Committee Reports::Report No. 41 - Forestry Policy in the European Community::07 March, 1979::Report

TUARASCÁIL

Doiciméad a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar Chumarsáid i dtaobh beartas foraoiseachta sa Chomhphobal Eorpach [R/3332/78 (AGRI 916) (FIN 906)] a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an 7 Nollaig, 1978. Bhreithnigh sé freisin an dréacht-Rún ón gComhairle i dtaobh cuspóirí agus prionsabail beartais foraoiseachta agus an dréacht-Chinneadh ón gComhairle buanchoiste foraoiseachta a chur ar bun agus tá an dá cheann díobh ar áireamh sa Chumarsáid.


Ábhar na Cumarsáide

2. Cuireann an Coimisiún in iúl ina Chumarsáid go bhfuil sé ar intinn aige forbairt comhbheartais foraoiseachta a mholadh ach sin amháin sa chiall go mbeadh ann roinnt sainchuspóirí agus prionsabal beartais foraoiseachta náisiúnta atá ag na Ballstáit uilig i gcoitinne. Molann sé mar chéim tosaigh go nglacfadh an Chomhairle le rún ina sainmhínítear na cuspóirí agus na prionsabail sin. Molann sé freisin go gcruthófar córas comhairleach i bhfoirm buanchoiste foraoiseachta.


3. Déileálann an Coimisiún ina Chumarsáid leis na gnéithe seo a leanas de bheartas foraoiseachta:


(a) Struchtúr agus Úinéireacht,


(b) Táirgeadh Adhmaid lena n-áirítear táirgí adhmaid a athrothlú,


(c) Caomhnú an Dúlra agus Cosaint Thimpeallacht an Duine,


(d) Insroichteacht agus Caitheamh Aimsire don Phobal,


(e) Bainistíocht Fiadhúlra, agus


(f) Ionstraimí Beartais Foraoiseachta lena n-áirítear eagrú, reachtaíocht, cánachas, greasachtaí, taighde agus forbairt, oideachas agus oiliúint, eolas, comhchomhairle agus caidreamh poiblí.


Foraoiseacht sa Chomhphobal

4. Tá 31 mhilliún ha nó 21 faoin gcéad de limistéar talún iomlán an Chomhphobail faoi fhoraois, sin tuairim an oiread céanna talún is atá faoi ghránaigh agus an tríú cuid den talamh a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta i gcoitinne. Sa Fhrainc amháin atá 45 faoin gcéad den talamh foraoise go léir agus tá 90 faoin gcéad di sa tír sin, i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus san Iodáil le chéile. Ní amháin gurb iad sin na tíortha is mó sa Chomhphobal ach, cé is moite de Lucsamburg, is iad na tíortha is mó iad atá faoi fhoraois freisin. Tá seasca faoin gcéad de na foraoisí faoi úinéireacht phríobháideach agus tá an daichead faoin gcéad eile tuairim a leath is a leath ag an Stát agus ag comhlachtaí poiblí eile.


5. Táirgeann an Comhphobal suas agus anuas le 80 milliún méadar ciúbach adhmaid, sin tuairim 40 faoin gcéad den méid is gá. Tá easnamh trádála ag na Ballstáit ar fad in adhmad agus i dtáirgí adhmaid. 8,000 milliún ACE sa bhliain easnamh iomlán an Chomhphobail, agus is é an ola an t-aon táirge amháin eile lena mbaineann easnamh níos mó ná sin. Is cosúil go rachaidh an t-easnamh i méid: meastar go dtiocfaidh méadú 2 faoin gcéad ar riachtanais idir seo agus an bhliain 2000, agus san am céanna go mbeidh méadú tuairim is 1 faoin gcéad ar tháirgeadh mura dtiocfaidh aon athrú ar bheartais.


Foraoiseacht in Éirinn

6. Tá 5 faoin gcéad den limistéar talún faoi fhoraois, an céatadán is lú sa Chomhphobal. Tá seachtó a seacht faoin gcéad d’fhoraois na hÉireann faoi úinéireacht Stáit. I 1977 bhí 854,000 acra ar fad ar seilbh ag an tSeirbhís Foraoise agus Fiadhúlra as a raibh 670,000 acra faoi bharraí foraoise agus ba é an méid foraoise a bhí faoi úinéireacht phríobháideach 202,000 acra. Tá sé de chuspóir ag an mbeartas atá ann faoi láthair go bhfaigheadh an Stát 24,700 acra in aghaidh na bliana le haghaidh foraoisiú. 21,950 an líon acra ar a ndearnadh plandáil iarbhír i 1976.


Bainteachas Comhphobail

7. Níl aon tagairt shonrach d’fhoraoiseacht i gConradh CEE agus tagann sé i gceist an bhfuil an Comhphobal i dteideal baint a bheith aige le beartais foraoiseachta na mBallstát. Is í tuairim an Chomhchoiste go bhfuil ceangal riachtanach idir beartas foraoiseachta agus na beartais a shaothraítear i ndáil le gréasáin talmhaíochta chomh maith le beartas réigiúnach. Ar an ábhar sin creideann an Coiste go bhfuil leas dlisteanach ag an gComhphobal i mbeartas foraoiseachta CEE a leagan amach a chabhródh chun aidhmeanna na mbeartas gaolmhar a bhaint amach.


8. Tá ranníoc airgeadais le fáil cheana féin ó CETRT chun tionscadail foraoiseachta áirithe a mhaoiniú. I 1974 mhol an Coimisiún go nglacfaí le Treoir ón gComhairle ar mhodh nua cúnaimh Comhphobail agus déileáladh leis an togra sin sa Naoú Tuarascáil Déag (Prl. 5138) an 10 Nollaig, 1975 ón sean-Chomhchoiste. Tugtar le fios nár ghlac an Chomhairle leis an togra agus go bhfuil sé á bhreithniú ag an gCoimisiún an togra a leasú i dtreo is nach mbeadh cúnamh Comhphobail ar fáil ach amháin do na limistéir atá faoi mhíbhuntáiste.


Treo an Bheartas Comhphobail

9. Measann an Comhchoiste gur chóir go mbeadh glacadh ginearálta leis na cuspóirí agus na prionsabail atá leagtha amach sa dréacht-Rún ón gComhairle atá á mholadh ag an gCoimisiún agus go dtabharfadh sé neart saoirse do Bhallstáit gníomhú chun a gcuid beartas féin a shaothrú. Fad is a bhaineann leis an dréacht-Chinneadh buanchoiste a chur ar bun tá sé curtha in iúl don Choiste nach bhfuil i gceist leis sin ach foirmeáltacht a thabhairt do chomhshocraíochtaí atá ann faoi láthair.


10. Ní fhéachann an Coimisiún le déanamh amach ina Chumarsáid conas go baileach ar chóir don Chomhphobal idirghabháil a dhéanamh sa réimse beartais foraoiseachta á chur i gcás go n-aontaíonn an Chomhairle gurb inmhianaithe idirghabháil den sórt sin. Tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún go bhféadfaí greasachtaí airgid a sholáthar mar chabhair chun cuspóirí ar ar comhaontaíodh a bhaint amach agus chun oibriú ar mhaithe le forbairt beartas Comhphobail eile. Chuirfeadh an Coiste fáilte roimhe dá soláthrófaí cabhair den sórt sin a mbeadh de chuspóir aici beartas réigiúnach an Chomhphobail a chur chun cinn agus cuidiú lena bheartas talmhaíochta. Is spéis leis an gCoiste freisin gurb í tuairim an Choimisiúin go bhféadfadh an Comhphobal tionchar úsáideach cobhsaithe a bheith aige i gcoinne éifeacht na n-athruithe gearrthéarma sa staid eacnamaíoch ar chláir foraoiseachta agus molann sé go dta bharfaí cuireadh don Choimisiún tograí sonracha a dhéanamh. Fad is a bhaineann le reachtaíocht náisiúnta is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go n-aontaíonn an Coimisiún nach dtiocfadh aon tairbhe as dá ndéanfaí comhchuibhiú ginearálta.


Foraoiseacht Stáit agus Foraoiseacht Phríobháideach

11. Bhí an dréacht-Treoir a bhreithnigh réamhtheachtaí an Chomhchoiste i 1975 go mór i bhfabhar foraoiseachta príobháidí i leaba scéimeanna Stáit agus níl aon ní i gCumarsáid na Nollag seo caite a thugann ar an gComhchoiste a chreidiúint nach riachtanais foraoiseachta príobháidí is mó is cúram don Choimisiún fós. I dtuairim an Choiste tá sé fíorriachtanach má táthar le cothrom na Féinne a thabhairt i ndáil leis an staid in Éirinn go ndéanfar aon chúnamh Comhphobail a chuirfear ar fáil d’fhoraoiseacht phríobháideach a chur ar fáil mar an gcéanna d’fhoraoiseacht Stáit. Ag an am céanna aontaíonn an Coiste lena réamhtheachtaí go bhféadfaí tuilleadh a dhéanamh in Éirinn chun foraoiseacht phríobháideach a spreagadh gan clár an Stáit a chur i mbaol. Fad a bhaineann leis sin tugann sé dá aire gur spéis le Comhairle CETE (IAOS) comhar-scéim foraoiseachta a fhorbairt agus go bhfuil sé molta aici go gcuirfí treoir— scéim i ngníomh in Iarthar na hÉireann. D’fhéadfadh gurb é seo an cineál scéime ar mhaith leis an gComhphobal cúnamh a thabhairt ina leith agus molann an Coiste go bhféachfar chuige sin.


An Tionscal Slischláir

12. Ag féachaint don staid mar a léiríonn an Coimisiún í, eadhon, easnamh substainteach trádála agus an chosúlacht go dtiocfaidh méadú ar éileamh i gcoitinne is deacair a thuiscint conas a tharlaíonn go bhfuil sé ag dul rite le tionscal ar bith a tháirgeann táirgí adhmaid sa Chomhphobal fanacht inchumais. Tuigeann an Comhchoiste áfach gurb é seo go díreach an cor maidir le dhá mhonarcha in Éirinn a tháirgeann slischlár. Tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil allmhairí íseal-chostais ó thríú tíortha ag cur leis an deacrachtaí atá ag na monarchana atá i gceist. Is é tuairim an Choiste nach mórán céille tionscail atá ann faoi láthair a ligean i léig más gá spleáchas an Chomhphobail ar allmhairí a laghdú. Molann an Coiste go ndéanfar an scéal a phlé leis an gCoimisiún.


Díospóireacht i Seanad Éireann

13. I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le beartas foraoiseachta sa Chomhphobal iarrann an Comhchoiste go ndéanfar díospóireacht i Seanad Éireann. I ndáil leis seo tagraíonn an Comhchoiste d’Ordú an 14 Feabhra, 1979 ó Sheanad Éireann.


Buíochas

14. Is mian leis an gComhchoiste a fhíorbhuíochas a ghabháil le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus leis an Taisce as ucht an mhórchúnaimh a fuair sé uathu le linn dó breithniú a dhéanamh ar dhoiciméad an Choimisiúin.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Márta 1979.