Committee Reports::Report No. 05 - Ceimicí Teoranta::10 October, 1979::Report

AN CÚIGIÚ TUARASCÁIL

CEIMICÍ TEORANTA

1 RÉAMHRÁ

1. Leis an Acht Alcóil Cheardais, 1938, rinneadh socrú chun cuideachta a bhúnú ar ar tugadh Monarchana Alcóil na hÉireann Teoranta, chun alcól tionscail a mhonarú. Rinneadh socrú san Acht go ndéanfadh an tAire Airgeadais eisiúint scaireanna sa chomhlacht a fháil nó a fhrithghealladh suas to dtí uasmhéid £500,000. Rinneadh socrú leis an Acht sin freisin go gcaithfeadh na cuideachtaí imdhála peitril a bhí ag gníomhú sa Stát dáiltí d’alcól tionscail a ghlacadh ón gcuideachta alcóil i gcionúireacht leis na cainníochtaí peitril a d’imréitigh siad trí na húdaráis Custam nó Máil ó am go ham, ar phraghas a bheadh le socrú ag an Aire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais.


2. Leis an Acht Alcóil Cheardais (Leasú) 1947, d’athraíodh ainm na cuideachta go dtí Ceimicí Teoranta agus leathnaíodh cuspóirí na Cuideachta chun go bhféadfadh sí, faoi cheadúnas Aire, aon táirge cheimiceach a mhonarú nach raibh á mhonarú ag gnóthais phríobháideacha sa tír. Rinneadh socrú leis an Acht go bhféadfaí le ceadúnas srian a chur le hallmhairiú aon táirgí ceimiceacha de shórt a fhéadfadh an mhonarcha a dhéanamh.


3. Tá scairchaipiteal na conartha gan athrú ó 1938 ar shuim £495,767. Is é an tAire Airgeadais a shuibscríobh é go léir; aigesean atá an chumhacht chun stiúrthóirí a cheapadh agus is é a líon sin faoi láthair seachtar. Féadfaidh an tAire Airgeadais freisin ráthú a thabhairt i leith aon bhintiúirí a eiseoidh an Chuideachta, agus féadfaidh sé a cheangal go dtarraingeofar suas cuntais na Cuideachta i cibé slí a iarrfaidh sé.


4. Nuair a bunaíodh an Chuideachta ar tús, ba é an stocábhar chun alcól tionscail a tháirgeadh prátaí; bhí barrachas acu sin i gContaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Muineacháin agus ní fhéadfaí margadh a fháil dóibh i Leithinis Chuailgne i gContae Lú mar gheall ar an ngearb. Dá réir sin, bunaíodh cúig dhrioglann, dhá cheann i gContae Dhún na nGall, i gCarn Domhnach agus i Leaba Dís, ceann i gCuailgne, ceann i gCorr Ráithe i gContae Mhaigh Eo agus ceann i gCarraig Mhachaire Rois i gContae Mhuineacháin. Le himeacht na mblianta, de dhroim athruithe ar ghníomhaíochtaí na Cuideachta agus ar sholáthar an stocábhair bhunaidh níl ach dhá dhrioglann fágtha, ceann i gCuailgne agus ceann i gCarn Domhnach. Tá gléasra chun glúcós a dhéanamh curtha suas i gCorr Ráithe. Cuireadh gléasra chun stáirse prátaí a mhonarú isteach i Leaba Dís ach tá sé díomhaoin anois; agus cuireadh de láimh an drioglann i gCarraig Mhacaire Rois.


5. Is é atá ar siúl ag an gCuideachta faoi láthair alcól a dhriogadh sa dá dhrioglann atá aici i gCuailgne agus i gCarn Domhnach agus glúcós a mhonarú i gCorr Ráithe. Tuairim 1970 thosaigh an Chuideachta ar alcól inóil a tháirgeadh lena dhíol le cuideachtaí sa ghnó deochanna alcólacha nach raibh fearas driogtha dá gcuid féin acu, agus i láthair na huaire is alcól inóil breis agus a leath de bhun-táirgeacht alcóil na Cuideachta.


6. Tá 141 de líon fostaithe ag an gCuideachta faoi láthair, agus is fir a bhformhór; tá 50 i gCorr Ráithe, 33 i gCarn Domhnach, 33 i gCuailgne, 2 i Leaba Dís agus 23 i gceanncheathrú na Cuideachta i mBaile Atha Cliath. Is í is mó a thugann fostaíocht i limistéir Chuailgne agus Charn Domhnach mar a bhfuil an dá dhrioglann atá fágtha.


II AIRGEADAS

7. Is iomaí cor a bhain do bhrabúsmhaireacht na Cuideachta. Sna cúig bliana dar críoch 31 Nollaig 1978 tabhaíodh £121,693 de chaillteanas ar fad, tar éis cáin a asbhaint. Níor íocadh díbhinn leis an Státchiste ach i gceann amháin de na blianta sin. Is é ba chúis leis an gcaillteanas cuig bliana easnamh £525,792 a tharla sa bhliain go dtí 31 Nollaig 1977, suim ab ionann agus 12.1% de luach na dtáirgí de gach cineál a dhíol an Chuideachta sa bhliain sin. Ábhar imní ró-mhór ab ea an cor sin go speisialta nuair atá margadh cinnte ag an gCuideachta do cheann dá tháirgí (alcól tionscail) a ndéanann an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh an praghas ina leith a shocrú.


8. Deir an Chuideachta gur ar thaobh an ghlúcóis den ghnó, atá ar siúl i gCorr Ráithe, a tharla an caillteanas sin go formhór agus gur tharla sé go háirithe toisc nach raibh ar a chumas, faoin socrú rialaithe praghais a bhí aige an tráth sin leis an gComisiún Náisiúnta Praghsanna, méaduithe a tharla i gcostais a chuid amh-ábhair, stáirse grán buí, a ghnóthú tapaidh go leor. Cé gur thaispeáin Cuntas Sochair agus Dochair na Cuideachta feabhas ionas gur gnóthaíodh £150,756 de bhrabús trádála ar fad sa bhliain go dtí an 31 Nollaig 1978, bhain £83,801 de chaillteanas trádála fós arís dá hoibríochtaí glúcóis.


9. Fillfidh an Comhchoiste ar oibríochtaí glúcóis na Cuideachta amach sa tuarascáil seo, ach ní foláir dó a chur in iúl anseo gur doiligh leis a thuiscint conas a ligeadh don chóras praghsála, a bhí bunaithe ar chonarthaí tul-díola, leanúint de bheith ina trúig le mórshuimeanna a chailliúint feadh tréimhse fhada. Dúirt Cathaoirleach na Cuideachta ina chuid fianaise mar gheall ar an gcóras praghsála sin, “Is dóigh gur cheart deireadh a bheith curtha leo tuairim 1974 mar, nuair a thosaigh boilsciú ag déanamh droch-mhísc, tharlaíodh arduithe praghais geall leis in aghaidh na míosa. Níor fhéadamar arduithe praghais a ghnóthú go dtí an bhliain ina dhiaidh sin”.1 Thug Ceimicí tuairisc don Choiste gur ceadaíodh nósanna imeachta athbhreithnithe le haghaidh rialú praghsanna glúcóis i lár 1979 agus nach bhfuil bac ar an gCoiste anois praghas eacnamúil a bhaint amach ar ghlúcós más féidir leis an margadh é a sheasamh.2 B’ábhar sásaimh don Choiste aireachtáil i dtaobh an athraithe sin, ach is é fírinne an scéil, agus tá na caillteanais airgeadais ina bhfianaise leis, gur lean an Chuideachta de bheartas díola glúcóis ar thul-chonarthaí ar phraghas cinnte, dealraíonn sé, ar feadh tréimhse blianta (nach bhféadfaí ar a feadh a rá roimh ré cén praghas margaidh a bheadh ar stáirse min bhuí mar gheall ar bhoilsciú).


10. Shonraigh an Comhchoiste freisin go bhfuil nóta i ndeimhníocht an iniúchóra ar chuntais 1978 á rá gur faoin gcoinbhinsiún costais stairiúil a ullmhaíodh iad sin. Tuigeann sé go bhfuil sé sin tagtha chun bheith ina chineál cleachtadh caighdeánach agus go ndéantar cuntais go leor cuideachtaí eile, poiblí agus príobháideach, a ullmhú sa tslí chéanna, ach cuireann sé i láthair an cheist, an ndearnadh, nuair a bhí an figiúr sochair agus dochair á shonrú, an ndearnadh leor-mhuirir díluachála lena chumasú don Chuideachta a cuid sócmhainní a chonneáil ag a leibhéal láithreach. Molann an Comhchoiste gur cheart don Chuideachta féachaint an bhféadfaí na leibhéil díluachála a úsáidtear ina cuid cuntas a mhéadú os cionn na leibhéal a ríomhtar faoi threoir costas stairiúil na sócmhainní.


III ALCÓL

11. Mínítear alcól tionscail in Acht 1938 mar alcól eitileach, cibé acu atá nó nach bhfuil sé dínádúraithe, a driogadh nó a ceartaíodh go dtí neart nach lú ná daichead grád os cionn profa trí phróis seachas an phróis pota-stile. Meastar gur glacadh leis an míniú sin ag an am sin d’fhonn nach mbeadh ar na driogairí fuisce a bhí ann ceadúnas monaraithe faoin Acht a iarraidh. Is é a tharla gurb shin é an t-ainm a thugtar de ghnáth ar an mBiotáille Mheitileach Cumachta a tháirgeann an chuideachta lena mheascadh ar pheitreal, agus ar mhaithe le caothúlacht sin í an bhrí a thabharfar don téarma “alcól tionscail” sa tuarascáil seo. Díolann an Chuideachta alcól freisin mar bhun le haghaidh deochanna alcólacha, agus tagrófar dó sin sa tuarascáil seo mar alcól inóil. Tá an Chuideachta tar éis moladh a chur faoi bhráid na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh go ndéanfaí athrú i Meabhrán Comhlachais na Cuideachta, is é sin, an téarma “industrial alcohol” a athrú go dtí “alcohols”.3 Dealraíonn sé nár mhór gheall air sin Acht 1938 a leasú. toisc gur uaidh a dhíorthaíonn an Meabhrán Comhlachais.


IV ALCÓL TIONSCAIL

12. Mar a dúradh níos luaithe, ar thosú di, d’úsáideadh an Chuideachta prátaí mar stocábhar chun alcól tionscail a tháirgeadh. Cé go raibh an barrachas prátaí ina chúis shuntasach le tionscal alcóil a chur ar bun, ba é an príomh-rud a spreag é forbairt na tionsclaíochta. Ba léir, de thoradh laghdú do theacht ar an soláthar prátaí agus gur éirigh sé deacair conarthaí a dhéanamh le haghaidh prátaí de chineál oiriúnach, ba léir go gcaithfí an t-amh-ábhar a athrú. Faoi láthair, allmhairítear molás ón iasacht chun alcól tionscail agus alcól inóil ar aon a tháirgeadh. Tá an dá dhrioglann atá ar bun inniu ag obair feadh daichead bliain beagnach agus dhealródh sé nach bhfuil ach athrú suntasach amháin déanta orthu, is é sin, aonad nua do tháirgeadh alcól inóil a cuireadh isteach i ndrioglann Chuailgne i 1977.4


13. Tá rialú á dhéanamh i gcónaí faoi fhorálacha Acht 1938 ar dhíol alcóil inóil leis na cuideachtaí imdhála peitril. Ní foláir do na cuideachtaí peitril a chur in iúl do Cheimicí Teoranta cé mhéid peitril a d’imréitigh siad chun críocha dleachta, agus leithroinnt alcóil thionscail a ghlacadh ó Cheimicí Teoranta i gcionúireacht leis na cainníochtaí peitril a imréitíodh amhlaidh. Dá bhrí sin tá margadh ann a chaitheann glacadh le táirgeacht alcóil thionscail Cheimicí agus níl fiafraí ar bith i dtaobh an chleachtais sin déanta ag Coimisiún na hEorpa faoi aon rialacháin Chómhargaidh, cé go ndealraíonn go raibh amhras ar chathaoirleach na Cuideachta san fhianaise a thug sé don Chomhchoiste go bhféadfaí seasamh ar na forálacha reachtaíochta sin dá gcuirtí ina gcoinne.5


14. Tugtar cumhacht le reachtaíocht don Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh chun an praghas a shocrú, le comhaontú an Aire Airgeadais, a bheidh le híoc ag na cuideachtaí peitril. Cé go mb’fhéidir athrú do theacht ó am go ham ar an bpraghas a íocann an Chuideachta ar mholás, táthar ag súil leis go mbeidh brabús le sonrú ar an gcuid sin de ghnó na Cuideachta.


15. Níl ach codán fíorbheag, gar do 3%, d’alcól tionscail á dhíol leis na cuideachtaí peitril d’iomlán an pheitril a dhíoltar. Níl tábhacht rómhór leis an méid sin faoi láthair mar chuidiú le fadhb an fhuinnimh a réiteach, agus tá praghas an alcóil sin níos daoire go suntasach ná praghas an pheitril. Fillfidh an Comhchoiste ar an gceist sin níos déanaí sa tuarascáil nuair a bheidh cuspóirí na Cuideachta san am le teacht á mbreithniú.


V ALCÓL INÓIL

16. An t-alcól inóil a tháirgeann Ceimicí Teoranta díoltar é le monaróirí biotáille áirithe agus lena úsáid i ndéanamh fínéagair agus roinnt cógaisí. Tá fás mear tagtha ar an gcuid sin de ghnó na Cuideachta agus deirtear gur tharla sé mar gheall ar an díol maith a bhíonn ar licéir áirithe a n-úsáidtear alcól na Cuideachta á dhéanamh. Is alcól inóil a dhéanann suas tuairim 38% anois den méid iomlán alcóil a dhíolann an Chuideachta.


17. Ní hionann agus an t-alcól tionscail a dhíolann an Chuideachta agus a bhfuil oibleagáid ar na cuideachtaí peitril é a cheannach, caitear alcól inóil a dhíol ar mhargadh iomaíochta. Tá poiblíocht tugtha cheana féin do chuideachta phríobháideach in Éirinn (Carbery Milk Products Ltd.) a bhfuil oiread alcóil á tháirgeadh aici agus tá ag Ceimicí Teoranta. Is suntasach an ní é go mbaineann an chuideachta phríobháideach úsáid mar bhun alcóil as ábhar a sholáthraítear di mar sheachtháirge óna cuid oibríochtaí eile. Ar mholás allmhairithe a bhíonn Ceimicí Teoranta ag saothrú mar stocábhar agus ní foláir bheith ag staidéar i gcónaí féachaint conas a bhuanófar cumas marthana na coda sin de ghnó na Cuideachta.


VI GLÚCÓS

18. Tá cumas táirgeachta 14/16,000 tonna sa bhliain faoi láthair ag an ngléasra glúcóis atá á oibriú ag Ceimicí Teoranta i gCorr Ráithe. Mar a sonraíodh níos luaithe, sa chaibidil a bhaineann le hairgeadas na Cuideachta, tá airgead á chailliúint le blianta beaga anuas ar oibríocht an ghlúcóis. Cuirtear a mhilleán sin go páirteach ar sheandacht agus neamhdhóthanacht an trealaimh mhonarcha a ceannaíodh cúig bliana fichead ó shin, agus i láthair na huaire tá deisiú á dhéanamh ar an trealamh sin ar chostas £1.3 milliún a bhfuil £455,000 de á thabhairt mar dheontas ag an Údarás Forbartha Tionscail.


19. Tá súil ag an gCuideachta go dtabharfaidh caitheamh an airgid sin ar athnuachan an ghléasra ghlúcóis feabhas an-mhór ar na costais ionramhála agus athrúcháin laistigh den ghléasra agus go laghdóidh siad an costas fuinnimh.6 Mhéadófaí cumas táirgeachta go dtí 17,500 tonna láithreach, agus táthar ag súil leis go bhféadfaí an táirgeacht a mhéadú go dtí 25,000 tonna leis an athrú sa chóras uain-oibre atá á réiteach leis na ceardchumainn.7


20. Is iad a cheannaíonn glúcós monaróirí milseán, brioscaí, guma coganta, etc., agus d’ainneoin na ndeacrachtaí atá ag tarlú do chuid de na ceannaitheoirí sin mar gheall ar bhreis dá gcineál sin táirgí a bheith á n-allmhairiú, tá dóchas i gcónaí ag Ceimicí Teoranta go leanfaidh an margadh glúcóis ag forbairt san am le teacht de réir an ráta fáis 8-11% a bhí á thaispeáint aige san am atá caite.8 Maidir le honnmhairí, dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Cheimicí linn: “I láthair na huaire soláthraímid 30% den mhargadh glúcóis i dTuaisceart Éireann”.9 Tuigtear don Choiste nach bhfuil ach tuairim 300 tona sa bhliain á n-allmhairiú ag an gCuideachta go dtí Tuaisceart Éireann.


21. Is é an t-amh-ábhar a úsáideann an Chuideachta chun glúcós a tháirgeadh stáirse min bhuí agus allmhairítear é sin. Stáirse phrátaí a úsáideadh ar tús ach, mar a sonraíodh cheana, dúnadh an gléasra stáirse prátaí i Leaba Dís (Co. Dún na nGall) i 1971 d’uireasa amh-ábhar agus tá sé díomhaoin. Airítear gurb ionann costas an stáirse min bhuí a úsáideann an Chuideachta agus 75% de luach díola an ghlúcóis a tháirgtear. Is rí-chaol an corrlach a fhágann sé sin chun costais oibríochta a chumhdach agus brabús a dhéanamh agus léiríonn sé na scileanna ceannaíochta nach foláir don Chuideachta a chleachtadh ag ceannach stáirse di. Méadú ar an deacracht go mbíonn iomaitheoirí na Cuideachta ó thíortha eile CEE ag táirgeadh an stáirse ón min bhuí agus an ghlúcois ón stáirse, agus is follas go bhfuil deiseanna acu na costais ar na hoibríochtaí éagsúla a mheá ar mhaithe lena mbuntáiste féin. Toisc gur earra talmhaíochta an bun-earra, min bhuí, tagann oibriú na SCA i gceist. Ba cheart go mbeadh d’éifeacht leis sin costas an ghlúcóis ar bhun stáirse mhin bhuí a bhíonn sa trádáil, abair, idir Éire agus An Bhreatain a chothromú idir an dá thír. Ní deimhin don Chuideachta gur mar sin atá dáiríre agus braitheann sé go bhfuil iarracht éigin d’fhóirdheontas á thabhairt mar chuidiú leis an nglúcós Breataineach a bhíonn á allmhairiú, ach d’fhéadfadh gan amhras gurb é chúis atá le haon sochar a fhaigheann an táirgeoir Breataineach an fíor-bhuntáiste gnó a bhaineann le glúcós a mhonarú ón mbonn suas, in ionad bheith ag braith mar a bhíonn Ceimicí ar ábhar leathmhonaraithe ardchostais.10


VII PLEANANNA FORBARTHA LÁITHREACHA

22. I láthair na huaire tá an Chuideachta ag gabháil don scéim, atá luaite cheana, chun an gléasra glúcóis i gCorr Ráithe a athchóiriú ar chostas measta £1.3 milliún. Lasmuigh den deontas ceadaithe £455,000 ón Údarás Forbartha Tionscail, theastódh ón gCuideachta an t-iarmhéid £845,000 a chruinniú ar mhodh iasachtaí nó creidmheasanna. Cuirfidh sé sin muirear maith mór úis ar acmhainní na Cuideachta. I ndeireadh 1977, b’ionann agus £645,001 rótharraingt bainc agus iasachtaí gearrthéarma na Cuideachta, agus cé go rabhadar sin laghdaithe go dtí £356,339 faoi dheireadh 1978, b’ard fós iad mar fhigiúirí iasachta. Ní bhaineann an figiúr infheistíochta nua ach amháin leis an monarcha glúcóis. Deir an Chuideachta gur gá an dá dhrioglann a nuachóiriú agus a ath-threalamhú freisin mar bheart láithreach.11 Is léir, má chaitear sin a dhéanamh i dteannta an chaiteachais nua i gCorr Ráithe, nár mhór athleagan a chur ar eagar airgeadais na Cuideachta agus ba ghá reachtaíocht chuige sin.


23. San am atá caite rinne Ceimicí Teoranta fiosruithe féachaint an bhféadfaí dul i gcomhar le comhpháirtí lasmuigh chun stáirse min bhuí a dhéanamh anseo. Fionnadh nárbh indéanta sin mar gheall ar a laghad ba ghá faoi chomhair mhargadh na hÉireann, agus toisc go mbeadh onnmhairí ag dul san iomaíocht le hacmhainn iomarcach san Eoraip. Bhí sí ag breithniú freisin féachaint an bhféadfaí teacht ar earra éigin eile in ionad stáirse min bhuí mar amh-ábhar chun glúcós a tháirgeadh. Bheadh an iomad costais ag baint le dul ar ais ar stáirse phrátaí. Ach tá an Chuideachta á coinneáil féin ar an eolas faoin úsáid a bhaintear in áiteanna eile as stáirse cruithneachta chun glúcós a dhéanamh, agus tá fós coinsíneacht stáirse cruithneachta próiseáilte aici féin trína gléasra i gCorr Ráithe.12 Is deas an smaoineamh stáirse a úsáid atá bunaithe ar ghránach is féidir a chur in Éirinn, ach dúisíonn sé an cheist i dtaobh tíobhais eacnamaíochta a leithéid de phlanda mar gheall ar na cúiseanna atá luaite cheana i dtaobh an fhiontair stáirse min bhuí atá beartaithe. Is dóigh leis an gComhchoiste, cé go mb’fhéidir go dtiocfadh den athchóiriú láithreach ar ghléasra Chorr Ráithe go bhféadfaí an táirgeacht a mhéadú ionas go bhféadfaí an caillteanas a bhí ag tarlú le déanaí ar tháirgeacht ghlúcóis a chur ar neamhní nó, ar aon chor, é a laghdú, is dóigh leis go bhfuil an corrlach luacha a chuirtear leis an amh-ábhar chomh caol sin go bhfágann sé an oibríocht i gcónaí sa riocht go mbainfeadh contúirt di, agus gan athrú bunúsach a dhéanamh ar na próiseanna monaraíochta, nach dtugann táirgeacht ghlúcóis na Cuideachta aon deimhin go mbeadh brabús leanúnach le fáil ar an airgead a cuireadh isteach ann.


24. Ó thaobh an alcóil de, níl de phleananna láithreacha ag an gCuideachta ach iad sin a bhaineann leis an trealamh a fheabhsú i ndrioglanna Chuailgne agus Charn Domhnach. Tuigeann an Chuideachta a riachtanaí atá sé an táirgeacht mhéadaithe alcóil inóil atá á sholáthar aige a chur ar bhail feabhais níos fearr agus in oiriúint do riachtanais na gcustaiméirí atá ann cheana agus a d’fhéadfadh teacht. Ionann agus i gcás an ghléasra ghlúcóis, táthar ag smaoineamh ar choigeartú a dhéanamh ar an gcóras uain-oibre. Maidir leis an fhadhb i dtaobh amh-ábhar dúchais a fháil do tháirgeadh alcóil, lena n-áirítear an t-alcól a úsáidtear chun meascadh ar pheitreal, tá baint aige sin le forbairt fuinnimh san fhadtéarma agus tá trácht air ina dhiaidh seo.


VIII FORBAIRTÍ FADTÉARMA

(a) Ceimiceáin a Mhonarú

25. Rinne an tAcht Alcóil Cheardais (Leasú), 1947, leathnú ar chuspóirí Cheimicí Teoranta ionas go n-áireofaí orthu fiosrú féachaint an bhféadfaí aon substaint cheimiceach a mhonarú, agus táirgeadh aon cheimiceáin a ghabháil de láimh, faoi cheadúnas, nach raibh á monarú sa Stát ar mórchóir ag gnóthais phríobháideacha. Thug an tAcht cumhacht don Rialtas srian a chur le hallmhairiú táirgí ceimiceacha de chineál a d’fhéadfadh an Chuideachta a dhéanamh, ach ní dóigh go bhféadfaí srianadh mar sin a choinneáil ar bun anois ag féachaint dár n-oibleagáidí faoi Chonradh na Róimhe.


26. Ní féidir a rá, le linn na bhfórálacha sin a bheith i bhfeidhm, gur tháinig an Chuideachta chun tosaigh do thionscnamh aon fhorbairt cheimiceach nua sa Stát. Is cóir a chur in iúl, áfach, nach ndearna Acht 1947 scairchaipiteal na Cuideachta a mhéadú i slí ar bith ná airgead a sholáthar ar aon bhealach eile don taighde agus don triailíocht ba ghá má bhí an Chuideachta lena cúram nua a chur i ngníomh. Sna blianta ó ritheadh an tAcht, bunaíodh comhlachtaí náisiúnta eile le haghaidh taighde agus chun bearta tionscail a chur ar aghaidh, agus bunaíodh go leor gnóthas sa réimse cheimiceach anseo.


27. Mar sin féin, is cuspóir reachtúil de chuid na Cuideachta forbairt a dhéanamh i réimse na dtáirgí ceimiceacha. Bhí sé ag díriú aird ar na dóigheanna a bhí le mín-cheimiceáin a tháirgeadh le haghaidh tionscail cosúil leis an tionscal cógaisíochta.13 Chítear don Chomhchoiste nach mór don Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh cúram a ghlacadh d’fhonn is nach mbeadh comhlachtaí éagsúla atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha ag dul isteach thar teorainneacha a chéile sa réimse sin.


(b) Alcól

28. Ar leith ó mholtaí láithreacha chun an dá dhrioglann atá ann a nuachóiriú, tá Ceimicí Teoranta ag breithniú mar bheart fadtéarma féachaint an bhféadfaí breis alcól tionscail agus alcól inóil ar aon a tháirgeadh agus chuige sin úsáid a bhaint as amh-ábhair dhúchais.14 Mar a dúradh níos luaithe sa Tuarascáil seo, tá gnóthas príobháideach sa Stát ag táirgeadh alcóil cheana féin ó sheachtháirge dá chuid amh-ábhair talmhaíochta dúchais. Glactar leis go bhféadfaí i bhfad níos mó alcóil a úsáid le meascadh ar pheitreal ná mar atá á dhéanamh faoi láthair, sa mhéid a bhaineann le hoiriúnacht d’innill ghluaisteáin faoi láthair—dúirt Ceimicí leis an gCoiste go bhféadfaí go teicniúil an céatadán a ardú ó 0.3%, mar atá faoi láthair, go dtí 10%.15 Ach is ábhar lasmuigh de réim na tuarascála seo feabhas a thabhairt ar fhadhb an fhuinnimh, agus cé go bhfuil cleachtadh fada ag Ceimicí Teoranta ag soláthar alcóil don lucht trádála peitril, is dóigh leis an gComhchoiste gur ábhar é sin nár mhór breathnú níos forleithne a dhéanamh air in ionad é a bheith ina fhorbairt nádúrtha ag Ceimicí Teoranta mar atá sé comhdhéanta faoi láthair.


IX CRÍOCH

29. Is eol don Chomhchoiste an obair mhaith a rinne an Chuideachta sna blianta tosaigh ag baint úsáid as an mbarrachas prátaí lena thiontú go halcól tionscail agus ní foláir dó an Chuideachta a mholadh as na hathruithe a rinne sí nuair nach raibh fáil a thuilleadh ar an stocábhar bunaidh. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú cúramach a dhéanamh ar na trí oibríocht a bhfuil an Chuideachta ag gabháil dóibh anois, mar atá, alcól tionscail, alcól inóil, agus glúcós, agus ar thoradh airgeadais na n-oibríochtaí sin leis na cúig bliana seo caite mar atá taifeach déanta orthu i bhFoscríbhinn 1. Ar na cúiseanna atá leagtha amach sna caibidlí ar leithligh den tuarascáil seo a bhaineann leis na trí earra, is í barúil an Chomhchoiste go bhfuil bonn le hamhras i ngach cás acu i dtaobh cumas marthana na hoibríochta.


Is dóigh leis nár cheart tuilleadh airgid Stáit a chur sa Chuideachta gan athmheas ó bhonn a dhéanamh ar chúram na Cuideachta. Molann an Comhchoiste go ndéanfadh an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh athmheas den sórt sin a ghabháil de láimh go práinneach. Beartaíonn an Comhchoiste breathnú ar an gCuideachta arís faoi cheann an chéad dá mhí dhéag eile.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


10 Deireadh Fómhair 1979


1Féach Fianaise (Ceist 3)


2Féach Fianaise (Ceist 4 go 7)


3Féach Foscríbhinn 2 (Caibidil VI)


4Féach Fianaise (Ceist 101)


5Féach Fianaise (Ceist 115)


6Féach Fianaise (Ceist 67)


7Féach Fianaise (Ceist 69)


8Féach Fianaise (Ceisteanna 32 agus 33)


9Féach Fianaise (Ceist 41)


10Féach Foscríbhinn 2 (Caibidil III); Foscríbhinn 3 agus Fianaise (Ceisteanna 49-53)


11Féach Foscríbhinn 2 (Caibidil IV)


12Féach Fianaise (Ceisteann 60-66)


13Féach Foscríbhinn 2 (Caibidil V) agus Fianaise (Ceisteanna 80-85)


14Féach Foscríbhinn 2 (Caibidil IV) agus Fianaise (Ceisteanna 105-108)


15Féach Fianaise (Ceisteanna 93-94).