Committee Reports::Report - Royal College of Physicians of Ireland (Charter and Letters Patent Amendment) Bill,1978 [Private]::08 May, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Máirt, 8 Bealtaíne, 1979.

Tuesday, 8th May, 1979.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Giolla Phádraig (An Cabhán-Muineachán) (i gCeannas), na Teachtaí Ó Dochartaigh, Ó hArgáin agus L. Ó Leathlobhair, na Seanadóirí Uí Chasaide, Ó hIrighile agus Ó Maoldomhnaigh.


3. Láithriú thar ceann na dTionscnóirí.


Láithrigh Brian Mac Reachtain, A.S. agus Muintir A. & L. Goodbody, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann na dTionscnóirí, Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann.


4. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh Brian Mac Reachtain, A. S. ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaoigh sé fianaise.


5. Ceistiú Finnéithe.


Cuireadh an Dr. Ciarán de Barra, Cláraitheoir, an Dr. Daithí Mistéal, Cisteoir, an Dr. Brian Alton, Stiúrthóir Oideachais agus an Dr. Alan Grant, Uachtarán, Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann; agus Marcus Beresford, A. & L. Goodbody, faoi mhionn agus ceistíodh iad.


Folmhaíodh an seomra.


6. Rinne an Coiste breithniú.


7. Miontuairiscí ar an bhFianaise.


Ordaíodh: Gan an fhianaise a chlóbhualadh, de bhun Buan-Ordú 80 (Gnó Príobháideach).


8. Breithniú an Bhille.


Bhreithnigh an Coiste an Bille.


(i) Cruthaíodh an Réamhrá.


(ii) Aontaíodh ailt 1 go 16 go huile.


(iii) Aontaíodh an Teideal.


9. Tuarascáil an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach (An Teachta Mac Giolla Phádraig) Dréacht-Tuarascáil faoi bhráid an Choiste, léadh í den chéad agus den dara huair agus ritheadh í mar a leanas:—


1. The Joint Committee reports that it has examined the Preamble of the Bill and has found that the allegations therein contained have been proved to its satisfaction.


2. The Committee has considered the Bill and has made no amendments thereto.


Ordaíodh: Tuairisciú don dá Theach dá réir sin.


10. Críochnú Gnó.


Críochnaíodh gnó an Choiste ar 5.20 p.m.