráid an Aire Turasóireachta agus Iompair.


5. De bhun Acht na nAerchuideachtaí, 1966, is é scairchaipiteal údaraithe Aer Rianta £60,000 arna roinnt ina 60,000 scaireanna dar luach £1 an ceann. I ndeireadh 1978 ba é an scairchaipiteal eisithe £51,269. Tá 51,262 scair acu sin á sealbhú ag an Aire Airgeadais agus an chuid eile i seilbh chomhaltaí an Bhoird agus Rúnaithe na Roinne Airgeadais agus na Roinne Turasóireachta agus Iompair.


6. Tá na sócmhainní dochta go léir dílsithe don Aire Turasóireachta agus Iompair faoi na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair—£38.5 an caiteachas caipitiúil faoi na hAchtanna sin go dtí 31 Nollaig 1978. Dá dhroim sin, ní áirítear sócmhainní dochta i gclár comhardaithe na Cuideachta. Ní thaispeánann an clár comhardaithe ach amháin sócmhainní agus dliteanais reatha maraon le barrachas iarmharthach a fhaibhríonn don Aire Turasóireachta agus Iompair.


7. Cúigear comhalta atá ar Bhord Aer Rianta agus is é an tAire Turasóireachta agus Iompair a cheapann iad le comhaontú an Aire Airgeadais. On uair nach cuideachta ainmnithe Aer Rianta faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977, níl aon stiúrthóirí lucht oibre ar an mbord.


8. Tá Comhairle Bainistíochta Ginearálta ann, arb iad atá uirthi seisear oifigeach feidhmiúcháin sinsearacha de chuid na Cuideachta, ar a n-áirítear an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, agus is iadsan a chuireann beartas an Bhoird i bhfeidhm agus cabhraíonn siad leis an bPríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ag ceapadh aighneachtaí beartais lena mbreithniú ag an mBord. Ar an bPríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin atá an fhreagracht díreach i leith beartas na Cuideachta a chur i bhfeidhm agus déanamh na hoibre ó lá go lá.


II CUSPÓIRÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ NA CUIDEACHTA

2.1 Cuspóirí na Cuideachta

9. San aighneacht uathu chun an Chomhchoiste1 i Márta 1979 chuir Aer Rianta a chuspóirí corparáideacha in iúl mar a leanas:—


—Dóthain ioncaim a shaothrú chun costais a íoc agus dóthain airgid a sholáthar le haghaidh infheistithe,


—Na trí aerfoirt mhóra a bhainistí,


—Cumas tuillimh na ngníomhaíochtaí trádála a neartú oiread agus ab fhéidir,


—Fórsa saothair ceart-oilte sásta a fhorbairt, agus


—Dea-chaidreamh le pobail áitiúla a chur chun cinn.


Creideann an Comhchoiste go gcaithfear an obair áirithe a bhaineann le cuspóirí a mhíniú le go bhféadfadh na cuspóirí a bheith úsáideach do lucht bainistíochta ag déanamh cinntí dóibh. Má bhíonn na cuspóirí doiléir is ró-mhinic a tharlaíonn nach ndéantar an toradh a thig astu a mheas in aghaidh critéar luachála íogaire. Má deirtear cad í an obair a ghabhann le cuspóirí ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh duine éigin rud éigin nó go ndéanfar iompar áirithe a luacháil i slí réamhshonraithe. Maidir leis sin d’iarr an Comhchoiste ar Aer Rianta na cuspóirí a bhí curtha roimhe aige a shonrú i dtéarmaí oibre.


10. Mar fhreagra ar an iarratas réamhluaite ón gComhchoiste2 thug an Chuideachta an tuairisc seo a leanas ar a cuspóirí oibríochta:


—Saoráidí aerfoirt a chur ar fáil, idir réim seirbhísí agus cóiríocht fisiciúil, ar an gcaighdeán is airde is insroichte ag féachaint don airgead a bheidh ar fáil,


—Na saoráidí sin a oibriú chomh tíosúil, chomh héifeachtúil agus chomh brabúsmhar agus is féidir, ag féachaint:


—don ghá atá le táillí don phobal agus d’aerlínte a choinneáil ar leibhéal inghlactha, agus


—don ghá atá le líon foirne, coinníollacha seirbhíse agus rátaí pá a choinneáil ar leibhéil lena mbeidh glacadh ag an gcuideachta agus ag na ceardchumainn ar aon, agus


—do ghníomhaíochtaí foghabhálacha brabúsmhara a fhorbairt oiread agus is féidir.


Mar atá an scéal faoi láthair ní fheiceann Aer Rianta go mbeidh aon athrú bunúsach sna cuspóirí oibríochta sin laistigh den chéad chúig go deich mbliana eile.


11. Glacann an Comhchoiste leis nach féidir le hAer Rianta cuspóirí oibríochta a leagan amach go beacht laistigh de ghreasán an chomhaontaithe ghníomhaireachta atá aici leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair.3 Tá réim agus cineál na saoráidí atá á n-oibriú ag an gCuideachta ag brath cuid mhór ar an méid caipitil atá ar fáil agus ar chaighdeáin eitlíochta idirnáisiúnta, agus níl aon neart ag Aer Rianta ar an dá ní sin. Sa chomhthéacs sin glacann an Comhchoiste go hiomlán leis gurb é príomh-chuspóir na Cuideachta oibriú ar leibhéal a chuirfidh barrachas ar fáil don Aire Turasóireachta agus Iompair.


12. I dteannta na gcuspóirí geilleagair, tá Aer Rianta ag iarraidh roinnt cuspóirí sóisialta a bhaint amach go háirithe trí thurasóireacht a fhorbairt i réigiún na Sionainne agus earraí agus ábhair Éireannacha a chur ar aghaidh.4


13. Glacann an Comhchoiste leis go bhféadfadh Aer Rianta bheith i ngreim idir dhá chás ó am go ham ag iarraidh a cuspóirí foilsithe a bhaint amach. Is é is bun leis an deacracht an dá chúram a bhfuil sé ceaptha don Chuideachta riar orthu sa tionscal eitlíochta. Ar thaobh amháin tá Aer Rianta ag gníomhú thar ceann na Roinne Turasóireachta agus Iompair mar ghníomhaire rialúcháin [e.g. caighdeáin shábháilteachta idirnáisiúnta agus ceanglais idirnáisiúnta do rúidbhealaigh] agus ar an taobh eile tá cúram bainistíochta na dtrí aerfort náisiúnta uirthi. Creideann an Comhchoiste gur cheart an cúram cinntiúcháin agus an cúram rialúcháin a dheighilt óna chéile ó thaobh eagraíochta de.


14. Cé go dtéitear i gcomhairle le hAer Rianta agus go ndéanann sí moltaí i dtaobh infheistíochtaí caipitil, ní sa chuideachta a dhéantar na cinntí críochnaitheacha mar is ag an Aire Turasóireachta agus Iompair atá sócmhainní dochta na Cuideachta. I ndáil leis sin glacann an Comhchoiste leis gur deacair do chuideachta an toradh is fearr a bhaint amach ar a cumas tuillimh airgid mura bhfuil neart aici ar a cinntí infheistíochta;cinntí infheistíochta a bhíonn bunaithe ar chóras buiséid ó bhliain go bliain níl siad oiriúnach do phleanáil agus bainistíocht aerfoirt.


2.2 Gníomhaíochtaí na Cuideachta

15. Ag baint amach cuspóirí na cuideachta di is iad gníomhaíochtaí Aer Rianta oibríochtaí tráchta (tuirlingt agus cóiríocht aerárthach agus paisinéirí a chur ar bord) agus gníomhaíochtaí tráchtála (siopaí aerfoirt, lónadóireacht, turasanna agus orduithe leis an bpost) agus tá baint acu sin ar aon le gluaiseacht aeráthaí, paisinéirí agus lasta. I gcás oibríochtaí tráchta tá an Chuideachta freagrach i mbainistíocht agus forbairt Aerfort Chorcaí, Bhaile Átha Cliath agus na Sionainne mar ghníomhaire don Aire Turasóireachta agus Iompair agus ciallaíonn sé sin, fara le rudaí eile, go gcaithfidh an Chuideachta tuair a dhéanamh ar thrácht paisinéirí agus lasta feadh tréimhsí fhada den am le teacht má tá sí leis an gcuspóir iomlán atá luaite di a bhaint amach. Glacann an Comhchoiste leis, ós faide ná 20 bliain ré saoil go leor socmhainní dochta aerfoirt, go bhfuil sé deacair tuair chruinne a thabhairt i gcás tréimhse chomh fada sin. Mar sin féin, i gcás a hoibríochtaí tráchta déanann an Chuideachta pleanáil ar fhoras tuair thréimhsiúla a chuireann sain-ghníomhaireachtaí ar fáil.5 Ní bhaineann na tuair sin ach le trácht ceannturais, áfach, agus go dtí seo ní rabhadar ró-chruinn agus ní fhéadfaí dá bhrí sin mórán úsaide a bhaint astu chun pleanála. Chomh fada agus a bhaineann le cleachtas Aer Rianta níorbh fhéidir trácht idirthurais a thuaradh le haon chruinneas agus déanann sé sin difear go háirithe do phleanáil na Cuideachta don tSionainn mar tá sé sin ag brath go mór ar thrácht idirthuras. D’fhonn na fadhbanna tuaracháin sin a shárú bíonn an Chuideachta i gcónaí i dteagmháil leis an margadh agus bíonn sí i ndlúth-thadhall le gníomhaireachtaí gaolmhara eile.6


16. Maidir le hoibríochtaí tráchta tá freagracht ar Aer-Rianta i dtaobh comhordú ginearálta a dhéanamh ar gach gníomhaíocht aerfoirt lena náirítear bainistíocht aerthráchta ghinearálta, rialú urloig, faisnéis eitiltí, teileafóin, pobal-aitheasc agus tralaithe bagáiste. Tá an Chuideachta freagrach freisin i slándáil aerfoirt, seirbhísí múchta tóiteáin, dearadh aerfoirt, pleanáil, foirgniú agus cothabháil agus forbairt tráchta aerfoirt i ngach aerfort dá cuid. Déantar forbairt tráchta aerfoirt i gcomhar leis na cuideachtaí aerlíne a bhfuil breis agus 75 díobh ag úsáid na n-aerfort mar oibritheoirí cláraithe. Ó tháillí tuirlingte aerárthach, táillí luchta paisinéirí, cíosanna, lamháltais, agus carrlocanna a thagann an chuid is mó den ioncam ó oibríochtaí tráchta Aer Rianta. Cé gurb iad Aer Rianta a chuireann formhór na seirbhísí aerfoirt ar fáil go díreach tá roinnt seirbhísí talún a sholáthraíonn Aer Lingus thar ceann Aer Rianta ar seirbhísí iad a bhíonn ina gcuid de fhreagracht údaráis aerfoirt de ghnáth. I bhformhór na gcásanna oibríonn an socrú sin go maith ina chleachtadh, ach rinne dhá aerlíne ceist agus fiafraí i dtaobh úsáid forleathan an bhealaigh, go háirithe ag an tSionainn.7 Ina theannta sin, mhol aerlíne eile go gcuirfí saoráidí tuirlingte níos fearr ar fáil in aerfoirt na hÉireann cosúil leo sin atá ar fáil in aerfoirt eile san Eoraip.8 Is iad na míreanna caiteachais is tábhachtaí a bhaineann leis an gCuideachta iad sin le haghaidh cothabháil foirgneamh, slándáil, agus seirbhísí múchta tóiteáin, tuarastail agus pá.


17. Baineann gníomhaíochtaí tráchtála in Aer Rianta le seirbhísí siopadóireachta, lónadóireachta, post-ordúcháin agus turas-seirbhísí. I 1978 bhí 691 d’fhoireann Aer Rianta ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin. Bhí na siopaí ab fhearr ó thaobh gnó de na siopaí saor ó dhleacht agus saor ó CBL faoi úinéireacht agus bainistíocht Aer Rianta. Tá urlámhas ag an gCuideachta freisin ar roinnt gnóthaí tráchtála sa bhreis, mar atá baincéireacht, fruiliú gluaisteán, agus siopaí ach is ar bhonn lamháltais a oibrítear iad sin. Cheana is ag an tSionainn a bhíodh an chuid is mó den siopadóireacht á dhéanamh ag paisinéirí ach anois le díol saor ó dhleacht do phaisinéirí ag taisteal go dtí an R.A. tá méadú mór tagtha ar an ngnó a dhéantar i gCorcaigh agus i mBaile Atha Cliath. I dteannta na siopaí, tá urlámhas nó bainistí ag Aer Rianta ar ghníomhaíochtaí eile gnó. Soláthraítear seirbhísí lónadóireachta ag aerfoirt agus tá siad sin roinnte ina dhá chuid, biatachas eitilte agus lónadóireacht talún (bialanna agus beáranna mionbhéile). Aer Lingus a sholáthraíonn biatachas eitilte i mBaile Átha Cliath, lamháltasóir a sholáthraíonn é i gCorcaigh agus Aer Rianta féin a sholáthraíonn é sa tSionainn. Aer Rianta a sholáthraíonn na seirbhísí lónadóireachta talún i mBaile Átha Cliath agus sa tSionainn. Ar mhodh lamháltais a oibrítear lónadóireacht talún i gCorcaigh. Tá Aer Rianta agus S.F.A.D.C.O. i gcomhar le chéile ag oibriú seirbhís chuimsitheach turasóireachta a sholáthraíonn turasanna go réigiún na Sionainne, féastaíocht agus seirbhís áirithinte saoire atá i gceangal go sonrach le hAerfort na Sionainne. Tá Ranna Post-Orducháin na Cuideachta sa tSionainn ag gabháil go speisialta do dhíol earraí éagsúla ó chatalóga le ceannaitheoirí thar lear go háirithe le daoine a chónaíonn sna Stáit Aontaithe.9 Níl an gnó post-ordúcháin ag brath ar an líon paisinéirí; cuirtear os cionn trí mhilliún catalóg tríd an bpost chun na Stát Aontaithe gach bliain. I ngnáth-bhliain gheofaí tuairim £3 mhilliún punt as díol post-ordúcháin. Faightear tuairim £7 milliún as earraí a dhíol sna siopaí sa tSionainn. Tugann an Comhchoiste dá aire gur rud éagsúil i ngníomhaíochtaí Aer Rianta an post-ordúchán agus toisc go bhfuil sé neamhspleách de ghnó tráchta gur úsáideach an bunadh ioncaim é, go háirithe d’aerfort ar nós na Sionainne áit a mbíonn an trácht idirthurais ag athrú ó am go chéile.


III GRÉASÁN CAIPITIÚIL AGUS BEARTAIS PHRAGHSÁLA

3.1 Gréasán Caipitiúil

18. Tuairim £40 milliún punt de chaipiteal faibhrithe atá ag Aer Rianta agus de réir chostas athionadúcháin chuirfí luacháil tuairim £250 air.10 Ní bhaineann riachtanais chaipitiúla na Cuideachta don am láithreach agus don am le teacht ach amháin le foirgnimh bhreise agus gléasra breise mar fuarthas go leor talún i rith na mblianta sna trí aerfort. Is í an Roinn Airgeadais a rialaíonn caiteachas caipitiúil chun tailte agus foirgnimh a fháil ag aerfoirt agus is í an Roinn chéanna, ag gníomhú di tríd an gCoiste Foirgniúcháin Aerfort, a rialaíonn an caiteachas caipitiúil d’obair fhoirgniúcháin sna haerfoirt lena n-áirítear na foirgnimh a throscánú. Ó thréimhse go chéile a bhíonn an t-airgead ag teastáil; i ndeireadh na seascadaí agus i dtús na seachtódaí thóg an Chuideachta foirgnimh nua ceannturais i mBaile Atha Cliath agus sa tSionainn agus ó shin ní hé an oiread sin caipitil a theastaigh do na haerfoirt sin. Táthar ag súil áfach, go mbeidh tuairim ceithre mhilliún paisinéirí ag gabháil trí Aerfort Bhaile Átha Cliath tuairim lár an chéad deichbhliain eile agus tabharfaidh sé sin go mbeidh gá chun tuilleadh infheistíochta chaipitil a phleanáil i 1981/82 don aerfort sin.11 Ceapann Aer Rianta go mbeidh £30 milliún eile ag teastáil i gcaitheamh na gcúig bliana seo chugainn faoi chomhair chaiteachais chaipitiúla pleanáilte.12 Cé nár chuir sé aon ró-cheangal ar Aer Rianta san am atá caite í a bheith ag brath ar an gclár caipitil phoiblí le haghaidh airgid infheistíochta, tá an Chuideachta á chur i láthair gur cheart saoirse a bheith aici a cuid caipitil féin a chruinniú de réir mar a bheidh gá leis toisc gur beart fadtéarmach airgead a infheistiú i gcúrsaí aerfoirt.


19. Féadfaidh cuideachta a cuid caiteachais chaipitil a mhaoiniú ó bhunaidh inmheánacha (barrachais) nó féadfaidh tabhairt faoina dhéanamh trí iasachtaí a fháil. Le haghaidh mór-infheistíochtaí caipitiúla is fearr caipiteal a fháil ar iasacht toisc go gciallaíonn maoiniú ó bhunaidh inmheánacha go bhfuil cuideachta ag leagan pionóis ar chustaiméirí agus ar dhaoine a bhíonn ag úsáid a cuid seirbhísí i láthair na huaire trí phraghsanna, cíosanna agus táillí níos airde. Dá mbeadh sé i gcor neamhspleách creideann Aer Rianta go bhféadfadh sé leanúint de sheirbhís a thabhairt don phobal agus do na haerlínte trí chláir leordhóthanach caipitiúil a chothabháil a maoineofaí ó thuillimh choinnithe.13 Cé go dtuigeann an Comhchoiste na srianta atá ar an gCuideachta faoi láthair admhaíonn sé freisin na deacrachtaí a bheadh ag brú ar an gCuideachta dá mbeadh sí i gcor neamhspleách maidir leis an modh a mholann sí chun infheistíochtaí caipitil a mhaoiniu.14 Bíonn tairbhe infheistíochtaí in aerfort á fháil feadh tréimhse ama toisc go mbíonn ré saoil suas go 20 bliain i gcásanna áirithe ag foirgnimh, rúidbhealaí agus urloig. Dá bhrí sin nuair a bhíonn infheistíochtaí á bpleanáil caitear an tsruthaíocht airgid a lascainiú trí ráta úis a fhreagródh do tháirgeacht an chaipitil. Tá eagla ar an gComhchoiste faoin modh láithreach chun infheistíochtaí caipitil a mhaoiniú agus faoin modh atá molta, dá dtagadh Aer Rianta chun bheith neamhspleách, nach bhféadfar meas cruinn a dhéanamh ar an toradh a bhféadfaí a bheith ag súil leis as na hinfheistíochtaí éagsúla. Dá bhrí sin, molann an Comhchoiste go mbainfeadh Aer Rianta feidhm as theicníocht measluacha infheistíochta oiriúnach ar nós sruthaíocht airgid lascainithe ag pleanáil infheistíochta is cuma cad é an bunadh airgid.


20. Le blianta beaga anuas is fadhb í an boilsciú maidir le measluacháil infheistíochta. Sa mheasluacháil infheistíochta tá ar a laghad dhá shlí chun boilsciú a chur sa chuntas (a) déantar meastachán ar an ráta boilscithe agus cuirtear é leis na costálacha bliantúla measta —cuirtear figiúr céatadáin leis an rata toradh a bhíonn ag teastáil, agus (b) féadfar brabús tionscadail áirithe a dhíbhoilsciú trí threoir a úsáid a bheidh bunaithe ar an ráta boilscithe a bhfuil súil leis agas déantar an tsraith a thig uaidh sin a dhílascainiú leis an ngnáthráta aisig. In Aer Rianta is é an chéad bheartas a leantar sa mhéid go bhfuil ábhar boilscithe sna tuair chostais agus go mbíonn súil ag an gCuideachta go n-éireoidh a cuid barrachas le boilsciú.15


21. Maidir le beartas laghdú luacha, féadfaidh cuideachta a chinneadh costas stairiúil nó costais athionadúcháin a úsáid. I gcoitinne, ní chuirfidh díluachadh ar bhonn costais stairiúil dóthain airgid ar fáil le haghaidh athionadú sócmhainní nuair a bheidh siad ag teastáil. Mar sin féin, creideann Aer Rianta go bhfuil beartas díluachadh ar bhonn costais stairiúil níos oiriúnaí don Chuideachta toisc go mbíonn súil aige le hoiread ioncaim agus a íocfaidh riachtanais infheistíochta.16


22. Níl aon taifead i leith sócmhainní dochta i gclár comhardaithe Aer Rianta. Tá na sócmhainní dochta dílsithe don Aire Turasóireachta agus Iompair. Níl sa chlár comhardaithe ach sócmhainní láithreacha agus dliteanais láithreacha. Dá dhroim sin ní féidir a chinneadh cén toradh a thiocfadh ar chaipiteal a bheadh á úsáid ag an gCuideachta agus ba dheacair gnáth-chritéir infheistíochta a fheidhmiú i gcás tionscadal infheistíochta nua. Maidir leis sin dúradh i bhfianaise go raibh tuairim £40 milliún d’fhiach caipitiúil faibhrithe agus dá mbeadh sé sin scríofa síos ar bhonn costas stairiúil is é a gheofaí figiúr idir £20 milliún agus £23 milliún, rud a chiallódh go bhfuil Aer Rianta ag fáil mórthoradh idir 16 agus 19 faoin gcéad ar a gcuid infheistíochta.17 Creideann an Chuideachta go lamhálfadh leibhéal toradh mar sin di oibriú go neamhspleách i ndálaí gan chuing amach anseo ach gan í a bheith luchtaithe leis an gcaipiteal faibhrithe a infheistíodh i sócmhainní aerfoirt.18


Creideann an Comhchoiste, áfach, nach féidir an cheist i dtaobh Aer Rianta do theacht chun a bheith ina cuideachta stát-tionscanta iomlán a scarúint ó cheist an ualaigh chaipitiúil a chaithfeadh sí a iompar í gcuinsí den sórt sin. I gcás Aer Rianta do theacht chun bheith neamhspleách measann an Comhchoiste go mbeadh sé mí-réadúil ag an gCuideachta gan ualach iomlán a cuid fiacha caipitiúla faibhrithe a iompar.


23. Tugann an Comhchoiste dá aire na hargóintí a chuir Aer Rianta ar aghaidh i dtaobh na mbuntáistí a thiocfadh de dá dtagadh an Chuideachta chun bheith ina cuideachta stát-tionscanta iomlán neamhspleách den Roinn Tionscail agus Tráchtála.19 D’fhéadfadh go dtabharfadh an neamhspleáchas sin breis cheannais don Chuideachta ar a cuid cinntí infheistíochta agus ar am a nglactha agus d’fhéadfadh freisin nár ghá don rialtas dá thoradh suimeanna móra airgid a fháil le haghaidh infheistíochta. Ach san am atá caite ní raibh an dlúth-cheangal leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair ina chúis le haon ró-dheacrachtaí maidir le cinntí infheistíochta, deacrachtaí nach dtarlódh dá mba rud é gur chuideachta stát-tionscanta neamhspleách Aer-Rianta. Faoi réim neamhspleách, agus sin rud nár mhór chuige Acht na nAerchuideachtaí 1966 a leasú, chaithfeadh an Chuideachta a cuid airgid infheistíochta féin a chruinniú ar mhargadh an chaipitil nó ó thuillimh choimeádta. Ón gcrot gan bhail atá ar chúrsaí airgeadais Aer Rianta ó thús ba dheacair di freastal ar an méid fiacha atá carnaithe agus airgead a dóthain a sholáthar chun críocha infheistíochta. Ina theannta sin, ó tá saoirse fairsing agus a gcomhairle féin ag lucht bainistí ag seoladh Aer Rianta dóibh, níor cheart go gcuirfeadh an ceangal leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair isteach ar thionscnamh na Cuideachta. Is é an tasc is mó atá le hionramháil ag an gCuideachta acmhainní tábhachtacha náisiúnta a bhainistí agus seirbhís náisiúnta riachtanach a fhorbairt. An dlúthcheangal leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair níor cheart go mbeadh sé ina ualach ró-mhór ar bhuíon fuinniúil bainistíochta ná ina bhac ar fhás na cuideachta. Dá bhrí sin, creideann an Comhchoiste gur cheart do Aer Rianta leanúint ag obair go dlúth leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair agus gur cheart ceist an neamhspleáchais a chur siar.


24. Deir aighneacht Aer Rianta leis an gComhchoiste go gcuireann Aer Rianta táillí tuirlingte agus táillí lucht paisinéirí faoi bhráid an Aire Turasóireachta agus Iompair lena gceadú agus ansin faoi bhráid an Choimisiúin Náisiúnta Praghsanna.20 An nós imeachta sin i dtaobh cead a fháil do tháillí oibríochta tráchta ní fadhb ar bith don Chuideachta é mar oibríonn sé faoi na rialacha tuarascála céanna le fiontair Státtionscanta eile.21 Is é beartas praghsála Aer Rianta do ghníomhaíochtaí tráchtála “airgead a dhéanamh as rudaí roghnacha nach gcaitheann an taistealaí déanamh agus a bhféadfaidh sé é a ghlacadh de rogha iad a dhéanamh nó gan iad a dhéanamh mar atá ceannach i siopa saor ó dhleacht nó deoch nó béile a chaitheamh, ionas go bhféadfaimid costas an ruda riachtanaigh, is é sin, taisteal, a choinneáil síos dó . . . .”22 Is ábhair cúraim don Chomhchoiste an méid tras-fóirdheontasú seirbhísí a d’fhéadfadh tarlú ag leanúint de bheartas mar sin. Tarlaíonn tras-fóirdheontasú nuair a úsáidtear brabúis ghníomhaíochta amháin i gcuideachta chun na praghsanna i ngníomhaíocht eile a choinneáil síos. D’fhéadfadh tras-fóirdheontasú seirbhís nach bhfuil ag déanamh brabúis a mhaoiniú ó sheirbhís bhrabúsmhar agus san am céanna brabúsmhaireacht iomlán a choinneáil suas. Cuideachtaí a bhíonn á seoladh ar bhonn maith gnó beidh a gcuid praghsanna á ríomh d’fhonn costais seolta a íoc, d’fhonn an caipiteal a bhíonn á úsáid de réir rátaí margaidh a sheirbhísiú agus brabús sásúil gnó a thabhairt. Cé go n-aithníonn an Comhchoiste nach mbíonn lucht taistil chomh híogair sin i dtaobh na dtáillí i leith gníomhaíochtaí tráchtála in aerfoirt agus a bhíonn siad i dtaobh bunchostas taistil, creideann sé mar sin féin, má bhíonn gníomhaíocht amháin ag fáil tras-fóirdheontasú ó ghníomhaíocht eile, gur chóir na fíora ina thaobh a insint go soiléir i dtuarascáil bhliantúil na Cuideachta agus an chúis atá leis a lua.


25. Bíonn na praghsanna céanna á mbaint amach ag Aer Rianta is cuma cén t-aerfort. Ní dhéanann an Chuideachta idirdhealú idir Aerfort na Sionainne a bhíonn ag brath go formhór ar thrácht idirthurais agus Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhíonn ag freastal go formhór ar thrácht ceannturais. Tá roinnt earraí á ndíol in Aerfort na Sionainne. áfach, a bhfuil a bpraghsanna san iomaíocht le háiteanna díola sna Stáit Aontaithe.23 Tá an Comhchoiste ag teacht le hAer Rianta maidir leis an ngá atá leis na táillí do ghníomhaíochtaí gnó a choinneáil ar dheis iomaíochta le haerfoirt eile.


3.2 Beartais phraghsála

26. Tá cóir mhonaplachta ag Aer Rianta maidir le gluaiseachtaí aerárthaigh agus baineann a beartais phraghsála le haerlínte, paisinéirí, turasóireacht, agus leis na lamháltasóirí éagsúla a bhíonn ag úsáid na n-aerfort. Nuair a bhíonn na táillí d’oibríochtaí tráchta á socrú aici, deirAer Rianta go gcuireann sí roinnt rudaí i gcuntas, ar a n-áirítear a n-éifeacht ar mhéadú gluaiseachtaí paisinéirí agus cumas iomaíochta aerfort na hÉireann i gcomórtas le aerfoirt eile san Eoraip. I dtaobh táillí aerfoirt sna haerfoirt i bpríomh-chathracha na hEorpa, dúirt Aer Rianta i bhfianaise go raibh táillí “in aerfoirt Bhaile Átha Cliath, na Sionainne agus Chorcaí go féiltiúil le roinnt blianta i leith ag teacht in íochtar an chláir tuairim sa deichiú nó san aonú áit déag”.24 Tá clár déanach leagtha amach i bhFoscríbhinn 4 de tháillí aerfoirt i bpríomh-aerfoirt na hEorpa a chuir Aer Rianta isteach. Tá a mhalairt sin de bharúil curtha i láthair an Choiste i bhfianaise scríofa ó Aer Lingus—duradh ann go bhfuil “táillí tuirlingte in aerfoirt na hÉireann an-ard.”25 Tá ráitis phoiblí eile a rinneadh le déanaí i dtaobh táillí tuirlingte ag tacú leis an mbarúil sin. Creideann Aer Rianta go bhfuil aerlínte an-íogair i dtaobh táillí tuirlingte i ngach aerfort agus go háirithe in aerfoirt ar nós na Sionainne mar a bhfuil an chionúireacht idirthurais an-ard i gcomparáid leis an trácht ceannturais. Athraíonn na táillí tuirlingte idir sé agus trídéag faoin gcéad de chostas na n-aerlínte a sheoladh ag brath ar an bhfad tarlú a oibríonn na haerlínte.26 Ceist ghaolmhar agus ceist is mó tábhacht do na haerlínte agus do bheartas náisiúnta is ea an costas fuinnimh i gcás na dtuirlingtí a chaitheann aerárthaí ar bhealaí sceidealta trasAtlantacha a dhéanamh in aerfort na Sionainne. Le cúrsaí mar atá molann an Comhchoiste gur cheart don Aire Turasóireachta agus Iompair ceist na dtáillí aerfoirt a bheith ar deis iomaíochta agus an cheist i dtaobh tábhacht na dtáillí sin maidir le costas fuinnimh tuirlingtí a chur faoi bhráid an Choimisiúin Náisiúnta Praghsanna lena scrúdú go práinneach.


IV GNÓ AGUS OBAIR NA CUIDEACHTA

4.1 Sonraí Airgeadais

27. San aighneacht ó Aer Rianta tá mion-insint ar staidreamh tráchta ach is lú go mór an t-eolas atá ar fáil ó thaobh an airgeadais. Gníomhaíochtaí tráchtála is ea 64 faoin gcéad d’ioncam iomlán Aer Rianta ach is lú go mór a bhfuil ar eolas faoin taobh sin de ghníomhaíochtaí na Cuideachta. Mar shampla, ní féidir go leor den chóimheas airgeadais coinbhinsiúnta maidir le gníomhaíochtaí tráchtála na Cuideachta a ríomh ón eolas atá ar fáil. Glacann an Comhchoiste leis, áfach, go ndéanann na prionsabail a fheidhmíonn an Chuideachta ag tomhas di conas a d’éirigh lena cuid gníomhaíochtaí tráchtála, ar nós cóimheas idir an pá-rolla agus láimhdeachas lónadóireachta, díolacháin an paisinéir sna siopaí agus cóimheas pá-rolla le glan-bhrabúis as na gníomhaíochtaí gnó uile, go ndéanann na prionsabail sin toradh na ngníomhaíochtaí sin a thomhas go cothrom.27 Maidir leis na lamháltais a rialaíonn Aer Rianta mar atá an tsaoráid baincéireachta agus na cuntair charr-chíosa creideann an Comhchoiste dá ndéanfaí iarracht ar an mbrabús ab airde a bhaint amach trí phróis tairisceana nó iarracht ar chíosanna a fháil ab ionann agus 10 faoin gcéad de láimhdeachas bliantúil na lamháltasóirí, go mbeadh sé sin in aghaidh cuspóirí sóisialta na Cuideachta agus in aghaidh a cuspóirí turasóireachta. Tá sé á chur in iúl ag an gCuideachta, áfach, gur rí-annamh a bhaintear amach an coimisiún 10 faoin gcéad sa tSionainn ná i gCorcaigh mar gheall ar chúiseanna séasúracha. Deir an Chuideachta go bhfuil na táillí sin ar aon dul leis an gcleachtas in aerfoirt eile san Eoraip.28


28. Tá slí eile chun toradh gnó chuideachta a thomhas, is é sin, trí thomhais éagsúla eischuir a úsáid. Féadfar eischur a thomhas ar bhonn eischuir reatha agus sa chás sin féadfar féachaint mar thomhais inghlactha ar bhreisluach ar chostas fachtóra (luach saothair fostaí, barrachas oibríochta agus caitheamh sócmhainní dochta (díluachadh)), nó ar mhór-eischur (luach díola nó costas iomlán eischuir). Nuair a bhíonn toradh gnó á thomhas ar bhonn fíor-eischuir déantar na figiúirí a dhíbhoilsciú le treoir iomchuí chun tomhas eischuir ar phraghsanna seasamhacha a fháil. Ghlac an Comhchoiste leis an mbealach deiridh sin i dtuarascáil roimhe seo.29 Toisc nach féidir breisluach a dhíbhoilsciú go díreach, glactar le mór-eischur de ghnáth nuair a bhíonn tomhas fíoreischuir ag teastáil. Is deacair tomhais bhreisluacha a fháil as na haighneachtaí a rinne Aer Rianta mar tagann beartais díluachála faoi réim na Roinne Turasóireachta agus Iompair. Ach tá teacht láithreach ar thomhais mhór-eischuir. Ar cheann de na tomhais eischuir is mó tábhacht a bhíonn á úsáid ag an gCuideachta tá barrachas oibríochta.


29. Deir Aer Rianta ina tuarascáil go bhfuil barrachais trádála ina hoibríochtaí tráchta agus brabúis ar a cuid gníomhaíochtaí gnó. Mínítear barrachas oibríochta mar ioncam a bhíonn fágtha de bhreis ar chaiteachas roimh díluachadh a mhuirearú ar shócmhainní dochta, ús ar chaiteachas caipitil agus costas seirbhísí Stáit (Rialú aerthráchta, seirbhísí meitéareolaíochta agus cumarsáide, agus saoráidí a sholáthraíonn an Roinn Turasóireachta agus Iompair ag na trí aerfort). Taispeántar thíos barrachais oibríochta na cuideachta le déanaí:


TÁBLA 1


Barrachais Oibríochta


Barrachas


Oibríochta


£ milliún

1975

1976

1977

1978

1979


(Buiséad)

1.67

2.85

3.26

3.71

3.88

Athrú seachas an bhliain roimhe sin (%)

 

+71

+14

+14

+5

Foinse: Tuarascálacha agus Cuntais Bhliantúla Aer Rianta, Eisiúintí Éagsúla.


Cé gur tuaradh ceathair faoin gcéad de laghdú ar dtús do 1979 tá dóchas ag an gCuideachta anois go mbeidh an barrachas oibríochta i mbliana beagán os cionn bharrachas 1978.30 Tar éis na muirir bharúlacha úis agus díluachadh a úsáideann an Roinn Turasóireachta agus Iompair a chur chun feidhme agus na muirir do na seirbhísí Stáit a luaitear thuas a chur i gcuntas tá glanbharrachas beag fágtha do 1977 agus 1978; tharla caillteanais i gcás an dá bhliain roimhe sin. Ach is gá freisin tomhais eile ar thorthaí gnó na cuideachta a scrúdú. Trí bhrabúis a chur i gcoibhneas le hioncaim ó dhíolacháin feadh tréimhse blianta féadann cuideachta breithniú ar mar a d’éirigh léi go comparáideach feadh achair. Athróidh an cóimheas a fhaightear mar sin ó thionscal go tionscal ach laistigh de thionscal is maith an treoir an cóimheas sin ar mar a d’éirigh leis. I gcás Aer Rianta tá baint le hábhar ag na figiúirí seo a leanas:


TÁBLA 2


Ioncam agus Barrachais


 

1975

1976

1977

1978

1979


(Buiséad)

1. Ioncam Iomlán £ milliún

17.64

22.10

26.79

33.78

38.97

2. Barrachas/mar Chéatadán d’Ioncam

9.5

12.9

12.2

11.0

10.0

3. Glan-Bharrachas/31 mar Chéatadán

(7.0)

(0.9)

0.3

1.2

Níl fáil air

Foinse: Tuarascálacha agus Cuntais Bhliantúla Aer Rianta, Eisiúintí Éagsúla. Ach ar an ábhar gur figiúirí sealadacha a bhí ar fáil maidir le díluachadh agus ús tráth foilsithe na tuarascála bliantúla, tá an céatadán glan-bharrachais/ioncam ríofa ar bhonn eolais a foilsíodh don bhliain ina dhiaidh sin ach amháin i gcás 1978.


Má bhaintear úsáid as an gcéatadán barrachas ar ioncam is léir go bhfuil laghdú tagtha ar thoradh gnó na Cuideachta le blianta beaga i leith. Ach i gcás 1977 agus 1978 baineadh amach idir 0.3 agus 1.2 faoin gcéad de chéatadán glanbharrachais ar ioncam ríofa. Sin iomathrú ón dá bhliain roimhe sin. Ceapann an Chuideachta go mbeidh dóthain sa ghlanbharrachas sin, ar bhlianta a thógáil le chéile, chun riachtanais infheistíochta a mhaoiniú sna cúig go deich mbliana seo chugainn. Níl sé ró-léir, dar leis an gComhchoiste, fiú dá leanadh glan-bharrachais ar aghaidh mar atá siad ag gabháil faoi láthair, go mba leor iad faoi chomhair riachtanais infheistíochta na Cuideachta dá dtabharfaí lán-stádas don chuideachta mar fhiontar Stát-tionscanta.32


30. Bhain Aer Rianta £2.87 milliún de mheán-bharrachas trádála bliantúil amach i rith na tréimhse 1975-78. £3.71 milliún an barrachas do 1978 agus tá barrachas níos airde á thuar do 1979.33 Íocann an Chuideachta cuid mhaith den bharrachas sin leis an Aire Turasóireachta agus Iompair. Ní mar a chéile an méid de a choinnítear ó bhliain go bliain agus braitheann sé ar a mbíonn de chaipiteal oibre ag teastáil agus ar riachtanais eile. Nuair a chuirtear i gcuntas na lamháltais barúlacha úis agus díluachadh a chuireann an Roinn Turasóireachta agus Iompair chun feidhme, taispeánann staid trádála Aer Rianta £0.9 milliún de ghlanchaillteanas i rith na tréimhse 1975-1978 sula ndéantar soláthar ar bith do chostas seirbhísí Stáit.


31. Dála bainisteoirí eile aerfoirt, tá sé faighte amach ag Aer Rianta gur ó ghníomhaíochtaí gnó i ndáil le taisteal daoine agus gluaiseacht lasta a thagann an chuid is mó dá hioncam. Ní thagann ach 36 faoin gcéad d’ioncam Aer Rianta óna príomhfheidhm, oibríochtaí tráchta. Ó ghníomhaíochtaí gnó na Cuideachta a thagann 64 faoin gcéad den ioncam iomlán. Ó thuirlingt aerárthaí agus ionramháil paisinéirí agus táillí luchtaithe a thagann 26 faoin gcéad den ioncam iomlán. Ó chíosanna agus lamháltais ocht faoin gcéad den ioncam. Ó sheirbhísí lónadóireachta 11 faoin gcéad den ioncam iomlán agus faightear ocht faoin gcéad eile d’ioncam na Cuideachta ó sheirbhísí turais, a oibrítear ar fhoras glanta costas sa tSionainn. Léargas eile ar fad atá le fáil nuair a bhreithnítear ceist na mbarrachas nó na brabúsmhaireachta. Ó oibríochtaí tráchta a thig 53 faoin gcéad de bharrachais Aer Rianta agus ó ghníomhaíochtaí gnó an 47 faoin gcéad eile. I 1978 b’ionann an barrachas ar oibríochtaí tráchta in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus 56 faoin gcéad de bharrachas iomlán Aer Rianta cé nach raibh san fhigiúr comhréire d’Aerfort na Sionainne ach 10 faoin gcéad. Cailleann Aerfort Chorcaí airgead ar a oibríochtaí tráchta ach baineann sé amach barrachas beag ar a ghníomhaíochtaí gnó. Is é an barrachas ar ghníomhaíochtaí gnó in Aerfort Bhaile Átha Cliath tuairim 41 faoin gcéad de bharrachas iomlán na Cuideachta agus fágann sé sin gurb é Aerfort Bhaile Átha Cliath an ceann is brabúsmhaire de na trí Aerfort i dtéarmaí oibríochtaí tráchta agus gníomhaíochtaí gnó.


4.2 Táirgiúlacht

32. Tá deacracht ollmhór ag baint le táirgiúlacht in Aer Rianta a thomhas ó ghníomhaíocht go chéile. Mar gheall ar éagsúlacht neamhghnách gníomhaíochtaí na Cuideachta agus an cineál fostaíochta a thugtar, ní bheadh sé oiriúnach tomhas foriomlán táirgiúlachta a dhéanamh de réir aighneacht ón gCuideachta.34 Maidir le gníomhaíochtaí gnó cuireann Aer Rianta i gcuntas an cóimheas idir párolla agus láimhdeachas nó brabúis chomhlána, díolacháin an paisinéir agus glan-bhrabúsmhaireacht. Tá cuid de na ceisteanna sin pléite cheana roimhe seo sa tuarascáil seo. I ngníomhaíochtaí dála cothabháil cuireann an Chuideachta sa chuntas an t-achar troigh chearnach a bhíonn le clúdach agus fós castacht na n-achar lena mbaineann. Maidir le slándáil agus múchadh tóiteán, deir Aer Rianta nach foláir na caighdeáin idirnáisiúnta agus náisiúnta a chomhlíonadh atá leagtha síos ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus ag an gComhairle Slándála Eitlíochta Sibhialta Náisiúnta agus is deacair, dá bhrí sin, táirgiúlacht a thomhas. Mar sin féin, cé go nglacann an Comhchoiste leis gur deacair tomhas cruinn ar tháirgiúlacht a fháil tá sé riachtanach fós slite oiriúnacha a lorg ina bhféadfaí táirgiúlacht a thomhas. Is rí-thábhachtach an rud é don gheilleagar náisiúnta agus d’Aer Rianta go háirithe táirgiúlacht a fheabhsú. Tá méadú táirgiúlachta ar cheann de na príomh-slite ina bhféadfaidh an Chuideachta a torthaí gnó go huile agus go hiomlán a fheabhsú. Mar sin ní foláir leor-bhearta táirgiúlachta a fhorbairt a fhéadfar a chur chun feidhme maidir leis an gCuideachta. Féadfar teacht ar bheart amháin den sórt sin trí threoghluaiseachtaí sa táirgiúlacht a scrúdú agus úsáid a bhaint as choincheap an aonaid saotharlóid.35 Leis na haonaid saotharlóid (AS) a úsáid mar thomhas ar an méid oibre a rinneadh, fionnadh gur tháinig 9.3% de mhéadú ar tháirgiúlacht in Aer Rianta i rith na tréimhse 1975-78. Tháinig 13.8 faoin gcéad de mhéadú ar (AS) paisinéirí ach laghdaigh an méid AS lasta a iompraíodh 12.3 faoin gcéad. Cé gur tháinig 9.3 faoin gcéad de mhéadú ar an líon iomlán AS idir 1975 agus 1978, tháinig breis agus trí faoin gcéad de laghdú ar tháirgiúlacht an fostaí. I rith na tréimhse céanna tháinig méadú tábhachtach ar ioncam agus barrachais na Cuideachta i ndáil leis an méid AS a iompraíodh, mar is léir ó na figiúirí thíos:


TÁBLA 3


Aonaid Saotharlóid—Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Sionainne


 

1975

1976

1977

1978

1975/78


% d’Athrú

SL Paisnéara


(milliún)

3.48

3.58

3.74

3.96

+ 13.8

SL Lasta


(Milliún)

0.73

0.71

0.73

0.64

- 12.3

Iomlán


(milliún)

4.21

4.29

4.47

4.60

+ 9.3

SL an fostaí

2465

2447

2455

2381

- 3.4

Ioncam an SL(£)

4.19

5.15

6.00

7.34

+ 75.2

Barrachas an SL(£)

0.40

0.66

0.73

0.81

+ 102.5

Slí eile chun féachaint ar tháirgiúlacht, slí fós atá de réir na gcleachtas in Aer Rianta, treoghluaiseachtaí i bhfostaíocht i ndáil le díolacháin agus brabúsmhaireacht a scrúdú. Fostóir mórthábhachtach is ea Aer Rianta anois; i ndeireadh 1978 bhí 1,932 de líon foirne ag an gCuideachta ar a párolla lena n-áirítear roinnt foirne a bhí sealadach. Idir 1975 agus 1978 tháinig 224 de mhéadú ar an méid daoine a bhí fostaithe in Aer Rianta. I dtéarmaí táirgiúlachta arna tomhas de réir díolacháin an fostaí, shaothraigh Aer Rianta £17,484 an fostaí de mheán-ioncam i 1978 i gcomparáid le £10,328 ar fostaí i 1975, is é sin 69 faoin gcéad de mhéadú an fostaí i dtéarmaí reatha. I dtéarmaí brabús nó barrachas is iad na figiúirí comhréire £1,920 an fostaí i 1978 agus £978 an fostaí i 1975; méadú barrachais an fostaí i dtéarmaí reatha de 96 faoin gcéad sa tréimhse cheithre bliana. Nuair a chuirtear boilsciú san áireamh, áfach, tagann athrú cuid mhaith ar na méaduithe sin. I dtéarmaí fíora tháinig 17 faoin gcéad de mhéadú ar ioncam in aghaidh an fhostaí idir 1975 agus 1978 agus ba é an méadú ar bharrachas an fostaí 36 faoin gcéad.36 I rith na tréimhse 1975-78 tháinig méadú os cionn ceathair faoin gcéad sa bhliain ar bhreisluach fíor sa Chuideachta. I rith 1977-78 is mó a tháinig fás ar bhreisluach fíor.


Tháinig méadú níos lú ná aon faoin gcéad ar thairgiúlacht fíor in Aer Rianta i rith na gceithre bliana atá faoi bhreithniú ach tháinig 13.1% de mhéadú ar fhostaíocht. Taispeántar thíos na méaduithe fíora ar bhreisluach agus táirgiúlacht maraon le hathruithe i bhfostaíocht:


TÁBLA 4


Rátaí fáis de réir chéatadáin, de Bhreisluach, Táirgiúlacht agus Fostaíocht


Tréimhse

Breisluach Fíor37

Táirgiúlacht Fíor38

Fostaíocht

1975/76

5.9%

3.2%

2.6%

1976/77

-2.2%

-5.9%

3.9%

1977/78

9.9%

3.6%

6.1%

1975/78

13.8%

0.6%

13.1%

Cé go dtuigeann an Comhchoiste a dheacra atá sé tomhais tháirgiúlachta a ríomh, is mór aige, mar sin féin, na leibhéil táirgiúlachta atá sroichte ag Aer Rianta agus molann sé go ndéanfaí amach rialacha táirgiúlachta lena bhféadfaí oibriú chun faireachas feadh tréimhsí a dhéanamh ar thorthaí oibre na Cuideachta.


33. Ó 1969 tá Aer Rianta freagrach i mbainistíocht aerfort Chorcaí agus na Sionainne chomh maith leis an aerfort i mBaile Atha Cliath. Is den dea-bhainistíocht go seolfaí gach aerfort acu sa tslí go ndéanfaí brabús. Déantar brabús in Aerfort Bhaile Átha Cliath ó gnóthaíodh barrachas £8.60 milliún sa tréimhse 1975-78. Creideann an Comhchoiste gur cheart go mba róleor tréimhse 10 mbliana chun brabús a bhaint amach in aerfort nua mar Chorcaigh. I rith na tréimhse ceithre bliana 1975-78 cailleadh £1.18 milliún in Aerfort Chorcaí. Glacann an Comhchoiste leis, áfach, go bhfuil dálaí ag baint le hoibriú an aerfoirt sin a thugann nach féidir, geall leis, brabúis a thuilleamh as an méid paisinéirí atá ag gabháil tríd faoi láthair. Tá costas ard ag gabháil le hAerfort Chorcaí a choinneáil ar chaighdeán idirnáisiúnta agus tá an pointe cothroim comhréire ard freisin. Mura mbeidh méadú mór ar an líon paisinéirí agus ar an méid lasta a ghabhann tríd, beifear ag cailliúint airgid in Aerfort Chorcaí. Glacann an Comhchoiste leis go bhfuil Aer Rianta ag cur chuige i gceart ag iarraidh feabhas a thabhairt ar thoradh gnó Aerfort Chorcaí.39 Maidir le hAerfort na Sionainne, tá deacracht shonrach le hionramháil ag an gCuideachta. Le blianta beaga anuas tá Aerfort na Sionainne ag brath go formhór ar thrácht idirthurais agus bíonn sé fíordheacair tomhas roimh ré a dhéanamh ar thrácht mar sin. Mar sin féin bíonn barrachas le taispeáint go rialta ag Aerfort na Sionainne ar a cuid oibríochtaí go léir. I rith na tréimhse 1975-78 bhain Aerfort na Sionainne £4.07 milliún de bharrachas amach ar a gníomhaíochtaí uile. Arís, aithníonn an Comhchoiste na deacrachtaí a bhíonn le hionramháil ag Aer Rianta ag seoladh aerfoirt di a bhíonn ag brath ar thrácht idirthurais agus is maith leis na bearta a thionscain an Chuideachta chun rudaí a chur ina gceart.40 Tá barúil an Chomhchoiste ar thras-fóirdheontasú luaite cheana i mír 24.


4.3 Oibríochtaí Tráchta

34. Óna phríomh-fheidhm, is é sin, ó chóiríocht a sholáthar do thuirlingt agus d’eitilt aerárthaí agus ó phaisinéirí agus lasta a ionramháil ar an talamh a fhaigheann Aer Rianta tuairim 36 faoin gcéad dá ioncam. Mar gheall ar nós seanbhunaithe, tá roinnt bunseirbhísí aerfoirt, mar atá aerárthaí a ionramháil ar an talamh, á soláthar i gcónaí ag Aer Lingus.


Bíonn roinnt seirbhísí á soláthar sna haerfoirt ag an Roinn Turasóireachta agus Iompair. Tá 531 ar fad d’fhoireann na Roinne ag gabháil do sholáthar na seirbhísí sin. Tá eolas i dTábla 5 ar an méid foirne a bhíonn ag gabháil do gach ceann de na seirbhísí sin i ngach aerfort.


TÁBLA 5


An Roinn Turasóireachta agus Iompair


An Líon Foirne atá fostaithe i Aerfoirt Aer Rianta


Seirbhís

Baile Átha Cliath

Corcaigh

Sionainn

Iomlán

Rialú Aerthráchta

81

24

129

234

Cumarsáidí Eitlíochta agus Muirí

26

10

16

52

Seirbhís Oibríochtaí Teicniúla Eitlíochta

34

19

86

139

Seirbhísí Meitéareolaíochta

40

18

48

106

Iomlán

181

71

279

531

Foinse: An Roinn Turasóireachta agus Iompair.


Dála aerfoirt eile chonaic an chuideachta laghdú ar thábhacht choibhneasach a príomh-fheidhme i ndáil leis an méid ioncaim a gnóthaíodh. Tá barrachais ar oibríochtaí tráchta in Aerfort Bhaile Atha Cliath bíogúil go maith le blianta beaga anuas ach tá siad laghdaithe amach is amach i gCorcaigh agus sa tSionainn. Tá na caillteanais i gCorcaigh ag méadú ó 1975 agus tá caillteanas á thuar d’oibríochtaí tráchta sa tSionainn do 1979:


TÁBLA 6


Barrachais ar Oibríochtaí Tráchta


Aerfort

1975

1976

1977

1978

1979


(Buiséad)

 

£ milliún

Baile Átha Cliath

1.13

1.43

1.78

2.03

2.36

Sionainn

0.19

0.40

0.61

0.31

(0.04)

Corcaigh41

(0.21)

(0.35)

(0.40)

(0.48)

(0.60)

Iomlán

1.11

1.48

1.99

1.86

1.72

Ag féachaint do na caillteanais atá ag tarlú an t-am go léir i gCorcaigh agus go bhféadfaí a thuilleadh a chailliúint sa tSionainn is ábhar imní don Chomhchoiste an éifeacht ba dhóigh a bheadh ag na cúrsaí sin ar bharrachais oibríochtaí tráchta go huile agus ar riachtanais infheistíochta na Cuideachta san am le teacht. Abair is gur oibríochtaí tráchta is príomh-fheidhm don Chuideachta, fáiltíonn an Comhchoiste roimh na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Aer Rianta chun na deacrachtí i gCorcaigh agus sa tSionainn a shárú ach molann sé i bhfianaise na dtuairimí atá luaite cheana maidir le tras-fhoirdheontasú go mb’fhéídir gur ghá beartais phraghsála na Cuideachta a athbhreithniú.


35. I mír 32 rinneamar scrúdú féachaint cén imeacht a bhí faoin méid oibre a rinne fostaithe Aer Rianta uile ar ghníomhaíochtaí gnó agus ar oibríochtaí tráchta. Ní theastaíonn uainn anseo ach scrúdú a dhéanamh ar tháirgiúlacht maidir le foireann oibríochtaí tráchta amháin. Chuige sin, folaíonn foireann oibríochtaí tráchta foireann bainistíochta aerfoirt, foireann póilíní agus seirbhíse tine, foireann ghlantóireachta agus foireann innealtóireachta agus chothabhála. Ní áirítear foireann ceannoifige ná foireann a bhaineann le gníomhaíochtaí gnó. I rith na tréimhse 1975-78 tháinig 58 n-aonad de laghdú, ó 4845 go dtí 4787. ar aonaid saotharlóid an fostaí oibríochtaí tráchta. Bíonn 1.18 oiread mheán Aer Rianta d’obair á dhéanamh i mBaile Átha Cliath arna tomhas le AS an fostaí a bhíonn fostaithe go díreach i bpríomh-fheidhm an aerfoirt. 0.72 agus 0.80 an cóimheas comhréire do Chorcaigh agus don tSionainn, faoi seach.


TÁBLA 7


Aonaid Saotharlóid—Oibríochtaí Tráchta, 1978


 

Baile


Átha


Cliath

Corcaigh

An tSionainn

Iomlán

 

(’000)

 

 

AS an Fostaí in Oibríochtaí Tráchta

5.63

3.46

3.84

4.79

I ndáil leis an ngá atá le ceartú a thabhairt ar na treoghluaiseachtaí táirgiúlachta ina chuid oibríochtaí tráchta thug an Comhchoiste dá aire na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh i gcónaí ag Aer Rianta chun aerlínte breise a tharraingt chun na tíre.41 Dá ndéantaí tréan-iarracht mhargaíochta d’fhonn aerlínte nua a tharraingt go Corcaigh agus breis trácht idirthurais a tharraingt chun na Sionainne is é an dóigh go réiteofaí go leor de na fadhbanna acmhainneachta a bhfuil na haerfoirt sin ag bruic leo, dá bhféadfaí clár uileghabhálach a fhorbairt lena mbeadh glacadh ag na haerlínte agus Aer Rianta. San am céanna tuigtear má bhíonn úsáid sa bhreis á bhaint as aerfoirt ag trácht chairte agus idirthurais go bhféadfadh caolscrog tarlú go háirithe ag ionramháil aerárthaí agus paisinéirí ar talamh.43 B’fhéidir go mba bhuntáiste do thaistealaithe “saortháillí” a thabhairt isteach, ach toisc gur fearr leis na hoibritheoirí sin eitilt go dtí príomhchathracha ní dócha go ndéanfadh rud nua dá leithéid mórán tairbhe d’Aerfoirt Chorcaí nó na Sionainne.44


4.4 Gníomhaíochtaí Gnó

36. I 1978 shaothraigh Aer Rianta 64 faoin gcéad dá ioncam iomlán ó ghníomhaíochtaí gnó agus is é an dóigh go leanfaidh an cion sin de bheith ag méadú.45 I láthair na huaire tá Aer Rianta ag gabháil do roinnt gníomhaíochtaí gnó mar atá lónadóireacht, siopaí, turasanna agus post-ordúchán agus tá seirbhísí siopadóireachta agus foghabhálacha eile á mbainistí go hindíreach aici trí lamháltais. Is rí-bheag a bhfuil ann de ghnóthais ghnó a fhaigheann formhór a n-ioncam ó ghníomhaíochtaí seachas iad sin is príomh-fheidhm dóibh agus i gcás den sórt sin is é a tharlódh de ghnáth do ndéanfaí an phríomh-fheidhm a athbhreithniú nó a athrú ar fad. I gcás aerfort ní féidir don phríomh-fheidhm athrú ach is cuid riachtanach iad gníomhaíochtaí gnó de aeriompar nua-aoise agus mar sin caithfear iad a dhearadh isteach i ngníomhaíochtaí aerfoirt leis an gcúram céanna agus ghlacfaí le haerchéanna, siúláin bheo, córais faisnéis eitilte agus sain-áiseanna tuirlingte agus ní foláir dóibh a bheith chomh feidhmiúil le gach ceann de na córais sin. Is é barúil an Chomhchoiste gur chóir cúram speisialta a dhéanamh de ghníomhaíochtaí gnó ó tá siad chomh tábhachtach sin ó thaobh ioncaim agus, ón uair gur gníomhaíochtaí iad a thugann deis don taistealaí airgead a chaitheamh más maith leis, ní foláir na hearraí agus na seirbhísí atá á dtairiscint a bheith ar chaighdeán an-ard. I ndáil leis sin is den dea-bhainistíocht féachaint chuige go mbeadh brabús le breith as na gníomhaíochtaí uile faoina urlámh. Mar gheall ar an margadh cuibhrithe bíonn súil le brabús a bhreith as gníomhaíochtaí gnó in aerfoirt. I ndáil leis sin is rí-éagsúil na torthaí atá le feiceáil ar ghnó Aer Rianta sna haerfoirt. In Aerfort Bhaile Átha Cliath amháin atá dea-thoradh seasamhach le sonrú. Tháinig laghdú ar thoradh gnó Aerfort na Sionainne sa tréimhse agus tá súil le caillteanas i 1979 ach tá feabhas tar éis teacht ar bharrachais gnó i gCorcaigh.


TÁBLA 8


Barrachais ar Ghníomhaíochtaí Gnó


Aerfort

1975

1976

1977

1978

1979


(Buiséad)

 

£ milliún

Baile Átha Cliath

0.08

0.18

0.35

1.63

2.15

Corcaigh

0.02

0.03

0.02

0.20

0.24

Sionainn

0.47

1.16

0.91

0.02

(0.23)46

Iomlán

0.57

1.37

1.28

1.85

2.16

37. Tá sé riachtanach saoráid lónadóireachta a bheith in aon aerfort a bhfuil méid réasúnach ann. Ní foláir d’aerfort saoráidí lónadóireachta maithe, ar phraghas réasúnta, a chur ar fáil chun freastal ar thaistealaithe a dteastaíonn rudaí éagsúla uathu. Bíonn daoine ag teacht le chéile in aerfoirt náisiúnta le haghaidh cruinnithe gnó agus bíonn gá le saoráidí lónadóireachta de chaighdeáin éagsúla e.g. beáranna mionbhéilí, bialanna féinseirbhíse agus bialanna le lucht freastail. Ba cheart go gcumhdódh ioncam lónadóireachta costais oibríochta agus costais athionadúcháin chaipitiúla ach ina dhiaidh sin ba cheart an bhéim a leagan ar sheirbhís. Toisc nach mbíonn aon iomaíocht i gcás seirbhísí lónadóireachta in aerfoirt, áfach, ní bhíonn aon chaoi lena cháilíocht a sheiceáil. Ina choinne sin, má bhíonn d’ainm ar shiopaí earraí bronntanais in aerfort go mbaineann siad praghsanna as miosúr amach ceannóidh daoine sa Phríomh-Shráid sula dtiocfaidh siad go dtí an t-aerfort ach i gcás béilí, mionbhéilí agus deochanna, go minic ní bhíonn a mhalairt d’áit ar fáil agus bíonn an taistealaí i ngreim. Tá gníomhaíochtaí lónadóireachta Aer Rianta i mBaile Átha Cliath agus sa tSionainn, gnó atá díreach faoi urlámh na Cuideachta, ag cailliúint airgid le blianta beaga anuas. Tá an Chuideachta faoi láthair ag iarraidh leigheas a fháil ar an gcor sin agus is maith leis an gComhchoiste na bearta nua atá faoi réir do na seirbhísí lónadóireachta sna haerfoirt.47


38. Is é an cineál trácht paisinéirí agus ní hé a mhéid amháin a thugann go n-éireoidh go maith le haerfoirt idirnáisiúnta ó thaobh gnó. As siopaí saor ó dhleacht agus ó cháin a thagann an chuid is mó den ioncam in aerfoirt agus is iad na díolacháin saor ó dhleacht an chuid is brabúsmhaire de na gníomhaíochtaí gnó. Bítear á áiteamh amanna go dtugann an tsaoráid saor ó dhleacht sna haerfoirt laghdú ar an díol a bheadh ar earraí faoi dhleacht i siopaí na Príomh-Shráide agus dá bhrí sin go ndéanann sé dochar d’fháltais an Rialtais. Ní shin í barúil Aer Rianta; creideann sí gur dá rogha féin a dhéanann daoine ceannach mar sin agus nach ndéanann siad aon difear do dhíol sa Phríomh-Shráid. I ndáil leis sin níl Aer Rianta bun os cionn le hoibritheoirí eile sa mhéid go ndéanann sí a lán brabúis ó dhíol saor ó dhleacht.48 Slí eile chun féachaint ar dhíol saor ó dhleacht is ea féachaint ar dhíol den sórt sin mar bhónas agus mar thairbhe a bhíonn á lamháil ag tíortha a bhfuil an taistealaí ag triall orthu: is aisteach an rud gur ó lamháltais chustam tíortha eile a thagann cuid mhór d’ioncam aerfort idirnáisiúnta an domhain.


V FORBAIRTÍ SAN AM LE TEACHT

39. Tá plé déanta cheana féin sna míreanna roimhe seo den tuarascáil seo ar chuid mhaith de na forbairtí is dóigh a bhainfeadh le hAer Rianta. Creideann an Chuideachta gur dócha go dtarlóidh forbairtí san am le teacht faoi cheithre mhírcheann: tuilleadh forbairt ar thrácht aerfoirt, seirbhísí corparáideacha a fheabhsú, gníomhaíochtaí gnó na Cuideachta a neartú, agus an Chuideachta a fhorbairt chun go mbeidh sí ina comhlacht Stát-tionscanta iomlán le stádas airgeadais neamhspleách.


40. Maidir le trácht aerfoirt a fhorbairt, seirbhísí corparáideacha a fheabhsú agus gníomhaíochtaí gnó a neartú, chítear do Aer Rianta gurb é a bheidh in go leor den fhorbairt a dhéanfar amach anseo tuilleadh airgid a chaitheamh le hacmhainní fisiciúla i mBaile Átha Cliath agus plean margaíochta níos fairsinge chun an tSionainn agus Corcaigh a chur ar aghaidh. Tá súil ag an gCuideachta le méadú tábhachtach ar a cuid oibríochtaí tráchta de thoradh fás do theacht ar a trácht idirthurais tríd an tSionainn. Tá pleananna faoi réir cheana féin chun an tSionainn a bhunú mar mhór-aerfort, ina mbeidh paisinéirí idirthurais á n-ionramháil, rud a chuideoidh le táillí seirbhíse aerárthaí agus le díolacháin ó shiopaí na Cuideachta.


41. Maidir le gníomhaíochtaí gnó, tá súil ag an gCuideachta gur ó shiopaí saor ó dhleacht i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh agus ó ghnó post-ordúcháin sa tSionainn a thiocfaidh go leor dá fás san am le teacht.


Dála formhór na n-aerfort, chítear do Aer Rianta gur de thairbhe forbairt a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí gnó a thiocfaidh formhór dá hard-tuillimh ar ball agus d’fhonn an méadú sin a bhaint amach tá an Chuideachta ag cur chun margaíochta le dúthracht. Go leor de na forbairtí sin is cuid iad de phlean corparáideach atá á ullmhú faoi láthair ag an aonad pleanála corparáideach a bunaíodh le déanaí in Aer Rianta. Gníomhaíocht a ghabhann leis sin is ea máistir-phleananna forbartha do na trí aerfort. Is comhchuid riachtanach na doiciméid phleanála sin de cheart-oibriú na Cuideachta agus fáiltíonn an Comhchoiste rompu.


42. Is maith leis an gComhchoiste freisin an bealach margaíochta dearfach atá á ghlacadh ag an gCuideachta chun a cuspóirí a bhaint amach maidir le forbairt tráchta agus fairsingiú ar a gníomhaíochtaí gnó. Is léir, áfach, go mb’fhéidir go gcaithfidh Aer Rianta clár forbartha foirne a bhunú, a gréasán eagraíochta a athrú agus a bunús daonna a neartú i gcoitinne má tá sí lena cuspóirí a bhaint amach. Tá go leor de ghníomhaíochtaí gnó Aer Rianta a mb’fhearr iad a chur faoi aon bhainistíocht amháin ná iad a bheith ina bhfreagracht ar leith de chuid na mbainisteoirí aerfoirt éagsúla.49 Fairis sin is í barúil an Chomhchoiste i bhfianaise na trom-bhéime atá ar mhargaíocht in aighneachtaí na cuideachta, gur chóir dír-fhreagracht a thabhairt don fheidhm sin i leith margaíocht sheirbhísí uile Aer Rianta agus gur chóir seasamh níos treise a bheith aici ná mar a thaispeántar i gcairt eagraíochta na Cuideachta. Beidh gá le scileanna teicniúla agus bainistíocht nua le coinneáil cothrom le forbairtí thar lear. Dá bhrí sin, ní foláir a beartas pearsanra a bheith á athbhreithniú de shíor ag an gCuideachta d’fhonn bealaí a lorg inar féidir dá foireann a gcumas a chur chun feidhme go hiomlán. I ndáil leis sin is maith leis an gComhchoiste cláir oiliúna a bheith curtha ar bun ag an gCuideachta do earnálacha éagsúla foirne. Creideann an Comhchoiste, áfach, go bhfuil forbairt agus athnuachan foirne ag teastáil freisin ar mhaithe le bainisteoirí sinsearacha ionas go bhféadfaidh siad scileanna bainistíochta nua a fhorbairt, bealaí nua a chur chun feidhme agus an Chuideachta a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh.


43. Tá mionscrúdú déanta cheana féin ar cheist Aer Rianta do theacht chun bheith ina cuideachta stát-tionscanta neamhspleách agus tá barúlacha an Chomhchoiste ar an gceist curtha in iúl cheana féin — féach míreanna 22, 23 agus 29. Creideann an Comhchoiste gur cheart d’Aer Rianta leanúint d’oibriú go dlúth leis an Roinn Turasóireachta agus Iompair agus gur cheart ceist an neamhspleáchais a chur siar.


44. Tá aighneachtaí scríofa éagsúla a fuarthas ó Aer Rianta faoi chló i bhFoscríbhinní 1 go 4. Tá aighneachtaí scríofa i dtaobh cúram agus oibríochtaí Aer Lingus faoi chló i bhFoscríbhinní 5 go 9 a fuarthas ó 5 chuideachta aerlíne — Aer Lingus, Aer Canada, British Airways, Swiss Air agus Trans World Airlines.


45. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil leis an Dr. M. Ó Brolcháin, Léachtóir i Margaíocht sa Roinn Riaracháin Gnó, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i dtaobh na cabhrach a thug sé ag céimeanna éagsúla den fhiosrú.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


14 Samhain 1979.


1Féach Foscríbhinn 1.


2Féach Foscribhinn 2.


3Féach Fianaise (Ceisteanna 28 agus 29).


4Féach Fianaise (Ceist 64).


5Féach Fianaise (Ceist 1).


6Féach Fianaise (Ceist 2).


7Féach Foscríbhinní 6 agus 9.


8Féach Foscríbhinn 5.


9Féach Fianaise (Ceisteanna 52 and 53).


10Féach Fianaise (Ceist 63).


11Féach Fianaise (Ceisteanna 2 agus 4).


12Féach Fianaise (Ceist 10).


13Féach Fianaise (Ceisteanna 31 agus 90).


14Féach Fianaise (Ceist 27).


15Féach Fianaise (Ceisteanna 15 agus 16).


16Féach Fianaise (Ceisteanna 24 agus 25).


17Féach Fianaise (Ceisteanna 17 agus 24).


18Féach Fianaise (Ceist 15).


19Féach Foscribhinn 1 agus Fianaise (leathanach 56).


20Féach Foscríbhinn 1.


21Féach Fianaise (Ceisteanna 39 agus 40).


22Féach Fianaise (Ceist 46).


23Féach Fianaise (Ceist 51).


24Féach Fianaise (Ceist 35).


25Féach Foscríbhinn 5.


26Féach Fianaise (Ceisteanna 36 agus 42).


27Féach Fianaise (Ceist 47).


28Féach Fianaise (Ceist 99).


29Féach an Dara Tuarascáil: British and Irish Steam Packet Company Limited, mír 19 leathanach 21


30Feach Fianaise (Ceist 54).


31Glan-bharrachas—barrachas lúide ús agus díluachadh barúlach (arna ríomh ag an Roinn Turasóireachta agus Iompair). Féach rátaí diúltacha an tuairisceáin do 1975 agus 1976.


32Féach Mír 23.


33Féach Fianaise (Ceist 54).


34Féach Foscríbhinn 2.


35Go bunúsach, airbheartaíonn aonad saotharlóid an méid oibre a dhéanann aerfort a thomhas agus ríomhtar é mar a leanas — glactar le gach paisinéir agus a bhagáiste mar aonad saotharlóid phaisinéara; glactar le gach 200 lb. lasta (lucht agus post) mar aonad saotharlóid lasta. Tríd an dá cheann a shuimiú faightear amach cé mhéid aonad saotharlóid ar fad a bhíonn á ionramháil ag an aerfort.


36Úsáideadh an Treoirphraghas do Thomhaltóirí chun na figiúirí ioncaim agus barrachais a dhíbhoilsciú.


37Rinneadh díbhoilsciú ar na figiúirí breisluacha leis an Treoirphraghas do Thomhaltóirí.


38Fuarthas táirgiúlacht tríd an mbreisluach fíor a roinnt ar an méid daoine a bhí fostaithe.


39Féach Fianaise (Ceisteanna 65-69).


40Féach Fianaise (Ceisteanna 53 agus 95).


41Caillteanas ar Chorcaigh, go huile.


42Féach Fianaise (Ceisteanna 67 agus 68).


43Féach Fianaise (Ceisteanna 82 agus 83).


44Féach Fianaise (Ceisteanna 69 agus 70).


45Cé nach comparáid bheacht é, ní miste a shonrú gur ó ghníomhaíochtaí gnó a fuair Údarás Aerfort na Breataine breis agus leath a ioncaim (51 faoin gcéad) agus a bhrabúis go léir i 1977/78 (Arna ríomh ó thorthaí airgeadais BAA 1977/78 a raibh tuairisc orthu in alt “Present Profits, Future Uncertainties”, Airports International, Lúnasa/Meán Fómhair 1978, lch. 24).


46Caillteanas.


47Féach Fianaise (Ceisteanna 78 agus 79).


48Féach Fianaise (Ceist 48).


49Féach an Chairt Eagraíochta i bhFoscríbhinn 1.