Committee Reports::Report No. 39 - Commission's Proposals relating to Certain Customs Matters::07 March, 1979::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar na tograí seo a leanas ón gCoimisiún le haghaidh reachtaíocht thánaisteach Comhphobail i ndáil le hábhair chustam:


Dréacht-Rialachán ón gComhairle faoi chúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát agus idir na húdaráis sin agus an Coimisiún chun feidhmiú ceart an dlí maidir le hábhair chustam nó talmhaíochta a áirithiú [R/471/78]


Dréacht-Rialachán ón gComhairle faoin nós imeachta custam is infheidhme i leith stórais árthaí, aerárthaí agus traenacha idirnáisiúnta [R/599/78(ECO 50)].


Dréacht-Chinneadh ar Phrótacal a chur i gcrích don Chomhaontú faoi allmhairiú ábhar oideachais, eolaíochta agus cultúir [S/261/78 (SID)].


Dréacht-Rialacháin ón gComhairle [2]—


(a) ag leasú Rialachán Uimh. 1979/75 faoi ábhair oideachais, eolaíochta agus cultúir a allmhairiú saor ó dhleachtanna Comhtharaife Custam [R/2113/78 (TDC 47)], agus


(b) faoi ábhair lena n-úsáid ag daoine dalla agus daoine éislinneacha eile a allmhairiú saor ó dhleachtanna Comhtharaife Custam [R/2112/78 (TDC 46)].


Breithniú ar Leibhéal Comhphobail

2. Socraíodh le togra R/471/78 go raibh an Rialachán le teacht i bhfeidhm an 1 Iúil, 1978. Níor cuireadh deireadh leis an bplé ar an togra laistigh de Ghasra Oibre na Comhairle ar Cheisteanna Airgeadais roimh an dáta sin, áfach. Cuirtear in iúl don Choiste gur cosúla go dtiocfaidh an Rialachán in éifeacht ón 1 Iúil, 1979.


3. Cuireadh Togra R/599/78 faoi bhráid na Comhairle an 8 Márta, 1978 tar éis bheith á phlé sa Choimisiún (An Coiste um Reachtaíocht Chustam) ó 1976 i leith. Cé gur socraíodh an 1 Eanáir 1979 go sealadach mar dháta feidhme dó, cuirtear in iúl don Chomhchoiste go dtarlódh nach gcuirfear an togra i gcrích roimh an 1 Eanáir, 1980.


4. Baineann Cinneadh beartaithe S/261/78 le Prótacal do Chomhaontú Flórans, 1952 agus cuirfidh Rialacháin bheartaithe R/2112/78 agus R/2113/78 an Prótacal i ngníomh nuair a dhaingeoidh an Comhphobal é. Cuirtear in iúl don Chomhchoiste gur cosúil go nglacfaidh an Chomhairle an Cinneadh a mholtar agus go ndaingneoidh an Comhphobal an Prótacal thar ceann na mBallstát a luaithe a dhaingneoidh Éire Comhaontú 1952. Tugtar le fios dó gur chinn an Rialtas i mBealtaine, 1978, an Comhaontú a ghlacadh agus go bhfuiltear ag déanamh socruithe leis an ionstraim fhoirmiúil Ghlactha a thaisceadh ag an Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac.


B. CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH

Ábhar an Togra

5. Is é atá i gceist sa togra go dtabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát eolas go frithpháirteach dá chéile agus go gcomhoibreoidh siad leis an gCoimisiún lena áirithiú go bhfeidhmeofar i gceart an dlí maidir le dleachtanna custam maille le tobhaigh agus muirir faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta, go háirithe, trí sháruithe ar an dlí a chosc agus a scrúdú chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a bheartaíonn teacht timpeall ar an dlí. Déanann an togra foráil le haghaidh eolas a thabhairt ar iarratas sonraithe nó de bhun tola. Ní cheanglófar ar na húdaráis inniúla, áfach,


(a) eolas a gheofar ó bhainc nó ó fhorais ghaolmhara a thabhairt, nó


(b) eolas a nochtadh dá dtiocfadh sárú ar rún tionscail, tráchtála nó gairmiúil.


Ní bhaineann an dréacht-Rialachán le socraíochtaí cúnaimh frithpháirtigh i ndáil le CBL agus dleachtanna máil.


Bainteachas Comhphobail

6. Ó glacadh Coinbhinsiún Naples i 1967 tá córas cúnaimh frithpháirtigh fearacht an chórais atá i gceist sa dréacht-Rialachán i ngníomh ag Údaráis Chustam na mBallstát agus na Gréige. Éiríonn an togra seo as seasamh an Choimisiúin ar inniúlacht an Chomhphobail rialú a dhéanamh ar chúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla i ndáil le dleachtanna custam agus tobhaigh talmhaíochta. Creideann an Coimisiún nach n-oir-eann Coinbhinsiún Naples do riachtanais an aontais chustam agus an chomhbheartais talmhaíochta go mór mór toisc deireadh a bheith curtha le taraifí náisiúnta amhail ón I Iúil, 1977 agus i ngeall ar dhá fhoráil i gCoinbhinsiún Naples nach bhfuil glacadh leo viz. clásal comharaíochta agus an ceart chun an Coinbhinsiún a shéanadh go haontaobhach.


Barúlacha an Chomhchoiste

7. Ós rud é gur cuid d’acmhainní dílse an Chomhphobail le haghaidh ioncaim dleachtanna custam agus tobhaigh talmhaíochta glacann an Comhchoiste leis go luíonn sé le réasún cúnamh frithpháirteach ag údaráis náisiúnta sna réimsí seo a rialú ar bhonn Comhphobail. Aontaíonn sé go dtugann an Rialachán beartaithe bonn dlíthiúil simplí beacht do bhainteachas cóir an Choimisiúin. Ó thaobh praiticiúlachta de, má ghlactar leis an Rialachán seo ní thiocfaidh aon athrú ar an gcleachtas reatha agus is é Coinbhinsiún Naples a rialóidh fós cúnamh frithpháirteach i ndáil le CBL agus dleachtanna máil.


C. STÓRAIS IOMPRÓIRÍ IDIRNÁISIÚNTA

Ábhar an Togra

8. Déanann reachtaíocht chustam na mBallstát uile foráil i dtaobh nós imeachta speisialta is infheidhme i leith táirgí a bheartaítear a úsáid mar stórais d’árthaí, aerárthaí agus traenacha idirnáisiúnta. Is é is bunús don nós imeachta seo go mbeartaítear na táirgí seo a chaitheamh go mór mór lasmuigh den chríoch chustam, agus is éard atá ann go príomha faoiseamh ó dhleachtanna allmhairithe a dheonú in imthosca áirithe nuair a shroicheann an chóir iompair sin an chríoch chustam sin agus ar imeacht don chóir iompair sin, go ndéileálfaí leis an lasta stóras ar an gcuma chéanna le honnmhairiú earraí lasmuigh den chríoch chustam sin.


9. Is í aidhm an togra oibritheoirí iompair an Chomhphobail a chur ar chomhchéim le hoibritheoirí iompair ó thríú tíortha maidir le stórais do longa, aerárthaí agus traenacha idirnáisiúnta agus freisin cur in aghaidh cleachtais chalaoiseacha áirithe is dochar do gheilleagar an Chomhphobail agus dá bhuiséad (go háirithe aisíocaíochtaí nach bhfuil cóir a dheonú ar onnmhairí). Dheonófaí faoiseamh faoin togra ó dhleachtanna custam agus ó mhuirir an Chomhbheartais Talmhaíochta i leith stóras a bheartaítear a chaitheamh ar bord córacha iompair. Tugann an Séú Treoir CBL faoiseamh den sórt sin cheana féin, i ndáil le CBL. Chun críocha an Rialacháin, ciallaíonn “stórais” solathairtí lónadóireachta, breoslaí, bealaidh agus olaí eile le haghaidh úsáid theicniúil agus ilstórais. Níl feidhm ag an Rialachán beartaithe i ndáil le dleacht máil ná le hearraí a dhíoltar i siopaí saor-ó-dhleacht ná ar bord long nó aerárthaí.


Ciallachais d’Éirinn

10. Cuirtear in iúl don Chomhchoiste go bhfuil formhór forálacha an dréacht-Rialacháin seo i ngníomh cheana féin in Éirinn. Ceanglófar leis an Rialachán, áfach,


(i) go ndíothófar forálacha náisiúnta áirithe a thugann faoiseamh—


(a) i gcás storas


—d’árthaí pléisiúir m.sh. luaimh


—d’aerárthaí príobháideacha,


(b) i gcás breosla


—d’aerárthaí ag dul amach ar eitilt idirnáisiúnta má chuirtear paisinéirí ar bord lena ndíbhordáil laistigh den Stát


—d’aerárthaí le hAer Lingus ar eitiltí intíre


—d’aerárthaí le hAer Lingus le linn rúideanna innill, tástáil aerárthaí agus oiliúint foirne a sheoladh,


(ii) go nglacfar le forálacha nua m.sh. díolúine a dheonú i gcás breosla, ola agus ilstórais d’árthaí iascaireachta cósta agus d’árthaí a úsáidtear le haghaidh tarrthála agus cúnaimh ar an bhfarraige fiú mura bhfágann siad uiscí teorann, agus


(iii) go leathnófar na forálacha atá ann faoi láthair, m.sh. trí stórais saor ó mhuirir CTC agus CBT a dheonú d’aonárthach (seachas árthaí pléisiúir) a sheolann lasmuigh d’uiscí teorann. Faoi láthair ní dheonaítear stórais saor-ó-dhleacht d’árthaí iascaireachta ach amháin nuair a bhíonn iascach domhain—farraige ar siúl acu agus mar a tharlaíonn ní cháilíonn ach fíorbheagán don fhaoiseamh sin.


Níl feidhm maidir le hÉirinn ag na forálacha sa togra a bhaineann le stórais d’árthaí atá ag gabháil d’iompar ar uiscebhealaí intíre idirnáisiúnta ná le stórais do thraenacha idirnáisiúnta.


Barúlacha an Chomhchoiste

11. Sa mhéid go bhféachann an dréacht-Rialachán le roinnt lámhaltas atá ann faoi láthair a dhíothú ba chúis imní go háirithe don Chomhchoiste an éifeacht a bheadh aige ar bhreosla d’aerárthaí. Tugtar le fios don Choiste, áfach, nach fiú trácht ar an éifeacht sin ó tharlaíonn nach mbaineann aon ghné de dhleachtanna CTC le breoslaí d’aerárthaí go hiondúil. Más mar sin atá níl aon chur in aghaidh an Rialacháin bheartaithe aige fad a bhaineann leis na stórais a mbeartaítear faoiseamh a thabhairt ina leith agus go deimhin fáiltíonn sé roimh an bhforáil atá i gceist do bháid iascaireachta cé go dtugtar le fios dó gur beag dáiríre na lamháltais atá beartaithe. Tacaíonn an Coiste go hiomlán leis an togra sa mhéid go ndéanann sé iarracht cleachtais de ghné chalaoiseach san earnáil thalmhaíochta a chomhrac toisc gur dísciú iad ar chistí an Chomhphobail agus go dtéann siad chun dochair go hiondúil d’oibriú éifeachtach an CBT.


Buíochas

12. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl as an gcúnamh a fuair sé ón British and Irish Steam Packet Company Limited le inn dó an togra seo a scrúdú.


D. ABHAIR OIDEACHAIS, EOLAÍOCHTA AGUS CULTÚIR AGUS ÁISEANNA DO DHAOINE ÉISLINNEACHA

Comhaontú Flórans

13. I 1950, faoi choimirce Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), tarraingíodh suas Comhaont ú ar allmhairiú ábhair oideachais, eolaíochta agus cultúir, arb é is príomhchúis leis foráil a dhéanamh chun go leathfaí earraí den sórt sin níos éasca trína ndíolmhú ó dhleachtanna custam. Déanann an Comhaontú foráil ghinearálta i leith na nithe seo a leanas a allmhairiú saor-ó-dhleacht—


(a) Leabhair, foilseacháin agus doiciméid


(b) Saothair ealaíne agus míreanna bailitheoirí de ghné oideachasúil, eolaíoch agus cultúrtha


(c) Ábhair féachana agus éisteachta


(d) Ionstraimí nó fearas eolaíochta


(e) Earraí do dhaoine dalla.


Glacann Stáit Chonarthacha orthu féin faoin gComhaontú gan dleachttanna custam a fheidhmiú ar aon cheann de na hábhair lena mbaineann sé. Maidir le trealamh eolaíochta a allmhairiú saor-ó-dhleacht faoi Iarscríbhinn D a ghabhann leis an gComhaontú, tá clásal ann á rá go bhfuil de choinníoll leis seo nach monaraítear earraí ar comhluach ó thaobh eolaíochta sa tír a allmhairíonn iad.


14. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 21 Bealtaine, 1952 agus is páirtithe ann breis agus seachtó Stát, lena n-áirítear Ballstáit uile CEE. Níor ghlac Éire leis an gComhaontú go dtí le déanaí toisc go dtiocfadh as caillteanas éigin ioncaim agus cosanta do thionscail na hÉireann. Rinneadh an ionstraim fhoirmiúil trínar ghlac Éire leis an gComhaontú a thaisceadh le hArd-Stiúrthóir EOECNA (UNESCO) i bPáras an 18 Lúnasa, 1978. Le Rialachán CEE 1798/75 corpraíodh forálacha Chomhaontú Flórans i ndlí an Chomhphobail agus, cé nach raibh Éire ina páirtí don Chomhaontú sin go dtí le déanaí, tá Rialachán 1798/75 á chur i bhfeidhm aici, mar chomhalta de CEE, ón 1 Eanáir, 1976.


15. Ag a 19ú Comhdháil Ghinearálta a sheol sé i Nairobi i 1975 ghlac EOECNA Prótocal don Chomhaontú a dhéanann foráil i ndáil leis an raon táirgí lena mbaineann an Comhaontú a leathnú chun go mbeadh ar áireamh ann:


(a) áiseanna do dhaoine éislinneacha


(b) trealamh spóirt


(c) gléasanna agus trealamh ceoil


(d) ábhar agus innealra chun leabhair etc. a tháirgeadh.


Togra an Choimisiúin

16. Molann dréacht-Chinneadh ón gComhairle go ndéanfar an Prótacal nua thar ceann an Chomhphobail ach, maidir leis an raon táirgí, nach mbeidh an Prótacal vis-à-vis Stáit Chonarthacha ina cheangal ar an gComhphobal ach a mhéid a bhaineann le háiseanna do dhaoine éislinneacha. Tá dhá Rialachán ón gComhairle á moladh ag an gCoimisiún freisin chun na hathruithe is gá a dhéanamh ar dhlí an Chomhphobail má ghlactar leis an gCinneadh bheith páirteach sa Phrótacal.


17. Déanann dréacht-Rialachán Uimh. R/2112/78 foráil i ndáil le díolúine ó dhleachtanna custam d’ábhair atá ceaptha go speisialta le haghaidh:


(i)dul chun cinn daoine dalla i gcúrsaí oideachais, eolaíochta agus cultúir (tá liosta de na hábhair in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an dréacht);


(ii)dul chun cinn daoine dalla i gcúrsaí oideachais nó eolaíochta nó cultúir, más comhlachtaí atá ag gabháil d’oideachas daoine dalla nó do chabhair a thabhairt dóibh a allmhairíonn go díreach iad (tá liosta de na hábhair in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an dréacht); agus


(iii)dul chun cinn daoine éislinneacha, seachas daoine dalla, i gcúrsaí oideachais, fostaíochta agus sóisialta, más do chomhlachtaí a dhéanann freastal go mór mór ar dhaoine éislinneacha iad. Maidir leis na hábhair seo, áfach, tá de choinníoll leis an deontas saor-ó-dhleacht nach monaraítear a samhail d’earraí sa Chomhphobal. Féadfar maolú a dhéanamh ar an gcoinníoll seo, áfach, i gcás nach dtéann na faoisimh dleachta sin chun dochair do tháirgeadh na n-earraí sin sa Chomhphobal. Bainfidh díolúine ó dhleachtanna custam freisin le páirteanna breise agus gabhálais má allmhairítear iad an tráth céanna a allmhairítear an t-ábhar sin nó, i gcás ina n-allmhairítear níos déanaí iad, más inaitheanta iad mar pháirteanna breise agus gabhálais d’ábhair a allmhairíodh saor-ó-dhleacht roimhe sin nó d’ábhair atá i dteideal iad a allmhairiú amhlaidh.


Maidir le hábhair a chuirfear mar bhronntanais chuig forais nó eagraíochtaí a dhéanann freastal ar dhaoine éislinneacha, seachas daoine dalla, ní bheidh siad faoi réir chlásal infhaighteachta an Chomhphobail. Ní mór gur bronntanais dáiríre iad na bronntanais seo, áfach, agus nach comaoin thráchtála a spreagann an bronntóir iad a thabhairt.


18. I ndréacht-Rialachán Uimh R/2113/78 tá leasuithe ar Rialachán Uimh 1798/78 agus is achoimre orthu an méid seo a leanas:


(a)cur síos níos mine sna hIarscríbhinní ar na táirgí lena mbaineann sé;


(b)earraí do dhaoine dalla a bhaint amach as Rialachán 1798/78; tabharfar faoi deara go bhfolófar na hearraí sin maille le háineanna do dhaoine éislinneacha i Rialachán ar leith as seo amach:


(c)amach anseo clúdóidh an Rialachán uirlisí atá le húsáid i ndáil le hionstraimí eolaíochta atá ceadaithe faoin Rialachán.


Barúlacha an Chomhchoiste

19. Tugann an Comhchoiste dá aire gurb é an t-aon athrú substainteach amháin a thiocfadh i bhfeidhm dá nglacfaí le tograí an Choimisiúin go bhféadfaí áiseanna áirithe do dhaoine éislinneacha a allmhairiú ó áit lasmuigh den Chomhphobal saor ó dhleacht custam atá idir 7 agus 10 faoin gcéad ad valorem. Ceadaítear cheana féin faoi Rialachán Uimh 1798/75 áiseanna do dhaoine dalla a allmhairiú saor-ó-dhleacht ach cuirtear in iúl don Choiste gur beag an úsáid a baineadh as an deis seo toisc, b’fhéidir, gur iondúla earraí den sórt sin a allmhairiú ón mBreatain ná ó thríú tíortha. (Fiú sular glacadh Rialachán 1798/75 bhí cead ag forais nó cumainn áiseanna do dhaoine dalla a allmhairiú saor-ó-dhleacht faoi alt 18 den Acht Airgeadais, 1938.) Fad is a bhaineann le daoine éislinneacha eile tugtar le fios don Chomhchoiste gur cosúil go mbainfear leas as an gclásal cosanta chun gnátháiseanna fearacht cathaoireacha rothaí agus leapacha ortaipéideacha a eisiamh ón saoráid sin ós rud é go monaraítear iad seo in Éirinn agus sa Chomhphobal. I s dócha mar sin nach mbeidh an tsaoráid ar fáil ach i leith sainmhíreanna, mar shampla, clóscríobháin agus seinnteoirí caiséad atá oiriúnaithe go speisialta. Is measartha ar fad an tairbhe a bhainfidh daoine éislinneacha as mar sin ach mar sin féin fáilteoidh roinnt acu roimhe.


20. Tá an Comhchoiste sásta go dtabharfaí dóthain cosanta do leasanna monaróirí na hÉireann dá nglacfaí leis na tograí seo. Gan trácht ar chlásal cosanta a bheith ar fáil ba cheart a mheabhrú, cé go dtabharfadh Éire agus na Ballstáit eile saoráidí saor-ó-dhleacht i leith earraí a allmhairiú a bhfuil cur síos orthu sa dá dhréacht-Rialachán, gur chóir do thíortha eile a shínigh Comhaontú Flórans saoráidí saor-ó-dhleacht a thabhairt ar an gcaoi chéanna i leith earraí a allmhairítear ó Éirinn agus ón gComhphobal.


Buíochas

21. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann as an gcúnamh a thug sí le linn na tograí seo a bheith á scrúdú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Márta 1979.