Committee Reports::Report No. 44 - Statutory Instruments [18]::07 March, 1979::Report

TUARASCÁIL

Ionstraimí a Scrúdaíodh

1. Ó thug sé an naoú tuarascáil is fiche uaidh (Prl. 7530) an 8 Samhain 1978, tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar an ocht n-ion-straim déag reachtúla atá sa liosta i bhFoscríbhinn I don tuarascáil seo. Tabharfar faoi deara go ndearnadh trí ionstraim déag faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 agus go ndearnadh na cúig cinn eile faoi reachtanna eile. Maidir leis na cúig cinn sin tá sé curtha in iúl don Choiste ag na Ranna Rialtais lena mbaineann nach leanann na hionstraimí ach go páirteach as reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail. Níl aon tuairimí le tabhairt ag an gCoiste ar fhiúntais aon cheann de na hionstraimí a scrúdaíodh ach ba mhian leis aird a tharraingt ar phointe feidhme ginearálta dá ndearna sé tagairt cheana i dtuarascálacha roimhe seo agus a tháinig i gceist arís i ndáil leis an scrúdú a rinne sé ar na hionstraimí a rinneadh faoi reachtanna seachas faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.


Reachtaíocht Chomhphobail Iomchuí a Lua

2. Sa dá thuarascáil roimhe seo uaidh* ar ionstraimí reachtúla luaigh an Comhchoiste gur fágadh ar lár as roinnt ionstraimí reachtúla tagairt ar bith don reachtaíocht Chomhphobail a airbheartaíonn siad a chur i ngníomh. Is é tuairim an Choiste go bhfuil daoine lena mbaineann ionstraim reachtúil i dteideal a fheiceáil ó léamh na hionstraime cén reachtaíocht Chomhphobail, más ann, is iomchuí. Thairis sin, dhéanfadh sé obair an Choiste féin a éascú agus comhfhreagras nár ghá le Ranna Rialtais a sheachaint dá gcuirfí i bhfeidhm i ngach cás na moltaí a rinne sé roimhe seo ar an ábhar seo.


3. Maidir le hionstraimí a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 is annamh a bhíonn cúis ghearáin ag an gComhchoiste i ndáil le tagairt chuí don reachtaíocht Chomhphobail iomchuí a bheith fágtha as lár ar téacs ionstraimí ach measann sé nach leor ar chor ar bith na nótaí míniúcháin a chuirtear le han-chuid de na hionstraimí sin toisc nach dtugann siad achoimre ar an reachtaíocht Chomhphobail agus míniú ar an gceangal atá idir í agus an ionstraim. Ach is i dtaobh ionstraimí a rinneadh faoi reachtanna eile is mó atá cúis ghearáin ag an gCoiste. Aon duine a léifeadh an chéad cheithre ionstraim sa liosta i bhFoscríbhinn I a rinne an tAire Talmhaíochta faoin Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966, ní thugtar nod dá laghad dó sa téacs féin ná sna nótaí míniúcháin a ghabhann leo go bhfuil oibleagáidí Comhphobail i gceist. Is léir áfach ó chomhfhreagras a rinneadh lena Roinn (féach Foscríbhinn II) gur cuireadh roinnt forálacha isteach sna hionstraimí sin d’fhonn forálacha Treorach ón gComhairle a chomhlíonadh. Maidir lena leithéid d’ionstraimí ní fheiceann an Coiste cén fáth nach ndéanfaí an ceangal atá ann le reachtaíocht Chomhphobail a léiriú i réamhrá iomchuí don ionstraim agus an scéal a mhíniú go hiomlán i ngnáththéarmaí sa nóta míniúcháin a ghabhann leo.


4. Ba mhaith leis an gComhchoiste deis eile a thabhairt do gach duine a bhíonn ag ullmhú ionstraimí reachtúla chun an scéal sin a bhreithniú. Beartaíonn sé a thuilleadh tuarascála a thabhairt do na Tithe i dtráth cuí agus tá súil aige go mbeidh sé in ann réiteach sásúil ar an scéal a thuairisciú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Márta, 1979.


* An Fichiú Tuarascáil (Prl. 7279): míreanna 20 go 22.


An Naoú Tuarascáil is Fiche (Prl. 7530): míreanna 3 go 5.