Committee Reports::Report No. 40 - Recycling of Urban and Industrial Waste::07 March, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Cinneadh ón gComhairle ag glacadh le clár ilbhliantúil taighde agus forbartha CEE ar iarmhar uirbeach agus tionscail a athrothlú (amhábhair thánaisteacha) (gníomhaíocht indíreach) (1979-1982)[R/2388/78 (Rech 55)].


An Cineál Togra

2. Déileálann an togra le clár taighde agus forbartha ar iarmhar uirbeach, tionscail agus talmhaíochta a athrothlú. Leanann sé na cláir, a bhaineann le “Amhábhair Phríomhúla”, “Taiscealaíocht agus Baint Úráiniam” agus “Páipéir agus cláir a athrothlú” lenar ghlac an Chomhairle i Márta/Aibreán, 1978.


3. Is é cuspóir an chláir modhanna a fhorbairt agus a fheabhsú chun táirgí úsáideacha a bhaint as iarmhair d’fhonn:


(i)foinsí malairte amhábhar a shaothrú agus sa chaoi sin acmhainní nádúrtha agus fuinneamh a choigilt agus deiseanna féinsoláthair a mhéadú, agus


(ii)laghdú a thabhairt ar an méid iarmhair a chaithfear a dhiúscairt, agus sa chaoi sin cuidiú le cosaint na timpeallachta.


Réimsí Taighde

4. Seárd atá i dtogra an Choimisiúin go ndéanfaí i ngach réimse díobh seo a leanas comhordú ar an obair atá ar láimh sna Ballstáit agus atá maoinithe go poiblí agus go gcuirfí leis an obair sin trí thionscadail taighde a mhaoineodh an Comhphobal go páirteach, ar ábhair shonracha, a bheidh le cinneadh ag an gCoimisiún i gcomhairle le coiste comhairleach d’oifigigh náisiúnta. Is iad seo a leanas na réimsí taighde atá beartaithe:


(i)ábhair agus fuinneamh a bhaint as dramhaíl uirbeach,


(ii)cóireáil teasa a oibriú ar iarmhar,


(iii)giosáil agus hidrealú ar iarmhar orgánach a thig ó thalmhaíocht, tionscail agus tithe agus


(iv)rubar iarmhair a shaothrú.


5. Beartaítear suas le 50 faoin gcéad de na costais taighde a íoc as cistí an Chomhphobail agus íocfaidh na heagraíochtaí dá dtabharfar conarthaí an chuid eile. Molann an Coimisiún caiteachas Comhphobail 13 million ACE (£8.8 million) don chlár iomlán.


Rannpháirtíocht na hÉireann

6. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gurb í Éire (tríd an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán) an treoirthír a bheidh ag cabhrú leis an gCoimisiún chun an réimse taighde a luaitear ag (iii) de mhír 4 den tuarascáil seo a fhorbairt agus go háirithe gur de bharr iarratasaíocht na hÉireann atá ionad suntasach tugtha don mhír sin sa chlár beartaithe. Tuigtear dó go ndéanfaidh Éire, má cheadaítear an clár, tograí sonracha a chur isteach le haghaidh taighde maidir leis na nithe seo a leanas:


(a) próiseas a fhorbairt chun fuinneamh a tháirgeadh ó iarmhair charbónacha,


(b) leasachán mallscaoilte a tháirgeadh ó chamras daoine agus ó ghlárais ainmhithe,


(c) ábhair agus iarmhair cheallalósacha a úsáid i gcúrsaí tráchtála,


(d) forbairt a dhéanamh ar phróisis a bheadh fiúntach ó thaobh eacnamaíochta de chun úsáid einsímeach a bhaint as iarmhair thalmhaíochta a bhfuil cion mór ceallalóis iontu,


(e) forbairt a dhéanamh ar phróiseas chun athrothlú geilleagrach a dhéanamh ar athchogantas bó mar ábhar beatha d’ainmhithe, agus


(f) iarmhair cheallalósacha ar nós min sáibh a bhithiontú go táirgí úsáideacha.


Meastar go gcosnóidh na tograí taighde seo £800,000.


Barúlacha an Chomhchoiste

7. Creideann an Comhchoiste gur mhaith ab fhiú tabhairt faoi scrúdú a dhéanamh féachaint an bhféadfaí go teicniúil iarmhar a athrothlú chun amhábhair agus fuinneamh a fháil agus is cúis áthais go háirithe dó go bhfuil Éire sásta páirt thábhachtach a ghlacadh sa chlár beartaithe. Is é barúil an Chomhchoiste gur clár é a mbeadh sé an-oiriúnach dul ina cheann ar bhonn Comhphobail agus molann sé go dtabharfaí tacaíocht láidir do thionscnamh an Choimisiúin.


8. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh dóthain airgid ar fáil do chlár den chineál atá beartaithe agus is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil an caiteachas Comhphobail atá á mholadh ag an gCoimisiún rud beag íseal. Tá sé curtha in iúl don Choiste go ndéanfadh aon laghdú sa bhuiséad beartaithe an chuid sin den chlár ina bhfuil suim ar leith ag Éirinn a chur go mór i mbaol. Dá bhrí sin molann sé cur go tréan in aghaidh aon iarracht ar an mbuiséad sin a laghdú.


9. Má chuirtear an clár i gcrích bheadh dóchas láidir ag an gComhchoiste go ndéanfaí teicneolaíocht nua a fhorbairt chun an oiread iarmhair agus is féidir a athúsáid agus chun a mhéid a laghdú. Tá sé curtha in iúl don Choiste, afách, gur féidir agus gur fiú leis an teicneolaíocht atá ann faoi láthair, cuid ar a laghad den iarmhar tís a athrothlú agus go bhfuil sé seo á dhéanamh cheana féin i dtíortha eile. Feictear don Choiste mar sin go bhfeádfadh na húdaráis náisiúnta agus áitiúla iomchuí scrúdú a dhéanamh féachaint an bhféadfaí scéimeanna athrothlaithe oiriúnacha a thionscnamh sa tír seo gan fanacht le torthaí an chláir Chomhphobail.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Márta, 1979.