Committee Reports::Report No. 56 - Tower Cranes::27 June, 1979::Appendix

FOSCRÍBHINN

Meamram ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann

1. Maidir le Roinn 2 den Iarscríbhinn (Rochtain) measann an Comhar gur mhaith an ní é an roinn sin a thabhairt cothrom le dáta, ag féachaint do fhorbairtí i CEE le blianta beaga anuas. Ba chóir don Choiste a thabhairt dá aire go bhfuil sé ina dhlí sa tSualainn ó 1978 gur cheart crocháin a bheith ar Phiolóin Tógála a bhíonn ag obair os cionn 30 méadar d’fhonn is go mbeadh rochtain ar an gcarr ag an oibritheoir agus ag lucht iniúchta agus seirbhíse. Tharla an ceanglas sin a theacht chun bheith riachtanach mar gheall ar mharú daoine de dheasca iad a thitim ó dhréimirí ag dul suas Piolóin Tógála; ba é ba thrúig bháis dóibh teip croí mar gheall ar strus na dreapadóireachta nó míchuram a treisíodh le fuacht, báisteach nó gaoth.


2. Measann an Comhar go bhfuil rí-thábhacht ó thaobh sábháilteachta leis na rudaí seo a leanas nach bhfuil aon soláthar déanta dóibh agus gur cheart iad a bheith san áireamh sa Togra le haghaidh Treorach:


(a)friotaíocht (lena n-áirítear cáilíocht na cruaí i bPiolóin Tógála, go háirithe ag teocht íseal)


(b)cobhsaíocht Piolóin Tógála


(c)úsáid (lena n-áirítear buaine) Piolóin Tógála


(d)cothabháil Piolóin Tógála.


3. Measann an Comhar gur cheart na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh freisin sa Togra le haghaidh Treorach:


(a)socruithe íosta sláintíochta sa bhoth ar féidir áis a bhaint astu lasmuigh de ghnáth-thréimhsí scíthe (go háirithe i gcás ard-phiolóin)


(b)feistis chun saighní a ghreamú de Phiolóin Tógála (go háirithe ar an ngéag).