Committee Reports::Report - Royal College of Physicians of Ireland (Charter and Letters Patent Amendment) Bill,1978 [Private]::08 May, 1979::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA.

28 Feabhra, 1979:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun An Bille um Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (Cairt agus Litreacha Paitinne a Leasú), 1978, a bhreithniú, eadhon, Bille da ngairtear Acht do leasú na gCairteacha agus na Litreacha Paitinne faoinar corpraoídh Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann.


7 Márta, 1979:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun An Bille um Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (Cairt agus Litreacha Paitinne a Leasú), 1978, a bhreithniú.


21 Márta, 1979:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Eibhlín Uí Chasaide, Brian Ó hIrghile agus Dáithí Ó Maoldomhnaigh.


21 Márta, 1979:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Tomás Mac Giolla Phádraig (An Cabhán-Muineachán).


DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

1 Márta, 1979:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 28ú lá d’Fheabhra, 1979, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun An Bille um Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (Cairt agus Litreacha Paitinne a Leasú), 1978, a bhreithniú.


8 Márta, 1979:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun An Bille um Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (Cairt agus Litreacha Paitinne a Leasú), 1978, a bhreithniú.


21 Márta, 1979:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Seán Ó Dochartaigh, Seán Ó hArgáin agus Liam Ó Leathlobhair.


21 Márta, 1979:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Tomás Mac Giolla Phádraig (An Cabhán-Muineachán).