Committee Reports::Report No. 42 - Common Standards for the Water Content of Frozen and Deep-frozen Chickens, Hens and Cocks::07 March, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle ag leasú Rialachán Uimh. 2967/76 ina leagtar síos Comhchaighdeáin don chion uisce i sicíní, cearca agus coiligh reoite agus domhain-reoite. Déileálann an tOchtú Tuarascáil is Fiche (Prl. 5343) ón sean-chomhchoiste dar dáta 24 Márta 1976 le togra an Choimisiúin a ndearnadh Rialachán Uimh. 2967/76 de nuair a ghlac an Chomhairle leis.


Réim an Togra

2. Forálann Rialachán (CEE) Uimh. 2967/76 nach féidir éanlaith reoite agus domhainreoite a mhargú laistigh den Chomhphobal ach amháin más lú an cion uisce a shúitear san ullmhúchán ná 7.4 faoin gcéad ar an méan arna chinneadh de réir an mhodha cheimicigh (Danmhargach) atá leagtha amach i bhFoscríbhinn III den Rialachán nó 6 faoin gcéad ar an meán arna chinneadh de réir an mhodh cheimicigh (Gearmánach) a bhfuil cur síos air i bhFoscríbhinn IV. Faoi láthair, is féidir le gach Ballstát a rogha modh a úsáid. D’ainneoin diantástála agus diantrialú a bheith déanta ag gasra saineolaithe, níorbh fhéidir an dá mhodh tástála a thabhairt ar comhréir. Is dóigh le formhór na mBallstát gur iontaofa go mór an modh Danmhargach. Dá réir sin molann an Coimisiún go ndéanfar modh Foscríbhinn IV (an modh Gearmánach) a scriosadh.


Barúlacha an Chomhchoiste

3. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil sé roghnaithe ag Éirinn agus ag an Ríocht Aontaithe—an príomhpháirtí trádála atá againn maidir le trádáil éanlaithe clóis—cheana féin modh Foscríbhinn III (an modh Danmhargach) a úsáid agus dá bhrí sin níl aon chur in aghaidh togra an Choimisiúin aige. Tugadh le fios don Choiste nár cheart go mbeadh aon mhórdheacrachtaí in Éirinn de bharr na dteorainneacha súite uisce a shonraítear i bhFoscríbhinní III agus IV de Rialachán 2967/76 ó tharla gur iondúil tuairim 5 faoin gcéad de chion uisce a bheith san éanlaith anseo.


Buíochas

4. Ba mhian leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil de Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann as an gcúnamh a fuair sé uathu le linn dó an togra a bhreithniú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Márta, 1979.