Committee Reports::Report No. 03 - Min Fhéir (1959) Teoranta::04 July, 1979::Report

AN TRÍÚ TUARASCÁIL

MIN FHÉIR (1959) TEORANTA

I RÉAMHRÁ

(a) Cúlra

1. De réir forálacha an Achta Mine Féir (Táirgeadh), 1953, corpraíodh Min Fhéir Teoranta i Márta, 1954. Faoin Acht, b’iad príomhchuspóirí na Cuideachta talamh portaigh a thógáil, a shilt agus a shaothrú agus féar agus plandaí eile a phróisiú lena ndíol (lena n-áirítear, go háirithe, min fhéir a mhonarú). I 1956, ar chinneadh an Rialtais, foirceannadh an Chuideachta agus ní dheachthas ar aghaidh leis na pleananna chun monarcha mine féir a thógáil. San am sin measadh go mbeadh táirgeoirí tráchtála agus Comhlucht Siúicre Éireann Teoranta eatarthu in ann freastal go hiomlán don éileamh margaidh ar mhin fhéir.


2. Tar éis do Rialtas nua a theacht i gceannas i 1957 ceapadh Coiste dar gaireadh Coiste Thionscadal Min-Fhéir Ghleann na Muaidhe chun scrúdú a dhéanamh ar bfhiú an scéim mine féir a athbheochan. Sa tuarascáil a thug an Coiste in Iúil, 1958 moladh an scéim a athbheochan agus ghlac an Rialtas leis an moladh sin.* Dá thoradh sin achtaíodh an tAcht Mine Féir (Táirgeadh) (Leasú), 1959, agus foráileadh ann go mbunófaí Min Fhéir (1959) Teoranta. Chuir an tAcht sin, fara leasuithe áirithe, forálacha Acht 1953 chun feidhme maidir leis an gCuideachta nua, ach ní dhearnadh aon athruithe ar na príomh-chuspóirí a luadh sa mhír sin thuas. Corpraíodh Min Fhéir (1959) Teoranta an 5 Bealtaine, 1960 agus chuaigh sí i mbun táirgthe ar bhonn tráchtála i nGaoth Sáile, Contae Mhaigh Eo— féach Foscríbhinn 2—in Aibreán, 1964.


(b) Caipiteal

3. £350,000, arna roinnt i scaireanna £1 an ceann, a bhí mar scairchaipiteal údaraithe ag Min Fhéir (1959) Teoranta. £200,000 an scairchaipiteal údaraithe a bhí aici nuair a corpraíodh í. Rinneadh £150,000 de mhéadú ar an scairchaipiteal sin i 1969. Um dheireadh Márta, 1974, bhí an teorainn £350,000 sroichte ag an scairchaipiteal a eisíodh.


4. Sa Chlár Caipitil Phoiblí do 1979 tá £0.25 milliún á leagan amach chun maoiniú a dhéanamh, faoi réir reachtaíochta chun na críche sin, ar chlár forbartha na Cuideachta. Deir an Clár freisin go mbeidh £0.4 eile ón Státchiste ag teastáil chun athmhaoiniú a dhéanamh ar iasachtaí na Cuideachta san am a caitheadh.


(c) Acmhainní agus Oibríochtaí

5. Dhá phríomh-aidhm atá ag an gCuideachta, mar atá, féar a fhás ar thalamh portaigh míntírithe agus min fhéir a mhonarú lena díol ar an margadh sa bhaile agus i gcéin. Díoltar an mhin fhéir a tháirgtear le cumaisceoirí tráchtála mar chomhábhar le cur in ábhair bheatha chumaisc d’ainmhithe. Díoltar í freisin go díreach leis na feirmeoirí mar bheatha d’ainmhithe feirme. Tá dhá mhíle acra portaigh ag an gCuideachta in aice le Gaoth Sáile agus baintear feidhm as mar a leanas:


 

Saothraithe le min fhéir a tháirgeadh

...

777

acra

(39%)

 

 

Páirt-saothraithe

...

...

...

426

acra

(21%)

 

 

Gan saothrú

...

...

...

...

797

acra

(40%)

 

6. Is fiú £96,000 ar an meán a ndíolann an Chuideachta gach bliain ó chuaigh sí i mbun gnó margaíochta i 1964. Ar leith ó bhrabús beag i 1967/1968, chaill an chuideachta airgead ar a gnó tráchtála. I 1976 bhí an láimhdeachas ab fhearr, i.e. £356,000, ag an gCuideachta, mar gur bhliain mhaith fáis a bhí inti agus chuidigh dálaí an mhargaidh go mór leis an trádáil. Thit an díol go £62,000 i 1977 ach bhí feabhas mór ar an scéal i 1978 nuair a díoladh luach £325,000. Chaill an Chuideachta £43,000 i 1978; sin £26,000 de laghdú ar chaillteanas 1977. Seo thíos cuid de phríomh-shonraí na dtorthaí oibríochta ó 1964/65 mar atá tugtha i bhFoscríbhinn 3:


—tá os cionn £¼ milliún san iomlán sna caillteanais go léir sa chlár comhardaithe


—mar gheall ar chaillteanais trádála tá cistí na scairshealbhóirí á n-ídiú go leanúnach


—le 5 bliana anuas is mó na dliteanais reatha ná na sócmhainní reatha.


7. Ina Thuarascáil Bhliantúil do 1978 dúirt Cathaoirleach Mine Féir gur léirigh caillteanas na bliana sin arís a dheacra is bhí sé ar an gCuideachta fanacht i mbun trádála faoin ualach a bhain le hardchostais fuinnimh agus na fiacha a tabhaíodh san am a caitheadh. Thagair sé freisin don fhoighne agus don chomhar a léirigh Comhlucht Siúicre Éireann nuair a cheadaigh siad dóibh na fiacha troma a bhí orthu a fhágáil gan íoc agus a léirigh Nítrigin Éireann Teoranta nuair a chuir siad leasacháin ar fáil dóibh do shéasúir 1978-1979 gan an fiach trom a bhí orthu cheana a bheith glanta.


II AN TIMPEALLACHT OIBRE

(a) Úsáidí agus Tairbhe Mine Féir

8. Táirgtear min fhéir trí fhéar a thriomú i ngaireas triomaithe agus déantar an féar tirim sin a fháisceadh agus a mheilt ansin le féarchnónna nó min fhéir mhín a dhéanamh. I dtús báire, ba ghnách min fhéir a úsáid le vitimíní a chur ar fáil i mbia muc agus éanlaithe. Go háirithe, chuireadh sé dath buí ar bhuíochán uibheacha. Ach ó tosaíodh ar vitimíní tacair a úsáid, ní bhaintear an úsáid chéanna as min fhéir in ábhair bheatha. Chuir ionadaí amháin ó Mhin Fhéir in iúl, nuair a bhí sé ag tabhairt fianaise, go dtig cóngair atá níos saoire a allmhairiú anois le cur san ábhar beatha.*


9. Is eol anois, as an obair thriaileach a rinneadh, go mbeidh tábhacht ar leith le min fhéir ag cur beatha athchogainte ar fáil do bha bainne, d’eallach agus do chaoirigh. Tarlaíonn freisin go bhfuil i bhfad níos mó de na hábhair bheatha chumaisc á dtairgeadh le haghaidh eallaigh le blianta beaga anuas. Féadfar an t-athrú idir 1970 agus 1978 a shonrú sa Tábla seo a leanas:—


TÁBLA 1


Ábhair Bheatha Chumaisc


An bhliain 1970

An bhliain 1978

Raisíní

(’ooo tona)

% den iomlán

(’ooo tona)

% den iomlán

Muca

..

579.3

55.1%

477.2

29.4%

Éanlaith

..

241.7

23.0%

249.0

15.3%

Eallach

..

156.4

14.9%

795.4

48.9%

Ilghnéitheach

73.2

7.0%

104.5

6.4%

Iomlán

..

1,050.6

100%

1,626.1

100%

Ón Roinn Talmhaíochta—Sraith Staitisticí Bliantúla.


Taispeánann an Tábla nach raibh ach 15% de bhianna cumaisc á soláthar le haghaidh eallaigh i 1970 ach go raibh 49% díobh á soláthar i 1978. Thug eolaí teicniúil amháin le fios ina fhianaise go bhfuil idir 75% go 85% den saibhreas fuinnimh atá in eorna sa mhin fhéir agus go bhfuil sí 50% níos saibhre ó thaobh próitéin ná eorna. Ní mór 14% ar a laghad de phróitéin amh a bheith san ábhar tirim le bheith i dteideal cúnamh táirgthe a fháil ó CEE—féach mír 12. Tá saibhreas mór snáithíneach sa mhin fhéir agus tá sí fíorfhóinteach mar bheatha d’ainmhithe athchogainte.


(b) Margadh don Mhin Fhéir

10. Tá laghdú ag teacht le tamall de bhlianta ar an margadh mine féir. Tá laghdú freisin ar líon na dtáirgeoirí—ó naonúr (i 1954) go cúigear (i 1978). San earnáil phríobháideach atá triúr den chúigear sin agus san earnáil Stát-tionscanta atá an dá cheann eile i.e. Min Fhéir agus Comhlucht Siúicre Éireann Teoranta. Níl an laghdú atá tagtha ar tháirgeadh mine féir ag freagairt ar chor ar bith don mhéadú ar bhianna cumaisc. Dá dhroim sin, is ag dul i laghad atá cion rachairte mine féir ar an margadh go huile. Is féidir an méid sin a léiriú i bhfoirm tábla:


TÁBLA 2


Táirgeadh Mine Féir agus Ábhar Beatha Cumaisc


 

(A)

(B)

(C)

Bliain

Min Fhéir (’000 tona)

Ábhair Chothaithe Chumaisc (’000 tona)

A mar % de B

1970

..

..

20.4

1,050.6

1.9%

1971

..

..

22.7

1,135.7

2.0%

1972

..

..

20.5

1,180.9

1.7%

1973

..

..

20.9

1,225.1

1.7%

1974

..

..

16.2

1,104.7

1.5%

1975

..

..

16.1

1,036.0

1.6%

1976

..

..

16.4

1,253.2

1.3%

1977

..

..

15.6

1,418.4

1.1%

1978

..

..

10.4

1,626.1

0.6%

% d’athrú 1970-1978

..

-49.0%

+54.8%

Ón Roinn Talmhaíochta a fríth an t-eolas.


11. Faoi láthair, rialaítear díolacháin táirgí féir le rialacháin (na Rialacháin um Leasacháin, Ábhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1957, go príomha) a rinneadh faoin Acht um Leasacháin, Ábhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955. Deir na rialacháin nach ndíolfaidh aon duine min fhéir faoin tuairisc Ard-Ghrád nó Grád I mura mbeidh 16% de phróitéin agus 220 cuid in aghaidh an mhilliún de chairitín ar a laghad ann. Maidir le min fhéir de Ghrád Caighdeánach nó Grád II, deirtear sna sonraí nach foláir 14% de phróitéin agus 150 cuid in aghaidh an mhilliún de charaitín ar a laghad a bheith ann. Dúirt eolaí teicniúil amháin, agus é ag tabhairt fianaise, gur chóir díleáiteacht ábhar beatha a shonrú sna rialacháin.* Molann an Comhchoiste gur chóir don Roinn Talmhaíochta na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair a scrúdú i bhfianaise an dearcadh atá ann anois faoi bheathú agus aon leasú is gá a dhéanamh orthu.


(c) Cúnamh CEE

12. Bíonn cúnamh le fáil ó CEE chun min fhéir agus barraí farae díscithe dá samhail a tháirgeadh. Tionscnaíodh an scéim i 1974 chun cabhrú le táirgeadh breise próitéin i CEE. Dhá chuid atá sa chúnamh sin—ceann acu buan agus an ceann eile athraitheach. 70% den difear idir an praghas domhanda agus Treoirphraghas Chomhphobal CEE atá sa chuid athraitheach faoi láthair. Bíonn athbhreithniú le déanamh ar an dá chuid gach bliain.


13. I 1974 ní raibh ach £2.77 an tona le fáil mar chúnamh ó CEE ach bhí sé chomh hard le £23.91 an tona i Meán Fómhair 1978. Tá sé laghdaithe go mór don bhliain mhargaidh reatha 1979/80. I Meitheamh, 1979 ní raibh ach £12.64 an tona sa chúnamh, nó leath an chúnaimh beagnach a bhí le fáil i Meán Fómhair, 1978. Athruithe ar phraghsanna margaidh an domhain agus Treoirphraghas Chomhphobal CEE ba chúis leis an laghdú sin. 104.55 aonad cuntais an tona an Treoirphraghas atá leagtha amach don bhliain seo. Sna tograí a chuir Min Fhéir go dtí an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh measadh go mbeadh ó £20 an tona (i 1979) go dtí £27 an tona (i 1982) de mhéadú ar an gcúnamh ó CEE. Tá an tionchar atá ag an gcúnamh ó CEE ar Mhin Fhéir léirithe níos mionchruinne i gCaibidil III.


14. Ní foláir roinnt ceanglas a chomhlíonadh sula n-íocfaidh CEE cúnamh táirgthe i leith farae thriomaithe. Maidir le féar triomaithe, ní mór 14 faoin gcéad de phróitéin amh, ar a laghad, agus 12 faoin gcéad de thaisleach, ar a mhéid, a bheith ann. Íoctar an cúnamh i leith mine féir triomaithe ag fágáil áitreabh an táirgeora nó i gcás ina ndéantar é a mheascadh le hamhábhair eile nuair atá ábhair bheatha chumaisc á monarú. Riarann an Roinn Talmhaíochta an scéim do CEE. Go dtí go nglacfar le modh caighdeánach Comhphobail déanfar sampláil ar an mhin fhéir de réir na Rialachán um Leasacháin, Ábhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1957, chun a áirithint go bhfuil an tsampláil á dhéanamh de réir cheanglas scéime CEE. Dúirt táirgeoir príobháideach mine féir i bhfianaise leis an gComhchoiste gur mheas sé gur beag an brabús a bheadh ar tháirgeadh mine féir ach go bé fóirdheontas CEE.*


(d) Féar a fhásann ar Thalamh Portaigh

15. Ón taobh theicniúil de, thaispeáin Min Fhéir go bhféadfar féar a fhás go sásúil ar thalamh portaigh. Dúirt eolaí teicniúil, agus é ag tabhairt fianaise, gur beag an difear atá idir an féar a fhástar ar thalamh portaigh agus an féar a fhásann ar an ithir mhianrúil is fearr.†† Le cáilíocht shásúil a bhaint amach sa mhin fhéir ní foláir an féar a bhaint agus é óg. Má chuireann an drochaimsir isteach ar an mbaint d’fhéadfadh an féar bheith ró-aibí lena úsáid chun min fhéir ar chaighdeán sásúil a tháirgeadh lena húsáid in ábhair bheatha chumaisc. Fanann bánta a ndéantar síolchur orthu lántorthúil ó thrí go cúig bliana ag féachaint do chineál na hithreach agus an tsíl, an méid aoil a chuirtear ar an ithir agus riaradh na talún ina dhiaidh sin. Tá sé fíor-thábhachtach an féar a bhaint ag an am is fearr chuige sin má táthar leis na leibhéil phróitéin is gá a choimeád. De réir mar a aibíonn an barr titeann na leibhéil phróitéin agus éiríonn leibhéil na snáithíní. Cuireann an aimsir isteach freisin ar an méid uair a bhaintear an barr sa tséasúr agus téann sé sin i gcionn ar chainníocht iomlán na mine féir a tháirgtear de réir an acra. Baineann Min Fhéir trí nó ceithre bharr gach séasúr, an chéad bharr sa Bhealtaine agus an barr deireanach i mí na Samhna.§


De ghnáth ní bhíonn an séasúr fáis chomh fada in Iarthar Mhaigh Eo is bhíonn ar Chósta an Oirthir. Dá thairbhe sin, is éatroime barr tirim an acra a tháirgeann Min Fhéir ná a tháirgeann táirgeoir príobháideach i gContae Loch Garman—4 thona an t-acra i Maigh Eo agus 5 thona an t-acra i Loch Garman.


(e) Cor na Mine Féir san am le teacht

16. Luadh barúlacha éagsúla leis an gComhchoiste i dtaobh cad a bhí i ndán do thionscal na mine féir san am le teacht. Dúirt finné amháin nach raibh aon tuar dóchais ann don tionscal. Dúirt sé gur ghabh premium le min fhéir san am a caitheadh toisc í a bheith chomh fóintiúil sin inti féin mar chomhábhar beatha do mhuca agus d’éanlaith. Ach, faoi láthair, is féidir an saibhreas beatha atá inti a chur ar fáil i bhfad níos saoire ar mhodh tacair.* Cé gur tuigeadh d’fhinnéithe eile an choimhlint ó ábhair bheatha eile a bheith ag géarú, ní raibh siad sásta aon bharúil chinnte a thabhairt faoi chor an mhargaidh amach anseo. Dúirt finné amháin, áfach, gur mar bheatha d’ainmhithe athchogainte is fearr a chruthódh an mhin fhéir mar thionscal san am le teacht.** Is léir leis an gComhchoiste nach bhfuil an rachairt chéanna ar mhin fhéir mar ábhar beatha inti féin anois agus gur mó atá sí á húsáid faoi láthair chun ábhair bheatha chumaisc a tháirgeadh. Tharla an cor sin mar gur theastaigh ó na táirgeoirí a bheith beag beann ar mhargaí mine féir agus ar phraghsanna guagacha. Ina ionad sin tá ábhair bheatha chumaisc á ndéanamh ag na táirgeoirí agus feidhm á bhaint acu as an min fhéir mar chóngar amháin sa bheatha sin. Bunaíonn an socrú nua éascaíocht sa tionscal agus ní bhíonn na praghsanna chomh guagach. Mhol eolaí teicniúil amháin, agus é ag tabhairt fianaise, go n-úsáid-feadh Min Fhéir an táirgeadh mine féir freisin chun bianna cumaisc a tháirgeadh. In Iarthuaisceart Mhaigh Eo, d’fhéadfaí an táirgeadh bainne a mhéadú, agus bheadh éileamh mór ar mhin fhéir lena chumasc mar raisín déiríochta lán-iomlán.


Tá an méid sin déanta, a dúirt sé, in oirthear na tíre. Dúirt eolaí teicniúil eile gur chóir do Mhin Fhéir sadhlas a dhéanamh den fhéar agus cáthláin a ligean ar cíos chuig feirmeoirí don stoc tirim i gcóir an gheimhridh.§ Chuir an Comhchoiste dearcadh na ndaoine sin san áireamh nuair a bhí cor Mine Féir san am le teacht á mheas acu—féach Caibidil V.


III CÚRAM TRÁCHTÁLA MINE FÉIR

(a) Scair den Mhargadh

17. Mheas Coiste Thionscadal Min-Fhéir Ghleann na Muaidhe (1958) go bhféadfaí min fhéir a tháirgadh gan fóirdheontas a bheith riachtanach tar éis cúig bliana ó thús an mhíntírithe, ar an gcoinnoíll go ndéanfaí 2,000/2,500 tonna sa bhliain a tháirgeadh.* Cé gur ag cailleadh airgid go formhór atá Min Fhéir tá an sprioc táirgthe bainte amach aici gach bliain beagnach le hocht mbliana anuas. Chuaigh an táirgeadh thar 2,500 tona sa bhliain sé huaire le hocht mbliana** agus chuaigh sé thar 3,000 tona ar an meán le ceithre bliana anuas. Táirgeann an Chuideachta an ceathrú cuid den táirgeadh iomlán mine féir faoi láthair—féach Foscríbhinn 4. Ach caithfear a chur san áireamh go bhfuil an táirgeadh iomlán mine féir ag titim le blianta beaga anuas agus go bhfuil líon na dtáirgeoirí ag dul i laghad.


(b) Cúrsaí Airgeadais

18. Bhí láimhdeachas (i.e. díolacháin) Mine Féir cothrom go maith gach bliain anuas go dtí an bhliain 1970. B’fhiú £30,000 ar an meán na díolacháin gach bliain idir 1964 agus 1969. Cé gur athraigh an láimhdeachas sna sé bliana ina dhiaidh sin, bhí de chlaonadh bunaidh aige a dhul in airde. Sa bhliain 1976, an bhliain ab airde láimhdeachas, bfhiú £356,000 díolacháin na Cuideachta—an pointe is airde a sroicheadh go dtí sin. Ach an bhliain ina dhiaidh sin thit an láimhdeachas go dtí £62,000. Bhí ardú mór air in 1978—£325,000. Taispeánann Foscríbhinn 5 caidé mar chruthaigh an Chuideachta ó thaobh láimhdeachais le cúig bliana déag.


19. Ó thaobh brabúis, ní dhearna an Chuideachta brabús ach aon uair amháin—an bhliain dar chríoch 31 Márta 1968 nuair a bhí £200 de bhrabús aici. Ach sa chás sin, áfach, bhí £17,000 de chúiteamh árachais aici as stoc a loisceadh le tine. Tabharfar faoi deara i bhFoscríbhinn 5 go raibh glanchaillteanais na Cuideachta faoi bhun £20,000 formhór an ama. Ach sna blianta 1974/75, 1977 agus 1978 chuaigh an glanchaillteanas thar £40,000. Tá os cionn £¼ milliún d’easnamh iomlán ar an gCuideachta sa chlár comhardaithe.


(c) Costais Táirgthe

20. Tá costais táirgthe na Cuideachta níos mó ná an praghas a fhéadann sí a fháil ar an earra. Chuaigh sé an-dian ar an gCuideachta a cuid táirgí a dhíol i 1977. Chosain sé £100 an tona an t-earra a tháirgeadh ach b’éigean é a dhíol ar £85 an tona. Cé go raibh an Chuideachta ag díol an earra faoi bhun an chostais ní fhéadfadh sí a lán den stoc a dhíol agus bhí suas le 1,500 tona ar láimh gan díol aici i dtús shéasúr 1978. B’fhearr a d’éirigh le clár margaíochta na Cuideachta i 1978 agus i dtús 1979. Uime sin, fuarthas táirgeadh 1977 agus 1978 a dhíol. Ó tharla eorna, taipíoca agus gránbharraí eile ón iasacht a bheith flúirseach bhí ar an gCuideachta a hearra a dhíol i 1978 ar £15 go £20 faoi bhun an chostais táirgthe.


21. Thug ionadaí ó Mhin Fhéir le fios i bhfianaise don Chomhchoiste gur chosain sé £110 ar fad tona mine féir a tháirgeadh agus nach bhfuarthas ach £85 go £90 an tona nuair a díoiadh í i séasúr margaíochta 1978/79. Chuaigh sí go £105 an tona áfach i Márta 1979.* Dheimhnigh tairgeoir príobháideach go raibh na costais táirgthe chéanna airsean i 1978/79. Tá éagsúlacht sna praghsanna ar a ndíolann Min Fhéir an táirge. Faigheann sí £105 an tona air trína dhíol go díreach leis na feirmeoirí ach ní fhaigheann sí ach £90 an tona trína dhíol leis na ceannaitheoirí.


22. Sna cúig bliana seo caite tá an bhearna idir praghas díola mine féir agus an costas táirgeachta á slánú, cuid di, le cúnaimh ó CEE—féach míreanna 12 go 14 go huile. Chuaigh an cúnamh go £23.91 an tona i Meán Fómhair 1978. Chuir an Roinn Talmhaíochta i bhfios go bhfuarthas £11.36 an tona de chúnamh i leith Bealtaine 1979 agus £12.64 an tona i leith Meitheamh 1979. Tabharfaidh an laghdú ar chúnamh lagú ar oibríochtaí Mine Féir sa bhliain mhargaíochta seo i láthair. D’fhéadfadh freisin go mbeadh éifeacht aige ar na tuair dó san am le teacht. San aighneacht a chuir an Chuideachta. i Meán Fómhair 1978, faoi bhráid na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh§ ghlac sí leis go mbeadh cúnamh CEE ag méadú leis feadh roinnt blianta feasta—ó £20 (i 1979) go dtí £27 (i 1982). Ach mura dtaga méadú ar an leibhéal cúnaimh, thiocfadh mór-laghdú ar ghlanbhrabús tuartha na Cuideachta tar éis atheagrú caipitil, i rith na chéad trí bliana eile (féach Tábla 3).


TÁBLA 3


Tuar ar Bhrabúsmhaireacht Mine Féir: 1979-1982


 

Glan-bhrabús i £000

 

1979

1980

1981

1982

A: Tuair Mine Féir**

 

 

 

 

 

(Meán Fómhair 1978)

..

..

+£30.3

+£49.2

+£98.8

+£159.1

B: Tuair bunaithe ar chúnamh

 

 

 

 

 

£12.64 an tona ó CEE

..

+£6.7

+£19.3

+£53.4

+£90.1

Feicfear ón Tábla go bhfuil an ráta cúnaimh a nglactar leis a gheofar ó CEE tar éis dul i gcion go mór ar thuair bhrabúis na Cuideachta. Is é barúil an Chomhchoiste, ag féachaint do na hathruithe ar an leibhéal cúnaimh ó CEE do fharae triomaithe, nár cheart don Chuideachta glacadh le leibhéal ard cúnaimh ag déanamh tuair di ar a cumasaíocht tráchtála sna biianta le teacht.


(d) Beart chun oibríochtaí Mine Féir a fheabhsú

23. Le blianta anuas b’éigean do Mhin Fhéir a bheith go brath go mór ar iasachtaí bainc agus ar chúnamh ó chomhlachtaí Stát-tionscanta eile. Cuireadh suntas ina sáinn san Earrach 1976 nuair nach raibh acmhainn airgid aici le leasacháin a cheannach do shéasúr 1976 agus nuair nach bhféadfadh sé a thuilleadh leasachán a fháil ó Chomhlucht Siúicre Éireann Teoranta tar éis fiacha na soláthairti a fuair sé ó Aibreán 1974 a bheith gan íoc. I Meitheamh 1976 d’iarr an tAire Tionscail agus Tráchtála a bhí ann san am ar ionadaithe ó Nítrigin Éireann Teoranta fiosrú a dhéanamh faoi staid airgeadais Mine Féir agus a ionchas don am le teacht. Ar iarratas ón Aire. sholáthraigh NET leasacháin do shéasúr 1976 fad a bheadh breithniú á dhéanamh ar cad a bhí i ndán do Mhin Fhéir. Tá a sholáthar leasacháin á fháil ag Min Fhéir ó NET i gcónaí. I ndeireadh Márta 1979, bhí Min Fhéir £160,000 i bhfiacha le NET agus £90,000 i bhfiacha le CSET.*


24. I Meitheamh 1976 shíl an tAire Tionscail agus Tráchtála go bhféadfaí cuid de dheacrachtaí airgeadais Mine Féir a shárú trí a thuilleadh lucht bainistí le saineolas a thabhairt isteach. Dá bhrí sin ceapadh S. Ó hEidhin, Stiúrthóir Bainistíochta agus P. Mac Suibhne, Príomh-Bhainisteoir NET agus S. Ó Donnabháin, Rúnaí Cúnta sa Roinn Tionscail agus Tráchtála, ar Bhord Mine Féir ar Chruinniú Ginearálta Bliantúil Mine Féir i Meitheamh 1976.


25. Rinne NET fiosrú i 1976/77 ar gach ar bhain le seoladh Mhin Fhéir. Breithníodh go mion birt éagsúla ab fhéidir a dhéanamh lena chinntiú go bhféadfaí Min Fhéir a choinneáil ar bhonn gnó feasta. Rinneadh breithniú grinn ar an riocht ina raibh gléasra agus trealamh na cuideachta, rinneadh breithniú féachaint an bhféadfaí breosla agus cumhacht a shábháil, scrúdaíodh an chaoi ina raibh pacáil á déanamh, breithníodh costais leasachán, breithníodh an bhféadfaí breis acraí a chur le táirgeadh agus an bhféadfaí an tionscal a leathnú amach go réimsí agus margaí éagsúla eile. Ar an bhfiosrú a bheith críochnaithe dó chinn NET nach raibh de bhealach ann chun marthain Mine Féir san am le teacht a chinntiú agus an leibhéal láithreach fostaíochta a chothabháil ach:


—an t-achar páirt-fhorbartha a bhí ann a thabhairt go hiomlán a fhorbartha d’fhonn breis féir a tháirgeadh agus feidhm iomlán a bhaint as an ngléasra a bhí ann, agus


—córais breosla-shábhála agus áis bhulcstórála a chur isteach sa ghléasra.


I lár 1977 bhain costas caipitiúil tuairim £300,000 le moltaí NET.


26. I lár 1977 d’iarr Min Fhéir go dtabharfaí isteach reachtaíocht leasaitheach d’fhonn moltaí NET a chur i ngníomh. Ach faoi 1978, tar éis a thuilleadh comhairlí idir oifigigh Roinne agus Min Fhéir, rinneadh athmheas ar chor an mhargaidh agus ar an dóchas a bhí ann do tháirgeadh Mine Féir, measadh nach ndéanfadh na moltaí forbartha a ceapadh an tráth sin marthain na Cuideachta a chur i ndeimhin don am le teacht. Dá bhrí sin tharraing an Roinn siar dréacht-tograí reachtaíochta agus d’iarr sí ar an gCuideachta dlús a chur le tograí forbartha athscrúdaithe.


27. Tá tréan-iarrachtaí déanta ag an gCuideachta le dhá bhliain chun a hacmhainn gnó a fheabhsú. An t-innealra machaire a bhí dulta go mór i mí-riocht, tá sí tar éis innill a sholáthar ina ionad nó deisiúchán a dhéanamh air. An trealamh monarchan a bhí go dona ar mídheis, tá sí tar éis foireann innealtóireachta a chur á scrúdú agus í a chur i riocht ceart cothabhála. Tá staidéir chun éifeachtúlachtaí gléasra a fheabhsú críochnaithe freisin le cabhair ón Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán agus tá éifeacht tugtha do mholtaí na hInstitiúide. Ina theannta sin réitigh an Chuideachta fadhbanna tromaí oibreachais agus bhunaigh sí muinín nua i measc na foirne. Tá athchóiriú déanta aici ar a heagar bainistíochta agus bearta cinnte déanta aici chun eagraíocht díolacháin a bhunú.*


28. I Meán Fómhair 1978 chuir Bord Mine Féir tograí forbartha trí-bliana athbhreithnithe faoi bhráid na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh. Tá breithniú an Chomhchoiste ar na tograí i gCaibidil V.


IV GNÉITHE SÓISIALTA OIBRÍOCHTAÍ MINE FÉIR

(a) Cúlra

29. Chonacthas don Chomhchoiste go mba ghá gnéithe sóisialta tionscal Mine Féir a chur san áireamh sula ndéanfaí aon mholtaí i dtaobh na dtograí forbartha atá á mbreithniú faoi láthair ag an Roinn tuismidh. Gníomhaíonn an Chuideachta in íarthuaisceart Mhaigh Eo áit nach bhfuil cónaí ar a lán daoine, áit a bhfuiltear ag brath go han-mhór ar thalmhaíocht agus gan mórán de theacht isteach acu. Gheofar roinnt fionscladh ar ghné sóisialta an réigiúin ó na figiúirí geilleagair agus sóisialta do Chontae Mhaigh Eo atá curtha síos i bhFoscríbhinn 6. D’ainneoin laghdú a bheith tagtha ar fhostaíocht feirme, tá méadú ag teacht ar chion na talmhaíochta de theacht isteach an Chontae. Faoin mbliain 1973—an bhliain deiridh a bhfuil figiúirí réigiúin ar fáil ina leith—b’ionann ioncam ó thalmhaíocht agus 28% beagnach d’ioncam pearsanta iomlán Chontae Mhaigh Eo. Tá forbairt na talmhaíochta, inter alia, ag brath ar a mhéid is féidir le hearnálacha eile deiseanna talmhaíochta a chur ar fáil dóibhsean nach féidir leo ioncam maireachtála a fháil ón bhfeirmeoireacht.


(b) Fostaíocht agus Ioncaim a thig de thairbhe Mine Féir

30. Ag tabhairt fianaise don Chomhchoiste dó, dúirt ionadaí ó Mhin Fhéir go raibh go maith os cionn £100,000 á íoc amach ag an gCuideachta i bpá, tuarastail agus seirbhísí in Iarthuaisceart Mhaigh Eo.* Maidir le fostaíocht, tá tuairim deichniúr oibrithe á bhfostú go buan ag an gCuideachta mar aon le naonúr déag oibrithe ócáideacha feadh tuairim leath na bliana. Dúirt ionadaí eile ó Mhin Fhéir gur rí-bheag fostaíochta dá mhalairt a bhí ar fáil. I dteannta na dírfhostaíochta a sholáthraíonn Min Fhéir, déanann feirmeoirí beaga an limistéir obair don Chuideachta ar conradh. Baineann siad úsáid as a n-innill féin chun féar a ghearradh agus a tharraingt don Chuideachta.


31. Tá figiúirí ar fáil ar mhéid na dífhostaíochta i gcúlchríoch Ghaoth Sáile, mar a bhfuil monarcha Mine Féir. Is é seo a leanas líon na ndaoine atá cláraithe mar dhaoine dífhostaithe i Malartán Fostaíochta Bhéal an Mhuirthead ar dhátaí áirithe le sé bliana anuas.


TÁBLA 4


Líon Daoine as an gClár Beo: Béal an Mhuirthead (Contae Mhaigh Eo)


29 Meith ’73

28 Noll ’73

28 Meith ’74

27 Noll ’74

4 Iúil ’75

2 Ean ’76

2 Iúil ’76

31 Noll ’76

1 Iúil ’77

30 Noll ’77

30 Meith ’78

29 Noll ’78

775

783

766

794

815

912

870

922

831

871

829

811

32. Is tearc ionchas atá ann go bhféadfaí poist a chur ar fáil sa tionscal monaraíochta i limistéar Baingear-An Chaoil.§ De réir mheastacháin an Údaráis Fhorbartha Tionscail 150 a bhí fostaithe sa limistéar ar mhonaraíocht i mí Eanáir 1978. 100 post an sprioc atá ceaptha chun poist nua, a mbeidh deontas le fáil ina leith, a chur ar bun sa limistéar i 1978/1982. Cé nach bhfuil aon tionscail nua fógartha go speisialta d’Iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin gCeathrú Clár atá ag an Údarás Forbartha Tionscail chun réamh-mhonarchana a chur ar fáil, tá monarcha 7,000 troigh chearnach le tógáil sa Chaol.


(c) Fordhearcadh

33. Níl mórán daoine fostaithe ag Min Fhéir. Tá Gaoth Sáile scoite go maith agus mar gheall ar easpa bonneagair ní dócha go dtairbheoidh an limistéar go suntasach ó aon chineál tionsclaíochta san am le teacht. Dúirt Cathaoirleach Mine Féir i bhfianaise leis an gComhchoiste go bhfuil fiúntas ag baint le hobair na Cuideachta ó thaobh na ndaoine féin agus dá dteipfeadh uirthi go mbeadh geilleagar na háite thíos go mór leis.** Is léir leis an gComhchoiste gur mór an chabhair d’iascairí agus d’fheirmeoirí páirtaimsire i gcúlchríocha Ghaoth Sáile an saothrú a chuireann an Chuideachta ar fáil dóibh.


V TOGRAÍ FAOI MHIN FHÉIR SAN AM LE TEACHT

(a) Tograí faoi Mhin Fhéir a Fhorbairt

34. Chuir Bord Mine Féir tograí forbartha a chosnódh £730,000 faoi bhráid na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh i Meán Fómhair 1978. Léirítear an aighneacht sin go hiomlán i bhFoscríbhinn 7. Ina Thuarascáil Bhliantúil do 1978 dúirt Cathaoirleach na Cuideachta go bhfuil na tograí á mbreithniú go grinn ag an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh i gcomhar leis an Roinn Airgeadais. Thug sé le fios freisin go bhfuarthas cead cheana féin chun cuid de na pleananna sin a chur i ngníomh. Ceadaíodh foirnéis dóite móna a chur in ionad ceann den dá fhoirnéis dóite ola atá ag an gCuideachta agus ba chóir go mbeadh sábháil airgid ar bhreosla dá bharr an séasúr seo. Go bunúsach, is é atá molta i dtograí na Cuideachta:


 

—Fiacha a aisíoc (le Bainc CSET agus NET)

...

£410,000

 

—Foirnéisí dóite móna a chur isteach

...

...

£45,000

 

—Innealra bainte agus meilte móna a cheannach

...

£45,000

 

—Saoráidí bulcstórála a chur ar fáil

...

...

...

£30,000

 

—Tuilleadh acraíochta féir a shaothrú

...

...

£200,000

Mar gheall ar an méadú costas i gcoitinne, le deich mí anuas, beidh méadú ar an gcostas £730,000 a measadh i Meán Fómhair 1978 leis na tograí a chur i ngníomh. Sna míreanna seo a leanas scrúdaíonn an Comhchoiste gnéithe éagsúla de phleananna na Cuideachta agus na nithe is féidir léi a dhéanamh don am le teacht.


(b) Nithe is féidir a dhéanamh don am le teacht

35. D’fhéadfadh an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh an Chuideachta a fhoirceannadh, ar ndóigh, ach measann an Comhchoiste go gcuirfeadh sé sin as go mór do shaothrú airgid i gceantar Ghaoth Sáile. Tá tagairt déanta cheana féin i gCaibidil IV don tionchar a bheadh ag an méid sin ar an bpobal. Thairis sin, bheadh costais áirithe le glanadh. Mar shampla, dá gcuirfí deireadh leis an tionscal, bheadh íocaíochtaí iomarcaíochta agus sochair phá-choibhneasa le híoc. Idir dhá linn, bheadh sochair bhreise dhífhostaíochta le híoc le hiarfhostaithe Mine Féir. Lena chois sin, bheadh ar an Rialtas na fiacha troma atá tabhaithe ag Min Fhéir go dtí seo a íoc. Os a choinne sin, dá ndéanfaí an Chuideachta a fhoirceannadh, d’fhéadfaí sócmhainní dochta na Cuideachta agus 2,000 acra talún dá cuid a dhíol. Thiocfadh dó go mbeadh fuílleach fágtha tar éis an Chuideachta a fhoirceannadh. Measann an Comhchoiste nár cheart an Chuideachta a fhoirceannadh ach amháin sa chás nach mbeidh aon dul eile as, mar gheall ar shuíomh an tionscail, traidisiún an limistéir, tuilleamaí na n-áitritheoirí ar airgead Mine Féir agus an chosúlacht atá air nach mbeidh aon mhórthionscail nua á mbunú sa cheantar in aicearracht.


36. Ní thig leis an gCuideachta fanacht i mbun oibre faoi na srianta airgid atá uirthi faoi láthair. Go háirithe, measann an Comhchoiste, ó tharla nach acmhainn don Chuideachta a fiacha go léir a ghlanadh, gur chóir don Rialtas beart a dhéanamh láithreach lena nglanadh. Maidir leis an gcuid eile de thograí na Cuideachta tá cuid acu níos fiúntaí ná a chéile. Má éiríonn leis an gcéad fhoirnéis dóite móna (atá ag fónamh don séasúr seo) measann an Comhchoiste gur bhfiú an dara foirnéis a chur isteach i 1980. I dtaca leis an togra chun 426 acra de thalamh breacshaothraithe a fhorbairt leis an táirgeadh bliantúil a mhéadú ó 3,200 go 4,800 tona, measann an Comhchoiste nár chóir é a cheadú go fóill. Ní dócha go mbeidh airgead le déanamh as an méadú ar tháirgeadh mura mbeidh fáil go ginearálta ar fhoinsí fuinnimh i bhfad níos saoire. Maidir leis an togra gur chóir airgead caipitil a chur ar fáil le trealamh bainte agus meilte móna a sholáthar, molann an Comhchoiste gur chóir féachaint ar mhodhanna eile chun móin a fháil e.g. socrú a dhéanamh le conraitheoirí sa cheantar. Baineann an mhír dheireanach de thograí na Cuideachta le bulcstóráil. Baineann éascaíocht le min fhéir i mbulc nach mbaineann léi i málaí. Mar a dúirt ionadaí Mine Féir, agus é ag tabhairt fianaise, dá mbeadh saoráidí bulcstórála ar fáil, dhéanfadh sé éascaíocht mhór di ar láthair an mhargaidh.* Dá thairbhe sin molann an Comhchoiste gur chóir cead a thabhairt don Chuideachta saoráidí bulcstórála a chur ar fáil i nGaoth Sáile.


37. Molann an Comhchoiste gur chóir don Rialtas airgead a chur ar fáil don fhorbairt shrianta atá molta sa mhír roimhe seo. Chosnódh sé £½ mhilliún, nó mar sin, ar an Státchiste. Chosnódh an obair go léir a mhol an Chuideachta breis is £¾ milliún de réir phraghsanna 1979. Cé go mbeadh fiacha na Cuideachta le glanadh go hiomlán ag an Státchiste, thiocfadh dó go mbeadh cúnamh le fáil ó CEE leis na saoráidí bulcstórála agus na saoráidí dóite móna a sholáthar. Molann an Comhchoiste gur chóir don Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh a fháil amach an bhféadfaí an cúnamh sin a fháil ó CEE.


(c) Éagsúlú Oibre

38. Maidir le héagsúlú oibre, deir an Comhchoiste go bhféadfadh an Chuideachta scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla dá cúram. D’fhéadfadh an Chuideachta, cuir i gcás, grinnscrúdú a dhéanamh ar dhá fhiontar, mar atá, táirgeadh ábhar beatha cumaisc agus tionscadal sadhlais/eallaigh. Tá an dá fhiontar sin leagtha amach sa dá mhír seo a leanas.


39. Nuair a bhí eolaí teicniúil amháin ag tabhairt fianaise don Chomhchoiste mhol sé gur chóir do Mhin Fhéir an mhin fhéir a úsáid le bianna cumaisc a tháirgeadh. Dúirt sé go raibh scóip iontach in Iarthuaisceart Mhaigh Eo le min fhéir a chumasc mar raisíní déiríochta. Taispeánann an sprioc a leag Coiste Talmhaíochta Mhaigh Eo amach le gairid chun táirgeadh bainne an chontae sin a mhéadú 20% gach bliain go ceann cúig bliana go mbeidh éileamh mór ar raisíní déiríochta. Tá an t-éileamh ar ghnáth-mhin fhéir ó lucht trádála bianna cumaisc fíor-ghuagach mar gheall ar fhoinsí bia eile a bheith ag coimhlint léi-mar shampla, gránbharraí saora agus pónairí soighe. Dá thairbhe sin, aon táirgeoir atá ag brath go hiomlán ar dhíolacháin ghnáth-mhine féir is lag é a sheasamh ar an margadh. B’fhearr a chruthódh na táirgeoirí sin dá ndéanfaí táirgeadh a fhorbairt agus bianna cumaisc a bheadh bunaithe ar mhin fhéir a dhíol go díreach. Maidir le Min Fhéir, bheadh saoráid nua cumaisc den sórt sin ag cur leis na hoibríochtaí eile atá ar siúl aici. Dá bhíthin sin, molann an Comhchoiste go scrúdódh an Chuideachta ar bhfiú di ó thaobh airgid ábhair bheatha a chumasc.


40. San fhianaise a thug duine amháin don Chomhchoiste dúirt sé gur chóir do Mhin Fhéir sadhlas a dhéanamh den bharr féir agus scáthláin lataithe a ligean amach ar cíos chuig feirmeoirí dá gcuid ainmhithe.* Socrú i gcóir an gheimhridh a bheadh ann agus bheadh sadhlas na Cuideachta ina ábhar beatha ag an eallach sna scáthláin lataithe sin. Is beag dua a bheadh leis an obair mar go mbeadh fostaithe na Cuideachta ag féachaint i ndiaidh an eallaigh san am nach mbeadh aon bhroid oibre ann. D’fhéadfaí an t-aoileach a chur mar leasú ar pháirceanna na Cuideachta. Molann an Comhchoiste don Chuideachta an tionscadal sadhlais/eallaigh sin a scrúdú lena fháil amach ar chabhair é don táirgeadh mine féir.


(d) Min Fhéir a lánpháirtiú le Comhlacht Stat-Tionscanta Eile

41. San aighneacht a chuir sé faoi bhráid na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh thagair Min Fhéir don mholadh go bhféadfaí an chomhlacht a lánpháirtiú in eagraíocht éigin eile. Ó thaobh cúrsaí airgeadais de bheadh de bhua ag a leithéid de lánpháirtiú go laghdófaí costais riartha Mine Féir. Ó tharla costais riartha Mine Féir gan a bheith chomh mór sin, creideann an Comhchoiste nach mbeadh laghdú suntasach costas ann dá ndéanfaí é a lánpháirtiú i gcomhlacht eile. Go deimhin, ba mhó de bhuntáiste, b’fhéidir, don chuideachta comhairle shaineolach agus faisnéis theicniúil a bheith ar fáil aici as an lánpháirtiú. Maidir leis sin, dar leis an gcomhchoiste go bhfuil teacht ag an gcuideachta ar an fhaisnéis is gá ar mhargú, ar thaighde agus ar fhorbairt de bhrí gur ceapadh daoine saineolacha ar an mBord. Ba léir leis an gComhchoiste go ndeachaigh saineolas na mball atá ar a bhord faoi láthair chun tairbhe do Mhin Fhéir. Ós mar sin atá an scéal measann an Comhchoiste gur beag an bhuntáiste a bheadh ann Min Fhéir a lánpháirtiú in eagraíocht mhór eile.


(e) Baint le Ranna Rialtais

42. Ós í an Roinn Rialtais tuismidh í, comhlíonann an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh feidhmeanna éagsúla a bhaineann le Min Fhéir. Ar na feidhmeanna sin, áirítear na hAchtanna cuí a riaradh agus meastóireacht a dhéanamh ar mhaoiniú gearrthéarmach agus fadthéarmach. Cuirtear síos i míreanna 11-14 ar fheidhmeanna na Roinne Talmhaíochta a bhaineann le hoibríochtaí Mine Féir.


43. Tá a lán gnéithe d’oibríochtaí Mine Féir a thugann le fios gur mó a bhaineann an chuideachta le talmhaíocht ná le tionscal. Agus gach rud a chur san áireamh measann an Comhchoiste gur chóir glacadh le Min Fhéir mar chuid d’earnáil na talmhaíochta. Molann an Comhchoiste dá bhrí sin gur chóir don Rialtas an scéal a bhreithniú ar chóir freagracht aireachta i leith Mine Féir a aistriú ón Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh go dtí an Roinn Talmhaíochta. Tá a fhios ag an gComhchoiste agus an moladh sin á dhéanamh aige nach aon bhuanleigheas ar chuid fadhbanna Mine Féir an fhreagracht sin a aistriú.


VI CRÍOCH

44. Is mar gheall ar na toscaí sin a rinne an Comhchoiste a chuid moltaí i leith todhchaí Mine Féir, ag féachaint do shuíomh na hoibríochta, traidisiún an limistéir, tuilleamaí na sealbhóirí beaga ar an teacht isteach ó Mhin Fhéir agus an chosúlacht atá air nach dócha go meallfar aon mhór-thionsclaíocht úr chun na dúiche go luath amach anseo. D’ainneoin nach n-éireoidh go maith leis an gcuideachta i gcúrsaí tráchtála de réir chosúlachta is é a chreideann an Comhchoiste, lena chur i mbeagán focal, gur chóir áiseanna a chur ar fáil don chuideachta chun go mairfidh sí i mbun oibríochta a fhad is nach gcuireann sé ach an costas is lú is féidir ar an Státchiste.


45. Mar fhocal scoir ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl do na daoine seo a leanas as an gcabhair mhór a thug siad dó le linn an fhíosrúcháin seo: An tUasal Liam de Róiste, Comhlucht Siúicre Éireann Teoranta, An Dochtúir Mícheál Mac Uidhir, An Foras Talúntais, An tUasal Dáithí Ó Gallchóir, Táirgí Talmhaíochta Loch Garman, an tUasal Pádraig Ó Bolguír, Oifigeach Forbartha Contae agus an tUasal Tomás Ó Fearais, comhairleoir lánaimseartha an Choiste.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 lúil, 1979.


*Tá achoimre de Thátail agus de Mholtaí an Choiste leagtha amach i bhFoscríbhinn 1.


*Féach an Fhianaise (Ceist 10).


†Féach an Fhianaise (Ceist 108).


‡Féach an Fhianaise (Ceist 109).


*Féach an Fhianaise (Ceist 123).


†Féach Foscríbhinn 7 (Tábla B).


* Féach an Fhianaise (Ceist 143).


††Féach an Fhianaise (Ceist 115).


‡Féach an Fhianaise (Ceist 51).


§Féach an Fhianaise (Ceisteanna 27 agus 65).


†Féach an Fhianaise (Ceisteanna 115 agus 131-133).


*Féach an Fhianaise (Ceist 105).


**Féach an Fhianaise (Ceist 108).


‡Féach an Fhianaise (Ceist 117).


§Féach an Fhianaise (Ceist 175).


*Féach Foscríbhinn 1.


**1 tonna = 1.01606 tona.


*Féach an Fhianaise (Ceist 19).


†Féach an Fhianaise (Ceist 134).


‡Féach an Fhianaise (Ceist 14).


§Féach Foscríbhínn 7 (Tábla B).


**Glacann na tuair sin go mbeidh cúnamh an tona ó CEE mar a leanas:£20(1979), £22 (1980), £24 (1981) agus £27 (1982). Ina theannta sin, glacann na tuair go n-aisíocfaidh an Rialtas fiacha; go gcuirfear isteach foirnéisí dóite móna; go gceannófar inncalra bainte agus meilte móna; go soláthrófar saoráidí bulcstórála; agus go saothrófar tuilleadh acraí féir.


*Féach an Fhianaise (Ceisteanna 91 agus 93).


*Féach an Fhianaise (Ceist 41).


*Féach an Fhianaise (Ceist 34).


†Féach an Fhianaise (Ceist 60).


‡Féach an Fhianaise (Ceist 70).


§Ó thaobh forbartha tionscail, tá foréigiún ar leith déanta ag an Údarás Forbartha Tionscail d’Iarthuaisceart Mhaigh Eo. Baingear/An Chaoil a thugtar air agus tá ceantar Ghaoth Sáile ann.


** Féach an Fhianaise (Ceist 79).


*Féach an Fhianaise (Ceist 54).


†Féach an Fhianaise (Ceist 117).


*Féach an Fhianaise (Ceist 175).


†Féach an Fhianaise (Ceisteanna 42 agus 71).