Committee Reports::Report No. 43 - Application to Collective Investment Institutions of proposed Harmonisation of Systems of Company Taxation and of Withholding Taxes on Dividends::07 March, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle faoin Treoir bheartaithe ón gComhairle i dtaobh comhchuibhiú ar chórais chánachais chuideachtaí agus ar chánacha iarchoimeádta ar dhíbhinní a chur i mbaint le hinstitiúidí comhinfheistíochta (CII) [R/2082/78 (FIN 598)].


2. Tugtar le fios don Chomhchoiste go ndéanfaidh Gasra Oibre ón gComhairle scrúdú ar an togra sara bhfad in éineacht le hathscrúdú ar an Treoir bheartaithe ar Chánachas Cuideachtaí ar aguisín dó an togra nua. Pléadh an Treoir bheartaithe ar Chánachas Cuideachtaí sa séú tuarascáil is fiohe (Prl. 5341) an 24 Márta, 1976 ón sean-Chomhchoiste.


An Treoir Bheartaithe ar Chánachas Cuideachtaí

3. Is é is aidhm don Treoir bheartaithe ar Chánachas Cuideachtaí comhchuibhiú a dhéanamh ar na córais náisiúnta chánachais ar bhrabúis corparáidí ar bhonn córais pháirt-leitháirimh chun an laincis a bhaint de shaorghluaiseacht chaipitil agus chun deireadh a chur le saobhadh iomaíochta. Féachann an córas páirt-leitháirimh le héifeacht cánachas dúbailte eacnamaíochta (ar dtús, cáin chorparáide ar na brabúis a dháiltear agus, ansin, cáin ar dhíbhinní a fhaigheann an scairshealbhóir) a laghdú trí chuid den cháin chorparáide sin a thabhairt ar ais don scairshealbhóir i bhfoirm creidmheasa cánach a dhéantar a fhritháireamh in aghaidh a chánach pearsanta, agus aon bhreis a aisíoc leis. Is é príomhchuspóir an togra nua a áirithiú go dtabharfar a léithéid de chreidmheas cánach do rannpháirtithe in institiúidí comhinfheistíochta.


Institiúidí in Éirinn lena mbaineann

4. De réir na dréacht-Treorach ciallaíonn institiúidí comhinfheistíochta na hinstitiúidí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann léi ar choinníoll gurb é an cuspóir atá acu caipiteal a chruinnítear trí thairiscintí don phobal a chomhinfheistiú agus gurb é an prionsabal ar a bhfuil a n-oibríochtaí bunaithe an infheistíocht a leathadh. Cumasaíonn an dréacht-Treoir don Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an Iarscríbhinn a leasú. Forálann sí freisin go bhféadfaidh Ballstáit comhaontú eatarthu féin go mbeidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le hinstitiúidí comhinfheistíochta nach gcruinníonn a gcaipiteal trí thairiscintí don phobal.


5. Déanann an Iarscríbhinn a ghabhann leis an dréacht-Treoir tagairt do na forais seo a leanas maidir le hÉirinn:—


(i) Iontaobhais Aonad de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972.


Chun críocha cánach ioncaim is iontaobhais agus ní cuideachtaí iad seo, agus meastar teideal tairbhiúil a bheith ag an aonadsealbhóir chuig a scair féin d’ioncam an iontaobhais ar an mbonn céanna is dá mba go díreach a rinne sé an infheistíocht. Tuigtear go bhfuil dhá Iontaobhas Aonad Éireannacha ann faoi láthair ag a bhfuil aonaid á dtairiscint don phobal, ach níl ach ceann amháin díobh seo ar bhonn forleathan agus mar atá an dréacht-Treoir faoi láthair ní rachaidh sé i bhfeidhm ach ar an gceann sin amháin. Tá sain-Iontaobhais Aonad eile ann, áfach, m.sh. ceann amháin nach ndéileálann ach in ioncam is infhaighte ina iomláine (ús ar Iasacht Náisiúnta etc.) agus cinn eile a bhaineann go heisiatach le haonadsealbhóirí ag a bhfuil díolúine ó cháin, mar shampla, cistí pinsin agus carthanais. Oibríonn roinnt cuideachtaí árachais Iontaobhais aonad i gcomhar lena ngnó árachais saoil.


(ii) Cuideachtaí Iontaobhais Infheistíochta.


Is cuideachtaí comhstoic arna rialú ag Achtanna na gCuideachtaí iad seo. Dáileann siad a gcuid ioncaim mar ghnáthdhíbhinní agus déileáltar leis na scairshealbhóirí ar an dóigh chéanna le scairshealbhóirí i gcuideachtaí Éireannacha eile. Níl aon chuideachta den sórt sin in Éirinn a bhfuil a gcuid scaireanna tairgthe don phobal aici.


Na Forálacha atá Beartaithe

5. Faoin Treoir bheartaithe, díbhinní a fuair Institiúid Chomhinfheistíochta, agus a ndéileálann dlí na tíre leo mar ioncam de chuid na n-aonadsealbhóirí, measfar gur athdháil an Institiúid Chomhinfheistíochta iad is cuma ar dáileadh nó nár dáileadh iad iarbhír. Tabharfaidh díbhinní athdháilte den sórt sin creidmheas cánach do na rannpháirtithe. Féadfaidh an creidmheas cánach a bheith de réir (a) ráta an Stáit foinse nó (b) ráta Stát na hInstitiúide Comhinfheistíochta agus sa chás sin toibheofar cáin chuitimh ar an Institiúid Chomhinfheistiochta ar cóimhéid leis an gcreidmheas agus déanfar an creidmheas a ghabhann leis an díbhinn a fhritháireamh ina haghaidh.


6. Má tá an díbhinn tar éis cáin iarchoimeádta a fhulaingt cheadófaí don rannpháirtí an cháin sin a fhritháireamh suas le 25 faoin gcéad den díbhinn agus dhéanfadh an Stát a mhuirearódh an phríomhcháin chorparáide ar ina haghaidh a bheidh an cháin iarchoimeádta le fritháireamh aon bharrachas a aisíoc. Cheadófaí do Bhallstát freisin cáin iarchoimeádta a mhuirearú a bheadh suas le 25 faoin gcéad ar dháiltí a dhéanann Institiúidí Comhinfheistíochta agus d’fhéadfaí suas le 25 faoin gcéad de cháin iarchoimeádta a íocadh ar an dáileadh do na hInstitiúidí Comhinfheistíochta a fhritháireamh in aghaidh an mhuirir dheiridh sin. Mura raibh na díbhinní bunaidh faoi réir cánach iarchoimeádta ní mór cáin iarchoimeádta 25 faoin gcéad a mhuirearú ar na hInstitiúidí Comhinfheistíochta ach amháin (a) má chuirtear ainm agus seoladh an rannpháirtí agus an tsuim a athdháileadh air in iúl do na húdaráis ioncaim nó (b) má dhéantar urrúis in ionannas leasanna sna hInstitiúidí Comhinfheistíochta a chlárú in ainmneacha na sealbhóirí.


7. Mar rogha ar na socraíochtaí fritháirimh féadfaidh Ballstáit córas a ghlacadh trínar féidir creidmheas cánach agus cáin iarchoimeádta inchuir a aisíoc ina n-iomláine leis na hInstitiúidí Comhinfheistíochta agus trína dtoibhítear an cháin chúitimh nó an cháin iarchoimeádta ina hiomláine ar na hInstitiúidí Comhinfheistíochta. Chaithfí an t-aisíoc leis na hInstitiúidí Comhinfheistíochta a chur ar ceal, áfach, mura ndéanfadh na hInstitiúidí Comhinfheistíochta na díbhinní a athdháileadh i rith na bliana ina ndéanfaí an t-aisíoc nó i rith na bliana ina dhiaidh sin.


Barúlacha an Chomhchoiste

8. Tá an Comhchoiste i bhfabhar na Treorach beartaithe sa mhéid go bhféachann sí le cur ar chumas Iontaobhas Aonad Éireannach cáin chorparáide a thoibhíonn Ballstáit eile ar dhíbhinní a fhaightear ó na Stáit sin a aiséileamh nó creidmheas a fháil i leith na cánach corparáide sin. Ní mór don Choiste a rá, áfach, gur cúis imní dó go mb’fhéidir go dtarraingeodh fíor-chastacht na socraíochtaí atá beartaithe méadú ar chostais riaracháin iontaobhas aonad agus go bhfuil baol ann dá bhíthin sin nach mbeidh oiread spéise ag an infheisteoir beag iontu.


9. Fad is a bhaineann le forchur beartaithe cánach iarchoimeádta ar dhíbhinní cuideachtaí is mian leis an gComhchoiste tacú leis na barúlacha a thug a réamhtheachtaí sa séú tuarascáil is fiche uaidh (Prl. 5341) an 24 Márta, 1976. Maidir le hiontaobhais aonad tugann an Coiste dá aire go mbeidh an méid cánach iarchoimeádta a cheadófaí d’aonadsealbhóirí a fhritháireamh nó a aisíoc leo le ríomh faoi threoir an mhéid díbhinní a athdháileann an t-iontaobhas aonad, nó lena rá ar bealach eile, tar éis costais bhainistíochta a asbhaint. I dtuairim an Chomhchoiste bhéarfadh sé sin difríocht éagórach idir an t-ioncam éifeachtach a gheobhadh an t-aonadsealbhóir i gcomórtas leis an ngnáth-scairshealbhóir. Measann an Coiste nár chóir gur mhó an difríocht idir a n-ioncam éifeachtach ná an táille bainistíochta arna comhlánú de réir an ráta cánach (nó creidmheasa cánach) is infheidhme maidir le díbhinn an iontaobhais aonad. Molann sé go ndéanfar Airteagal 9 den Treoir bheartaithe a leasú dá réir sin.


10. Fad is a bhaineann le cuideachtaí iontaobhais infheistíochta déileáltar in Éirinn lena gcuid scairshealbhóirí ar an gcuma chéanna le scairshealbhóirí i gcuideachtaí eile agus glacann an Comhchoiste leis, maidir le Treoracha CEE, gur chóir go mbainfeadh na prionsabail chéanna leosan is a bhaineann le cuideachtaí eile.


Buíochas

11. Is mian leis an gComhchoiste a rá go bhfuil sé faoi chomaoin go mór ag First General Unit Managers Ltd. agus ba mhaith leis a bhuíochas a ghabháil leo. Thug Stiúrthóir/Bainisteoir na heagraíochta sin. Mr. T. C. F. Whitton, cúnamh fíorthábhachtach dó le linn togra an Choimisiúin a bheith á bhreithniú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Márta 1979.