Committee Reports::Report No. 61 - European Communities' Generalised Tariff Preferences Scheme for 1980::19 December, 1979::Appendix

FOSCRIBHINN

Córas Fabhar Taraife Ginearálta na gComhphobal Eorpach do 1980

Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear taraifchuótaí Comhphobail do tháirgí áirithe is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear barrmhéideanna taraifí fabhair Comhphobail do tháirgí áirithe is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha agus lena ndéantar socrú chun a riartha.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear taraifí fabhair do tháirgí áirithe de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear fabhair taraife i modh fionraí ar dhleachtanna custam i gcás déantús siúite is de thionscnamh na hIndia, na Téalainne agus Bhangla Deis agus i gcás déantús coighire is de thionscnamh na hIndia agus Sri Lanka.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear taraifchuóta Comhphobail do thobac amh nó neamh-mhonaraithe den chineál Virginia, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh air agus socrú chun a riartha.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear taraifí fabhair le haghaidh tíortha i mbéal a bhforbartha do thobac amh nó neamh-mhonaraithe a thagann faoi cheannteideal 24.01 A ex II den Chomhtharaif Chustam.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena mbunaítear, i gcás táirgí áirithe faoi Chaibidlí 1 go 24 den Chomhtharaif Chustam, scéim fabhar ginearálta ar mhaithe le tíortha i mbéal a bhforbartha.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobal d’im cócó agus taraif-chuóta do chaifé intuaslagtha in uisce is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail d’anainn leasaithe, seachas ina sliseoga, ina leathshliseoga nó ina gcuarghearrthóga, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh air agus socrú chun a riartha.