Committee Reports::Report No. 04 - Córas Iompar Éireann::10 October, 1979::Report

AN CEATHRÚ TUARASCÁIL

CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN

I RÉAMHRÁ

(a) Cúlra

1. Bhunaigh an tAcht Iompair, 1944, Córas Iompair Éireann (CIÉ) mar phríomhuirlis feidhme ar chóracha iompair phoiblí na hÉireann trí leasanna iarnróid Stáit agus Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath a thabhairt le chéile faoi Bhord amháin.


2. Tá an Bord sin i gceannas anois ar na hiarnróid, ar na busanna i mBaile Átha Cliath agus sna cúigí, ar sheirbhísí lastiompair de bhóthar, ar sheirbhísí fruilithe cóistí, agus turais chóistí, agus ar chanálacha. Tá leas aige freisin i gCuan Ros Láir agus i roinnt tithe ósta. Dá bhrí sin baineann a ghníomhaíochtaí le gach uile chineál cóir iompair phoiblí intíre in Éirinn.


3. Féadfar tábhacht chomparáideach a chuid gníomhaíochtaí a mheas ón gcionúireacht a bhaineann le gach ceann ar leith acu de chaiteachas iomlán CIÉ.


TÁBLA 1


Tábhacht choibhneasach Ghníomhaíochtaí Éagsúla CIÉ


Gníomhaíocht

Céatadán de Chaiteachas Oibre iomlán CIÉ i 1978

Iarnród

...

...

...

...

...

...

43.4

Seirbhísí paisinéirí bóthar Bhaile Átha Cliath

...

...

23.2

Seirbhísí paisinéirí bóthar cúige

...

...

...

17.2

Seirbhísí Turais agus seirbhísí paisinéirí bóthar ar fruiliú

 

príobháideach

...

...

...

...

...

...

2.1

Lastiompar de bhóthar

...

...

...

...

...

8.2

Tithe ósta, pronnlaigh, etc.

...

...

...

...

4.8

Canálacha agus árthaí

...

...

...

...

...

0.7

Gníomhaíochtaí idirnáisiúnta

...

...

...

...

0.4

4. Taispeánann an Tábla gurb iad príomhghnóthaí CIÉ in ord a dtábhachta — an t-iarnród, seirbhísí paisinéirí bóthar Bhaile Átha Cliath, seirbhísí paisinéirí bóthar cúige agus lastiompar de bhóthar. Tá cuid mhaith níos lú tábhacht leis an gcuid eile.


5. Á mheas ar an gcuma sin tá geall leis an tábhacht chéanna i gcónaí leis an iarnród le deich mbliana anuas. Ghabh rud éigin díreach faoi bhun 45% de chaiteachas iomlán CIÉ leis i 1968 agus díreach faoi bhun 43½% i 1978. Ach tá athruithe móra tagtha ar thábhacht an lastiompair de bhóthar agus ar na busanna. D’ísligh seirbhísí lastiompair de bhóthar ó díreach faoi bhun 13% go dtí rud éigin díreach os cionn 8% den chaiteachas iomlán; ach tá cothromú déanta air sin leis an méadú atá tagtha ar bhus-seirbhísí i mBaile Átha Cliath ó 20% go dtí 23%, agus ar bhus-seirbhísí eile ó 15% go dtí 17% den chaiteachas iomlán, feadh na tréimhse céanna.


(b) Dualgas Reachtúil

6. Ón tráth a bunaíodh é leis an Acht Iompair, 1944, tá cumhachtaí agus dualgais CIÉ modhnaithe le hAchtanna Iompair 1950, 1958, 1964 agus 1974. Tá sé faoi réir reachtaíocht is luaithe ná sin, chomh maith, mar shampla, reachtaíocht iarnróid.


7. Is é a phríomh-dhualgas i gcónaí, mar a mhínítear sin san Acht Iompair, 1958:


“seirbhísí iompair réasúnacha, éifeachtúla, tíobhasacha a sholáthar, ag féachaint dó go cuí do shábháltacht oibriúcháin, d’fhorbairt gheilleagair an náisiúin a spreagadh agus do choinníollacha réasúnacha fostaíochta dá fhostaithe a chothabháil”.


Ar a shon nach bhfuil aon cheanglas sainráiteach air seirbhísí neamhbhrabúsmhara ó thaobh gnó a chur ar fáil san áit a bhfuil riachtanas sóisialta lena leithéidí, léirítear an oibleagáid chun seirbhísí “réasúnacha” a sholáthar mar ní a thugann le fios go bhfuil dualgais dá sórt ann.


(c) Cumhachtaí agus Dualgais Airgeadais

8. Sa reacht a bhunaigh é, is é sin Acht Iompair 1944, beartaíodh go mbeadh cothrom idir fáltais agus caiteachais CIÉ, agus a chuid gníomhaíochtaí go léir a chur san áireamh. Chuir Acht 1950 de dhualgas ar an mBord “a ghnóthas a sheoladh i slí go n-áiritheofar, a luaithe is féidir, nach mbeidh ioncam an Bhoird, ar na blianta a thógaint le chéile, níos lú ná mar is gá chun na muirir a ghlanadh atá, le ceart, inmhuirir ar an ioncam”.


9. Mar gheall ar chaillteanais do mhéadú ar na hiarnróid sna blianta ina dhiaidh sin bhí sé ag teacht níos deacra i gcónaí freastal don chuspóir sin. Mar sin féin tháinig Coiste Fiosraithe faoi Iompar Inmheánach i 1957 (Coiste Uí Bhiadha) ar an gcomhairle go bhféadfaí an t-iarnród a chur sa chaoi go n-íocfadh sé as féin. Tháinig de sin gur ritheadh Acht Iompair eile i 1958 a shaor CIÉ óna chuid oibleagáidí i leith iompair chomhchoiteann agus a thug cumhacht dó “diúltú glacadh le haon trácht áirithe a thairgfear dó”. Féadfaidh sé, faoi réir forálacha áirithe “deireadh a chur le haon seirbhís traenach do phaisinéirí agus do mharsantas nó do cheachtar acu” ar choinníoll “go bhfuil sé míthíobhasach a bheith á hoibriú agus nach bhfuil súil ar bith, má leantar dí, go mbeidh sí tíobhasach laistigh de thréimhse réasúnach”. Leis an Acht céanna “féadfaidh an Bord cibé muirir is oiriúnach leis an mBord a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith aon seirbhíse a sholáthróidh sé”, ar a shon go bhfuil an tsaoirse sin srianta faoi láthair toisc nach cead muirir a athrú gan cead a fháil ón gCoimisiún Náisiúnta Praghsanna agus ón Rialtas. Ina theannta sin tugadh deontas fóirithinte do CIÉ go ceann tréimhse theoranta chúig bliana d’fhonn faoiseamh a thabhairt dó fad a bheadh athchóiriú agus atheagrú á dhéanamh. Scoitheadh go leor línte iarnróid idir 1958 agus 1963 d’fhonn cabhrú lena inmheacht airgeadais a shroichint faoi 31 Márta 1964.


10. I 1964 chinn an Rialtas nach bhféadfaí inmheacht airgeadais a bhaint amach don iarnród; agus rinne sé socrú go bhfaigheadh CIÉ £2 mhilliún d’fhóirithint bhliantúil ar feadh cúig bliana. Rinneadh athbhreithniú air sin i 1969 agus ardaíodh an tsuim go dtí £2.65 milliún sa bhliain go ceann cúig bliana eile.


11. Ba léir gan ró-mhoill nár leor de chúnamh é. Ní hamháin go raibh ag méadú ar chaillteanais an iarnróid, ach thosaigh seirbhísí eile ar airgead a chailliúint agus sholáthraigh an Rialtas a thuilleadh deontas ó bhliain go bliain chun caillteanais CIÉ a ghlanadh agus ag méadú a bhí na caillteanais sin. Ag féachaint dó sin, agus d’fhonn déanamh de réir rialachán ab éigean a ghlacadh tar éis dul isteach i CEE, ritheadh Acht Iompair eile i 1974 á fhoráil go ndéanfaí méid an deontais a chinneadh in aghaidh na bliana. Is iad forálacha an Achta sin a rialaíonn an bhaint i gcúrsaí airgid atá idir an Rialtas agus CIÉ.


12. Ní cheadaíonn rialacháin CEE deontais éiginnte do ghlanadh na n-easnamh a thabhaíonn gnóthais iompair; ná ní lamhálann siad deontais ghinearálta nó chumhdaigh roimh ré, a mbeartaítear gur fóirithint ghinearálta iad do ghlanadh caillteanas. Ina ionad sin ní foláir aon fhóirithint airgid a bheith de réir na bprionsabal atá leagtha síos sna Rialacháin CEE seo a leanas:—


(a) Rialachán 1191/69: Ceadaíonn sé sin íocaíochtaí ón Stát le gnóthais iompair i leith caillteanas a thabhaíodh ar sheirbhísí a oibríodh faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí, is é sin, i gcás ina meastar seirbhísí a bheith riachtanach, ach nach féidir iad a sholáthar agus brabús a dhéanamh orthu;


(b) Rialachán 1192/69: Baineann sé sin le hóraiciú cuntas gnóthas iarnróid. Ceadaíonn sé go ndéanfadh an Stát íocaíochtaí i leith ualaí airgeadais nach mbíonn ar ghnóthais iompair eile. I gcás CIE cuirtear an rialachán sin chun feidhme maidir le costais áirithe aoisliúntais agus pinsin agus maidir le 50% den chostas a bhaineann le crosairí comhréidhe.


(c) Rialachán 1107/70: Shonraigh sé sin roinnt cúinsí eile inar ceadaíodh deontais a thabhairt, lena n-áirítear costais bhonneagair a bhíonn le híoc ag gnóthais iompair nuair nach mbíonn ualach dá shórt ar ghnóthais eile, agus oibleagáidí taraife éagsúla nach bhfuil cumhdaithe ag Rialachán 1191/69. Ceadaíonn an rialachán sin freisin íocaíochtaí do ghlanadh easnaimh fuílligh nach gcumhdaítear le rialacháin eile nuair nach críochnaithe fós do bhearta comhchuibhiúcháin is gá chun an gnóthas a dhéanamh neamhspléach ó thaobh airgid.


13. Soláthraítear fóirdheontais do CIÉ don iarnród faoi na trí rialachán sin. Na híocaíochtaí a thugtar faoi na forálacha de Rialachán 1191/69 i leith na hoibleagáide seirbhís a chur ar fáil don phobal is mar a chéile iad go bunúsach agus na híocaíochtaí a fuair CIÉ do ghlanadh caillteanas faoi cheanglas Acht Iompair 1958 go soláthrófaí seirbhísí iompair réasúnacha. Tá caillteanais ar lastiompar d’iarnród cumhdaithe faoi Rialacháin 1192/69 agus 1107/70 cé go bhfuil treoir faighte ag CIÉ ón Rialtas gach uile iarracht a dhéanamh na seirbhísí sin a sheoladh ar bhonn gnó.


14. Tá caillteanais ar sheirbhísí paisinéirí de bhóthar, i mBaile Átha Cliath agus sna cúigí, cumhdaithe faoi Rialachán 1107/70 nuair nach féidir iad a aisghabháil trí na táillí a ardú nó a ghlanadh as trí thíobhas.


15. Tá caillteanais ar chanálacha á bhfreastal faoi Rialachán 1107/70. Tá soláthar ar leithligh déanta, lasmuigh de Rialacháin CEE, i leith caillteanais ar sheirbhís an bháid feire idir Gaillimh is Árainn. I gcás seirbhísí eile, mar atá lastiompar de bhóthar, seirbhísí bus-fruilithe turais agus phríobháidigh, tithe ósta, seomraí pronnlaigh agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta, táthar ag súil leis go nglanfaidh CIÉ costais ar bhlianta a thógáil le chéile.


16. De réir mar bhain easnamh do na seirbhísí iarnróid ar dtús agus ansin do sheirbhísí eile dá chuid, tá mórlaghdú tagtha le deich mbliana anuas ar an gcionúireacht de chaiteachas CIÉ ar saothraíodh ioncam ina comhair:


TÁBLA 2


An Céatadán de Chaiteachas CIÉ atá Cumhdaithe le Fáltais CIÉ


Tréimhse

CIÉ go hiomlán

Seirbhísí paisinéirí bóthar chathair Bhaile Átha Cliath

Iarnród

Seirbhísí paisinéirí bóthar cúige

Seirbhísí lastiompair de bhóthar

bliain dar

 

 

 

 

 

críoch

 

 

 

 

 

31/3/68

91.7

101.9

76.2

109.3

102.9

31/3/69

94.1

102.6

78.2

114.9

102.7

31/3/70

91.4

100.8

73.9

112.8

101.7

31/3/71

85.7

96.7

68.0

105.6

97.6

31/3/72

86.9

101.9

68.5

107.8

97.9

31/3/73

84.4

96.8

66.3

103.9

100.7

31/3/74

82.0

93.1

64.1

103.0

99.1

31/12/74

74.4

73.5

57.1

98.9

96.8

31/12/75

70.5

77.0

50.1

94.1

92.5

31/12/76

69.9

76.5

49.1

93.4

100.0

31/12/77

72.5

83.2

48.3

97.5

100.1

31/12/78

73.0

83.9

48.8

94.8

100.1

I 1967/8, tugadh fóirdheontas faoi chomhair 8.3% de chaiteachas iomlán CIÉ, agus d’íoc na fáltais as an gcuid eile. I 1978, tugadh fóirdheontais faoi chomhair 27% de chaiteachas iomlán CIÉ.


17. Go háirithe i gcás na n-iarnród bhí an chionúireacht caiteachais a íocadh trí fhóirdheontais ard go maith. Bhí 24% ann cheana féin i 1968, agus le trí bliana anuas b’airde an fóirdheontas ná na fáltais.


Ní fada ó shin, i 1972, a rinne seirbhísí bus Bhaile Átha Cliath brabús ach ina dhiaidh sin tharla laghdú suntasach ionas go mb’éigean don Rialtas le déanaí tuairim 20% den chaiteachas orthu a ghlanadh. I 1978 thug an Rialtas £37.7 milliún d’fhóirdheontas do CIÉ. Níl aon amhras ná gur fadhb rímhór méid an fhóirdheontais agus an ráta fáis atá faoi. Toradh amháin ar an easnamh a bheith ag méadú leis is ea go bhfuil faireachas níos géire á dhéanamh ag an Rialtas.


(d) Baint CIÉ leis an Rialtas

18. Is é an tAire Turasóireachta agus Iompair a cheapann Cathaoirleach agus Comhaltaí an Bhoird. Faoi Acht Iompair 1950 ní foláir trí chomhalta ar a laghad agus seachtar ar a mhéid a bheith ar an mBord. Tá an Bord freisin faoi réir an Achta um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977, agus dá thoradh sin tá tograí á mbreithniú faoi láthair chun an Bord a leathnú le go mbeadh ionadaithe lucht oibre air. I láthair na huaire tá líon iomlán Comhaltaí Boird ann. Tá freagracht roinnte idir an mBord agus an Príomh-Bhainisteoir agus a fhoireann ionas gurb é an Bord atá freagrach i mbeartas a cheapadh, agus an Príomh-Bhainisteoir agus a fhoireann ina chur i bhfeidhm.1


19. Tá sé de cheangal ar an mBord freisin cuntais a choimeád agus ní foláir iad sin a iniúchadh agus a chur chun an Aire Turasóireachta agus Iompair, agus ní foláir dósan iad a leagan ansin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.


20. Cé gur cumhachtaí reachtúla príomha de chuid an Aire an Bord a cheapadh agus an ceart chun cuntais a fháil i bhfoirm chuí, ní hiad sin uile, ná gar dó, iomlán an bhainteachais atá ag an Rialtas le cúrsaí CIÉ. Is intuigthe, mar gheall ar na fóirdheontais agus a méid, go bhfuil lámh sa bhreis á cur ag an Rialtas sa scéal lena chinntiú go bhfeidhmeofar an chuntasacht phoiblí is gá i leith airgead poiblí a bheith á íoc amach chomh fairsing sin.


21. Bíonn caibidlí gach uile fhómhar idir an Rialtas agus CIÉ le comhaontú ar mhéid an fhóirdheontais don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Foilsítear an figiúr sin sna Meastacháin Bhliantúla. Lorgaítear ceadú an Rialtais do bhuiséad caipitil CIÉ san am céanna. Maoinítéar cuid éigin de sin trí airleacan caipitil Státchiste sa tslí go bhfuil gealltanas Rialtais san áireamh. Cuireann CIÉ tuairisceán míosúil faoi bhráid na Roinne Turasóireachta agus Iompair i rith gach bliana airgeadais agus tríthi sin, faoi bhráid na Roinne Airgeadais, a chumhdaíonn riachtanais fóirdheontais agus chaiteachais chaipitil araon.


22. Cé go bhfuil cumhachtaí eile ar an Aire Tuasóireachta agus Iompair a théann i bhfeidhm ar staid airgeadais agus ar réamhphleanáil CIE — mar shampla, cumhachtaí i leith caiteachais caipitil agus iasachtaí a fháil — is cosúil gur mhó an tionchar praiticiúil a bhí ag na cinn atá luaite thuas.


(e) Tuarascáil an Chomhchoiste

23. Is é seo an Ceathrú Tuarascáil ón gComhchoiste agus an chéad cheann ar CIÉ. Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán i mí Aibreáin agus críochnaíodh é i mí Dheireadh Fómhair, 1979; agus glacadh an fhianaise le linn cúig sheisiún. Ó tharla CIÉ a bheith chomh mór sin agus mar gheall ar raon a ghníomhaíochtaí, chinn an Comhchoiste nach bhféadfaí an tráth seo breithniú a dhéanamh ar na ceisteanna go léir a bhaineann lena chúram. Tá roinnt ceisteanna a éiríonn as an ngaol atá ag CIÉ leis an Rialtas lárnach agus is orthu sin atá aird á díriú. Toisc an fóirdheontas a fhaigheann CIÉ a bheith chomh hard is atá b’ábhar mór cúraim don Chomhchoiste na gnéithe airgeadais den ghaol sin. Ceist thábhachtach eile is ea na cineálacha deacrachtaí atá ag CIÉ ó thaobh airgid agus oibríochtaí de dheasca na socruithe institiúideacha atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le cúrsaí iompair i limistéar Bhaile Átha Cliath, ina bhfuil lámh ag idir Rialtas lárnach agus rialtas áitiúil. Le linn do na hábhair sin a bheith á bplé aige tharla de riachtanas gur phléigh an Comhchoiste cuid de na mórfhadhbanna ó thaobh oibriú agus beartas iompair a bhaineann leo; agus dá bhrí sin déantar roinnt moltaí sa tuarascáil seo maidir leis na ceisteanna sin.


II FEIDHM GHINEARÁLTA CIÉ

(a) An Fóirdheontas

(i) Socruithe chun Fóirdheontas a íoc

24. Le blianta beaga anuas tá athrú mór tagtha ar na socruithe chun fóirdheontas a íoc le CIÉ, ó am a dheonáití le reachtaíocht suim airgid in aghaidh na bliana, mar a tharla faoi Acht 1958, go dtí córas faoina socraítear figiúr bliantúil trí chomhchaibidlí idir CIÉ agus an Rialtas de réir sásra atá leagtha síos i rialacháin CEE. De réir mar a bhí socruithe riaracháin ag athrú bhí leibhéil na bhfóirdheontas ag dul i méid freisin. Chuaigh easnamh CIÉ i méid ó rud éigin díreach os cionn £3 mhilliún i 1969/70 go dtí suas le £38 milliún i 1978. Ní hamhlaidh áfach go raibh na fóirdheontais ag dul i méid i gcomhréir leis an leibhéal ginearálta praghsanna. Dá mba rud é go ndeachaigh caillteanais CIÉ ó 1969/70 i méid i gcomhréir leis an treoirphraghas tomhaltais £9 milliún in ionad £38 milliún a bheadh sa chaillteanas i 1978. Tá ardú substaintiúil tagtha ar mhéid na bhfóirdheontas féin mar sin.


25. Is beag athrú a thagann ó bhliain go bliain ar na socruithe chun an fóirdheontas a chaibidil. I dtús an fhómhair faigheann CIÉ treoirlínte i dtaobh costas pá agus ábhar ón Rialtas chun buiséad a leagan amach don bhliain ina dhiaidh sin. Go hiondúil bíonn súil sna treoirlínte sin le leibhéal boilscithe níos ísle ná mar a bhíonn coinne ag CIÉ leis, agus dá bhrí sin bíonn an meastachán ar chaillteanais a thugtar lena áireamh sna Meastacháin Bhliantúla ró-íseal. Le himeacht na bliana bíonn sé níos soiléire gur socraíodh na forálacha fóirdheontais ar leibhéal ró-íseal ar fad, go háirithe má bhíonn arduithe ar rátaí agus táillí CIÉ curtha siar, rud a tharlaíonn go minic. Déantar freastal do riachtanais fhóirdheontais bhreise, áfach, le Meastacháin Fhorlíontacha. Sa bhliain 1978, mar shampla, ceadaíodh fóirdheontas £30 milliún i bhfómhair na bliana 1977, ach £37.7 milliún a bhí san fhóirdheontas ar deireadh. Bhí £35 milliún ar áireamh sna Meastacháin Bhliantúla do 1979, ardaíodh go £45 milliún é le Meastachán Forlíontach a rith an Dáil i mí Iúil, 1979; agus tuigtear ó CIÉ gur cosúil go mbeidh gá le £5 mhilliún sa bhreis roimh dheireadh 1979.2


26. Dá bhrí sin bíonn dhá chéim sna comhchaibidlí anois. Ar dtús bíonn réamhbhabhta ina gcomhaontaítear ar fhigiúir sealadach do na Meastacháin Bhliantúla ach, de réir dealraimh, le coinne go rachfar thairis sin i rith na bliana. Ansin comhaontaítear ar dheontas forlíontach sa chaoi go n-aisíoctar le CIÉ cibé easnamh a bhíonn air dáirire ar deireadh. Bíonn dhá chuspóir leis an dara babhta fóirdheontais, áfach. Ar an gcéad dul síos, cúitíonn sé CIÉ as cibé méid dar lú leibhéal bunaidh an fhóirdheontais ná an tsuim a measadh a bheith riachtanach an tráth sin, agus ar an dara dul síos cúitíonn sé CIÉ as arduithe costais nó uireasa ioncaim ina dhiaidh sin.


27. Is féidir a áiteamh, mar a áitíonn CIÉ, gur maith an srian ar lucht bainistíochta é an chéad fhigiúr a shocrú tuairim £2 mhilliún nó £3 mhilliún níos ísle má mar is dóigh a bheidh ag teastáil, ionas go ndéanfaidh siad a ndícheall bheith chomh tíosach agus is féidir.3 Áitíonn sé freisin gur beag seans go nglacfadh ionadaithe ceardchumann le tairiscint pá níos ísle ná an ceann is intuigthe as an bhforáil atá déanta ag CIÉ ina bhuiséad, agus, dá bhrí sin, ós rud é gurb ionann costais saothair agus beagnach 65% de chaiteachas iomlán CIÉ, go ndéanfaidh an cruinneas lena dtuarfar iad difear ábhartha do chruinneas na réamhaisnéise i gcoitinne.


28. Cé gur léir don Choiste bunús éigin a bheith leis an argóint gan an Meastachán Bliantúil a chur ar cothrom leis an eischur a bhfuil coinne leis tráth an meastachán a cheadú, ní cosúil gurb é sin an príomh-mhíniú ar scála na suimeanna thar Meastachán ab éigean a ghlanadh le Meastacháin Fhorlíontacha. Dá gcomhaontódh oifigigh na Roinne Turasóireachta agus Iompair go príobháidheach, an tráth a bheadh na Meastacháin Bhliantúla faoi chaibidil, go mbeadh na fóirdheontais chomh mór ar deireadh thiar is a bhí siad le blianta beaga anuas ní bheadh glacadh ag an gComhchoiste leis sin ar chor ar bith; agus ar aon nós níl aon chosúlacht go dtarlódh a leithéid sin. Is amhlaidh atá an scéal le barraíocht blianta go raibh an t-easnamh dáiríre i bhfad níos airde ná mar a bhí coinne leis.


29. Faoi mar atá an nós imeachta faoi láthair tá contúirt mhór ann go bhféachfaidh CIÉ ar mhéid an fhóirdheontais a thugtar sna Meastacháin Bhliantúla mar chéad-tráthchuid a ardófar, dar leis, le linn na bliana agus gan iallach ar bith orthu cloí leis. Chomh maith leis sin ní heol dóibh aon fhigiúr cinnte is airde ná sin le haghaidh comhchaibidlí pá a chuirfeadh teorainn leis an Meastachán Forlíontach incheadaithe. Dá bhrí sin, sa mhéid gur féidir le CIÉ bheith ag brath ar Mheastachán Forlíontach chun cibé easnamh a bheadh aige a ghlanadh is beag difear dáiríre atá idir an fóirdheontas féin, cuma cén sórt é, agus deontas easnaimh gan teorainn.


30. Measann an Comhchoiste, mar sin, go bhfuil an staid faoi láthair an-mhíshásúil ar fad agus go gcuireann sé cosc le cuntasacht phoiblí éifeachtach i leith an airgid atá á chaitheamh. Tá sé tar éis breithniú a dhéanamh, mar sin, an bhfuil nós imeachta níos fearr ann. Is féidir easnamh de bhreis ar an bhfóirdheontas ar ar comhaontaíodh de réir na Meastachán Bliantúil a ghlanadh ar mhodh ar bith acu seo a leanas:—


(a) fóirdheontas méadaithe;


(b) sábháil costas; agus


(c) rátaí agus táillí níos airde.


Go hiondúil bíonn sé deacair sábháil costas gearrthéarma de bhreis ar a raibh beartaithe cheana féin a chur in éifeacht le linn bliana airgeadais agus dá bhrí sin is idir (a) agus (c) a bhíonn an rogha de ghnáth.


31. Tá CIÉ tar éis léiriú4 a dhéanamh ar na nósanna imeachta i leith ceadú is gá anois chun rátaí agus taillí a mhéadú agus tá sé tar éis aird a tharraingt ar an moill a tharla le blianta beaga anuas i leith méadaithe beartaithe a fháil.5


32. Is é moladh an Chomhchoiste go mbeadh sé de réir réasúin, nuair a cheadódh an Rialtas na Meastacháin Bhliantúla, go nglacfaí leis go raibh siad ag ceadú na méaduithe rátaí agus táillí a bheadh intuigthe as na meastacháin sin. Os a choinne sin níor mhór do CIÉ réamhaisnéis réadúil a dhéanamh ina chuid meastachán ar an méid ama a thógann sé de ghnáth na ceadúcháin sin a thabhairt, agus é le tuiscint narbh fholáir ar an ábhar sin méaduithe a bheith níos airde ná mar ba ghá mura mbeadh sin. Mar sin féin má chuireann an Coimisiúin Náisiúnta Praghsanna nó an Rialtas moill leis na méaduithe beartaithe ina dhiaidh sin, measann an Coiste gur chóir go ndéanfadh an Rialtas CIÉ a chúiteamh le Meastachán Forlíontach breise, cé go molfadh sé go ndéanfaí an mhír sin a shonrú sa Mheastachán Forlíontach ar mhaithe le cuntasacht phoiblí. Ar an gcaoi sin dhéanfaí costais a bhainfeadh le haon mhoill den sórt sin a shonrú ar leithligh.


33. Measann an Comhchoiste go rabhthas ró-réidh le blianta beaga anuas an fóirdheontas a ardú gan cheist chun freastal do mhéaduithe gan choinne san easnamh de dheasca uireasa ioncaim nó costais do dhul thar bord. Ach ní féidir dul uaidh go gcaithfear an t-easnamh breise a ghlanadh le fóirdheontas breise má táthar le bac a chur ar CIÉ rátaí agus táillí a ardú mar a bheadh ar eagraíocht tráchtála a dhéanamh. Cé go dtuigtear go bhfuil cás polaitíochta láidir ann sa ghearrthéarma gan praghsanna a ardú, is ar an gcáiníocóir a thitfidh aon ní nach nglantar as na táillí. Is í an chontúirt mhór atá ann go rachaidh sé chun aimhleasa dóibh araon. Má ghlacann CIÉ leis gan cheist go nglanfar an t-easnamh atá air le fóirdheontas a bheidh ag méadú de shíor, ní bheidh srian airgeadais éifeachtach ar bith air chun costais a rialú ionas go mbeidh rátaí agus táillí níos airde ar deireadh ná mar a bheidís agus an srian sin orthu.


34. Ag féachaint do na cúrsaí sin mholfadh an Comhchoiste:—


(a) go leanfaí de leibhéal tosaigh an fhóirdheontais a shocraítear sna Meastacháin Bhliantúla a bhunú, mar a dhéantar faoi láthair, ar Mheastacháin chostas saothair ag cur riachtanais chomhchaibidlí san áireamh;


(b) go ndéanfaí costais saothair thar an leibhéal sin a ghlanadh le táirgiúlacht bhreise laistigh den eagraíocht nó le rátaí agus táillí ardaithe;


(c) mar sin féin aon chostas a bheadh ar CIÉ de bharr moill a bheith le harduithe rátaí agus táillí a dheonú a mbeadh de thoradh air ioncam níos ísle a bheith ann ná mar a bhí beartaithe sna Meastacháin Bhliantúla go ndéanfaí é a ghlanadh le Meastachán Forlíontach ina sonrófaí an cúiteamh sin; agus


(d) go mb’fhéidir go bhfaigheadh CIÉ Meastachán Forlíontach freisin chun cuid de chostais amh-ábhar nach mbeadh coinne leo a íoc go háirithe i gcás táirgí allmhairithe fearacht ola. Is beag an smacht atá ag CIÉ ar arduithe costas den sórt sin agus meastar gur chóir fóirdheontais níos airde a íoc chun freastal dóibh.


Níor mhaith leis an gComhchoiste a fhágáil as an áireamh go bhféadfadh an Rialtas a chinneadh cuid éigin d’uireasa ioncaim nó d’ardú costas gan choinne (seachas costais amh-ábhar) a ghlanadh le fóirdheontas breise ach measann sé nár cheart go dtarlódh sé sin ach go hannamh.


35. Cruthaíonn ar tharla i dtaobh seirbhísí lastiompair de bhóthar le trí bliana anuas go dtig le CIÉ a chóras buiséadachta agus rialúcháin a chur in oiriúint d’athruithe gan choinne ar chostais gan fóirdheontas a bheith riachtanach. Ó thosach 1976 tá de cheangal ar CIÉ, de thoradh rialacháin CEE, seirbhísí lastiompair de bhóthar a oibriú gan fóirdheontas. Gach bliain ó shin i leith d’éirigh le CIÉ a bhuiséad lastiompair de bhóthar a chothromú, le farasbarr fíorbheag ar lú go mór é ná 1% den chaiteachas. Ní leir cúis ar bith nach bhféadfaí torthaí mar sin a bhaint amach i gcás seirbhísí eile, fiú le ceanglas rialaithe difriúil sa mhéid go mbeadh CIÉ ag obair faoi réir fóirdheontais cheaptha.


(ii) An Fóirdheontas a chur i gcomhréir le Rialacháin CEE

36. Measann an Comhchoiste freisin gur chóir na socruithe chun fóirdheontas Stáit a íoc le CIÉ a leasú chun iad a chur ar comhrian le cleachtas chomhaltaí eile de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Nuair a bhíonn feidhm leis, ba chóir íocaíochtaí fóirdheontais a dhéanamh lastuas den líne i gcuntais CIÉ in ionad iad a dhéanamh laistíos den líne, mar a dhéantar faoi láthair. Dhéileálfaí, mar sin, le híocaíochtaí fóirdheontais mar fháltas, maille le hioncaim ó rátaí agus táillí, le linn cuntais oibre a chur le chéile, in ionad déileáil leo mar shocrú chun caillteanais a ghlanadh. Is beag dáiríre an éifeacht a bheadh leis an athrú sin; ní laghdódh sé costais oibre an iarnróid. Measann an Comhchoiste mar sin féin go mbeadh an t-athrú sin ag teacht níos mó le brí Rialachán CEE. Le Rialachán 1191/69, faoina bhfuair CIÉ breis agus £13 mhilliún don iarnród i 1977, ceadaítear do Stáit deontais a íoc le gnóthais iompair a chomhlíonann oibleagáidí seirbhíse poiblí. De réir an Rialacháin is éard iad na hoibleagáidí sin oibleagáidí nach nglacfadh an gnóthas iompair lena mbaineann air féin nó nach nglacfadh sé air féin sa mhéid céanna nó faoi na coinníollacha céanna dá mba é a leas tráchtála féin a bhí i gceist aige. Lena rá ar bhealach eile, íoctar CIÉ as seirbhís a thabhairt don Stát. Ba chóir, mar sin, an íocaíocht sin a áireamh mar aon le hioncam ó rátaí agus táillí nuair a bhíonn cuntais á gcur le chéile. Tá an Fhrainc, an Ghearmáin, agus an Bhreatain tar éis glacadh leis an nós sin maidir lena gcuid riarachán iarnróid.


37. Cé go ndealraíonn sé nach mbeadh i gceist leis an athrú sin ach athrú ar nós imeachta cuntasaíochta, bheadh an Comhchoiste ag súil go mbeadh dea-thionchar éigin aige ar chúrsaí meanma agus éifeachtúlachta laistigh de CIÉ. Dá mbeadh eolas ag CIÉ roimh ré ar na híocaíochtaí a bheadh dlite dó as oibleagáidí seirbhíse poiblí agus riachtanais eile faoi rialacháin CEE a chomhlíonadh agus dá mbeadh a fhios aige gur mar fháltais a d’áireofaí an t-ioncam sin, bheadh CIÉ ag feidhmiú arís ar bhonn tráchtála níos dearfa. D’fheicfí nach ag glanadh easnamh a bheadh an Rialtas ach é mar chustaiméir ag ceannach seirbhísí luachmhara thar ceann an phobail. D’fhéadfadh CIE ansin bheith ag dréim le íoc as féin tar éis an fóirdheontas a bheith íoctha. Ní dhéanfaí oiread ionsaí ar lucht bainistíochta mar gheall ar chaillteanais CIÉ dá mba chaillteanais iad a raibh coinne leo agus a raibh buiséadú déanta ina leith roimh ré os rud é narbh fhéidir le seirbhísí poiblí CIÉ, agus an t-iarnród go háirithe, oibriú dá n-uireasa.


(iii) Faireachán ar an bhFóirdheontas

38. Rinne an Comhchoiste breithniú ar cé chomh mion agus is cóir an fóirdheontas a fhaigheann CIÉ a mhiondealú agus a shonrú i leith gach seirbhíse nó grúpa seirbhísí ar leith. Faoi láthair foilsíonn CIÉ tábla sna nótaí a ghabhann lena gcuntais a thaispeánann an chaoi a roinntear an fóirdheontas Státhchiste idir an t-iarnród, seirbhísí paisinéirí bóthair i mBaile Átha Cliath agus sna cúigí, cothabháil canálacha agus an tseirbhís feire idir Gaillimh agus Árainn. Ach nuair a shocraítear an fóirdheontas trí chomhchaibidlí leis an Rialtas ní thugtar ach an t-aon fhigiúr amháin i leith na seirbhísí go léir.6


39. D’fhéadfadh an Rialtas an fóirdheontas le haghaidh gach ceann de rannáin CIÉ a chaibidil ar leith óna chéile. Chiallódh sé sin mar shampla go gcinnfí cad é luach na hoibleagáide seirbhíse poiblí a chuireann an t-iarnród ar fáil agus go gcuirfí an luach sin i gcomórtas le bealaí eile chun cístí poiblí a úsaid. D’fhéadfaí dul níos faide leis an bprionsabal ionas go n-íocfadh an Rialtas fóirdheontas ar leith le haghaidh gach seirbhíse nó grúpa seirbhísí: mar shampla, seirbhísí paisinéirí idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh nó seirbhísí bus laistigh de chontae, nó cibé leibhéal miondealaithe eile a mheasfaí ab fhóintí. Is é an t-údar atá leis an gcóras sin go ndéanann an Rialtas luach gach seirbhíse don phobal a mheas, ag cur an bhunchostais a thiteann air san áireamh i.e. cibé méid nach nglantar as táillí agus rátaí, in aghaidh na tairbhe sóisialta.


40. Dhiúltaigh an Comhchoiste glacadh leis an dearcadh sin. Dá gcuirfí i ngníomh é bheadh ar oifigigh na Roinne Turasóireachta agus Iompair miontaifeach a dhéanamh ar na costais agus na fáltais a bhaineann le gach seirbhís agus níorbh fholáir dóibh breithiúnas tráchtála agus polaitiúil a dhéanamh d’fhonn a chinneadh cad ba chóir a choinneáil agus cé mhéid ba chóir a íoc as. Ní dóigh leis an gCoiste gur chóir do státseirbhísigh baint chomh mór sin a bheith acu leis na cúrsaí sin is go mbeadh orthu cearta lucht bainistíochta a shárú.


41. Ina ionad sin is é moladh an Choiste go dtabharfaí faoin scéal ar bhealach eile trína ndéanfadh CIÉ, agus é de chead aige fós na fóirdheontais a fuair sé a úsáid ar a rogha bealach, béim a chur ina chuntais ex post facto ar mhiondealú ar an gcaoi ar caitheadh an fóirdheontas. Ní amháin gur chóir léiriú níos fearr a thabhairt ar an eolas sin ná mar a thugtar sna nótaí cuntais, ach ba chóir léiriú níos mionchruinne a thabhairt air.


42. Cé nár chóir an miondealú sin a bheith socraithe roimh ré ag an Rialtas ná ag CIÉ, ba chóir é a nochtadh dá éis sin ós ábhar díospóireachta poiblí agus poltaitiúil ceart é cothromaíocht na bhfóirdheontas, mar shampla, idir an t-iarnród agus na seirbhísí bus. Ba chóir go dtaispeánfaí sna cuntais iniúchta ní amháin an fóirdheontas a fuarthas do na príomhsheirbhísí ach an fóirdheontas do na bealaí nó na seirbhísí eagsúla laistigh de gach grúpa seirbhíse freisin. Mar a dúirt ionadaí ó na ceardchumainn linn, dá dtabharfadh CIÉ taifeach i bhfad níos mionchruinne ar na réimsí inar chaill sé airgead, thiocfadh tuiscint níos fearr as dá bharr. Níor airigh an Comhchoiste go bhféadfadh sé an leibhéal miondealaithe is iomchuí a chinneadh ach molann sé don Roinn Turasóireachta agus Iompair an cheist sin a bhreithniú tuilleadh. Thabharfadh sé sin léargas ar an gcaoi a raibh cistí poiblí á n-íoc amach. Ní chuirfeadh ceanglas den sórt sin aon chostas breise ar CIÉ i leith eolas a bhailiú, ach an oiread, mar gheall ar na socruithe buiséadachta agus faireacháin atá i bhfeidhm cheana féin. Bailíonn CIÉ an t-eolas go léir is gá cheana féin.7


(b) Caidreamh leis an Earnáil Phríobháideach

43. Nuair a bhí an cheist á plé d’iarr an Comhchoiste, agus fuair sé, aighneachtaí ó roinnt eagraíochtaí a bhfuil leas bunúsach acu i seirbhísí éifeachtacha iompair a sholáthar. D’áitigh an-chuid de na heagraíochtaí sin go bhféadfaí breis éifeachtúlachta a bhaint amach dá dtionscnófaí iomaíocht idir CIÉ agus fiontair ón earnáil phríobháideach. D’áitigh an Chomhairle Náisiúnta Tomhaltóirí, maidir le seirbhísí bus Bhaile Átha Cliath, “gur smaoineamh é arbh fhiú go mór é a bhreithniú seirbhísí príobháideacha a thabhairt isteach” mar gheall ar “na stailceanna a bhíonn ar siúl arís agus arís eile agus an chaoi a gcuireann siad isteach i gcónaí ar ghnó ordúil mhuintir na cathrach seo”. Sa chaoi céanna, i limistéir thuatha, “thug cuid de na baill chun suntais go bhfuil busanna príobháideacha ag freastal go han-sásúil, agus ar rátaí réasúnacha, ar bhailte faoin tuath. Arbh fhéidir cead a thabhairt do bhusanna príobháideacha oibriú ar na bealaí tuatha go léir?”.


44. D’áitigh Cónaidhm Thionscail na hÉireann “gur chóir forbairt seirbhísí tráchtála príobháideacha, do phaisinéirí nó do lastiompar, a spreagadh go gníomhach nuair is léir go bhfuil siad níos éifeachtúla”. Mhol an Chónaidhm go sonrach go maolófaí na srianta atá ar tharlaitheoirí bóthair príobháideacha faoi láthair, chun deis forbartha a thabhairt don earnáil phríobhaideach tarlaithe agus chun iomaíocht ó oibritheoirí príobháideacha maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath.


45. Bhí tograí níos sonraí le déanamh ag Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath. Mhol sé “go n-iarrfaí ar CIÉ a rá cad iad na seirbhísí nach dtig leis iad a oibriú agus brabús a dhéanamh orthu. Nuair a bheidh an méid sin cinnte ba chóir iarraidh air a chur in iúl cén fóirdheontas atá ag teastáil uaidh chun teacht ar cothrom agus ba chóir don Rialtas a chinneadh ansin ar chóir an fóirdheontas sin a thabhairt ar fhorais shóisialta. Ba chóir a iarraidh ar fhiontair phríobháideacha tairiscintí a dhéanamh as na seirbhísí sin a oibriú.”


46. Mar fhocal scoir bhí baill áirithe de Choiste Chlub Ríoga na nGluaisteán in Éirinn den tuairim “go mba é leas an phobail é iomaíocht ó fhiontair phríobháideacha a bheith ann”.


47. D’áitigh CIÉ, agus fianaise á thabhairt aige,8 go dtacaíonn agus go gcomhoibríonn sé leis an earnáil phríobháideach i réimsí áirithe. Mheas sé gur chóir teacht ar shlí éigin chun ligean do bhusanna san earnáil phríobháideach freastal ar luas-seirbhísí CIÉ agus tharraing sé aird ar an gcomhoibriú iontach a fhaigheann sé ón earnáil phríobháideach maidir le hiompar scoile. D’áitigh sé áfach nach mór cúrsaí iompair uirbigh a fhágáil faoi CIÉ mar gheall ar an ngá atá le fóirdheontais. Maidir le beartas CIÉ i dtaobh lastiompar de bhóthar, níl i gceist leis faoi láthair ach seirbhísí a oibriú atá ag tacú leis an iarnród. Fágtar faoi fhiontair phríobháideacha, mar sin, lastiompar de bhóthar go huile a chur ar fáil. Dá bharr sin tá cothromaíocht shásúil idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí agus ba mhaith le CIÉ go gcoimeádfaí an chothromaíocht sin ann.


48. Breithníonn an Comhchoiste anseo thíos gnéithe níos sonraí de ghníomhaíochtaí CIÉ, lena n-airítear seirbhísí bus agus lastiompair de bhóthar, agus tagraíonn sé arís ann don pháirt atá le glacadh ag an earnáil phríobháideach. Tá an Comhchoiste sásta i gcoitinne áfach leis an gcothromaíocht atá idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobhaideach faoi láthair ar dná chúis:—


(i) Ní foláir a aithint, agus iompar poiblí á chur ar fáil, go bhfuil gné shóisialta i gceist chomh maith le gné tráchtála. Tá sé ag luí le réasún nach dtabharfaidh oibritheoir san earnáil phríobháideach, ar mhian leis brabús a dhéanamh, aird ar an ngné shóisialta. Ar leibhéal amháin, b’fhéidir go bhfágfadh sé sin nach mbeadh an t-oibritheoir sásta seirbhís ar bith a chur ar fáil ar mhórchuid bealaí, toisc gur mhian leis dul i gcionn na seirbhísí is mó trácht agus brabús, agus na bealaí nach ndéantar brabús orthu a fhágáil faoi CIÉ. Chun dul níos domhaine fós sa scéal, b’féidir nach mbeadh oibritheoirí príobháideacha sásta seirbhísí a chur ar fáil tráthanna de ló nuair is lú an t-éileamh, mar shampla go moch ar maidin, cé go bhfuil cás sóisialta láidir ar son na seirbhísí sin. Ní leir don Chomhchoiste cúis ar bith ar ghá do CIÉ gan ach na bealaí agus na seirbhísí atá neamhbrabúsmhar go bunúsach a oibriú agus ligean d’oibritheoirí príobháideacha sochar a bhaint as an trácht is mó tairbhe. D’fhéadfadh sé, ar aon nós, gurb é tionscnamh margaíochta CIÉ ba chúis lena mbunú.


(ii) Má tá éifeachtúlacht ar bith le bheith le seirbhísí iompair poiblí, ní mór dlúth-chomhordú a bheith ann i réimsí sonracha fearacht amchláir a leagan amach. Is féidir é sin a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla laistigh d’eagraíocht amháin ná mar is féidir nuair a bhíonn líon mór oibritheoirí ag cur seirbhísí ar fáil.


49. Is é tuairim an Chomhchoiste mar sin, cé go bhféadfadh sé go bhfuil scóip ann, mar a thuairiscítear thíos, le cur le feidhm na hearnála príobháidí i réimsí áirithe, nár chóir go mbeadh beartas ginearálta ann gníomhaíochtaí brabúsmhara CIÉ a ligean as láimh. Chomh maith leis sin ba údar mór drochmhisnigh do lucht bainistíochta CIÉ dá mbeadh beartas ann faoina ndéanfaí gníomhaíochtaí brabúsmhara a ligean as láimh: agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé bac ar thuilleadh feabhsú ar chúrsaí éifeachtúlachta.


(c) Caidreamn Tionscail

50. Le linn fianaise a ghlacadh chuala an Comhchoiste an-chuid cainte i dtaobh caidrimh thionscail i CIÉ. Thug an Coiste dá aire maidir leis sin go bhfuil dhá phríomhcheardchumann a dhéanann freastal ar fhostaithe in earnáil na bpaisinéirí bóthair de CIÉ. Dúirt Cathaoirleach CIÉ “gur cuid suntais é cé chomh maith is atá cúrsaí caidrimh thionscail frí chéile i CIÉ”. Dúirt ionadaí ó Chomhlachas Náisiúnta na bhFostaithe Iompair go raibh cúrsaí caidrimh thionscail i réimse an iarnróid ar fheabhas. Bhí an méid seo le rá ag ionadaí ó Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hEireann: “Tá barúil an phobail i dtaobh cúrsaí caidrimh thionscail i CIÉ bunaithe go príomha, mura bhfuil sé bunaithe ar fad, ar a dtarlaíonn in earnáil na mbusanna . . . Ba é an deacracht a bhí ag na fir bhus nárb fhéidir leo aitheantas a fháil dá scil agus dá sainchumas toisc go raibh siad ag obair do thionscal óna bhfuil fóirdheontas ag teastáil”. Mar a dúirt ionadaí ó Chumann Náisiúnta na bhFear Bus: “Is beag an líon aighneas a bhíonn againn ach nuair a tharlaíonn siad is ábhar mór nuachta i gcónaí iad”. Cé is moite de shaotharstadanna i Seirbhísí Cathrach Bhaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas, is beag an méid laethanta oibre a cailleadh mar chéatadán de na laethanta a oibríodh i CIÉ. Ach de réir mar a deir ionadaí ó COIIÉ ba iad na saotharstadanna sna Seirbhísí Bus i gCathair Bhaile Átha Cliath ba chúis leis “an bharúil atá ag an bpobal i dtaobh CIÉ; toisc go stadann na fir bhus, tá CIÉ foircthe le fadhbanna caidrimh thionscail; tá lucht bainistíochta neamhinniúil ann agus tá an gréasán ceardchumann chomh neamhinniúil céanna”.


51. Measann an Comhchoiste nach bhfuil stairíocht chaidrimh thionscail CIÉ i gcoitinne chomh dona leis an gcáil atá air, ag féachaint don fhoireann mhór (tuairim 16,000),9 don raon fairsing gníomhaíochtaí agus don líon mór ceardchumann a bhaineann leis. Ach is ábhar mór imní don Chomhchoiste an mhíchaothúlacht mhór agus an fíorchruatan don phobal i gcoitinne, agus go háirithe do dhaoine nach bhfuil chomh maith as, de thoradh aighneas a fhágann go dtarraingítear siar nó go laghdaítear Seirbhísí Bus Bhaile Átha Cliath. Cúis mhór imní don Choiste freisin is ea an chaoi a gcuireann na haighnis sin isteach ar chúrsaí tionscail agus an caillteanas táirgeachta dá ndeasca.


52. Tá gnéithe cúntacha ag baint leis an staid caidrimh thionscail. Mar shampla, thaispeáin na ceardchumainn go bhfuil an-fhreagracht ag baint leo nuair a comhaontaíodh, le comhchaibidlí, foireann CIÉ a laghdú 18 faoin gcéad le cúig bliana anuas trí iomarcaíochtaí saorálacha. Is cosúil gur léir do lucht bainistíochta agus do cheardchumainn tábhacht ar leith a bheith le cúrsaí caidrimh thionscail a fheabhsú. Mar a dúirt Comhar Ceardchumann na hÉireann ina aighneacht don Chomhchoiste: “Tá breithniú agus feabhsú á ndéanamh go gníomhach ag an gComhlacht agus ag na Ceardchumainn ar a gcóras caidrimh thionscail. I gcomhaontú le CIÉ cheap na Ceardchumainn Rúnaí lánaimseartha le déanaí chun freastal ar na grúpaí ceardchumann éagsúla agus chun na socruithe oibre agus na cumarsáidí a neartú agus a fheabhsú.” Fáiltíonn an Comhchoiste roimh na forbairtí sin agus tá súil aige go gcuirfidh siad teorainn le réimsí aighnis, go háirithe in Earnáil na mBusanna i gCathair Bhaile Átha Cliath.


53. Tá bainistíocht CIÉ díláraithe de réir limistéir nó réigiúin agus i gcásanna áirithe de réir feidhme. Tá meamram a fuarthas ó CIÉ ina bhfuil cur síos ar an gcineál díláraithe faoi chló i bhFoscríbhinn 4. Le linn fianaise a thabhairt don Chomhchoiste, rinne ionadaí ó Chumann Náisiúnta na bhFear Bus gearán go dtarlaíonn sé, mar thoradh ar bhainistíocht dhíláraithe, go ndéantar cinntí a bhíonn ar neamhréir lena chéile, cuir i gcás, an pá a dhlitear d’fhir bhus ar shaoire bhreoiteachta. Maidir leis an gComhchoiste, cé go dtuigeann sé an gá atá le bainistíocht dhíláraithe in eagraíocht atá chomh forleathan le CIÉ, measann sé áfach gur chóir gach dícheall a dhéanamh lena chinntiú nach dtiocfaidh as an dílarú sin cinntí neamhréireacha maidir le dálaí seirbhíse na n-oibrithe.


(d) Tionscadal Tógála Bus

54. Tá sé curtha in iul ag CIÉ don Chomhchoiste go bhfuil cead tugtha anois do chonradh comhaontaithe bainistíochta idir é féin agus Bombardier Ltd a chumhdaíonn comhthionscadal chun busanna a tháirgeadh do CIÉ agus an seans go bhféadfadh an gnólacht feithiclí a tháirgeadh lena n-onnmhairiú, tráth éigin amach anseo. Tá meamram ar an ábhar sin a fuarthas ó CIÉ faoi chló i bhFoscríbhinn 5. Tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil sé ceaptha dul i mbun táirgthe i ndeireadh na bliana seo agus go mbeidh na chéad bhusanna ar fáil in Aibreán 1980. Cuireann an Comhchoiste fáilte roimh an bhforbairt sin i bhfianaise na dtromghearán a rinneadh leis i dtaobh an líon busanna faoi láthair.


(e) Pinsin

55. Léirigh ionadaí COIIE na lochtanna atá ar Scéim Aoisliúntais CIÉ do Ghrád Pá faoi láthair. Faoi láthair bíonn duine i dteideal sochair in aois a 55 bliana sa tseirbhís agus deich mbliana seirbhíse a bheith aige. Aon duine a scoirfidh de dheasca easláinte nó eile — gan an dá choinníoll sin a chomhlíonadh, ní aisíocfar ach a airgead pinsin leis. Is é barúil an Chomhchoiste go bhfuil an dearcadh sin i leith pinsean fíor-dhian agus as dáta agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh air. Molann sé freisin athrú go bonn céatadán tuillimh in ionad bonn ráta chothrom.


III SEIRBHÍSÍ IOMPAIR I mBAILE ÁTHA CLIATH

(a) Córas Mear-Thaistil Iarnróid Bhaile Átha Cliath

56. Tá an mhortabháil is troime ar fad ar CIÉ mar sholáthróir phoiblí i mBaile Átha Cliath ach lena chinneadh cé mhéid eile ab fhéidir leis a dhéanamh uaidh féin agus cé mhéad a bheidh ag brath ar reachtaíocht nua, ar chomhordú níos fearr agus ar atheagrú, is gá léargas a fháil ar na cineálacha fadhbanna a bhaineann le hiompar i mBaile Atha Cliath. Sa Dublin Transportation Study, a foilsíodh i 1972, moladh tabhairt faoi staidéar i dtaobh córas mear-thaistil a chur a fáil do Bhaile Átha Cliath. Udaraíodh do Alan M. Voorhees and Associates, gnólacht idirnáisiúnta innealtóirí comhairleacha iompair, chun tabhairt faoin staidéar sin i 1973, agus foilsíodh tuarascáil deiridh in Aibreán 1975. Rinne an tuarascáil breithniú ar raon teicneolaíochta éagsúla chun fadhbanna iompair phoiblí Bhaile Átha Cliath a réiteach:—


(a) busbhealaí, i.e. bóithre curtha in áirithe lena n-úsáid ag busanna amháin;


(b) leath-mhetro, i bhfoirm córais tramchairr nua-aimseartha a ghluaisfeadh faoi thalamh i lár na cathrach;


(c) mear-thaisteal iarnróid, le córas iarnróid leictrigh nua-aimseartha ardchumais, a ghluaisfeadh faoi thalamh i lár na cathrach chomh maith.


Tá an plean a moladh bunaithe go mór ar mhear-thaisteal iarnróid, le línte a dhéanfadh freastal ar Bhinn Éadair, Bré, Tamhlacht, Baile Rónáin, Baile Bhlainséar agus Baile Munna. Chomh maith leis sin bheadh busbhealach go Dún Droma, feadh seanlíne iarnróid Shráid Fhearchair.


57. Moladh an líne bhruachbhaile atá ann faoi láthair a leictriú mar chéim tosaigh sa scéim mear-thaistil, agus cheadaigh an Rialtas é sin i gcúrsa an fhiosrúcháin seo ag an gComhchoiste. Cé gur ceadaíodh an líne bhruachbhaile a leictriú áfach níl le tuiscint uaidh sin go bhfuil cinneadh á dhéanamh ar son nó i gcoinne na coda eile den scéim mearthaistil mar a chuir CIÉ de stró air féin a léiriú ina fhianaise. Ba é ab aidhm don leictriú10 “an gad is gaire don scornach a réiteach, eadhon, an line bhruachbhaile atá ann a athchóiriú”.


58. Ar a laghad, áfach, fágann an cinneadh sin gur féidir fós córas mear-thaistil iarnróid a thabhairt isteach ar an dul a leagtar amach i dtuarascáil Voorhees, rogha nach bhféadfaí a dhéanamh dá gcinnfí athchóiriú a dhéanamh le rothdhíle díosail.


59. Cé is moite den chostas, is léir go bhfuil buntáistí móra ag baint le forbairt chórais mhear-thaistil:—


(a) laghdófaí go mór an méid ama is gá chun taisteal go dtí lár Bhaile Átha Cliath ó áiteanna ar imeall na cathrach. De réir thuarascáil na gcomhairleoirí thiocfadh laghdú ar an méid ama leis an turas a dhéanamh ó 30 go 19 nóiméad i gcás Thamhlachta, ó 29 go 16 nóiméad i gcás Bhaile Rónáin agus ó 27 go 15 nóiméad i gcás Bhaile Blainséar;


(b) Chomh maith leis sin bheadh an tseirbhís saor ó na dálaí bóthair a chuireann moill chiapach chomh minic sin ar thaistealaithe bus;


(c) Bheadh CIÉ in ann roinnt mhaith costas oibre a shábháil trí sheirbhísí bus áirithe a tharraingt siar ó bhealaí a ndéanfadh mear-thaisteal freastal orthu;


(d) D’fhéadfadh tiománaithe agus daoine a úsáideann feithiclí tráchtála i limistéir lárnacha taisteal níos tapúla de bharr laghdú ar an mbrú tráchta;


(e) Nuair a bheadh an scéim faoi lánseol, bheadh cónaí ar 385,00011 duine i bhfogas 15 nóiméad siúil do staisiún agus bheadh 250,00011 duine ag obair i bhfogas 15 nóiméad siúil do stáisiún.


Is léir d’údaráis áitiúla i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath gur bunáistí dearfa iad sin agus tá línte á gcoinneáil in áirithe acu don chóras mear thaistil.


60. Cé go mbeadh buntáistí an-mhóra ann gan amhras do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair i mBaile Átha Cliath, bheadh costais an-arda i gceist freisin. Meastar go gcosnódh an scéim thart faoi £200 milliún, fiú amháin tar éis an £46 milliún atá geallta le haghaidh leictriú na seirbhísí bruachbhaile ó Bhinn Éadair go Bré a chur i gcuntas.


61. Sular féidir infheistíocht ar scála mar sin a cheadú ní mór mionscrúdú géar a dhéanamh uirthi. Ní hé cúram an Chomhchoiste é mionscrúdu den sórt sin a dhéanamh agus ní bheadh sé ciallmhar dó tabhairt faoi mheasúnacht a dhéanamh ar fhiúntas ginearálta na scéime. Ar choinníoll áfach go bhfaighfear, ar a thriail, gur scéim thairbheach í a thabharfadh sochar sóisialta inghlactha ar a costas, mholfadh an Comhchoiste go dtabharfaí tús áite di mar gheall ar an bhfadhb mhór iompair atá i mBaile Átha Cliath agus an tábhacht atá leis an bhfadhb sin a scaoileadh ar mhaithe leis na daoine go léir a bhíonn ag plé leis agus mar gheall ar an tionchar a bheadh aige ar gheilleagar na hÉireann.


62. Measann an Comhchoiste áfach gur chóir na pointí seo a leanas a chur san áireamh le linn scrúdú den sórt sin a dhéanamh:—


(a) Cé go ndearnadh grinnstaidéar ar na fadhbanna i dtuarascáil tosaigh na gcomhairleoirí, tá ceithre bliana caite ó shin agus thairis sin b’as an Dublin Transportation Study a tháinig anchuid de na sonraí a úsáideadh agus is le 1971 a bhain siad. Tá go leor de na boinn tuisceana, na réamhaisnéisí agus na coibhneasa a úsáidtear ann as dáta agus ní dhearnadh ach na meastacháin ar chostais a athmheas go rialta. Ós cosúil go bhfuil cúrsaí iompair i mBaile Átha Cliath ar chor níos measa ná mar a bhí á thuar an uair sin, dealraíonn se go mbeadh cás níos láidre ann ar son an tionscadail agus malairt foirme air, fiú, dá mbeadh faisnéis níos déanaí ann chun tacú leis. Ag féachaint don méid airgid atá i gceist, áfach, ní mór tuairimíocht i dtaobh an chaoi a ndeachaigh cibé a tharla ó shin i bhfeidhm ar an gcás a sheachaint. Ní mór roinnt sonraí a thabhairt cothrom le dáta ag féachaint don am atá caite; ach is féidir na húdaráis a cháineadh go mór, dar leis an gComhchoiste, as gur tharla oiread sin moille maidir le cinntí gurb éigean sin a dhéanamh.


(b) Tharraing CIÉ aird ina fhianaise ar athruithe a shíleann sé a oireann don chóras mear-thaistil. Glacadh leis sa staidéar bunaidh go mbeadh na bóithre agus na mótarbhealaí go léir a bhí ar áireamh sa Dublin Transportation Study críochnaithe ach is léir anois nach mbeidís sin críochnaithe laistigh den méid ama a bhí i gceist. Mar ba léir ón taifeach íogaireachta i dtuarascáil na gcomhairleoirí, fágann sé sin gur móide tairbhe an tionscadail. Ar an gcuma chéanna ní raibh an mear-ardú ar phraghsanna ola ó 1973 ag teacht le ní a ndearnadh talamh slán de, eadhon, go bhfanfadh praghsanna breosla cobhsaidh ag leibhéil 1973. Ba léir ón taifeach íogaireachta gur móide tairbhe an tionscadail dá bharr sin freisin.


(c) Glacadh leis sa tuarascáil go bhfanfadh bus-luasanna 1971 mar a bhí san fhadthéarma ach i roinnt mhaith áiteanna i lár Bhaile Átha Cliath tá bus-luasanna laghdaithe a leath ó shin. Cuireann sé sin freisin le fiúntas an chórais iompair iarnóid cé go mbeadh a mhalairt de thoradh air dá dtabharfaí isteach bearta éifeachtacha chun dálaí oibríochta do bhusanna a fheabhsú le srianadh tráchta.


(d) Tá forbairtí eile ann, áfach, nach n-oireann chomh mór sin don scéim. Go háirithe, glacadh leis go mbeadh 3½% de ráta bliantúil fáis ar ioncam an duine. Is cosúil anois gur réamhaisnéis dhóchasach é sin ag féachaint dar tharla ó 1973 agus an dochar a rinne an t-árdú is déanaí ar phraghsanna ola d’ionchais fáis an domhain. De dheasca laghdú fáis ar leibhéil ioncaim, ní bheidh oiread sin fáis ar an éileamh ar gach cineál modh iompair, agus an córas mear-thaistil san áireamh.


(e) Tá athrú tar éis teacht freisin ó 1971, ar na réamhaisnéisí i dtaobh daonra agus fostaíochta agus i dtaobh an méid daoine a bhfuil carr acu. Mar shampla, taispeánann an réamhthuarascáil don Daonáireamh, 1979, go ndeachaigh daonra Chontae Bhaile Átha Cliath (cé is moite de Chontae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath agus de Bhuirg Dhún Laoghaire) in airde ó 231, 182 go dtí 384,806 idir 1971 agus 1979—66.5% d’ardú. Ní mór freisin cuid de na costais, go háirithe costais oibre, a úsáideadh sa mheasúnacht a athrú.


63. Tríd is tríd d’fhéadfadh athruithe den sórt sin dul i gcion go mór ar thorthaí na meastóireachta, ní amháin ar an gcás le haghaidh córais mear-thaistil i gcoitinne ach ar shonraí an chórais ba chóir a fhorbairt freisin. Dá bhfaighfí, mar shampla, go raibh costais iarnóid tar éis dul in airde agus go raibh gréasán na turasóireachta i bhfad níos leitheadaí, d’fhéadfadh go mbeadh de thoradh ar athruithe cuíosach beaga a dhéanamh ar na bunbhoinn tuisceana sa staidéar bunaidh go dtabharfaí tosaíocht do chóras busbhealaí dealaithe ar an togra láithreach le haghaidh mear-thaistil iarnróid.


64. Os rud é gur cinneadh an-tábhachtach é nach féidir dul siar air tar éis é a dhéanamh níl an Comhchoiste lánsásta go ndearnadh go leor chun na gnéithe sin a choinneáil faoi bhreithniú ó críochnaíodh staidéar Voorhees. Is cosúil gur fearr an cás atá anois ann ar son na scéime ach mar gheall ar idirghníomhú idir na boinn tuisceana agus na réamhaisnéisí éagsúla a úsáideadh sa mheastóireacht, tá sé deacair teacht at thátal cinntitheach.


65. Má tá an tionscadal le tógáil bheadh an Comhchoiste i bhfách go gcuirfí sin laistigh den mheastachán costas £200 milliún12 de réir phraghsanna an lae inniu. Bheadh sé tábhachtach, mar shampla, an rud a tharla i gcás comhaontú CIÉ le Van Hool a sheachaint, eadhon, mar a dúradh i bhfianaise CIÉ, “Comhaontú costas-móide-breis a bhí sa chonradh le Van Hool agus rinne siad costas de gach uile rud”. Agus ní hé gur ábhar imní é sin do CIÉ amháin. Tugtar fóirdheontais faoi láthair le haghaidh iompair phoiblí, idir bhusanna agus an t-iarnród, i mBaile Átha Cliath. De réir chosúlachta bheadh na fóirdheontais sin ag teastáil fós dá dtabharfaí isteach córas mear-thaistil mar a phléitear thíos é. De réir mar atá cúrsaí, is ar chistí poiblí ar deireadh thiar a thitfeadh aon chostais bhreise a thabhófaí ag tógáil agus ag oibriú an chórais. Is léir nach bhféadfadh an Rialtas bheith fuarchúiseach i dtaobh rud mar sin do tharlú.


66. Molann an Chomhchoiste mar sin gur chóir, sula rachfar faoi aon oibleagáidí conarthacha, go mbeadh an t-eolas is soiléire ag CIÉ agus ag an Rialtas faoin uasméid caiteachais a cheadaítear a thabhú.


67. Chítear don Chomhchoiste go bhfuil a thuilleadh fianaise ag teastáil i dtaobh éifeacht na scéime ar fhiúntas tráchtála CIÉ, agus go háirithe an éifeacht atá aici ar riachtanais fóirdheontais chomhiomlána CIÉ. Taispeánann an taifeach sochar-chostas a d’úsáid na comhairleoirí go bhfuil sochair na scéime roinnte go cothrom geall leis idir sochair do CIÉ, de bharr costais oibrithe laghdaithe ar bhusanna agus traenacha díosail, agus sochair do lucht úsáidte saoráidí iompair i mBaile Átha Cliath, trí fheabhas a thabhairt ar na hamanna turais agus ar dheiseanna páirceála. Ach is beag scrúdú atá déanta ar éifeacht na scéime ar ioncam CIÉ. Tugtar le tuiscint ón méid taifeach a rinneadh go dtuillfeadh an scéim barrachas airgid i 1991, ach admhaítear go mbeadh dealramh níos mífhabhraí ar an scéal sna blianta idir an dá linn. Fairis sin, ó críochnaíodh an staidéar, tá meath follasach tagtha ar staid airgeadais seirbhísí CIÉ i mBaile Átha Cliath, ionas gan amhras go bhfuil an chuid sin den taifeach go háirithe as dáta.


68. D’áitigh CIÉ ina chuid fianaise go bhféadfadh CIÉ trácht a fhorbairt go réidh an túisce a chífeadh an pobal an córas mear-thaistil ag obair agus a gheobhadh sé a thairbhe agus go bhféadfaí fairsingiú (i.e. de bhreis ar leictriú Bhinn Éadair/Bré) a dhéanamh a mbeadh fiúntas gnó ann.13 Ach níor mhór cruthú lánmhaith a dhéanamh ar a leithéid sin de thairiscint. Mar shampla, má chosnaíonn an scéim £200 milliún, le ráta úis 10%, agus má ghlactar leis go mbeidh ré sócmhainneach 20 bliain aige chun críocha díluachadh, d’fhágfadh sin go mbeadh 23½ milliún punt de mhuirear caipitil bhliantúil ag baint leis an tionscadal. Is mó an tsuim sin ná ioncam iomlán CIÉ ó sheirbhísí bus agus traenacha bruachbhaile i mBaile Átha Cliath i 1978. Ina theannta sin bheadh, gan amhras, na costais oibriúcháin ann a thabhófaí ag oibriú an chórais iompair, agus bus-seirbhísí eile.


69. Ní hé sin le rá nár cheart an córas iompair a thógáil mura féidir é a chur sa riocht go n-íocfadh sé as féin. In go leor tíortha eile tugtar fóirdheontais le haghaidh córais iompair a thógáil agus a sheoladh. I Londain, mar shampla, is iad an Rialtas agus Comhairle Mhór-Londan i gcoitinne a sholáthraigh caipiteal chun línte nua faoi thalamh a thógáil, agus ní airgead as ioncam táillí. Sna Stáit Aontaithe, tá na córais iompair nua i San Francisco agus Washington ag cailliúint airgid. Má tá caillteanais mar sin le tabhú in Éirinn, áfach, ba cheart don Rialtas agus do CIÉ a chur in iúl don phobal agus don Oireachtas go bhféadfadh sin tarlú agus b’fhearr é sin a dhéanamh roimh an córas iompair a thógáil ná ina dhiaidh.


70. Measann an Comhchoiste, dá bhrí sin, nár thug staidéir roimhe seo aird go leor ar na gnéithe airgeadais sin, agus molann sé gur chóir a thuilleadh fianaise a chur ar fáil agus an obair riachtanach a bheith críochnaithe laistigh de shé mhí.


71. Tá an Chomhchoiste ar an aigne go gcuirfeadh an fhianaise bhreise a iarrtar thuas an t-ábhar ar fáil ba ghá chun teacht ar chinneadh i dtaobh an tionscadail iompair. Ag féachaint don fhianaise sin, ba cheart don Rialtas a chinneadh go tapaidh ar cheart dul ar aghaidh leis an scéim iompair nó nár cheart. Níor cheart cinneadh mar sin a bheith ina chinneadh críochnaitheach sa mhéid a bhaineann leis an scéim go huile — san amchlár chun an scéim mear-thaistil a chur i ngníomh tá socrú chun dul ar aghaidh ina chéimeanna formheasta; d’fhéadfaí toradh céime amháin a chur san áireamh sa chinneadh a bheadh le déanamh don chéad chéim eile. Ach dá ndéanfaí cinneadh i bprionsabal a luaithe is féidir chabhrodh sé sin chun deireadh a chur le héiginnteachtaí i mBaile Átha Cliath faoi láthair.


(b) Srian ar thrácht i mBaile Átha Cliath

72. Le linn fianaise a thógáil, is beag a d’airigh an Comhchoiste ach lochtaí á bhfáil ar dhálaí tráchta i mBaile Átha Cliath faoi láthair, agus an tionchar atá acu sin ar iompar poiblí. Le blianta beaga i leith, tá gnáthluas na mbusanna i lár Baile Átha Cliath tite ó cheithre mhíle dhéag san uair go dtí seacht míle, agus tá siad chomh híseal le trí mhíle san uair i limistéir áirithe tráthanna áirithe de ló. San am céanna tá sárú fairsing á dhéanamh ar na rialacháin pháirceála agus in olcas atá sé ag dul.


73. Níl aon dul uaidh ag an gComhchoiste ach a rá go bhfuil dálaí faoi láthair ina gcíor thuathail, agus go bhfuil siad ina mbac rómhór ar thrádáil, tionscal agus ar réim sibhialta saoil. Tá sé suite de go bhfuil tionchar dochrach costasúil acu ar imeachtaí CIÉ. Bhí sé de chúram air, dá bhrí sin, bearta a shainiú a d’fhéadfadh éascú a thabhairt ar dhálaí tráchta mar atá siad, mar aon leis na hathruithe riaracháin a chreideann sé is gá lena chinntiú go gcuirfear na bearta sin i gcrích dáiríre.


74. Admhaítear go coitianta i CIÉ, sna húdaráis áitiúla agus sa Gharda Síochána go bhfuil an iomarca tráchta ar fad ag teacht isteach agus ag páirceáil sa chathair, go háirithe sna buaicthréimhsí. Mar gheall air sin ní féidir leis na busanna cloí leis an am-chlár, ionas go bhfuil breis tráchta fós ag tréigean an iompair phoiblí le dul sna cairr phríobháideacha. Gineann locht locht eile. Tá beartais ag teastáil a bhainfidh amach cothrom cóir idir iompar poiblí agus iomhar príobháideach, agus a admhóidh nach féidir na gluaisteáin go léir a ligean ar fud lár Bhaile Atha Cliath, mar a d’admhaigh an Dublin Transportation Study. Ní foláir do bheartais mar sin féachaint chuige go n-oibreoidh na busanna go héifeachtúil agus go gcuirfear srian le cairr phríobháideacha san am céanna.


75. Is eol do gach n-aon lena mbaineann cad tá ag teastáil. Thagair CIÉ ina gcuid fianaise do bhealaí bus, tosaíocht a bheith ag busanna ag comharthaí tráchta agus sráideanna do bhusanna amháin mar bhearta ba chúnamh dá chuid busanna. Ma táthar le laghdú a thabhairt ar líon na ngluaisteán príobháideach agus dá chionn sin ar an gcúngacht a thagann dá ndeasca, ba ghá laghdú a thabhairt ar an méid spáis pháirceála atá ar fáil sna limistéir mheánacha, go háirithe i ndáil le haistirigh lánlae, agus na rialacháin pháirceála a chur i bhfeidhm níos déine.


76. Thacódh an Comhchoiste go lándearfa le beartais den sórt sin mar shlí chun feabhas a thabhairt ar na busanna ó thaobh airgid agus oibríochta, agus creideann sé go rachadh bearta mar sin chun leasa san am le teacht do fhormhór na ndaoine a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, mura dtairbheodh siad go léir as.


77. Maidir le srianadh agus cá fhad a rachfaí leis, tá cothrom deacair le cinneadh idir leas an ghluaisteánaí agus leas an té a úsáideann córacha iompair phoiblí. Mar sin féin aontaítear go fairsing ar cad ba cheart a dhéanamh láithreach. Aontaíonn gach n-aon lena mbaineann gur cheart glacadh leis an moladh ó CIÉ gur chóir bealach bus a bheith i Sráid na Parlaiminte, agus tá sé beartaithe anois go dtabharfar é sin isteach i nDeireadh Fómhair 1979. Táthar ar aon aigne mar an gcéanna go bhfuil gá leis na rialacháin pháircéala s chur i bhfeidhm níos déine. Tacaíonn an Comhchoiste leis an dá mholadh.


78. Ach dealraíonn go bhfuil níos mó easaontachais ann i dtaobh cé mhéid bealach bus a chuirfí ar fáil; d’ainmnigh CIÉ roinnt sráideanna ina bhféadfaí iad a thabhairt isteach agus chuir ionadaithe ceardchumainn i bhfios dúinn a thábhachtaí a bheadh tuilleadh acu, ach d’áitigh Bardas Bhaile Atha Cliath nach bhfuil aon tslí follasach ann trína bhféadfaí scéimeanna tosaíochta bus a thabhairt isteach agus d’áitigh na Gardaí go dtaispeánann na háiteanna a scrúdaíodh go dtí seo gur mhó go mór a rachadh sé chun aimhleasa don phobal í gcoitinne ná a rachadh sé chun leasa do CIÉ. Tá fadhbanna sonracha teicniúla le réiteach mar chabhair chun beartais eile a chur i gcrích, a chinntiú mar shampla go mbainfidh aistirigh go dtí limistéir mheánacha úsáid as spásanna páirceála isteach ón tsráid in ionad páirceáil ar an tsráid.


79. Is é rud is bunúsaí atá in aigne an Chomhchoiste ná fiafraí cén chúis gur thóg sé chomh fada sin teacht ar cibé cinntí atá déanta agus beart dá réir a dhéanamh (agus cén chúis nach bhfuiltear tagtha ar chinntí eile in aon chor). Moladh bealaí bus san Dublin Transportation Study ach go dtí seo ní dhearnadh ach triail amháin, i 1971, agus níor mhair sé sin ach seachtain. Mar an gcéanna tá cúrsaí páirceála dulta chun donais chomh mór sin gur thagair finnéithe ó Bhardas Bhaile Átha Cliath do chásanna ina mbíonn gluaisteáin páirceailte ar línte buí dúbailte ar dhá thaobh an bhóthair.


80. Dar leis an gComhchoiste is í an fhadhb, mar a dúirt finné ó Bhardas Bhaile Átha Cliath, “In aon rud ina bhfuil an fhreagracht roinnte, is cuma cad é, ní fhéadfadh sé a bheith éifeachtúil”. Faoi na socruithe faoi láthair, tá CIÉ freagrach sa chóras iompair poiblí a sheoladh, tá na húdaráis áitiúla freagrach in úsáid talún, pleanáil agus an córas bóithre, agus cuireann na Gardaí na rialacháin tráchta éagsúla i bhfeidhm. Istigh sa Rialtas lárnach, tá maoirseacht ar na trí ghrúpa sin ag trí Roinn Stáit ar leithligh: an Roinn Turasóireachta agus Iompair, an Roinn Comhshaoil agus an Roinn Dlí agus Cirt. Féadfaidh gach Roinn acu cinntí a dhéanamh a bhainfidh go hábhartha le leasanna na Ranna eile, agus níl aon eagraíocht ann a bhfuil sé de freagracht uirthi a áirithint go mbeadh a ngníomhaíochtaí comheagraithe, i gcomhréir ná ina gcúnamh le paisinéirí agus earraí a iompar go héifeachtúil i mBaile Atha Cliath.


81. Ní bhíonn de chaidreamh idir na comhlachtaí ach cruinniú sa mhí de bhuíon staidéir tráchta ar a bhfuil, i measc daoine eile, oifigigh ón Roinn Comhshaoil, na Gardaí, CIÉ agus Bardas Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, tá innealtóir ó CIÉ agus innealtóir ó Bhardas Bhaile Átha Cliath ar aonad tráchta teicniúil chun staidéar a dhéanamh ar scéimeanna tosaíochta bus i mBaile Átha Cliath. Tugann an t-aonad sin tuairisc do choiste stiúrtha a bhfuil ionadaithe air freisin ón Roinn Comhshaoil agus ó na Gardaí agus tríd sin don bhuíon staidéir tráchta.


82. Gan amhras tá roinnt rudaí inar éirigh go maith leis an mbuíon staidéir tráchta, mar shampla is uaidh a tháinig na moltaí as ar tugadh isteach 270 sráid aontreo i mBaile Átha Cliath agus 38 míle glanbhealaigh. Ní féidir leis an gComhchoiste aontú le barúil Bhardas Bhaile Átha Cliath go raibh an bhuíon éifeachtúil.14 Is cruthú an cor ina bhfuil nithe nach raibh, agus níl ach lag-iarracht á déanamh chun réiteach a fháil ar fhadhbanna a admhaítear a bheith ann. Sampla maith an rud a tharla i gcás na maor tráchta. Tugadh isteach maoir thráchta i gcéaduair faoi cheannas na nGardaí, agus don Bhardas a bhí siad ag obair. Ní raibh de chumhacht acu ach ticéid a chur ar fheithiclí stoptha, agus dá bhrí sin ní raibh aon chumhacht rialaithe acu ar thrácht, ná ní fhéadfadh siad fiú ordú a thabhairt feithiclí a bhí páirceáilte go mídhleathach a aistriú chun siúil. Ní raibh éifeacht leis na socruithe sin, agus tá an tseirbhís maor tráchta scortha anois ag an mBardas, agus tá an fhreagracht ar ais ar na Gardaí, agus tá maoir thráchta nua á n-earcú acu sin. Ní léir, áfach, go ndéanfaidh sé sin aon rud chun an fhadhb bhunaidh a réiteach, is é sin, go bhfuil srian míchuí ar chumhachtaí na maor tráchta, mar ní thabharfar aon chumhacht bhreise dóibh faoin socrú nua. Molann an Comhchoiste go dtabharfaí cumhachtaí teoranta sa bhreis do na maoir thráchta nua maidir le rialú tráchta, e.g. cumhacht chun trácht a rialú nuair a bhíonn brú tráchta ann agus gan aon chomhalta den Gharda Síochána ar fáil chun é a scaoileadh.


83. Measann an Comhchoiste gur mhoilligh an easpa chomheagraíochta sin scéimeanna tosaíochta bus agus scéimeanna bainistíochta tráchta eile a chur i gcrích. Aontaíonn an Coiste leis an mbarúil a nochtadh le linn fianaise CIÉ gur easpa saineolais an Gharda ar bhainistíocht tráchta faoi deara cuid mhór den mhoill sin. Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl go soiléir nach bhfuil aon locht á fháil aige ar na Gardaí ag gabháil dá ngnáth-ghnó, nuair a aontaíonn sé le barúil CIÉ; ach sa lá atá inniú ann is ceird í bainistíocht tráchta nach mór sainchumas den togha le bheith ina bun. Níl sainchumas mar sin ag na Gardaí agus níor cheart bheith ag súil leis go mbeadh; ní haon chúis iontais dá bhrí sin nach féidir leo cúram mar sin a ionramháil go héifeachtúil, cúram nach bhfuil ann ach cuid imeallach dá bpríomhdhualgais ach atá ina rud ríthábhachtach do mhuintir Bhaile Átha Cliath. D’admhaigh finnéithe na nGardaí féin gur le rialú tráchta agus nach le bainistíocht tráchta a bhain a sainchumas.


84. Tá sé á mholadh dá bhrí sin ag an gComhchoiste, má táthar chun beartais bhainistíochta tráchta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, go bhfuil gá le comhlacht aonair a mbeidh an t-údarás is gá aige ar gach uile chineál iompair i limistéar Bhaile Átha Cliath lena chinntiú go mbeidh na beartais sin feidhmiúil; agus gur cheart don chomhlacht sin an sainchumas a fháil is gá i mbainistíocht tráchta.


85. Cuireadh roinnt moltaí le haghaidh comhlacht den sórt sin faoi bhráid an Chomhchoiste. Rith Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath rún d’aontoil i mí Feabhra 1979 á rá go n-iarrann an Chomhairle seo ar an Rialtas Coiste Comhairleach Iompair a bhunú a mbeadh freagracht air gach gné iompair a phleanáil do Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath, arb iad a bheadh ar an gcoiste ionadaithe ó na trí údaráis áitiúla i dteannta ionadaithe ón Roinn Iompair agus Cumhachta, ón Roinn Comhshaoil, ó CIÉ agus ó na Gardaí.


86. Le linn a chuid fianaise thug CIÉ formheas do Choiste Comhairleach Iompair den sórt sin agus dúirt freisin “An rud is fearr ar fad, is maith linn na seirbhísí a sholáthar ar fhoras conartha do na húdaráis áitiúla”. Thriail CIÉ roimhe sin coiste comheagraíochta mar sin a bhunú ach níor éirigh leo.15


87. Chuir Bardas Bhaile Átha Cliath moladh níos bunúsaí ar aghaidh a bhí ceaptha ag coiste speisialta den Chomhairle a bunaíodh i 1976. Mhol siadsan údarás reachtúil neamhspléach chun formhór feidhmeanna CIÉ sa limistéar a ghabháil de láimh. San athbhreithniú is déanaí ar an Dublin Transportation Study a chuir Bainisteoir Chathair Bhaile Átha Cliath i láthair, tá iarrtha arís go ndéanfadh coiste comheagraíochta ardleibhéil maoirsiú ar phleanáil iompair agus ar bhearta chuige sin a chur i gcrích i mBaile Átha Cliath. Is athleagan é sin de mholadh a rinneadh cheana, nár glacadh leis san Transportation Study féin, inar tuaradh CIÉ, an Rialtas lárnach, na húdaráis áitiúla agus na Gardaí do theacht le chéile i gcoiste ardleibhéil chun na críche sin. Dúirt an Bardas arís ina chuid fianaise gur chreid sé go raibh géarghá le comheagrú níos fearr.


88. Creideann an Comhchoiste go bhfuil gá le húdarás comheagraíochta ardleibhéil agus gur cheart, más gá, gur údarás reachtúil nua a bheadh ann. Ba cheart cumhachtaí a bheith aige chun straitéis bhainistíochta tráchta do Bhaile Átha Cliath go léir a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus féachaint chuige go gcuirfear i ngníomh na bearta a mholfaidh sé. Ba cheart go mbainfeadh sé le Baile Átha Cliath go huile agus go dtiocfadh athruithe riachtanacha dá bharr ar na fo-dhlithe iomchuí agus ar na rialacháin pháirceála agus go mbeadh cumhachtaí aige chun scéimeanna tosaíochta bus a thabhairt isteach ar fud na cathrach. Bheadh ciallachais thábhachtacha ag údarás mar sin do CIÉ agus do na Gardaí. Áitíonn an Comhchoiste go bhfuil gá le húdarás nua chuige sin agus tá súil aige go n-aithneoidh na húdaráis áitiúla freisin go bhfuil gá leis sin.


89. Níl aon dul uaidh ach go gcaithfidh na húdaráis áitiúla dá chionn sin na cumhachtaí iomchuí atá acu faoi láthair a aistriú chun an údaráis nua. Tá an Comhchoiste dearfá de go bhfuil sé sin riachtanach. Aithníonn sé go mbeidh fadhbanna deacra teorann ann nuair a bheidh freagracht á roinnt ach dar leis go gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu.


90. Ba cheart don údarás nua freisin na cumhachtaí agus an sainchumas a fháil d’fhonn réitigh níos bunúsaí ar fhadhb an iompair a bhreithniú. Tá an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta tar éis críoch a chur le déanaí le staidéar ar bheartais iompair uirbigh in dhá chathair déag san Eoraip, Meiriceá Thuaidh, An tSeapáin agus Singeapór a thaispeánann gur glacadh le réimse fairsing beartas nár bhain ach costas cuíosach íseal leo, i gcuid de na cathracha lena mbaineann nó iontu go léir. Seo samplaí:—


(a) scéimeanna cillíní tráchta, a chuireann teorainn leis an méid pointí isteach agus amach go dtí limistéir den chathair,


(b) scéimeanna coiléir thráchta, a chuireann teorainn leis an méid tráchta a théann isteach i limistéir mheánacha i mbuaicthréimhsí trí shoilse tráchta. Déanann na dálaí sa limistéar áirithe an méid “am uaine” ag soilse tráchta a chinneadh agus go minic tugtar tosaíocht d’fheithiclí iompair phoiblí,


(c) rialú ar pháirceáil isteach ón tsráid i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh láithreacha,


(d) rialú ríomhaire ar thrácht limistéir,


(e) greasachtaí agus poiblíocht chun iompar poiblí agus páirtíocht gluaisteán a spreagadh, agus


(f) scéimeanna ceadúnúchain fhorlíontacha trína ndéantar táillí sa bhreis a ghearradh as mótar-fheithiclí a úsáid i limistéir mheánacha.


Is dóigh leis an gComhchoiste gur cheart don údarás nua beartaithe cleachtadh cathracha eile agus an bhaint a bheadh aige le Baile Átha Cliath a bhreithniú go práinneach d’fhonn beartas iompair uirbigh níos taibhsí a fhorbairt.


(c) Busanna Aon Fhir a Oibriú

91. Tá busanna aon fhir á lorg ag CIÉ ar bhusanna dhá urlár Bhaile Átha Cliath le roinnt blianta. Mar a léiríodh san fhianaise os comhair an Choiste, tá CIÉ dearfa de gur bheart a bheadh ann ar mhaithe leis na foirne bus agus leis an bpobal i gcoitinne. D’áitigh sé go mbeadh fear amháin i mbun bus ina rud i bhfad níos fearr dóibhsean (i.e. na foirne bus), don phobal agus dúinn go léir. Tá sé cruthaithe ó chleachtadh i ngach áit go mbeadh tiománaithe busanna aon fhir i bhfad níos sona agus íoctha níos fearr ná iad sin ar bhusanna beirte. Sin í an bharúil atá le glacadh as cleachtadh thar lear agus as cleachtadh busanna aon fhir aon urláir in áiteanna eile in Éirinn. Chuir CIÉ in iúl go dtaitníonn sé leis an bpobal “mar go bhféadann siad aithne a chur ar an tiománaí agus go dtaitníonn sé leis na tiománaithe mar go n-íoctar iad i bhfad níos fearr. Is lú na fadhbanna a tharlaíonn dá bharr maidir le briseadh oibre de dheasca daoine a bheith as láthair. Is lú an fonn a bhíonn ar dhaoine fanacht amuigh ón obair toisc gur mó an spéis a bhíonn acu ina gcuid oibre agus gur fearr an pá a fhaigheann siad”.


92. Ní hiad sin barúlacha gach éinne, áfach. Go háirithe, níl na ceardchumainn atá bainteach leis an scéal ag tabhairt a dtoil don athrú. Tá údarás ag Aontas Náisiúnta na bhFear Bus oibriú busanna aon fhir a phlé le CIE, ach níl údarás dá leithéid ag na ceardchumainn atá i gceangal le Comhar Ceardchumann na hÉireann. Níor easaontaigh ionadaí Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann go raibh CIÉ soilíosach leo agus sásta freastal ar na hagóidí go léir a bhí ag foirne i gcoinne busanna aon fhir a oibriú, ach ba é a dtátal go raibh foirne bus daingean ina choinne ó thaobh prionsabail.16 Ceaptar go forleathan freisin gur minic a mhoilligh sé an tseirbhís agus go raibh sé ina chúis le brú tráchta toisc go mbacadh sé feithiclí eile a bhíodh ag iarraidh scoitheadh. Ar a shon sin, chreid na hionadaithe go bhféadfaidh go n-atosófaí ar na cainteanna fiú i gceann gearr-achair. Chuirfeadh an Comhchoiste fáilte roimhe sin agus ba mhaith leis tathant ar CIÉ aon fhiosruithe a dhéanamh i dtíortha eile a cheapfaidís a fhreagródh an argóint go gcuireann oibriú aon fhir moill ar bhusanna agus ar thrácht eile. Tá roinnt tairiscintí déanta ag CIÉ do na ceardchumainn le blianta beaga anuas ach níor éirigh leo, agus tháinig an cheist faoi bhráid na Cúirte Oibreachais le déanaí. Fionnadh don Chúirt go raibh tiománaithe ann a raibh lé acu le glacadh leis na busanna aon fhir, agus mhol sé go dtógfaí vótaíocht i measc na mball ceardchumainn.


93. Deacracht eile i ndáil le busanna aon fhir baineann sé le díol na dticéad agus an córas táillí lena nglacfar. Toisc gurb é an tiománaí an stiúrthóir freisin, is é, gan amhras, a bheidh freagrach i mbailiú na dtáillí agus in eisiúint na dticéad. Má bhíonn an córas táillí casta, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le tréimhsí fada moille a dhéanfadh dochar do éifeacht na hoibríochta aon fhir agus a chuirfeadh ceataí ar an bpobal. Cuirtear moill leis na taistealaithe ar an mbus agus d’fhéadfadh ar ndóigh tranglam tráchta tarlú laistiar den bhus. Measann CIÉ go bhféadfaí dul i gceann na bhfadhbanna sin trí chóras táillí níos simplí a ghlacadh chucu agus tréan-iarrachtaí a dhéanamh ticéid bus a dhíol roimh ré. Mar sin tá sé molta go ndéanfaí an córas táillí láithreach a shimpliú chun nach mbeadh ann ach trí tháille. Bheadh an Coimisiún Náisiúnta um Praghsanna sásta glacadh lena leithéid sin de chóras, agus ar ndóigh san am atá caite bhíodh an Coimisiún ag tathant go nglacfaí le táillí comhchothroma. Ach ní raibh an Roinn Turasóireachta agus Iompair toilteanach glacadh leis an simpliú sin mar chiallódh sé go n-ardófaí an táille íosta go mór. Dúirt CIÉ ina gcuid fianaise nach raibh glactha ag an Roinn leis an moladh ba dhéanaí uathu i dtaobh táillí, moladh a d’ardódh na táillí ab ísle ach a choinneodh an táille ab airde mar a bhí sé.


94. D’fhonn an t-ualach ar thiománaithe a éascú agus moill a laghdú ar an bpobal, ba cheart oiread ticéad agus is féidir a dhíol roimh ré. Thabharfadh sé sin go gcaithfí leabhair ticéad a thairiscint do úsáidirí rialta ar lascaine. Dá nglacfaí le hoibríocht aon fhir chuirfeadh CIÉ feachtas dian margaíochta ar siúl chun 80-85% de na ticéid a dhíol sa tslí sin. Ceapann CIÉ go mbeadh trí rann táillí ann. Cé go bhféadfaí glacadh leis sin le haghaidh turasanna paisinéirí meán-achair agus fad-achair, chiallódh sé go gcaithfí táillí gearr-achair a mhéadú go mór. Ach d’fhonn freastal don fhadhb sin d’fhéadfadh thar trí leibhéal táillí a bheith ann le haghaidh ticéid a dhíolfaí roimh ré. B’fhurasta ar ndóigh ticéad réamhdhíolta ar tháille íseal speisialta a bheith ar fáil dóibhsean amháin a cheannaíonn é roimh dhul ar an mbus. Éinne a rachadh ar an mbus ar thuras gearr gan ticéad, níor mhór dó ceann a cheannach ón tiománaí ar ráta níos airde — is é sin, an ceann is ísle de na trí ráta a bheadh le fáil ar an mbus. Ní amháin go bhféadfaí ar an mbealach sin an táille a choinneáil íseal le haghaidh gearr-achar ach chuirfeadh sé spreagadh breise le ticéid a cheannach roimh ré.


95. Dealraíonn sé, agus is trua sin, go bhfuil an iarracht chun oibriú aonfhir a fháil i ngreim gan bogadh. Tá CIÉ daingean i gcónaí ina mbarúil go n-éireodh leis, ach tá ceardchumainn ina choinne. Ní i dtaobh cuspóirí atá an t-easaontú sin ar bun ach i dtaobh an bhféadfaí an rud atá á mholadh a chur i ngníomh: sa mhéid nach bhfuil éinne in amhras go n-éireodh leis an oibríocht aon fhir dá mbainfeadh sé amach na torthaí go léir a bhfuil súil leo ag CIÉ. D’fhonn an greim a scaoileadh trí fhéachaint an bhféadfaí na torthaí sin a bhaint amach, ba mhaith leis an gComhchoiste tathant ar CIÉ agus ar na ceardchumainn lena mbaineann triail a bhaint as bealach amháin ar a laghad, ach b’fhearr triail a bhaint as trí bhealach éagsúil go ceann bliana, ar an gcéad asc, ionas go bhféadfaí meas iomlán a thabhairt ar cén éifeacht phraiticiúil a bheadh le hoibriú aon fhir a dhéanamh ar bhusanna dhá urlár Bhaile Átha Cliath ar na bealaí roghnaithe. Thabharfadh sé caoi do CIÉ a thaispeáint go bhféadfadh sé 80-85% de na ticéid a dhíol roimh ré, agus feidhm a bhaint as córas táillí simplí ar na bealaí roghnaithe.


96. Admhaíonn an Comhchoiste go bhfuil cúis mhaith ag an Rialtas le bheith i gcoinne méaduithe móra ar an táille íosta. Ach ar choinníoll gur féidir le CIÉ a thaispeáint go mbeadh éifeacht leis an moladh agus go bhféadfaí glacadh leis, measann an Comhchoiste gur cheart ligean do CIÉ an córas táillí a leagan amach agus a shimpliú ach gan é sin a dhéanamh go dtí go mbeadh tréimhse thrialach bliana ar a laghad caite.


IV AN tIARNRÓD

(a) Tuilleamh Airgid

97. Tá aird dírithe cheana féin ar thuilleamh airgid chóras iarnród na hÉireann, agus ar é sin a thomhas leis an gcéatadán den chaiteachas atá cumhdaithe le fáltais, tá meath leanúnach tagtha air le blianta beaga anuas. Tháinig de sin, rud nach raibh aon dul as, go bhfuair sé tuilleadh agus tuilleadh fós fóirdheontais Stáit, agus le trí bliana i leith, is ón Stát, agus ní ó rátaí agus táillí, atá breis agus leath an chaiteachais iarnróid tagtha. I gcoitinne tá méadú níos airde tagtha ar na fóirdheontais ná ar phraghsanna, arna dtomhas leis an Treoir-Phraghas Tomhaltais.


98. Dá dhroim sin bhí tuarascálacha i ndiaidh a chéile ann ag trácht ar chor airgeadais CIÉ i gcoitinne, agus ar a oibríochtaí iarnróid go háirithe, agus chuireadar moltaí i láthair chun easnaimh airgid na n-iarnród a laghdú. Chomh fada siar le 1957 tháinig Coiste Uí Bhiadha ar an tátal go bhféadfadh oibríochtaí iarnróid CIÉ costais a ghlanadh fiú dá ndéanfaí an córas a atheagrú agus a nua-aoisiú; agus i gcaitheamh na gcúig bliana ina dhiaidh sin rinneadh bearta ag iarraidh an cuspóir sin a bhaint amach ach níor éirigh leo. Níos déanaí, i 1971, rinne Tuarascáil McKinsey ar Ghnó Iompair Phoiblí i dTimpeallacht Athraitheach a Shainiú moltaí éagsúla chun tuilleamh airgid CIÉ a fheabhsú ach níor éirigh leo. Is é CIÉ féin a chuir na moltaí is déanaí ar aghaidh sa tuarascáil a thug sé i 1977, “CIÉ—An Ród seo Romhainn”.


99. Sa Tuarascáil sin, thuaraigh CIÉ go laghdófaí an t-easnamh ar oibríochtaí iarnróid ó £24 milliún i 1976 go dtí £17.5 milliún (de réir phraghsanna 1976) i 1980. Le linn sin a bheith ag tarlú, tuigeadh as go dtiocfadh ó 49% go dtí 62% de mhéadú ar an gcionúireacht de chaiteachas iarnróid a bheadh cumhdaithe ag ioncam.


100. Níl a mhalairt de rogha ag an gComhchoiste ach a shonrú go bhfuil CIÉ anois leathslí tríd an tréimhse lena mbaineann na figiúirí sin, agus go dtaispeánann na torthaí do 1978 go raibh an t-easnamh iarnróid de réir praghsanna 1976 níos airde anois ná mar a bhí sé i 1976. San am céanna tá an chionúireacht chaiteachais a chumhdaítear le hioncam anois díreach faoi bhun 49% ar a shon go raibh sé díreach os cionn 49% i 1976. Dhealródh sé gur ag dul i laghad atá an dóchas go mbainfear amach na cuspóirí airgeadais atá leagtha amach don iarnród san “Ród seo Romhainn”.


101. Ar ndóigh d’admhaigh CIÉ, sa ráiteas a chuir siad faoi bhráid an Chomhchoiste, go mba ábhar díomá na torthaí iarnróid agus luaigh siad mar phríomh-chúis costais a bhain le hatheagrú a rinneadh le déanaí, as a mbeadh sochair le baint sna blianta le teacht. Ach dá bhféadfaí féin sprioc CIÉ a bhaint amach, is é sin, 62% de chaiteachas iarnróid a mhaoiniú, fiú ar dháta éigin tar éis 1980, agus ba mhaith linn a chreidiúint nach beart dodhéanta é, bheadh fós easnamh an-mhór ar oibríochtaí iarnróid. Níl aon bhonn gnó leis an iarnród a choinneáil ar siúl: mar a dúirt CIÉ ina gcuid fianaise “Seirbhísí sóisialta go formhór atá á soláthar againn mar má tá an t-iarnród ag cailliúint £30 milliún cén chúis go bhfuil sé á oibriú againn? Táimid á dhéanamh toisc gur mhaith an rud é ón taobh sóisialta na hiarnróid a choimeád ar siúl”.


102. Glacann an Comhchoiste leis go bhfuil cúram seirbhíse sóisialta ar an iarnród, pointe ar a ndéanann sé trácht arís thíos. San am céanna, aithníonn an Comhchoiste, ar mhaithe le bheith cuntasach i leith an phobail agus toisc go bhfuil an iomad éileamh ar airgead poiblí, nach féidir ligean do chaillteanais iarnróid méadú leo gan teorainn. Níl ann ach gabháil leis an bhfírinne, nuair a deirtear, cé go bhfuil dóchas ag CIÉ an t-easnamh a laghdú a thuilleadh agus gur éirigh leo le déanaí laghdú a thabhairt ar a ráta fáis, go dtuigtear as scéal oibríochtaí iarnród na hÉireann san am atá caite gur minic a dúradh go raibh d’intinn an t-easnamh a laghdú ach nár tháinig an intinn riamh chun críche. Tá tábhacht leis an ábhar go háirithe san am i láthair, nuair atá CIÉ á lorg go ndéanfaí infheistíocht mhór sna hiarnróid.


103. Sa “Ród seo Romhainn” mhol CIÉ grádú suas a dhéanamh ar na mórbhealaí amach ó Bhaile Átha Cliath. Chuirfeadh sé “feabhas an-mhór ar cháilíocht an bhuan-bhealaigh,” i.e. ar an rianlíne, “chuirfí carráistí nua-aimsire aer-oiriúnaithe ar fáil ar gach bealach” maraon le “comharthaíocht uathoibreach ar fud an chórais”. Cé go bhful infheistiú déanta ag CIÉ ó foilsíodh “An Ród seo Romhainn” tá an-chuid ag teastáil uathu go fóill:—


(a) Tá ceadú iarrtha ag CIÉ ar an Roinn Turasóireachta agus Iompair chun 100 cóiste príomhlíne a dhéanamh ar chostas tuairim £16 milliún;17


(b) Ag féachaint ar aghaidh chun deireadh an chéid, dúirt CIÉ go mbeadh tuairim 300 cóiste eile uathu;


(c) D’fhéadfadh na riachtanais sin, agus fós an stoc nua a bheadh ag teastáil le haghaidh leictriú na líne bruachbhaile a ceadaíodh le déanaí, d’fhéadfadh siad tabhairt go mba ghá gnóthas tógála cóistí a bhunú in Inse Chór. Mhol CIÉ saoráid den sórt sin a bhunú, i gcomhlachas leis an ngnólacht Gearmánach Linke, Hofmann and Busch. Is é an dóchas atá ann go spreagfadh an fiontar nua freisin go mbeadh éileamh ar a chuid táirgí i dtíortha lasmuigh;


(d) Mhol CIÉ freisin feabhsuithe líne. Mar shampla, tharraing sé aird ina chuid fianaise ar mholtaí le haghaidh feabhsuithe i gCill Chainnigh agus chun seirbhísí a fheabhsú idir Baile Átha Cliath agus Port Láirge. Ach ní fheictear do CIÉ go mbeadh ciall leis an infheistíocht sin mura bhfaigheadh sé cóistí nua.18 Cuireann sé sin béim ar an mbaint lena chéile atá ag moltaí infheistíochta iarnróid CIÉ, agus is ábhar é sin ar a bhfillfidh an Comhchoiste.


104. Chuir CIÉ béim air, ina gcuid fianaise, nár mhór tuilleadh airgid a infheistiú sula méadódh an trácht iarnróid. D’áitigh sé nach bhféadfadh an Bord, d’éagmais na hinfheistíochta sin, “freastal ar an méadú atá á shaothrú againn don phríomh-líne”. Dá héagmais, ní fhéadfadh an t-iarnród seirbhís a thairiscint a rachadh in iomaíocht leis an gcarr príobháideach nó leis an leoraí. Bhí breis tráctha, arís, ina réamhchoinníoll riachtanach má bhí breis airgid le tuilleamh. D’áitigh CIÉ ina gcuid fianaise “nach raibh slí ar bith leis an bhfóirdheontas don iarnród a laghdú” gan breis an-mhór tráchta.


105. Glacann an Comhchoiste leis an mbarúil go gcaithfear tuilleadh airgid a infheistiú le haghaidh breis tráchta. Tá tábhacht leis sin toisc go nglactar leis go minic go bhfuil barraíocht mhór acmhainne ag an iarnród. Dá bhrí sin, tríd is tríd, ní féidir leis na hiarnróid freastal ar mhéaduithe móra i dtrácht gan mórchuid caiteachais chaipitiúil.


106. Ní foláir don Chomhchoiste breathnú le breis amhrais ar an dara taca d’argóint CIÉ, is é sin, “mura bhfaighimid caipiteal rachaidh an t-easnamh atá ann i méid” agus é de chiallachas ann go dtabharfaidh an infheistíocht chaipitiúil a mholtar laghdú ar an easnamh sin. Ní bheadh sé sin fíor ach amháin sa chás go dtiocfadh na tuair ar bhreis tráchta chun críche. Tá sé le tuiscint as an gcleachtadh thar lear nach mbeidh sé furasta na méaduithe a ghnóthú a bhfuil súil leo ag CIÉ; agus ba díthcéille gan bheith ag coinne leis go bhféadfadh tuilleadh caiteachais chaipitiúil an fóirdheontas ba ghá a mheadú. Ní haon chúis mhisnigh go deimhin ar tharla le trí bliana i leith nuair atá méadú mór19 tagtha ar an líon tráchta agus gan feabhas ar bith tagtha ar ghnó ó thaobh airgid; agus a áiteamh go mba mheasa fós an gnó ó thaobh airgid d’éagmais an líon tráchta méadaithe ní cúis é sin ann féin chun infheistíochta mura bhfuil glacadh soiléir poiblí le hiarnród cailliúnach agus sin bunaithe ar mheas réadúil éadóchasach ar na caillteanais ionchasacha agus an fóirdheontas dá chionn a chaithfidh an cáiníocoir a sholáthar.


107. Níor mhaith leis an gComhchoiste a thabhairt le fios nach mbeadh bonn cirt ag tuilleadh infheistíochta. Creideann an Comhchoiste go gcuireann an t-iarnród sochair mhóra shóisialta ar fáil agus gur fiú fóirdheontas mór Stáit dá gcionn sin. Dá dtagadh tuilleadh fairsingiú ar ghníomhaíocht iarnróid, dá bhrí sin, ba chóir dá thairbhe fóirdheontas níos mó a thabhairt. Ach molann an Comhchoiste go gcuirfí mar thaca le cás CIÉ do lorg tuilleadh caiteachais chaipitiúil meastacháin mhionchruinne ar an tionchar a bheidh aige ar riachtanais airgid, caillteanais agus trácht feadh tréimhse deich mbliana. Ba cheart go mbeadh ag gabháil leis an taifeach sin, mar bhonn leis, sonraí ar na boinn agus an réamhfhaisnéis ar a bhfuil na tuair bunaithe, agus ba chóir é a bheith tiomsaithe ar fhoras réadúil a mbeidh glacadh leis ag an Rialtas lárnach.


108. Creideann an Comhchoiste freisin gur cheart breis saoirse a thabhairt do CIÉ chun rátaí agus táillí a chinneadh ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar chúrsaí gnó. I láthair na huaire caitheann CIÉ trí chonstaic a shárú sula n-ardaíonn siad táillí. Caitheann an Roinn Turasóireachta agus Iompair na méaduithe táillí a cheadú ar dtús. Ansin caitheann an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna iad a cheadú, agus bíonn an tríú céim ann ansin fad a bhíonn CIÉ ag feitheamh le cead ón Rialtas iad a chur i ngníomh. Rinne CIÉ agóid le linn a bhfianaise a thabhairt nár fhéad siad ach uair amháin le blianta beaga anuas méaduithe ar na táillí a chur i ngníomh ar an dáta beartaithe20. Cé gur fíor é sin i gcás seirbhísí uile CIÉ, tá sé tábhachtach go háirithe don iarnród mar gheall ar a éifeacht ar an bhfóirdheontas a bhíonn ag teastáil. Molann an Comhchoiste go luathódh an Roinn Turasóireachta agus Iompair a scrúdú ar iarratais ó CIÉ ag lorg méadaithe ar rátaí agus táillí. Go háirithe dealraíonn sé go mb’fhiú na nithe seo a leanas a bhreithniú:—


(a) Cá mhéid a mheasfaí an Rialtas (ach nár ghá go measfaí an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna) a bheith ag aontú leis na táillí agus na rátaí a bhfuil a gciallachas sna Meastacháin, i bprionsabal agus ina gcur i ngníomh, nuair a bhíonn na Meastacháin á nglacadh acu;


(b) Má bhíonn aon mhéaduithe eile ar tháillí agus rátaí ag teastáil faoi chomhair easnaimh nach raibh coinne leo cá mhéid ar chóir a mheas go bhfuil an Rialtas (m’ionann agus an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna) ag aontú leo mura bhfuil sé ullamh ar aontú laistigh de shé seachtain an t-easnamh céanna a ghlanadh go páirteach nó go hiomlán trí fhóirdheontas eile.


109. Maidir le gnéithe níos sonraí de tháillí CIÉ tá moltaí curtha ag CIÉ chun an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna, do lorg a chóras táillí lastiompair a atheagrú. Glacadh leis na hathruithe ach táthar arís ag feitheamh le ceadú an Rialtais. Molann an Comhchoiste go dtabharfaí an ceadú sin do CIÉ ar an bhforas gur chóir cinntí gnó den sórt sin a fhágáil ó cheart faoi CIÉ.


110. D’fhéadfadh cinnte go mba cheart táillí níos airde a bhaint amach de chionn na seirbhíse feabhsaithe iarnróid a bheidh á tairiscint ag CIÉ, de bharr leictriú, ar sheirbhísí iarnróid bruachbhaile Bhaile Átha Cliath. Go deimhin féin d’áitigh CIÉ ina gcuid fianaise “go bhféadfaí a rá nach raibh táillí ar an líne bhruachbhaile ard a ndóthain”. Dúirt CIÉ fós go mbeadh sé deacair a chruthú don Choimisiún Náisiúnta Praghsanna gur chóir táillí a ardú toisc gur ghá iad sin a bhunú ar mhéaduithe costais. I gcás táillí bruachbhaile Bhaile Átha Cliath “bhí an bonn i bhfad róíseal”, i.e. bhí leibhéal na dtáillí le fada ar leibhéal ró-íseal ag féachaint do leibhéal na gcostas. Tugann an Comhchoiste faoi deara, áfach, gur mhol staidéar ar CIÉ a bhí coimisiúnaithe ag an gCoimisiún Náisiúnta Praghsanna i 197321 gur cheart táillí iarnróid bruachbhaile Bhaile Átha Cliath a ardú go leibhéal inar ghlan siad ar a laghad costais inseachanta na seirbhísí a sholáthar. Ag féachaint dó sin, mhol an Coimisiún, mar chéad chéim, go n-ardófaí táillí iarnróid bruachbhaile go dtí an cothrom céanna le táillí bus. I gcríoch dáta is é tátal a bhain sé as gurb é “an dara céim sa treo sin táillí níos airde a bhaint amach ar na hiarnróid ná na táillí bus nua do thuras den fhad céanna. Sin gné de bheartas iompair nár mhór don Rialtas agus do CIÉ a scrúdú go práinneach.” Is léir go n-aithníonn an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna go bhféadfaidh go bhfuil cás ann do tháillí iarnróid bruachbhaile níos airde. Is ar CIÉ agus ar an Rialtas atá an mhortabháil, dá bhrí sin, an cás a dhéanamh, in ionad féachaint air mar dhlí cinnte go ndiúltóidh an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna dó.


111. Is léir, áfach, agus is é brí a ndúirt CIÉ linn, nach bhfuil dul ar bith go bhféadfadh fiú coigeartuithe rí-mhóra ar rátaí agus táillí an t-iarnród a chur sa riocht go n-íocfadh sé as féin, sa mhéid go nglanfadh sé a chaiteachas ó ioncam. Dá bhrí sin, agus glacann an Comhchoiste leis, is bonn sóisialta atá ann lena choinneáil. Leis an gcás sóisialta a mheas, is gá na córacha de mhalairt ar an iarnród a scrúdú, agus is iad sin go formhór an carr príobháideach, an bus agus an leoraí, a bhíonn ag taisteal ar na bóithre. I gcomparáid leosan, tá de bhuntáiste leis an iarnród go n-ídíonn sé níos lú fuinnimh, gur sábháilte é agus gur lú mar thruaillíonn sé an timpeallacht ó thaobh torann, sárú radhairc agus gásanna díobhálacha a scaoileadh faoin aer. Soláthraíonn an t-iarnród freisin saoráidí fíor-riachtanacha iompair phoiblí do dhaoine nach bhfuil teacht acu ar an gcarr príobháideach, agus cuidíonn sé le forbairt a dhéanamh ar roinnt limistéar iargúlta go háirithe in iarthar na tíre.


112. Is é tátal an Chomhchoiste go bhfuil na gnéithe sin ina mbonn do chás sóisialta don bhóthar iarainn. Tá neart an cháis sin ag brath go páirteach ar chomparáidí le córacha malairte iompair de bhóthar agus d’fhéadfadh sin freisin bheith ag freastal do chríocha sóisialta.


113. Ardaíonn sé sin ceist bhunúsach sa mhéid gur ag an Rialtas lárnach agus áitiúil atá urlámh ar dhéanamh, cothabháil, riaradh agus póilíneacht na mbóithre. Sá cháil sin, ní fhéachtar air riamh mar oibríocht gnó agus ní féidir riamh, dá bhrí sin, labhairt mar gheall ar bhrabúsmhaireacht na mbóithre ná ar leibhéal caillteanas na mbóithre, mar is féidir a dhéanamh i gcás na n-iarnród.


114. Dá dhroim sin, líomhnaítear rudaí nach féidir a chur faoi thástáil: mar atá gur éagóir ollmhór ar na hiarnróid rudaí mar atá siad toisc go n-íocann na hiarnród as a gcuid rianta agus nach ndéanann lucht úsáidte bóithre amhlaidh, nó go bhfuil an córas cánach chomh leatromach sin in aghaidh lucht úsáidte bóithre go gcuireann sé ar chumas na n-iarnród dul in iomaíocht éagórach mar gheall air.


115. Cibé rud is féidir a rá mar gheall ar na difríochtaí dlíthiúla idir chánacha agus praghsanna, agus tuairimíocht i dtaobh cánacha, is í an fhírinne gheilleagair agus ghnó go n-íocann úsáidirí bóithre cion de chostas na mbóithre trí chánacha a íoc i leith úinéireacht agus úsáid feithicle. Is beag a bhfuil d’eolas le fáil in Éirinn ar an ngaol atá idir na híocaíochtaí cánach sin agus caiteachas ar bhóithre. Rinneadh staidéar mór ar an ábhar sin sa Ríocht Aontaithe i 196822 agus tugadh cothrom le dáta é i 197623 Rinneadh staidéar simplí den sórt céanna thar ceann an Choimisiúin Náisiúnta Praghsanna, maidir le cúrsaí in Éirinn, sna blianta 1969/70.24


116. Measann an Comhchoiste go bhfuil staidéar níos fairsinge ag teastáil go géar chun foras cothrom iomaíochta a bhunú idir iompar ar bhóithre agus iompar d’iarnród. Ba cheart do staidéar den sórt sin costais agus ioncam na mbóithre a dhéanamh amach, aird a tharraingt ar limistéir le deacracht choincheapa ina raibh forais réasúnacha le modhanna eile fiafraithe a chur in iúl a thabharfadh figiúirí eile costais agus ioncaim, agus na torthaí a thabhairt le chéile ionas go bhféadfaí comparáid réasúnach a dhéanamh le torthaí gnó an iarnróid.


117. An chéad rud a bheadh ag teastáil a fháil amach cén t-ioncam a fhaightear as na bóithre. D’fhéadfadh go n-áireofaí air sin ioncam ó chánacha ar pheitreal agus díosal, ó dhleachtanna máil feithiclí agus, rud is dóichí a bheith san áireamh, ó CBL a íocadh ar rudaí ar nós seirbhísiú feithiclí. Tá sé deacair a chinneadh cén t-ioncam a bhaineann go sonrach le córas na mbóithre a chur ar fáil, agus cén t-ioneam a chruinníonn cánachas chun caiteachas Rialtais i gcoitinne a mhaoiniú. Go deimhin, sin ceist nach féidir a fhreagairt ar bhealach toisc nach n-aithníonn an Rialtas, agus an ceart acu, gur ghá aon bhaint a bheith idir an cháin a ghearrtar ar an úsáidire bóthair agus an caiteachas poiblí a thabhaítear ar mhaithe leis. Ach i gcomhthéacs staidéir ina bhfuil comparáid á dhéanamh idir bóithre agus iarnróid, dhealródh sé a bheith ceart feidhm a bhaint as foras a chinntíonn cothromas maidir le cóir chánach idir an dá cheann.


118. Is é an dara gné, agus is dóigh an gné is casta, na costais a thabhaigh an earnáil phoiblí agus an pobal i gcoitinne. Is iad na costais phoiblí a bhí ar áireamh i staidéar na Ríochta Aontaithe iad sin a bhain le “déanamh agus cothabháil bóithre, glantachán, soilsiú, póilíneacht tráchta, cúirteanna agus costais riaracháin mórbhealaí ag rialtas áitiúil agus lárnach”. Is beag mír acu sin ar féidir meastachán a thabhairt ina leith go héasca. I roinnt cásanna, costais phóilíneachta mar shampla, caitear leithroinnt a dhéanamh ó leibhéil níos comhchruinnithe de chaiteachas póilíneachta. Cuireann míreanna caiteachais chaipitiúil bunfhadhbanna coincheapa i láthair, mar ní bhailítear aon eolas i dtaobh díluachú bóthair ná i dtaobh muirir úis ar airgead a infheistítear i mbóithre. Bheadh figiúirí faoi na hábhair sin ag teastáil má tá na figiúirí caiteachais le cur sa chomparáid chéanna leosan don iarnród. D’fhéadfaí meas-fhigiúirí a ríomh do na míreanna sin, ach d’fhéadfaí arís glacadh le modh íoc-mar-a-théann-tú trína ndéantar caiteachas caipitiúil in aon bhliain áirithe a leithroinnt go hiomlán do chánachas úsáidirí bóithre sa bhliain chéanna. Sin é an modh lenar glacadh sa Ríocht Aontaithe, agus go deimhin is é is fusa a chur i bhfeidhm, cé go gcaithfí a chur san áireamh dó go ndéanann sé a bheag nó a mhór de shaobhadh ar aon chomparáid leis an iarnród.


119. Ar chostais a thiteann ar an bpobal de bharr feithiclí a úsáid áirítear tionóiscí, torann, múchanna, creathadh agus sárú radhairc. Is é an Stát a íocann cuid de na costais tionóisce, tríd an tseirbhís ospidéil, agus is cuí iad a chur leis na costais phoiblí thuas. Tá tuilleadh costas, áfach, mar atá buairt, pian agus fulaingt a bhíonn le hiompar ag an bpobal i gcoitinne. Baineann deacrachtaí follasacha le luach a chur ar chostas na nithe sin, agus baineann an rud céanna le héifeachtaí timpeallachta ar nós éifeachtaí torainn, ach gan dabht is costais iad na nithe sin a d’fhéadfadh a thabhairt gur cheart muirear a leagan, trí chánachas, ar an úsáidire feithicle.


120. Staidéar den sórt ar a bhfuil gearr-thrácht thuas d’fhéadfadh sé dul níos faide ná comparáid chomhiomlán a dhéanamh idir costais agus fáltais úsáidirí bóithre, agus d’fhéadfadh sé scrúdú a dhéanamh ar aicmí aonraice úsáidirí bóithre, ar nós gluaisteáin agus leoraithe troma ar leithligh. Is dóigh leis an gComhchoiste go mb’fhiú go maith staidéar níos fairsinge den sórt sin a dhéanamh, staidéar a mbeadh ciallachais leis maidir le beartas cánachais feithicle, sa mhéid nach measfadh an Comhchoiste go mba chuí d’aon aicme úsáidire feithicle níos lú a íoc i bhfoirm chánachais ná an caiteachas poiblí a tabhaíodh ar mhaithe leis. Dá gcuirfí scála iomchuí dleachtanna i bhfeidhm de réir toirt agus meáchan feithicle, agus bonn cirt leis mar gheall ar an gcaitheamh agus cuimilt a dhéanann feithiclí troma, d’fhéadfadh sin a bheith ina chabhair thábhachtach le lastiompar a roinnt níos rianúla idir bóithre agus iarnróid.


121. Is é tuairim an Chomhchoiste gur mhaith ab fhiú don Choimisiún Comhairleach Iompair scrúdú a ghabháil de láimh ag déanamh comparáid gnó idir iompar de bhóithre agus iompar d’iarnród. Le haghaidh cirt mar sin, níor mhór comhoibriú gníomhach ón Roinn Iompair agus Cumhachta, ón Roinn Comhshaoil, ón Roinn Airgeadais, ó CIÉ, ó na Gardaí, agus ó chomhlachtaí Stáit eile mar atá na húdaráis ospidéil a iompraíonn cuid de chostais tionóiscí bóthair. Meastar don Chomhchoiste go mbeadh an comhoibriú sin le fáil agus molann sé go ngabhfaí a leithéid sin de staidéar ar láimh mar bheart práinneach.


(b) An Gealltanas Náisiúnta don Iarnród

122. Tráthanna éagsúla le linn na fianaise, d’áitigh CIÉ gur ghá don Rialtas agus don tír teacht ar chinneadh bunúsach ar an gcineál iarnróid a theastaigh uathu amach anseo, más aon chineál é, agus ar chríoch an iarnróid sin ag freastal dó ar riachtanais iompair in Éirinn. D’áitigh CIÉ gurb é “an chéad rud a chaithfimid a dhéanamh beartas cinnte a aimsiú . . . Caithfidh an Rialtas a rá cad a bheartaíonn siad don iarnród san fhadtéarma”.25 In áit eile, mhol cathaoirleach CIÉ go gcaithfidh an tír a haigne a dhéanamh suas i dtaobh cén sórt iarnróid a theastaíonn uaithi, cibé a bhfeictear di — mar a fheictear domsa — go mbeidh níos mó tábhacht leis an iarnród san am le teacht ná mar bhí san am a caitheadh i bhfianaise an úsáid is fearr a bhaint as fuinneamh”.26 Go deimhin, dúirt CIÉ “go mb’fhearr dá ndéarfaí leis go bhfuil ar intinn an t-iarnród a laghdú nó a fhorbairt ná gan cinneadh ar bith a dhéanamh. Ar a laghad d’fhéadfaimis ár dtodhchaí uile a phleanáil agus/nó a oiriúnú i ndáil le cibé cinneadh a ghlacfar”27 Tá argóintí den chineál céanna curtha i láthair in áiteanna eile.28


123. B’fhéidir go bhfuil na ráitis sin pas láidir á thabhairt le fios go bhfuil neamhspéis phoiblí á cur san iarnród. Ná déantar dearmad gondeir an Páipéar Bán is déanaí ar Fhorbairt Náisiúnta29 go n-aithníonn “an Rialtas an gá atá le gréasán éifeachtúil d’iarnród príomhlíne a chothabháil agus a inmhianaithe atá sé oiread agus is féidir de throm-lasta agus d’iompar paisinéirí fadturais a tharraingt. Dá bhrí sin tá CIÉ ag leanúint dá gclár nuachóiriúcháin iarnróid príomhlíne.” Mar an gcéanna cheadaigh an Rialtas go leanfaí d’infheistíochtaí san iarnród o bhliain go bliain cé go n-áitíonn CIÉ gur “gealltanas an-bheag” é sin.


124. Lasmuigh den Rialtas, féadfaidh CIÉ misneach éigin a ghlacadh as na haighneachtaí chun an Chomhchoiste. Níor áitigh éinne gur cheart tuilleadh laghdaithe a dhéanamh ar an iarnród le go laghdófaí caillteanais. Thug go leor aitheantas do chúram sóisialta an iarnróid, agus d’áitigh siad ar son tuilleadh caiteachais. Aithníonn Cónaidhm Thionscail na hÉireann “an gá atá le seirbhís shóisialta a chur ar fáil ar chostas lena mbeadh cabhair fóirdheontais”. Admhaíonn an tÚdarás Forbartha Tion scail go bhfuil “feabhsuithe tábhachtacha déanta ag CIÉ ina lastseirbhís, ag soláthar seirbhísí traein-línéara agus ag bunú cinn bhealaigh le trealamh ionramhála nua-aoiseach, in áiteanna straitéiseacha”, agus “fáiltíonn siad roimh na feabhsuithe ar shaoráidí ionramhála coimeádán atá á ndéanamh ag CIÉ ag cinn bhealaigh réigiúnacha.” Mhol Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath gur cheart “ligean do na seirbhísí iarnróid oibriú leo ar aghaidh mar dá dtarlódh géarchéim breosla bheadh an tseirbhís sin lán-riachtanach le haghaidh saol geilleagrach na tíre a choinneáil ag gluaiseacht.” Shíl Comhar Ceardchumann an hÉireann gur cheart “an bhéim ba láidre a leagan ar fhorbairt an iompair poiblí” agus “os eol na buntáistí don phobal a thig ó chóras iompair poiblí éifeachtúil iontaofa, gur chóir socruithe a dhéanamh le hairgead a chur a fáil chun na feabhsuithe is gá a dhéanamh.”


125. Cé nach féidir a rá nach bhfuil an Rialtas agus na comhlachtaí eile sin faoi gheall don iarnród, is é cás CIÉ mar a thuigimid é nach ndéantar beart de réir na mbriathra bána sin; agus chomh fada is a bhaineann sé leis an Rialtas, tuigeann an Comhchoiste don bharúil sin cuid mhaith.


126. Creideann an Comhchoiste má táthar faoi gheall an oiread sin d’iarnród cailliúnach, agus ní bheadh sé ag easaontú leis sin ar choinníoll go mbeadh urlámhas níos mó ar chúrsaí caillteanais, mar atá luaite cheana féin, ansin gur cheart don iarnród ceadú a fháil le haghaidh infheistíochta agus airgead a thógáil ar iasacht ar bhealach ab iomchuí dá scála. Dá dtabharfaí cúnamh Rialtais lastuas den líne mar ioncam ba shoiléire cuibheas an ní sin.


127. Chuir CIÉ i láthair an Chomhchoiste, agus ní chlaonfadh sé uaidh sin, gurb é an chúis a bhí leis an mbearna idir gealltanas teoiriciúil agus gealltanas éifeachtúil ná gan aon bheartas iompair náisiúnta cinnte a bheith ann, leis an gcúram a bhunú ba cheart don iarnród a dhéanamh, laistigh den ghréasán beartas sin. B’fhacthas deacrachtaí do CIÉ, áfach, i “mbeartas iompair náisiúnta a cheapadh” toisc go gciallódh sé “reachtaíocht a dhéanamh don earnáil phríobháideach chomh maith leis an earnáil phoiblí” agus “ní léir dó go ndéanfar sin”.30


128. Ní ghlacann an Comhchoiste le barúil CIÉ nach féidir aon bheartas a bheith ann i leith na hearnála príobháidí. Go deimhin, tá a leithéid sin de bharúil ar neamhréir leis an gcor láithreach reachtaíochta in Éirinn, agus leis na hargóintí a chuir CIÉ féin ar aghaidh san fhianaise in áit eile. Tá an tionscal tarlaithe, ar a chonlán féin (i.e. monaróirí ag iompar a gcuid earraí féin ina bhfeithiclí féin) agus ar fruiliú agus luaíocht, faoi réir sriantachtaí éagsúla a thig ó bheartas ceadúnúcháin Rialtais. Tá urlámhas níos déine á chur ag ceanglais CEE ar cháilíocht an tionscail tarlaithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach ar aon. Tá an gluaisteánaí príobháideach faoi réir roinnt rialúchán, mar shampla, rialúcháin shabháilteachta agus pháirceála. Tá CIÉ féin tar éis a áiteamh gur cheart na rialúcháin sin a threisiú agus a chur i bhfeidhm níos déine, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Cé go bhféadfaí a áiteamh nach de thoradh meabhraithe ar bheartas iompair náisiúnta a thig na bearta sin, bréagnaíonn siad aon argóint go bhfuil an Rialtas neamhthoilteanach reachtaíocht a rith don earnáil phríobháideach.


129. Creideann an Comhchoiste dá bhrí sin gur cheart don Rialtas beartas iompair náisiúnta a bhunú a bhainfeadh leis an dá earnáil, príobháideach agus poiblí. Chaithfeadh beartas mar sin plé leis an gcúram a mheasann an Rialtas a bheith le déanamh ag iompar poiblí agus príobháideach i limistéir uirbeacha, an bealach inar mhaith leis forbairt an tionscail tarlaithe ar bhóithre a spreagadh, bearta a bheadh le déanamh maidir le hiompar a sholáthar i limistéir iargúlta tuatha agus ábhair dá sórt sin a bhfuil baint theoranta acu le todhchaí an iarnróid. Sa chomhthéacs sin, bheadh ráiteas beartais i dtaobh todhchaí na n-iarnród, a dhéanfadh trácht ar cé mhéid don ghréasán a choinneofaí, na cineálacha tráchta ar cheart don iarnród dul san iomaíocht á lorg, na seirbhísí a bheidh le tairiscint, agus an cúram sóisialta ba chóir don iarnród a chomhlíonadh, bheadh na nithe sin uile ina gcomhchuid ri-thábhachtach de bheartas mar sin.


130. Tá dhá chúis go bhfuil géarghá le cinneadh ar thodhchaí an iarnróid a dhéanamh anois:—


(a) tá an ghéarchéim fuinnimh tar éis mórdhifríocht a dhéanamh do phraghsanna coibhneasacha bóthair agus iarnróid. Mheasfadh go leor gur tráth cinntábhachta é i stair iarnród na hÉireann, nuair ba cheart ní amháin iad a choinneáil ar bun, ach fiú amháin b’fhéidir iad a leathnú. Molann an Comhchoiste gur cheart don Rialtas mórchúram a dhéanamh den chiallachas do chúrsaí iompair atá le pleanáil fuinnimh. Tuigeann sé an tábhacht atá le dearcadh cothrom ar an gceist sin agus go bhfuil an cás ag brath go géar ar chúinsí áirithe. Is saoire i bhfad mórchainníochtaí a aistriú agus paisinéirí agus lasta a iompar d’iarnród, cé go mbainfeadh sé ón tsaoire sin i gcás daoine agus earraí a mbeadh turas fada le déanamh acu go dtí an ceann bealaigh ag ceann amháin nó ag an dá cheann, agus freisin ar bhealaí nach mbíonn an oiread sin trácht orthu. San fhadtéarma, b’fhéidir gur cheart mar gheall air sin na hiarnróid thadhlacha ar tarraingíodh seirbhísí siar uathu le blianta beaga anuas, a thabhairt ar ais;


(b) tá baint lena chéile ag a lán de na cinntí atá ag teastáil anois i dtaobh an iarnróid. Tá feabhsuithe ag teastáil ar na rianta, ar an gcóras comharthaíochta agus ar an rothdhíle. Ach is beag an mhaith nó ní haon mhaith ceann amháin díobh sin a fheabhsú mura bhfuil rún na cinn eile a fheabhsú.


131. Tá an Comhchoiste tar éis aird a tharraingt cheana féin sa tuarascáil seo ar mholtaí CIÉ le haghaidh feabhsuithe iarnróid i gCill Chainnigh, agus go bhfuil CIÉ neamhthoilteanach dul ar aghaidh leo sin gan cinneadh ón Rialtas tuilleadh rothdhíle a cheadú. Mar an gcéanna, maidir le moltaí CIÉ chun cóistí a chur á dtógáil in Inse Chór, ní fhéadfaí a rá go mba cheart sin a dhéanamh gan rún a bheith ann orduithe móra do rothdhíle a sholáthar.


132. Má tá CIÉ le pleanáil go rianúil don am le teacht, caithfidh siad é sin a dhéanamh ag féachaint don mhéid caipitil a bheidh an Rialtas toilteanach a chur ar fáil don iarnród go ceann tréimhse blianta anonn. I láthair na huaire ní heol do CIÉ ach an méid caipitil a bheidh le soláthar don iarnród go ceann bliana agus caitheann CIÉ áiteamh a dhéanamh i leith gach gné den chaiteachas sin.31 Níl sé sin sásúil nuair is do rudaí a dhéanfaidh CIE san am le teacht amháin a chaitear cás a dhéanamh do go leor den infheistíocht, agus ní do rudaí a rinne sé san am atá caite.


133. Is maith aird a thabhairt air gur chuir an Rialtas iad féin faoi gheall le déanaí i ndáil le clár forbartha deich mbliana do na bóithre,32 ag sainiú scéimeanna pleanáilte, a gcostas, agus an t-amscála lena gcur i ngníomh. Bunaíonn sé sin timpeallacht i bhfad níos fearr le haghaidh pleanála fadtéarma, atá gach uile phioc chomh riachtanach don iarnród agus atá sé do na bóithre. Tá plean dá short, a mbeidh glacadh ag an Rialtas leis, ag teastáil don iarnród ionas gur féidir comhaontú ar cé mhéid acmhainní a bheidh le caitheamh á fhorbairt feadh tréimhse deich mbliana. Ní foláir oibriú an phlean sin a bheith ag brath ar dóthain airgid a bheith ar fáil, mar atá i gcás an Phlean Forbartha Bóithre. Ach tugann an Comhchoiste ar aird ráiteas an Rialtais go n-airíonn sé go bhféadfadh “athrú gearrthéarma teacht ar an leibhéal infheistíochta ag féachaint do chor an gheilleagair náisiúnta, rud a chaithfí a chur i gcomhréir oiread agus ab fhéidir le mórscéimeanna bóithre do thógáil cuid mhaith ama le hullmhú agus roinnt blianta le cur i ngníomh”. Is fíor sin chomh maith céanna i gcás an iarnróid, agus teastaíonn comhaontú Rialtais a bheith leis nach ndéanfar plean fadtéarma infheistíochta don iarnród, tar éis a chomhaontaithe le CIÉ, a athrú de mhéid, abair, nach mó ná 15% ó bhliain go chéile.


134. Teastóidh neart inchuir chun an plean infheistíochta fadtéarma seo don iarnród a ullmhú. Taifeach airgeadais a dhéanamh ar chiallachais tuilleadh infheistíochta, agus staidéar comparáideach a dhéanamh ar fhorálacha gnó bóithre agus iarnród, dhá rud a mhol an Comhchoiste níos luaithe sa tuarascáil seo, is inchuir rí-thábhachtacha iad sin don staidéar. Ina theannta sin, teastóidh ón Rialtas an cúram seirbhíse sóisialta atá á chomhlíonadh ag CIÉ ar an iarnród a bhreithniú cuíosach mion lena chinneadh cad iad na limistéir infheistíochta ar chóir tacú leo go háirithe mar gheall ar a gciallachais seirbhíse sóisialta.


135. Dá chionn sin ní mór don Rialtas cuid éigin dá bharúlacha a fhoilsiú go poiblí i limistéir atá i láthair na huaire i réimse CIÉ. Dúirt CIÉ ina gcuid fianaise gurb é cuma ina n-oibríonn an córas faoi láthair go mbunaímid cé mhéid seirbhísí a fhéadfaimid a thabhairt in aghaidh an méid airgid atá ar fáil.”33 In áit eile, d’áitigh CIÉ “gurb é buntáiste na nAchtanna Iompair go dtugann siad de rogha dúinn a chinneadh cad iad na seirbhísí sóisialta a oibreoimid,34 agus d’aontaigh siad gur mhaith an rud é gur lig na hAchtanna Iompair do CIÉ “cineál an mheascáin a chinneadh agus conas ba cheart dúinn na seirbhísí iompair a oibriú”.35


136. Is léir, má tá an Rialtas chun sainiú níos cruinne a dhéanamh ar an gcúram seirbhíse sóisialta a cheapann sé don Rialtas a chomhlíonadh, agus é féin a chur faoi gheall níos faide don iarnród ar bhonn an chúraim sheirbhíse shóisialta sin, is léir nach foláir dó bheith ag súil le CIÉ d’aontú leis sa rud a bheidh ag teastáil. Ní féidir a bheith ag súil le tacú an Rialtais do bheartais CIÉ mura n-aontaíonn sé leo ar dtús, agus tá sé admhaithe ag CIÉ nach foláir gur cúram sóisialta atá le comhlíonadh ag iarnród atá ag cailliúint mar atá. Ós é an Rialtas a thugann airgead i gcóir na gcaillteanas sin, caithfidh gur leis an Rialtas an cinneadh críochnaitheach ar cad iad na seirbhísí ba cheart a sholáthar. Tá an Comhchoiste suite de gur cheart don Rialtas sonrú níos iomláine a dhéanamh ar na seirbhísí sóisialta a cheapann sé is ceart do CIÉ a sholáthar mar chuid de ghealltanas beartais fhadtéarma i leith forbairt iarnród ach gan dul chomh fada le fóirdheontais a leithroinnt ar sheirbhísí áirithe.


V NA SEIRBHÍSÍ BUS CÚIGE

(a) Na Seirbhísí Bus Uirbeacha

137. Cuireann CIÉ seirbhísí bus uirbeacha ar fáil i gcathracha Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge chomh maith le Baile Átha Cliath. I gcuntais CIÉ, tá na seirbhísí sin curtha isteach leis na seirbhísí fad-aistir agus na luas-seirbhísí, agus le seirbhísí iompair scoile, agus cailleadh suim díreach faoi bhun £1.3 milliún ar na seirbhísí go léir i dteannta chéile i 1978. Dúirt CIÉ ina gcuid fianaise36 gurbh iad na seirbhísí uirbeacha ba chúis le bunús na gcaillteanas sin go léir.


138. Is dóigh leis an gComhchoiste gur chóir aird a tharraingt air i dtuarascáil bhliantúil CIÉ gur ar na seirbhísí uirbeacha a tharlaíonn bunús na gcaillteanas. Rudaí an-éagsula is ea na seirbhísí uirbeacha agus na seirbhísí idir-uirbeacha sa mhéid go ndéanann siad soláthar agus freastal ar éilimh éagsúla; agus is ábhar dáiríre le haghaidh díospóireachta poiblí gnó airgid gach ceann acu. Mura bhfaightear eolas ar chostais agus caillteanais gach ceann acu, d’fhéadfaí, tátail a bheadh i bhfad ón gceart a bhaint as na figiúirí i gcuntais CIÉ. Mar shampla, d’fhéadfaí a cheapadh go raibh CIÉ tríd is tríd ag tabhairt cúnamh fóirdheontais d’iompar i limistéir thuatha, rud nach bhfuil. Mar an gcéanna, cheapfadh duine gur fearr go mór a bhí na seirbhísí bus uirbeacha ag déanamh airgid lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ná i mBaile Átha Cliath. Arís ní fíor sin; tabhaíonn na seirbhísí uirbeacha cúige caillteanais is ionann agus tuairim 22% den chaiteachas; 16% an figiúr comparáideach do Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, tá difríochtaí suntasacha san oibríocht agus sa ghnó airgid i gcás na seirbhíse a sholáthraítear i ngach cathair.


139. Bheadh sé i gcomhréir le moltaí an Chomhchoiste maidir leis an modh ina gcuirtear an fóirdheontas i láthair sna cuntais go gcuirfeadh CIÉ cuntais ioncaim comhdhlúite ar leithligh ar fáil do na seirbhísí uirbeacha, cúige agus do sheirbhísí bus eile. Ní mholfadh an Comhchoiste bealach mar sin dá gcuireadh sé mórchostais riaracháin bhreise ar CIÉ ach creideann sé:—


(a) dála gnóthas tráchtála go bhfuil cás láidir ar shon cuntais ar leithligh a chur ar fáil le haghaidh dhá rud arb é atá iontu ionaid bhrabúis ar leithligh; agus


(b) gur cheart ar a laghad go dtaispeánfadh na cuntais figiúirí ar leithligh i dtaobh ioncaim, costais agus fóirdheontais sa staidreamh airgeadais atá á fhoilsiú cheana féin ag CIÉ lena chuid cuntais. Ós rud é go bhfuil an t-ábhar sin á bhailiú aige cheana féin agus go ndearna sé lua air don Chomhchoiste, ní bhainfidh aon chostas breise lena dhéanamh.


140. Taispeánann na seirbhísí bus uirbeacha cúige torthaí cosúil leis na seirbhísí i mBaile Átha Cliath ar na cúiseanna céanna. Bíonn brú trom tráchta, go háirithe ag buaicthréimhsí, sna cathracha lena mbaineann. Ach tá dóchas mór á léiriú ag CIE don am le teacht agus is é a deir sé: “Cé go bhfuil cúrsaí ag éirí níos measa sna cathracha tá dóchas ard ann.”


141. I gCorcaigh is mó atá a dhóchas á nochtadh, áit ar críochnaíodh Staidéar ar Úsáid Talún/Iompar le déanaí. Is cuid dílis den phlean beartaithe “seirbhís iompair phoiblí feabhsaithe iontaofa a chur ar fáil. Ní féidir do bhusanna go háirithe oibriú go héifeachtúil má bhíonn moilliúchán ró-mhór tráchta ag tarlú. I ngach bealach chuig Lár na Cathrach, moltar go ndéanfaí na busanna a idirdhealú ón bpríomhshruth tráchta le bearta tosaíochta”.37 Admhaíonn an plean freisin “nach bhfuil sé indéanta ná inmhianaithe páirceáil a sholáthar do na haistirigh go léir a bhíonn á lorg”.


142. Is maith leis an gComhchoiste an bhéim a chuireann an plean ar iompar poiblí agus tá siad i bhfarradh le CIÉ sa dóchas go gcuirfear na moltaí i ngníomh. Creideann an Comhchoiste gur cheart do chathracha eile smaoineamh ar thosaíocht den sort céanna a thabhairt do dhálaí oibríochta níos buntáistí a sholáthar do sheirbhísí bus CIÉ. Mar gheall ar dhóchas CIÉ faoi láthair ní dhealródh sé gur cheart na diantograí a mholtar i gcás Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm sna cathracha beaga.


(b) Seirbhísí Bus Fad-Aistir agus Tuatha

143. Oibríonn CIÉ seirbhísí éagsúla i limistéir thuatha. Déanann na mear-sheirbhísí, a ghluaiseann idir bailte móra, oiread brabúis agus a ghlanann caillteanais ar sheirbhísí céim tuatha. Oibrítear seirbhísí iompair scoile thar ceann na Roinne Oideachais agus aisíocann an Roinn le CIÉ na costais go léir a thabhaítear. Ina theannta sin, tá go leor oibritheoirí príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí scoile freisin. Is é beartas CIÉ a gcostais a ghlanadh go cothrom ag soláthar na seirbhísí sin, agus tá sin déanta. An méid a chaitear ar chuid de na bealaí, go háirithe sna limistéir iargúlta, glantar é le brabúis a dhéantar ar mhearsheirbhísí fadturais.


144. Measann an Comhchoiste go bhfuil na príomhcheisteanna a thagann de sholáthar na seirbhísí sin bainteach le hiompar poiblí a bheith ar fáil i limistéir thuatha. Is follasach go mbaineann deacrachtaí le brabús a dhéanamh ar sheirbhísí nuair a bhíonn an líon tráchta rí-bheag, agus d’admhaigh CIÉ go bhfuil bealaí áirithe ag cailliúint airgid. Creideann CIÉ, agus aontaíonn an Comhchoiste leis an mbarúil sin, gur cheart na seirbhísí sin a sholáthar ar chúiseanna sóisialta. Dúirt CIÉ le linn na fianaise gur fheidhmigh sé mar riail “caillteanas a shrianadh nuair a bhí oibriú na seirbhísí sin á bhreithniú aige”.38


145. Is cúram don Chomhchoiste, áfach, dea-bhail fadtéarma chúrsaí iompair tuatha faoi na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá líon na ndaoine atá ag fáil gluaisteán ag méadú go mear agus is bun tuisceana go dtabharfaidh sé sin laghdú ar an úsáid a dhéanfar de bhusanna tuatha, agus go dtiocfaidh a thuilleadh caillteanas dá dheasca. Mura bhféadfar éascú a dhéanamh ar an riail i dtaobh caillteanais a shrianadh ionas go bhféadfar caillteanais níos airde a cheadú ní foláir seirbhísí a tharraingt siar i ndiaidh a chéile. Ach déanfaidh sé díobháil chomh maith céanna do sheirbhísí fadturais tuilleadh daoine a bheith ag fáil gluaisteán. Má tharlaíonn sin, laghdófar na brabúis a dhéanann CIÉ ar na bealaí sin. Toisc gurb é beartas láithreach CIÉ go mbeadh na brabúis sin ina mbunadh airgid i gcoinne caillteanais ar na bealaí tuatha, ní foláir an riail i dtaobh srianadh caillteanas a chur i bhfeidhm níos déine feasta in ionad í a éascú. Dúirt CIÉ leis an gCoiste gur mhaith leis go mór rud éigin a dhéanamh ar mhaithe leis na pobail thuatha nach bhfuil cóir iompair acu toisc go mbíonn an líon paisinéirí ró-bheag.”39 Ach mura bhféadfar beartais nua a cheapadh is dóigh gur ag méadú agus nach ag laghdú a bheidh an méid pobal a gceilfear cóir iompair orthu; ábhar imní an-mhór ag an gComhchoiste a leithéid sin de chor.


146. Is follas gurb é an chéad rud nach foláir do CIÉ déanamh chun plé leis an gcor sin a chuspóir airgeadais a leasú agus caillteanais níos airde a cheadú ar sheirbhísí tuatha ná mar a fhéadfaí a mhaoiniú le brabúis ar bhealaí fadaistir. Is léir nár mhór chuige sin fóirdheontais Rialtais a mhéadú mura bhféadfaí airgead a shábháil in áiteanna eile. Dá bhrí sin, níor mhór ceadú ón Rialtas a bheith le beart mar sin.


147. Cé go mbeadh mí-dhealramh ar an scéal dá mba ghá fóirdheontas breise, creideann an Comhchoiste mar sin féin gur beart é sin nach foláir a bhreithniú ar deireadh thiar. Má dhéanann CIÉ iarracht ar tháillí a ardú ar mhear-sheirbhísí chun brabúis bhreise a spreagadh d’fhonn bealaí tuatha a mhaoiniú, ní fhéadfadh sé sin gan droch-thoradh a bheith aige ar an úsáid a bhaintear as na seirbhísí fadaistir sin, agus i gcríoch dála ar scála na seirbhísí a sholáthraítear agus a mbrabúsmhaireacht. Bheadh CIÉ sa chor ansin go gcaithfeadh sé seirbhísí brabúsmhara a tharraingt siar mar gheall ar a iarrachtaí chun cinn neamhbhrabúsmhara a chothabháil. Ní dhéanfadh toradh den sórt sin tairbhe do leas fadtéarma an iompair phoiblí.


148. Mura méadófaí an fóirdheontas is é a fhéadfaí a dhéanamh bearta a cheapadh a laghdódh costais iompair phoiblí i limistéir thuatha. D’fhéadfadh CIÉ nó an earnáil phríobháideach a bheith bainteach le bearta den sórt sin. Tharraing CIÉ aird le linn a chuid fianaise ar roinnt moltaí uaidh féin le haghaidh iompar a sholáthar ar chostas íseal, agus go háirithe ar mholtaí le haghaidh úsáid níos éifeachtúla a bhaint as busanna scoile. Theastaigh ó CIÉ busanna scoile a úsáid chun leanaí scoile a thabhairt go dtí “Feiseanna nó imeachtaí eile a bhain le cúrsaí scoile”.40 Ach go minic is tiománaithe páirtaimsire a bhí ag tiomáint na mbusanna scoile agu sní fhéadfadh CIE costais a choinneáil ar cothrom a mbeadh glacadh leis mura dtéadh foirne páirtaimsire i mbun na mbusanna nuair a bhí siad á n-úsáid chun críocha eile freisin. Ní raibh glacadh ag na ceardchumainn leis sin; theastaigh uathusan foirne CIÉ féin a úsáid sna dálaí sin. Mhol CIÉ go n-úsaidfí tiománaithe CIÉ ar bhusanna scoile ar fruiliú príobháideach dá mbeadh siad saor chuige, agus go gcúiteofaí tiománaithe in aon chaillteanais tuillimh a thiocfadh de na socruithe nua. Cuireadh an togra faoi bhráid na Cúirte Oibreachais ar an bhforas sin, agus thug an Chúirt Oibreachais moladh i bhfabhar CIÉ. Ach níl glactha fós ag na fir bhus leis an togra.


149. Creideann an Comhchoiste gur cheart do na ceardchumainn glacadh le cinneadh na Cúirte Oibreachais agus creideann sé go mba mhéadú úsáideach é sin ar réim na seirbhísí atá ar fáil i limistéir iargúlta. Maidir leis na fadhbanna a bhíonn ag teacht crua ar CIÉ agus é ag iarraidh úsáid níos leithne a bhaint as busanna scoile is é a mhalairt ar fad an cás nuair a bhíonn na seirbhísí sin á n-oibriú ag an earnáil phríobháideach. D’admhaigh CIÉ le linn fianaise go raibh “roinnt daoine ann a fuair busanna le haghaidh seirbhísí scoileanna agus a bhíonn á n-úsáid le haghaidh iompair phríobháidigh. In go leor cásanna is é an gnó scoile is slí bheatha acu agus cuireann sé ar a gcumas na minibhusanna a úsáid ar ghnóthaí sóisialta.”41 Is léir go bhfuil oibritheoirí den sórt sin ag déanamh cion níos mó chun fadhbanna iompair tuatha a fhuascailt lena mbusanna scoile ná mar a cheadaítear do CIÉ déanamh. Molann an Comhchoiste, dá bhrí sin, mura mbeidh agus go dtí go mbeidh athrú ar sheasamh na gceardchumann, go mbeadh sé mar bheartas ginearálta seirbhísí den sórt sin a aistriú go dtí an earnáil phríobháideach, má bhíonn oibritheoir ann toilteanach an tseirbhís a sholáthar, agus má bhíonn cruthú ann go bhfuil gá leo go háitiúil agus nach bhfuil freastal á dhéanamh ar an ngá sin faoi láthair. Beartas teoranta a bheadh ansin agus ní chiallódh sé, go deimhin sa ghearrthéarma, go dtiocfadh aon mhór-athrú ar na socruithe le haghaidh iompar scoile a sholáthar. Ní chuirfeadh sé mórchostais ar CIÉ, dá bhrí sin, mar gheall ar íocaíochtaí iomarcaíochta, rud ab eagal le CIÉ dá gcinnfí “iompar scoile a oibriú ar bhealach eile”.42 D’fhéadfaí aon athruithe maidir leis an méid fear a bheadh ag teastáil a réiteach trí dhiomailt nádúrtha.


150. Baineadh úsáid as minibusanna freisin le tástáil féachaint an bhféadfaí costais iompair thuatha a laghdú. Tá minibus á oibriú ag CIÉ idir Biorra agus Ros Cré, ach bhí na ceardchumainn in aghaidh seirbhísí a beartaíodh do bhealaí eile. Mhínigh CIÉ i bhfianaise gur” shíl na tiománaithe go rabhadar ró-ghar do na custaiméirí, nach raibh slí go leor do bhagáiste, agus go raibh an síleáil ró-íseal”.43 Is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil cás an-láidir ann ar shon feithiclí is lú ná gnáthbhusanna a úsáid ar mhaithe le costais a laghdú ar bhealaí nach mbíonn mórán tráchta orthu. Tá a chosúlacht air gur beag atá idir CIÉ agus na ceardchumainn agus gur féidir na mion-cheisteanna eatarthu a réiteach ach féachaint cén cineál feithicle is fearr a oiriúnódh do na seirbhísí. Ba chóir do CIÉ tuilleadh fiosruithe a dhéanamh féachaint cén éileamh a bheadh ar sheirbhísí den sórt sin.


151. Rud eile ar cheart do CIÉ fiafruithe a dhéanamh faoi in éineacht leis an Roinn Poist agus Telegrafa is ea busanna poist a sholáthar. D’fhéadfadh seirbhísí den sórt sin iompar agus seachadadh poist a bheith ar siúl acu i dteannta líon áirithe paisinéirí a iompar san am céanna. Cé go bhfuil busanna poist mall go leor go minic mar mhodh iompair i ndáil le riachtanais gnó poist, tá éirithe go maith leo ar mhór-roinn na hEorpa agus sa Bhreatain, agus gan amhras bheadh fáilte rómpu sa chás nach mbeadh seirbhís ar bith dá n-éagmais. Creideann an Comhchoiste go mbeadh gnó do sheirbhísí don chineál sin in áiteanna an-iargúlta.


152. Is é an tslí dheireanach do laghdú na gcostas a bhainfeadh le hiompar a sholáthar i limistéir thuatha spreagadh a thabhairt don earnáil phríobháideach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh. Cé go bhfuil oibritheoirí príobháideacha ag soláthar seirbhísí in áiteanna áirithe anois, is iad CIÉ a sholáthraíonn formhór mór na seirbhísí. Dúirt CIÉ ina bhfianaise gur chreid siad gur cheart dó “bealach éigin a aimsiú chun ligean don earnáil phríobháideach soláthar do na mear-sheirbhísí.”44 Is beag a bhfuil de thoradh air sin go dtí seo, áfach. Measann an Comhchoiste go bhféadfadh CIÉ, agus gur cheart dó, tuilleadh a dhéanamh. Go háirithe ba cheart dó a fháil amach cad iad na seirbhísí atá ag cailliúint airgid faoi láthair, agus leas a bhaint chuige sin as an gcoimse eolais atá ar chostais agus fáltais bealaí, agus a iarraidh ar oibritheoirí príobháideacha dul i mbun na mbealaí sin más maith leo. Dá n-éireodh leo, chuirfeadh beartas don sórt sin tuilleadh acmhainní ar fáil le haghaidh CIÉ d’oibriú seirbhísí tuatha eile, agus thiocfadh méadú tríd sin ar iomlán na gcóracha taistil a bheadh ar fáil. Rachadh sé sin gan amhras chun maitheasa don phobal.


153. Rud bunúsach a d’fhéadfadh an Rialtas a dhéanamh airgead a chur ar fáil d’oibritheoirí príobháideacha chun seirbhísí a sheoladh a mheasann sé atá riachtánach ón taobh sóisialta. Bheadh sin ag tabhairt cúil leis an mbeartas atá ann, ach d’fhéadfadh go mba ghá é sin a bhreithniú má bhíonn cúrsaí airgid i leith seirbhísí tuatha ag dul in olcas, rud is eagal leis an gComhchoiste a tharlódh. Sula ndéanfaí sin, áfach, b’fhéidir go smaoineodh an Rialtas ar iasachtaí a thabhairt nó iasachtaí a ráthú do dhaoine a rachadh ag obair san earnáil phríobháideach ach a raibh sé ag teacht deacair orthu an t-airgead a fháil chun feithicil a cheannach.


VI GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE

(a) Lastiompar de bhóthar

154. Tá cuspóirí CIÉ i leith lastiompar de bhóthar leagtha amach sa “Ród Seo Romhainn” mar a leanas:—


(a) Níor cheart lastiompar de bhóthar bheith in iomaíocht le hiarnróid;


(b) Ba cheart seirbhísí lastiompair ceann bealaigh de bhóthar a fhorbairt;


(c) Ba cheart go mbeadh seirbhísí lastiompair de bhóthar, seachas seirbhísí ceann bealaigh, ina gcomhlánú ar na hoibríochtaí iarnróid;


(d) Gan lastiompar de bhóthar do thabhú caillteanas.


Dúirt CIÉ ina gcuid fianaise gurb iad sin a gcuspóirí i gcónaí.


155. Measann an Comhchoiste go bhfuil beartas CIÉ sa limistéar sin sásúil, agus níor mhaith leis aon athruithe a mholadh. Tugann sé dá aire nach raibh CIÉ toilteanach glacadh leis na moltaí a rinneadh i dTuarascáil McKinsey agus in áiteanna eile gur cheart do CIÉ gnó lastiompair de bhóthar agus d’iarnród, in iomaíocht lena chéile, a oibriú, ionas go bhféadfar taobh an lastiompair de bhóthar den ghnó tairiscint a dhéanamh dá bharr sin ar thrácht a bhíonn á iompar d’iarnród faoi láthair. Ina ionad sin, rinne CIÉ cúngú ar oibríochtaí lastiompair de bhóthar, d’aon toisc, agus ní sholáthraíonn sé ach amháin seirbhísí a thacaíonn leis an iarnród.


156. Is dóigh leis an gComhchoiste go raibh an ceart ag CIÉ agus cinneadh mar sin a dhéanamh. Ní fheiceann sé cén chúis go ndéarfaí le CIÉ seirbhísí lastiompair de bhóthar amháin a sheoladh más rud é nach dteastaíonn uaidh sin a dhéanamh, ó tá seirbhísí den sin á gcur ar fáil ag oibritheoirí ón éarnáil phríobháideach dóibhsean a dteastaíonn uathu leas a bhaint astu. Ach tá baol ann faoin mbeartas láithreach go n-iomprófar earraí d’iarnród in ionad de bhóthar fiú nuair ba shaoire agus ba thapúla iad a iompar de bhóthar. Measann an Comhchoiste gur chóir do CIÉ cúram a dhéanamh de nach dtarlóidh cásanna den sórt sin.


(b) Tithe Ósta (Óstlanna Iompair Éireann Teoranta)

157. Tá roinnt tithe ósta á seoladh ag CIÉ, ar a n-áirítear ceann i mBéal Feirste, an Russell Court. Tá airgead caillte ar na gnóthaí sin le blianta beaga anuas, ach bheadh brabús á ndéanamh orthu anois mura mbeadh an Russell Court. Creideann an Comhchoiste gur cheart go leanfadh sé mar bheartas ag CIÉ brabús a ghnóthú as a gcuid tithe ósta; go deimhin, tá sé sin de cheangal ar CIÉ de chionn treoracha ó CEE.45 Ach is rí-bheag a d’fhéadfadh CIÉ a dhéanamh chun brabús a thuilleamh ar an Russell Court. Thug CIÉ tuairisc ar na fadhbanna ina gcuid fianaise.46 Tógadh an teach ósta le hairgead a fuarthas ar iasacht ar a bhfuil ús £360,000 sa bhliain le híoc, dúnadh é de dheasca damáiste buamaí sé mhí tar éis é a oscailt, cuireadh nua-riocht air, buamáladh arís é agus tá sé dúnta ó shin. Le cúrsaí mar atá, níl aon teacht isteach chun an t-ús trom a íoc, agus is léir don Chomhchoiste nach bhfuil aon neart air ach leanúint d’airgead a chailliúint.


(c) Canálacha

158. Chomh luath agus a rithfear an reachtaíocht is gá, aistreoidh CIÉ a chuid freagrachtaí canálach go dtí Bord na nOibreacha Poiblí. Measann an Comhchoiste go raibh an ceart ag CIÉ agus na freagrachtaí sin a aistriú. Is deacair a fheiceáil go ndéanfar brabús tráchtála as na canálacha ar chor ar bith, anois ná feasta chomh fada agus is féidir a fheiceáil, ar a shon go bhféadfaí iad a fhorbairt chun críocha caitheamh aimsire agus taitneamhachta. Ach toisc freagrachtaí i bhfad níos tábhachtaí a bheith ar CIÉ i leith iarnród agus iompar uirbeach ní hiad is fearr le haghaidh forbartha den sórt sin. go deimhin bhí baint ag CIÉ féin leis an gcinneadh chun a gcuid feidhmeanna cánalach a aistriú go dtí Bord na nOibreacha Poiblí, trína chur ina luí ar an Roinn Turasóireachta agus Iompair go mba chiallmhar an rud na freagrachtaí sin a aistriú.47 Is dóigh leis an gComhchoiste freisin go mba chinneadh ceart an cinneadh sin.


VII TÁTAL

159. Tá aighneachtaí éagsúla i scríbhinn a fuarthas ó CIÉ leagtha amach i bhFoscríbhinní 1 go 5.


160. Tá téacs rún áirithe maidir le hiompar i limistéar Bhaile Átha Cliath a rith Bardas Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath leagtha amach i bhFoscríbhinní 6 agus 7.


161. Fuarthas aighneachtaí i scríbhinn ar chúram agus gnó CIÉ uathu seo a leanas:—


(a) Comhlachas na nÚsáidirí Iompair Phoiblí;


(b) Cónaidhm Thionscail na hÉireann;


(c) Comhlachas Tomhaltóirí Éireann Teoranta;


(d) Córas Tráchtála;


(e) An Roinn Oideachais;


(f) Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath;


(g) An tÚdarás Forbartha Tionscail;


(h) Comhairle Náisiúnta na dTomhaltóirí;


(i) Mótarchlub Ríoga na hÉireann;


(j) Coiste Tionscal Iompair Chomhar Cheardchumann na hÉireann.


Tá siad sin leagtha amach i bhFoscríbhinní 8 go 17. Taispeánann na haighneachtaí go bhfuil éagsúlacht mhór tuairimí ann i dtaobh CIÉ agus an bealach a oibríonn sé. Fuarthas aighneacht i scríbhinn ó Bhord Fáilte Éireann ach ar iarratas uaidh níl sé le foilsiú.


162. Thóg an Comhchoiste fianaise béil uathu seo:—


CIÉ;


Bardas Bhaile Átha Cliath;


Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath;


An Garda Síochána;


Comhar Ceardchumann na hÉireann;


Aontas Náisiúnta na bhFear Bus.


Bhí an Comhchoiste fíorbhuíoch i dtaobh a thoilteanaí a d’fhreagair an lucht fianaise na ceisteanna.


163. Chun críocha an fhiosraithe seo d’fhostaigh an Comhchoiste an tOllamh Christopher D. Foster agus an tUasal David J. Parish ó Coopers & Lybrand Associates Limited mar chomhairleoirí. Ba mhaith leis buíochas a ghabháil leo beirt as a gcomhairle agus a gcabhair luachmhar ag gach céim den fhiosrú.


164. Leis na tátail atá i gcorp na tuarascála a choimriú, molann an Comhchoiste mar a leanas:—


(i)gur cheart don Rialtas glacadh leis, nuair a bhíonn na Meastacháin Bhliantúla á gcomhaontú, go bhfuil sé ag ceadú na leibhéal táillí agus rátaí do CIÉ atá intuigthe sna meastacháin sin;


(ii) (a)go leanfadh an leibhéal tosaigh fóirdheontais do CIÉ atá leagtha amach sna Meastacháin Bhliantúla de bheith bunaithe, mar atá siad faoi láthair, ar mheastacháin costas saothair ag féachaint do riachtanais caibidlíochta;


(b)gur cheart aon mhéid sa bhreis a rachaidh costais oibreachais os cionn an leibhéil sin a réiteach trí mhéadú táirgiúlachta san eagraíocht nó trí rátaí agus táillí méadaithe;


(c)gur cheart mar sin féin aon chostas a thitfidh ar CIÉ mar gheall ar mhoill ag tabhairt méaduithe rátaí agus táillí a dtiocfadh de go mba lú an t-ioncam ná é sin a bhí ceaptha sna Meastacháin Bhliantúla a shlánú trí Mheastachán Forlíontach inar cheart an cúiteamh sin a shonrú;


(d)go bhféadfadh CIÉ Meastachán Forlíontach a fháil freisin le haghaidh cuid de chostais amh-ábhar nach raibh coinne leo, go háirithe le haghaidh táirgí allmhairithe ar nós ola. Tá méaduithe costas den sórt sin beagnach lasmuigh de réim urlámhais CIÉ ar fad agus dhealródh sé a bheith ceart ar fad go bhfaighfí fóirdheontais níos airde ina gcoinne; agus


(e)cé nach dteastaíonn go bhfágfaí as an áireamh go bhféadfadh an Rialtas cinneadh ar fhóirdheontas breise faoi chomhair chuid éigin d’easnamh gan choinne ar ioncam nó faoi chomhair meadú costas (seachas amhábhair), nár chóir go ndéanfaí riail den fhóirdheontas bhreise sin ach go mba rud ar leith a bheadh ann;


(iii)gur chóir nósanna imeachta le haghaidh a fhóirdheontas a íoc le CIÉ a chur ar aon dul leo sin atá glactha in áiteanna eile i CEE; agus sa mhéid is iomchuí, gur chóir deontais a íoc lastuas den líne, in ionad laistíos di mar a dhéantar faoi láthair, le cuntais CIÉ lena thaispeáint gur íocaíochtaí iad i leith seirbhísí poiblí agus nach é atá iontu deontais faoi chomhair easnamh;


(iv)nár cheart an fóirdheontas mar a comhaontaíodh é i Meastacháin Bhliantúla nó Forlíontacha a chur i mbaint go sonrach le gach ceann ar leith de seirbhísí CIÉ, ionas go bhféadfadh CIÉ i rith na bliana airgeadais an fóirdheontas comhaontaithe iomlán a leithroinnt idir seirbhísí de réir mar is fearr a mheasann sé gan tuilleadh údaraíochta ón Roinn Turasóireachta agus Iompair;


(v)go sonróidh CIÉ ina gcuntais ex post facto an fóirdheontas a d’úsáid gach seirbhís ar leith, agus gur chóir don Roinn a shonrú i gcomhairle le CIÉ cé mhéid mioneolais ba chóir a thabhairt—ionas, mar shampla, go bhféadfaí a shonrú cén fóirdheontas a fuair seirbhísí bus cathrach agus tuatha agus, laistigh de na seirbhísí bus cathrach, cé mhéid a fuair gach mórchathair;


(vi)cé go bhféadfadh go bhfuil acmhainneacht ann chun feidhm na hearnála príobháidí a mhéadú i limistéir áirithe, nár cheart aon bheartas ginearálta a bheith ann chun gníomhaíochtaí brabúsmhara de chuid CIÉ a ligean uaidh—bheadh beartas trína ndéanfaí gníomhaíochtaí brabúsmhara a ligean uaidh ina ábhar dian dí-mhisnithe ag lucht bainistí CIÉ agus b’fhéidir fiú go gcuirfeadh sé bac le tuilleadh feabhsuithe ar éifeachtúlacht;


(vii)gur cheart gach uile iarracht a dhéanamh lena chinntiú nach é a thiocfadh de bhainistíocht a dhílárú cinntí i gcodarsnacht dá chéile a bheith a ndéanamh sa réimse a bhaineann le coinníollacha seirbhíse oibrithe;


(viii)go ndéanfar Scéim Grád Aoisliúntais Pá CIÉ a athbhreithniú agus a athrú go foras céatadán tuilleamh in ionad foras ráta cothrom a scrúdú;


(ix)Cé go bhfuil lé aige le hinfheistiú i gcóras mear-iompair do Bhaile Átha Cliath, go bhfuil sé ocht mbliana ó bailíodh an t-ábhar ar a bhfuil na sean-staidéir bunaithe agus go bhfuil go leor athraithe ó shin; gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na staidéir sin; agus an obair is gá chuige sin a chríochnú laistigh de shé mhí;


(x)toisc go mb’fhéidir nach bhféadfaí an córas iompair a chur sa riocht go n-íocfadh sé as féin, nár cheart dó sin ann féin a bheith ina chúis le diúltú dó mar go bhféadfadh sé fós a bheith ina dhíol maith ar airgead poiblí; ach


(xi)go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí taifeach ar na ciallachais airgid do chóras mear-iompair do CIÉ, agus an obair is gá chuige sin a chríochnú laistigh de shé mhí;


(xii)Mar éisín sula dtéitear faoi aon ghealltanais chonarthaíocha, gur chóir go mbeadh an comhthuiscint is fearr is féidir idir CIÉ agus an Rialtas ar an gcaiteachas a thabhófar ag cur na scéime mear-iompair i ngníomh;


(xiii)gur cheart breis tosaíochta a thabhairt do bhusanna ar ghluaisteáin i sráideanna Bhaile Átha Cliath ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne; agus


(xiv)mar éisín, go bhfuil gá le rialachán níos déine ar ghluaiseacht tráchta agus ar pháirceáil sráide agus isteach ón tsráid;


(xv)chuige sin nach foláir údarás nua a bhunú le lánchumhachtaí chun beartas bainistí tráchta do Bhaile Átha Cliath go huile a fhorbairt agus a chur i ngníomh, má tá aon dóchas le stopadh a chur leis an meath leanúnach ar dhálaí tráchta;


(xvi)gur cheart cumhachtaí teoranta sa bhreis sa réim rialaithe tráchta a thabhairt do na maoir thráchta nua;


(xvii)d’fhonn bealach a réiteach tríd an mbac atá ar bhusanna dhá urlár a bheith faoi oibríocht aon fhir i mBaile Átha Cliath, gur cheart do CIÉ agus na ceardchumainn comhaontú ar thástáil bliana a bhaint as agus go mb’fhearr sin a dhéanamh ar thrí bhealach éagsúil chun éifeacht na hoibríochta aon fhir a mheas;


(xviii)cé go gcreideann an Comhchoiste go dtugann an t-iarnród sochair mhóra shóisialta agus ina dturas go dtuilleann siad sin fóirdheontas maith mór Stáit agus má leathnaítear gníomhaíocht iarnród a thuilleadh go dtuillfeadh sin, dá bhrí sin, fóirdheontas níos mó arís, go molann sé gur chóir cás CIÉ do lorg tuilleadh caiteachais chaipitiúil, ar rothdhíle mar shampla, a thacú le meastacháin mhionsonraithe ar an éifeacht a bheidh aige ar riachtanais airgid, caillteanais agus líon tráchta feadh tréimhse deich mbliana. Ba cheart go mbeadh mar thaca leis an taifeach sin eolas ar na hinchialla agus na tuair ar ar bunaíodh na réamhtheilgin, agus ba cheart é a thiomsú ar fhoras réalaíoch a mbeidh glacadh leis ag an Rialtas lárnach;


(xix)go bhfuil géarghá le staidéar cuimsitheach chun foras cothrom a bhunú le comparáid a dhéanamh idir costais bóthair agus iarnróid agus go mb’fhiú go maith don Choimisiún Comhairleach um Iompar tabhairt faoi;


(xx)gur cheart don Rialtas beartas iompair náisiúnta a cheapadh, a bhainfeadh leis an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon;


(xxi)gur cheart don Rialtas, laistigh de chomhthéacs an bheartais sin, gabháil air féin infheistiú in iarnróid feadh tréimhse deich mbliana mar atá déanta aige i gcás na mbóithre, agus nár cheart an tsuim a athrú de mhéid thar nó faoi bhun 15% in aon bhliain áirithe;


(xxii)gur cheart beartas an Rialtais maidir le feidhm shóisialta an iarnróid a shainiú níos soiléire go háirithe san áit a sheolfar seirbhísí ar leithligh gan brabús a ghnóchan, agus nuair a bheidh treoirlíne á leagan amach gur cheart dóibh fios a thabhairt do CIÉ ar na cuspóirí ba cheart dóibh a bhaint amach sna seirbhísí sin;


(xxiii)gur cheart do CIÉ cuntais ioncaim chomhdhlúite ar leithligh a chur ar fáil do na seirbhísí uirbeacha (lasmuigh de Bhaile Átha Cliath), dá sheirbhísí cúige agus dá sheirbhísí eile cúige;


(xxiv)gur cheart glacadh le moltaí staidéar Chorcaí ar úsáid Talún/Iompar a luaithe is féidir sa mhéid go mbaineann siad le CIÉ;


(xxv)gur cheart do chathracha cúige eile tosaíocht a thabhairt d’iompar poiblí mar a bheartaíonn Corcaigh agus glacadh le beartais den tsamhail chéanna chuige sin;


(xxvi)cé go mb’fhéidir go bhféadfaí leanúint de thuras na huaire de bhusanna tuatha CIÉ a rith sa tslí go bhféadfadh siad i dteannta a chéile caillteanas a sheachaint, nach fada a leanfaidh an scéal amhlaidh mar gheall ar na comharthaí go léir a bheith ina choinne, agus gur cheart don Rialtas breithniú ar cheart dó bheith réidh le fóirdheontas a thabhairt agus cad iad na téarmaí ar a dtabharfadh;


(xxvii)go mbeadh sé ceart do na ceardchumainn lena mbaineaan glacadh le moltaí na Cúirte Oibreachais i dtaobh na mbusanna scoile a úsáid chun críocha eile, ionas go bhféadfadh tiománaithe príobháideacha iad a úsáid páirtaimsire do fhruiliú príobháideach;


(xxviii)mura ndéantar sin gur cheart don Rialtas é a cheapadh mar bheartas ginearálta seirbhísí scoile a aistriú go dtí an earnáil phríobháideach áit a mbíonn oibritheoir ar mhaith leis a leithéid de sheirbhís a sholáthar agus nach mbíonn riachtanais bhunaithe á bhfreastal;


(xxix)gur cheart don Roinn Poist agus Telegrafa féachaint cén réim a bheadh ann le haghaidh busanna poist a úsáid, a iompródh an post agus méid teoranta paisinéirí, i limistéir thuatha agus gur chóir dó é sin a dhéanamh i gcomhar le CIÉ;


(xxx)gur chóir don Roinn Turasóireachta agus Iompair, i gcomhpháirt le CIÉ, cuireadh a thabhairt d’oibritheoirí príobháideacha bus-seirbhísí tuatha, nach féidir le CIÉ brabús a dhéanamh orthu, a ghlacadh faoi urlámh;


(xxxi)gur cheart don Rialtas bealaí a bhreithniú le hiasachtaí nó ráthú ar iasachtaí a sholáthar d’fhonn tathant ar oibritheoirí bus san earnáil phríobháideach na feithiclí is gá a cheannach i ndálaí mar sin;


(xxxii)gur cheart do CIÉ leanúint dá ghnó lastiompar de bhóthar a sheoladh mar chuid dá ghnó iarnróid agus ní mar ghnó in iomaíocht le lucht tarlaithe bóthair eile;


(xxxiii)gur chóir, amhail mar atá faoi láthair, an freagracht bheartaithe i leith na gcanálacha a aistriú ó CIÉ go dtí Bord na nOibreacha Poiblí.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


10 Deireadh Fómhair 1979.


1Féach Fianaise (Ceist 31).


2Féach Foscribhinn 3.


3Féach Fianaise (Ceist 3).


4Féach Fianaise (Ceist 140).


5Féach Fianaise (Ceist 139).


6Feach Fianaise (Ceist 6).


7Feach Fianaise (Ceist 35).


8Feach Fianaise (Ceist 30).


9Féach Foscríbhinn 1.


10Féach Fianaise (Ceisteanna 45 agus 98)


11Is cosúil ón Réamhthuarascáil don Daonáireamh, 1979, a foilsíodh i Meán Fómhair, 1979, nach foláir na figiúirí sin a athmheas suas ach ní leor an fhaisnéis atá ar fáil ag an bpointe seo chun go bhféadfaí na figiúirí atá luaite sa téacs a athrú.


12Ní áirítear ar an bhfigiúr sin an costas a bhaineann le leictriú líne Bhinn Éadair/Bré.


13Feach Fianaise (Ceist 79)


14Féach Fianaise (Ceist 211).


15Féach Fianaise (Ceist 66).


16Féach Fianaise (Ceist 292).


17Féach Fianaise (Ceist 90).


18Féach Fianaise (Ceist 129).


19Féach Fianaise (104).


20Féach Fianaise (Ceist 138).


21An Coimisiún Náisiúnta Praghsanna, Páipéar Ócáideach Uimh. S. Meitheamh 1973.


22Road Track Costs, HMSO, 1968


23Transport Policy, A Consultation Document, Vol. 2 HMSO, 1976


24Paipéar Ócáideach CNP, Uimh. 10, Iúil 1973.


25Féach Fianaise (Ceist 5)


26Féach Fianaise (Ceist 23)


27Féach Fianaise (Ceist 134)


28Féach Fianaise (Ceisteanna 11, 21, 24 agus 96)


29An Clár um Fhorbairt Náisiúnta 1978-81 Prl. 7618.


30Feach Fianaise (Ceist 21)


31Féach Fianaise (Ceist 7 agus 9)


32Plean Forbartha Bóithre do bhlianta 1980. Prl. 7967.


33Féach Fianaise (Ceist 5)


34Féach Fianaise (Ceist 4)


35Féach Fianaise (Ceist 21)


36Féach Fianaise (Ceist 155).


37Cork Land Use Transportation Plan. Skidmore, Owings and Myrrill, 1978.


38Féach Fianaise (Ceist 37).


39Féach Fianaise (Ceist 164).


40Féach Fianaise (Ceist 164).


41Féach Fianaise (Ceist 165).


42Féach Fianaise (Ceisteanna 174 go 176).


43Féach Fianaise (Ceist 164).


44Féach Fianaise (Ceist 30)


45Féach Fianaise (Ceist 16)


46Féach Fianaise (Ceist 182)


47Féach Fianaise (Ceist 188)