Committee Reports::Report No. 21 - Community Action in the Cultural Sector::28 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

An Doiciméad a Scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste Cumarsáid [R/2982/77 (AG 67)] a chuir an Coimisiún chun na Comhairle mí na Samhna, 1977 i dtaobh beart Comhphobail in earnáil an chultúir. Tá an Coimisiún tar éis a iarraidh ar an gComhairle Rún a ghlacadh á cheadú go gcuirfí i ngníomh beart Comh- phobail san earnáil sin ar fhoras na dtreoirlínte atá leagtha síos sa Chumar- sáid.


Cúlra

2. D’fhéadfaí féachaint ar Chumarsáid an Choimisiúin mar fhreagra ar Rún a rith Parlaimint na hEorpa d’aon ghuth an 13 Bealtaine 1974 á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh do bheart in earnáil an chultúir. Thug an Pharlaimint a ceadú d’aon ghuth an 8 Márta 1976 do pháipéar oibre tosaigh a d’ullmhaigh an Coimisiún ar an ábhar. Ag seoladh a Chumarsáide chun na Comhairle dó deir an Coimisiún freisin gur uchtach dó ráitis éagsúla a rinneadh ar chruinnithe Mullaigh 1969, 1972 agus 1973 chomh maith leis an mbéim a leagadh i dtuarascáil Tinde- mans ar chultúr mar mheán chun breis gnaoi dá ndúchas agus comhbhá lena chéile a spreagadh agus a neartú i measc Eorpaigh.


Earnáil an Chultúir

3. Is é míniú a thugann an Coimisiún ar earnáil an chultúir an t-iomlán socheacnamaíoch atá comhdhéanta ag daoine agus gnóthais arb é is cúram dóibh earraí agus seirbhísí cultúrtha a tháirgeadh agus a dháileadh. Áirítear san earnáil ní hamháin gníomhaíochtaí cultúir ar nós leabhair agus snoíodóireacht, ach daoine freisin a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí cultúir, ar nós rinceoirí agus ceoltóirí.


Forálacha Conartha

4. Lasmuigh d’Airteagal 36 a cheadaíonn do Bhallstáit, de mhaolú ar na forálacha ginearálta maidir le saorghluaiseacht earraí, toirmisc nó srianta a chur le hallmhairí nó onnmhairí nó earraí faoi bhealach chun seoda náisiúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint, níl aon fhorálacha sonracha i gConradh CEE maidir le hearnáil an chultúir. Tá feidhm, áfach, in earnáil an chultúir chomh maith agus atá in earnálacha eile, ag forálacha ginearálta an Chonartha maidir le saoirse trádála, saoirse gluaiseachta agus bunaíochta agus comhchuibhiú cánachais. Tá béim á leagan air ag an gCoimisiún dá bhrí sin gurb é atá sa chuid is mó de ghníomhaíocht an Chomhphobail in earnáil an chultúir forálacha an Chonartha a chur i bhfeidhm.


Admháil

5. Le linn Chumarsáid an Choimisiúin a bheith á breithniú aige fuair an Comhchoiste cúnamh mór ón gComhairle Ealaíon agus is fíorbhuíoch é dá chionn. Nuair a bhí an Coiste i dtadhall leis an gComhairle b’áthas leis a fháil amach go bhfoilseoidh an Chomhairle roimh dheireadh na bliana toradh suirbhé ar Dhálaí Maireachtála agus Oibre Aos Ealaíne in Éirinn agus tuarascáil ar na hEalaíona in Oideachas na hÉireann.


B. RÉIMSÍ ATÁ CUMHDAITHE AG TREOIRLÍNTE

Cumarsáid an Choimisiúin

6. Go nuige seo ní dhearna an Coimisiún i réimse an chultúir ach smaointe a cheapadh agus tástálacha a ghlacadh ar láimh a mheas sé a bheith riachtanach roimh dhul níos faide. Ina Chumarsáid chun na Comhairle tugann an Coimisiún tuairisc ar mar atá na bearta Comh- phobail ag dul ar aghaidh faoi láthair agus luann sé tuilleadh forbairtí ar mhaith leis iad do dhul chun cinn. Má cheadaíonn an Chomhairle na treoirlínte atá molta ag an gCoimisiún cuirfear na hiontraimí éagsúla Comhphobail atá i bhfís sa Chumarsáid faoi bhráid na Comhairle mar thograí foirmiúla. Tá súil ag an gComhchoiste a bheith ábalta tuarascáil a thabhairt do na Tithe ar an gcuid is tábhachtaí díobh sin ar a laghad.


7. I gCuid I dá Chumarsáid tráchtann an Coimisiún i dtaobh forálacha Chonradh CEE a chur chun feidhme in earnáil an chultúir faoi na cinn- teidil seo a leanas:


(a) Saoirse trádála in earraí cultúir,


(b) Bearta cosanta in aghaidh earraí cultúir a ghoid,


(c) Saoirse gluaiseachta agus bunaíochta d’oibrithe cultúir,


(d) Tréimhsí oiliúna d’oibrithe cultúir óga,


(e) Comhchuibhiú cánachais in earnáil an chultúir


(i) trí bhacainní cánach a dhíothú atá sa tslí ar fhorbairt foras agus pátrúnacht chultúir


(ii) trí rátaí comhionanna CBL a cheapadh do earraí cultúir ar fud CEE agus iadsan a choimeád laistigh de theorainneacha réasúnacha, agus


(iii) trí idirdhealú i gcánachas oibrithe cultúir a dhíothú,


(f) Dlíthe cóipchirt agus dlíthe gaolmhara a chomhchuibhiú


(i) trí réimsí fairsinge cóipchirt a chomhchuibhiú lena chur in áirithe go mbeadh an chóir fabhair is mó ag oibrithe cultúir atá le fáil faoi dhlíthe láithreacha aon Bhallstáit,


(ii) trí scéim chearta iasachta phoiblí a oibriú ar fud an Chomh- phobail,


(iii) trí bhearta d’fheabhsú luach saothair údar, taibheoirí, drám- adóirí, cumadóirí, aistritheoirí liteartha, dealbhóirí agus dathadóirí chomh maith le saothar ceardaithe a spreagadh,


(g) Gnéithe Sóisialacha


Córais slándála shóisialaigh sa Chomhphobal a oiriúnú d’fhonn freastal ar fhadhbanna speisialta oibrithe cultúir atá fostaithe nó atá fostaithe ar a gconlán féin.


8. I gCuid II den Chumarsáid moltar slite eile ina bhféadfadh Ballstáit comhoibriú le chéile. Is iad sin


(a) an oighreacht ailtireachta a chaomhnú


(i) trí shainoiliúint d’athchóiritheoirí a chur chun cinn agus


(ii) trí theicníochtaí caomhnaithe núicléacha a chur chun cinn


(b) cuidiú le malairteacha cultúir a fhorbairt ar cuid díobh


(i) meastóireacht a dhéanamh ar imeachtaí cultúrtha, agus


(ii) eagrú a dhéanamh ar “Seomraí Eorpacha” i músaeim agus ar mhalairteacha idir mhúsaeim,


(c) comhoibriú idir fhorais chultúir Bhallstát,


(d) gníomhaíochtaí cultúrtha-sóisialacha a chur ar aghaidh ar leibhéal Eorpach.


C. SAOIRSE TRÁDÁLA

Gluaiseacht Earraí

9. Tá earraí cultúir á n-áireamh ag an gCoimisiún ar an aicme earraí sin a gcaithfear simpliú a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí riaracháin a bhaineann lena ngabháil trasna teorainneacha laistigh den Chomhphobal agus tá na bealaí chun é sin a chur i gcrích á scrúdú ag an gCoiste Reach- taíochta Custam. Is é sprioc-chuspóir an Choimisiúin foirmiúlachtaí riaracháin a shimpliú ionas go bhféadfaidh siadsan lena mbaineann oibríochtaí custam a chur i gcrích iad féin gan bheith ag brath ar ghníomh- airí imréitigh.


10. Teastaíonn ón gCoimisiún freisin go mbeadh feidhm ghinearálta agus bonn dlí leis an gcleachtadh trína saortar ealaíontóirí cruthaitheacha sna healaíona múnlóireachta ó fhoirmiúlachtaí nuair a bhíonn a gcuid saothair féin á iompar chun bealaigh acu. Molann sé freisin go ndéanfaí an córas urraí a chuirtear i bhfeidhm maidir le díol earraí cultúir a fheabhsú ionas go laghdófaí an t-ualach airgid a mhéid is féidir.


Barúlacha an Chomhchoiste

11. Rud riachtanach i bhforbairt an Chómhargaidh is ea na foirmiú- lachtaí riaracháin sa trádáil laistigh den Chomhphobal a laghdú go dtí an pointe is ísle. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil sé tábhach- tach d’aos ealaíne agus do dhéileálaithe na hÉireann simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bhaineann le hearraí cultúir a aistriú trasna teorainneacha inmheánacha toisc go bhfuil méadú ag teacht ar na gnóthaí cultúir atá á n-eagrú anseo ar bhonn an dá chontae tríochad. Go háirithe tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil géarghá leis na nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú sealadach earraí cul- túir idir an Stát agus Tuaisceart Éireann. Creideann an Coiste, dá bhrí sin, go bhfáilteofar roimh bhearta tionscnaimh ón gCoimisiún sa réimse sin.


D. GADAÍOCHT AGUS CALAOIS A CHOMHRAC

Tograí an Choimisiúin

12. Tá roinnt beart á moladh ag an gCoimisiún a d’fhéadfaí a chur i gcrích d’fhonn gadaíocht earraí cultúir a chomhrac agus cosc a chur le bréagearraí a chumadh agus a chur timpeall. Is iad sin—


(i)Comhchuibhiú na ndlíthe náisiúnta a bhaineann le hearraí cul- túir goidte a dhiúscairt;


(ii)Córas taifead-chárta saorálach a thabhairt isteach a chuirfeadh ar chumas úinéara i gcás gadaíochta an cárta a chur ar fáil do na póilíní agus do na húdaráis chustam;


(iii)Daingniú a dhéanamh ar Choimisiún Chomhairle na hEorpa ar chaomhnú na hoighreachta seandálaíochta agus ar Choinbhin- siún EOECNA i dtaobh na modhanna chun toirmeasc a chur le maoin chultúrtha a bheith á hallmhairiú agus á honnmhairiú go haindleathach agus lena húinéireacht a bheith á haistriú go haindleathach;


(iv)Comhchuibhiú ar reachtaíocht chun cosc a chur le bréagearraí a bheith á gcumadh agus á gcur timpeall, agus


(v)Comhchuibhiú ar an reachtaíocht a rialaíonn aitheantas ar cháilíochtaí saineolaithe chun saothair ealaíne a fhíor-dheimhniú.


Barúlacha an Chomhchoiste

13. Sa mhéid a bhaineann le comhchuibhiú dlíthe ar dhiúscairt earraí goidte is deacair leis an gComhchoiste a dhéanamh amach cén comh- chuibhniú fóinteach a d’fhéadfadh an Comhphobal a ghabháil ar láimh sa réimse seo. Ar leithligh ó na mórdhifríochtaí atá ann idir dhlíthe Ball- stát bheadh saincheisteanna i dtrácht a bhaineann le teideal do mhaoin shochorraithe agus le prionsabail ghinearálta dlí choiriúil, agus ní thagann ceachtar acu sin faoi réim Chonradh na Róimhe. Ar an gcéad amharc is deacair a rá go mbeadh sé ceart rialacha a bheith ann le haghaidh earraí cultúir sna limistéir sin nach mar a chéile agus na rialacha a bhfuil feidhm choiteann acu. Ar aon chuma creideann an Comhchoiste, sa mhéid a bhaineann le hÉirinn, gur ceist í sin don Oireachtas amháin.


14. Creideann an Comhchoiste, maidir leis an gcóras cárta taifid atá molta, go bhféadfadh an córas sin a bheith úsáideach chun bréagearraí a chosc agus cabhrú le fáil amach cár imigh saothair ealaíne a goideadh. Tá curtha in iúl dó nach mbeadh córas an chárta thaifid ná bunú seirbhíse náisiúnta mar a bhí i bhfís ag Coinbhinsiún EOECNA ina gcúis le haon deacrachtaí in Éirinn ó thaobh na bpóilíní.


E. SAOIRSE GLUAISEACHTA AGUS BUNAÍOCHTA

SEDOC a leathnú

15. Is rud dlúth-bhunaithe é anois, i gcás náisiúnaigh Bhallstát, nach bhféadfar coinníoll a dhéanamh de, ag fostú oibrithe nó ag ligean do dhaoine féin-fhostaithe a gcúraimí a chleachtadh, go mbeadh siad ina náisiúnaigh den tír chaoifeach. Áitíonn an Coimisiún, d’fhonn go dtioc- fadh saorghluaiseacht chun críche dáiríre, nach foláir deiseanna fostaí- ochta a chur i bhfios d’oibrithe, agus gur réimse í sin ina gceapann sé nach dtugtar d’oibrithe ar chultúr ach an fónamh is measa. Tá sé ar intinn córas Eorpach a oibriú chun folúntais agus iarratais ar fhostaíocht a imréiteach go hidirnáisiúnta [SEDOC] a bhainfidh le hearnálacha ar nós monaraíocht, talmhaíocnt, foirgníocht, lónadóireacht, iompar, cumarsáidí, baincéireacht, riarachán poiblí etc. Tá sé á rá ag an gCoimisiún go bhféad- faí an córas sin a úsáid in earnáil an chultúir freisin. Tá a fhios aige, áfach, go bhféadfadh deacrachtaí a theacht dá bharr sin nuair is cáilíochtaí pearsanta, seachas cáilíochtaí teicniúla, a bheadh i gceist ach tá scrúdú á dhéanamh aige ar an scéal féachaint an bhféadfaí na deacrachtaí sin a réiteach.


Oiliúint d’Oibrithe Cultúir Óga

16. Tá sé i bhfís ag an gCoimisiún go dtabharfar caoi d’oibrithe cúl- túir óga oiliúint a fháil i dtíortha Comhphobail seachas a dtír féin faoin dara clár atá á ullmhú aige chun malartú oibrithe óga a chur chun cinn. Tá roinnt treoirscéimeanna ar bun faoi láthair mar thástáil ar an gclár beartaithe agus cuirfear é faoi bhráid na Comhairle nuair a bheidh na torthaí ar fáil.


Barúlacha an Chomhchoiste

17. Níl aon ní ag an gComhchoiste ó thaobh prionsabail in aghaidh chóras SEDOC a leathnú go dtí earnáil an chúltúir ach creideann sé go bhféadfadh am a dhéanta sin a bheith tábhachtach. Níl córas SEDOC á oibriú faoi láthair agus má chuirtear earnáil bhreise leis a bhfuil deacrach- taí á leanúint, b’fhéidir go mb’fhusa sin a dhéanamh tar éis cleachtadh éigin a fháil ag oibriú an chórais leis na hearnálacha atá ann faoi láthair. Glacann an Comhchoiste leis go rachfar i gcomhairle leis na Ballstáit ina thaobh sin.


18. Is maith leis an gComhchoiste an togra go dtabharfar deis d’oib- ritheoirí cultúir óga chun oiliúint a fháil i mBallstáit eile. Tá sé curtha in iúl don Choiste gur olc ar fad an bhail atá ar Éirinn maidir le sainoiliúint agus oideachas i limistéir áirithe de na healaíona. Samplaí de limistéir a dúradh leis an gComhchoiste nach raibh deis ar bith nó deis ró-thearc ar oiliúint nó oideachas a fháil in Éirinn orthu is ea damhsaíocht, córagra- faíocht, aisteoireacht, stiúrthóireacht amharclainne agus déanamh scan- nán. Ceapann an Coiste gur mhaith an rud é freisin deis a thabhairt d’oib- rithe óga chun printíseacht a chur isteach le healaíontóirí i mBallstáit eile atá ag obair ar na healaíona múnlóireachta.


19. In earnáil an chultúir a bheidh ceann de na treoirscéimeanna a bheidh á ngabháil ar lámh ag an gCoimisiún i ndáil leis an dara clár beartaithe. Tá súil ag an gComhchoiste go dtabharfar deis d’oibrithe Éireannacha bheith páirteach sa scéim sin.


F. CÁNACHAS A CHOMHCHUIBHIÚ

Pátrúnacht agus Forais Chultúir

20. Tá sé á áiteamh ag an gCoimisiún, toisc teorainn de riachtanas a bheith le fóirdheontais Rialtais agus údarás áitiúil, go mbreitheann leis an chultúir san am le teacht go han-mhór ar fhorais agus pátrúnacht agus dá dhroim sin ar an gcóras cánachais is infheidhme ar a leithéidí. Tá sé tar éis meabhrán a chur go dtí Buan-Choiste Chinn na Ranna Ioncaim Náisiúnta i dtaobh díothú bacainní cánach a bheadh sa tslí ar fhorais chultúir agus pátrúnacht a fhorbairt. Ardaíonn an meabhrán ceist na ndifríochtaí idir na córais chánachais náisiúnta a bhaineann le forais agus pátrúnacht, na míréireachtaí sna loghaíochtaí cánach a thugtar dóibh sna tíortha éagsúla agus an bhféadfadh na naoi gcríocha fioscacha críoch fioscach amháin a chomhdhéanamh a bhféadfaí loghaíochtaí cánach den sórt sin a ríomh laistigh di gan aird ar thír thionscnaimh an ioncaim ná ar thír sroichte an chaiteachais.


Muirir chomhionanna Cánach Breisluacha

21. Maidir le CBL deir an Coimisiún gurb é a chuspóir éifeacht CBL ar earraí cultúir a choinneáil faoi theorainneacha réasúnta. Tá sé curtha i láthair aige go bfhéadfaí é sin a dhéanamh trí chorrlach brabúis an déil- eálaí, in ionad an praghas díola, a bheith ina bhonn measúnachta. Sa Chumarsáid uaidh chun na Comhairle faoi dháta 29 Samhain 1977 dúirt an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige dréacht-Treoir a chur isteach á fhoráil go bhféadfadh an déileálaí rogha a ghlacadh idir a chorrlach bra- búis dáiríre nó corrlach shocraithe de 30 faoin gcéad den phraghas díola. Ar an 12 Eanáir 1978 chuir an Coimisiún togra chun na Comhairle le haghaidh Seachtú Treoir ón gComhairle ar chomhchuibhiú dlíthe a bhain le cánacha láimhdeachais ina bhfuil foráil le haghaidh ráta 30 faoin gcéad de phraghas díola na ndéileálaithe is cuma cén corrlach agus le haghaidh soláthairtí agus allmhairí saothair ealaíne a rinne an t-ealaíontóir féin a shaoradh ó CBL.


Cánachas ar Oibrithe Cultúir

22. Molann an Coimisiún go gcuirfí neamhrialtachtaí tuillimh san áireamh nuair a bheadh cánacha á ngearradh ar oibrithe cultúir. Measann sé gur cheart an córas atá i bhfeidhm i dtíortha áirithe sa Chomhphobal a chur i bhfeidhm i gcoitinne, is é sin, go gceadaítear d’oibrithe cultúir na tuillimh inchánach, a fhaigheann siad i mbliain neamhghnách, a leathadh amach thar roinnt blianta.


Mar atá in Eirinn

23. Tá foráil i ndlí cánach ioncaim na hÉireann go mbíonn díolúine ó cháin ioncaim i gcás comhlachtaí áirithe a bhféadfaí a rá go bhfuil gnóthaí cultúir á gcur ar aghaidh acu. Tugtar díolúine maidir le brabúis trádála a bhíonn á seoladh ag aon charthanas más chun críche an charthanais amháin a úsáidtear na brabúis agus


(i) go bhfuil an trádáil á dhéanamh le linn cuspóir príomha de chuid an charthanais a bheith á chur i gcrích, nó


(ii) gur ag tairbhithe an charthanais go formhór atá an obair i ndáil leis an trádáil á dhéanamh.


24. Tugtar díolúine i leith aon bhrabúis nó gnóchain a fhaigheann cum- ann talmhaíochta de thairbhe taispeántais a cuireadh ar siúl chun críocha an chumainn más ar mhaithe le críocha an chumainn amháin a chuirfear chun feidhme iad. Mínítear “cumann talmhaíochta” mar “aon chumann nó foras a bunaíodh ar mhaithe le talmhaíocht, garraíodóireacht, pórú beostoic nó foraoiseacht”.


Tugtar díolúine freisin do chomhlachtaí a bunaíodh ar mhaithe le cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha i gcás ioncaim a úsáideadh nó a úsáidfear chun na críche sin.


26. Tá foráil in Alt 2 den Acht Airgeadais, 1969, le haghaidh faoiseamh ó chain ioncaim i leith tuilleamh áirithe ó shaothar bunaidh cruthaíoch de chuid scríbhneoirí, cumadóirí, péintéirí agus dealbhóirí. D’fhonn cáiliú don fhaoiseamh ní foláir gur sa Stát, chun críocha cánach ioncaim, agus nach in aon áit eile, a bheadh cónaí ar an duine áirithe.


27. Is é scéim an fhaoisimh go bhféadfaidh duine a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a thabhairt go bhfuil sé tar éis saothar a tháirgeadh a n-aithnítear go ginearálta fiúntas cultúir nó ealaíne a bheith ann. Nó féadfaidh an duine a bheidh ag lorg an fhaoisimh saothar áirithe dá chuid a foilsíodh, a táirgeadh nó a díoladh a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim lena bhreithniú agus cinneadh a iarraidh go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíne sa saothar sin. Ciallaíonn “saothar” saothar bunaidh cruthaíoch is d’aicme acu seo a leanas:


(a) leabhar nó scríbhneoireacht eile,


(b) dráma,


(c) cumadóireacht cheoil,


(d) péintéireacht nó pictiúr eile dá samhail,


(e) dealbhóireacht,


agus d’fhéadfadh sé bheith scríofa, cumtha nó déanta ag an duine ag a mbeidh an cinneadh á iarraidh, ina aonar nó i gcomhar le duine eile.


Barúlacha an Chomhchoiste

28. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste gur ón Stát beagnach ar fad a fhaightear cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí ealaíne. Is ar éigin atá forais den sórt dá dtagraíonn an Coimisiún ann ar aon chor agus ní fiú trácht ar a bhfaightear ó lucht gnó. Creideann an Comhchoiste gur cheart breathnú go grinn ar a mhéid atá coimircíocht ar na healaíona á bhac ag an gcóras cánachais. Is maith leis an gCoiste go háirithe an moladh go n-áireofaí an Comhphobal uile mar aon limistéar fioscach amháin chun críocha loghaíochtaí cánach.


29. Tá sé beartaithe ag an gComhchoiste tuarascáil ar leithligh a chur isteach i dtaobh an tSeachtú Treoir bheartaithe a bhí i dtrácht cheana féin. Tá dhá ní nár bhain an togra sin leo atá curtha i bhfios dó ag an gComhairle Ealaíon. Creideann an Chomhairle nár cheart CBL a ghearradh ar bhun- saothar ealaíne a dhíolann ealaíontóir nó gníomhaire leis mar dhíol aonair. Ina ionad sin measann sé gur cheart an mheasúnacht a dhéanamh ar fhoras na mbrabús iomlán a dhéanann gníomhairí agus gur cheart an t-ealaíontóir é féin a bheith saor ón gcáin. Tá sé á mholadh ag an gComh- airle freisin gur cheart teilgean dealbhóireachta a bheith saor ó CBL. Molann an Comhchoiste go mbreithneofaí na moltaí sin go báúil.


30. Sa mhéid a bhaineann le cánachas oibrithe tá loghaíochtaí le fáil cheana féin ag ealaíontóirí cruthaíocha a bhíonn ag saothrú in Éirinn atá chun tosaigh ar aon rud dá leithéid atá ar fáil i go leor tíortha eile. Níl na loghaíochtaí sin ar fáil ag ealaíontóirí léiriúcháin agus thabharfadh an Comhchoiste tacaíocht don togra gur cheart ligean dóibh aon tuillimh inchánach neamhghnácha i mbliain amháin a leathadh amach thar roinnt blianta.


G. CÓIPCHEART AGUS CEARTA GAOLMHARA

Dlithe a chomhchuibhiú

31. Tá an Coimisiún ag tabhairt faoi chomhchuibhiú dlíthe na mBall- stát a bhaineann le cóipcheart agus cearta gaolmhara eile. Tá sé i gcomh- airle cheana féin le dreamanna leasmhara d’fhonn na treoirlínte a chinn- eadh a bheidh le leanúint nuair a bheifear ag plé le


(i)Fadhbanna a bhaineann i gcoitinne le cóipcheart agus le cearta gaolmhara eile agus arb é atá iontu deireadh a chur le hidir- dhealú ar fhoras náisiúntachta, dáileadh ríchíosanna agus toradh ascnaimh theicniúil a bhfuil borradh tar éis teacht dá chionn ar atáirgeadh éisteachta agus amhairc


(ii)Fadhbanna cóipchirt lena n-áirítear ré cóipchirt, córas an chirt iasachta poiblí a leathnú go dtí gach Ballstát, ríomh ríchíosanna ar thaibhithe ar tugadh fóirdheontais ina leith agus luach saothair aistritheoirí litríochta


(iii)Cearta athdhíola ealaíontóirí cruthaíocha sna healaíona mún- lóireachta a gcreideann an Coimisiún gur cheart Treoir faoi Airteagal 100 de Chonradh CEE a ghlacadh ina leith


(iv)Maoin le ceardaithe cruthaíocha a chosaint, rud a gceapann an Coimisiún gur cheart dó a bheith ina ábhar do Rialachán ón gComhairle.


Dlí na hÉireann

32. Is iad na dlíthe Éireannacha a bhaineann le cóipcheart agus cearta gaolmhara an tAcht Cóipchirt, 1963 agus an tAcht um Chosaint Taibh- eoirí, 1968. Tríd is tríd, áfach, agus ní hionann agus na cóid do phaitinní agus do thrádmharcanna, is cosaint ghinearálta a thugann na dlíthe atá ann faoi láthair agus ní gá go ndéanfadh Oifig na bPaitinní beart rialú- cháin chun an dá reacht sin a chur i ngníomh, ach amháin in imthosca an- chúng nach dtarlaíonn ach go rí-annamh. Ní dhéanann an dá reacht ach an dlí a leagan síos, agus is do na cúirteanna caingne ar dhíospóidí agus léiriúchán a réiteach. Go háirithe, ní chumhdaíonn na dlíthe atá i gceist an tslí ina bhfuil táillí cóipchirt nó táillí gaolmhara le cruinniú agus le dáileadh.


33. Maidir le neamh-idirdhealú ar fhoras náisiúntachta, ba cheart a shonrú go bhfuil na dlíthe atá i gceist dréachtaithe le bheith de réir prion- sabal Choinbhinsiún Bheirn chun Saothar Litríochta agus Ealaíne a Chosaint, an Choinbhinsiúin Uilechoitinn um Chóipcheart agus Choin- bhinsiún na Róimhe chun Taibheoirí, Táirgeoirí Fónagram agus Eagraí- ochtaí Craolacháin a Chosaint. Tá an dá Choinbhinsiún tosaigh acu sin daingnithe ag Éirinn, agus tá an tríú ceann sínithe ach gan daingniú fós aici. Rud suntasach sna Conarthaí sin go dtugtar cóir “náisiúnta do náisiúnaigh na Stát conarthach eile, agus dá bhrí sin, níl aon idirdhealú maidir lena gcearta ar bhonn náisiúntachta á dhéanamh ar oibrithe cul- túir ó thíortha Comhphobail a bhíonn ag obair in Éirinn. Níl an coras cearta iasachta poiblí á fheidhmiú in Éirinn.


34. Is féidir a rá, má thagann reachtaíocht Chomhphobail chun críche ar lorg na dtreoirlínte atá leagtha amach i gCumarsáid an Choimisiúin, go mbeidh gá le hathchóiriú rí-mhór a dhéanamh ar dhlíthe na hÉireann sa réimse seo. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil breithniú á dhéanamh cheana féin ar dhlí cóipchirt na hÉireann a thabhairt chun breis ionannais le pátrúin na hEorpa. Tá sé curtha in iúl dó freisin go bhfuil tograí á n-ullmhú ag an gComhairle Ealaíon le haghaidh reachtaíochta chun córas na gceart athdhíola sna healaíona amhairc a thabhairt isteach go hÉirinn, córas atá i ngníomh cheana féin i roinnt tíortha eile Comhphobail.


Barúlacha an Chomhchoiste

35. Tá an Comhchoiste i bprionsabal ar thaobh bearta a chinnteodh go bhfaigheadh ealaíontóirí agus ceardaithe cruthaíocha íocaíocht leordhó- thanach ar a gcuid saothair. Sa mhéid go bfuil súil go gcuideoidh comh- chuibhiú na ndlíthe maidir le cóipcheart agus cearta eile leis an gcuspóir sin creideann an Comhchoiste gur chóir an Coimisiún a spreagadh chun dul ar aghaidh leis an gcomhchuibhniú más duamhar deacair féin é. Ba mhaith leis an gComhchoiste, áfach, gan trácht go fóill ar na barúlacha éagsúla atá dúisithe ag an gCoimisiún go dtí go mbeidh caoi faighte aige scrúdú a dhéanamh ar chiallachais uile cibé tograí deifinéadacha le hagh- aidh reachtaíocht Chomhphobail a foilseofar ar deireadh. Idir an dá linn tá sé ag tathant go ndéanfaí na tograí atá á mbreithniú chun reachtaíocht na hÉireann a leasú a chur ar bhealach a ndéanta chomh luath riamh agus is féidir.


H. GNÉITHE SÓISIALTA

Slándáil Shóisialta

36. D’ainneoin go bhfuil éirithe chomh maith sin sa saol le daoine áirithe, measann an Coimisiún gur in aicme na n-oibrithe cultúir atá an cion is mó daoine lagphribhléide le fáil. Cé go bhfuil na bearta atá a moladh ceaptha mar chuid d’fheidhmiú an Chonartha le haidhm chun a gcás a fheabhsú tuigeann an Coimisiún gur fada fós go dti go bhféadfar glacadh leo sin. Molann sé, áfach, go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh láithreach maidir le slándáil shóisialta réimse ina gcreideann sé nach bhfuil go minic ach lagchosaint fós ag oibrithe cultúir.


37. Tá sé á thathant i gCumarsáid an Choimisiúin go nglacfaí le bearta chun an cumhdach a mhéadú a bheadh le fáil ag oibrithe cultúir in aghaidh fiontair shóisialta i bhfoirm árachais bhreoiteachta, easláine agus sean- aoise agus liúntas clainne. Feictear dó gurb é an chéad fhadhb an gá atá leis na córais slándála sóisialta atá ann faoi láthair a oiriúnú le freastal ar chor áirithe na n-oibrithe cultúir i bhfostaíocht íoctha. Is é chúis go bhfuil gá leis sin a dhéanamh, deirtear, mar go mbíonn go leor oibrithe cultúir fos- taithe ag níos mó ná fostóir amháin, agus mar gheall air sin bíonn sé deacair ranníocaí fostóirí a bhailiú, nó ní bhíonn oibrithe ag obair ach ó am go chéile ionas go mbíonn ráta ard dífhostaíochta ina measc. Meastar nach foláir cumhdach in aghaidh dífhostaíochta a leasú go práinneach. Luaitear freisin oibrithe cultúir atá ag obair ar a gconlán féin ach ní dhéanann an Chumarsáid sonrú; ní deir sí ach amháin gur cheart ath- ruithe a bheith bunaithe ar réitigh nua atá tugtha isteach cheana féin nó á n-ullmhú i roinnt tíortha sa Chomhphobal.


Mar atá in Éirinn

38. Oibrithe cultúir atá ag gabháil d’fhostaíocht íoctha in Éirinn ní foláir iad a bheith árachaithe go héigeantach, dála daoine fostaithe eile, faoi na hAchtanna Slándála Sóisialta agus tríd sin tá siad cumhdaithe le haghaidh réimse fhairsing sochar a sholáthraítear faoin gcóras árachais sóisialta náisiúnta. Ní hionann agus roinnt Ballstát ina bhfuil córais speisialta i bhfeidhm le haghaidh aicmí éagsúla oibre, is córas singil atá i bhfeidhm in Éirinn. Is iad seo a leanas na sochair a sholáthraítear faoi chóras árachais shóisialta na hÉireann; sochar dífhostaíochta, sochar míchumais (nó breoiteachta) in airgead, sochar máithreachais, sochar pá- choibhneasa, pinsean easláine, pinsean baintreacha agus dílleachtaí, sochar banchéile tréigthe, pinsean scoir agus pinsean seanaoise, deontas báis, sochair díobhálacha ceirde agus sochar cóireála (sochar déidliachta agus súiliachta go formhór). I dteannta na sochar sin, tá oibrithe cultúir cáilithe freisin le haghaidh liúntas leanaí (ar a dtugtar liúntais teaghlaigh i mBallstáit eile) faoin scéim chomhchoiteann atá faoi riaradh na Roinne Leasa Shóisialaigh. Ar an ábhar go bhfuil córas slándála sóisialta singil in Éirinn ní bhíonn aon fhadhbanna speisialta ag baint le bailiú ranníocaí ná le híoc sochar má bhíonn daoine ag obair do níos mó ná fostóir amháin. Le fírinne, de bharr comhthiomsú na bhfiontar a dhéantar faoin gcóras sin cuirtear in áirithe go bhfaigheann daoine droch-fhiontair, agus d’fhéadfaí oibrithe cultúir a áireamh orthu sin, an chosaint chéanna a fhaigheann daoine dea-fhiontair. I gcás dífhostaíochta, forálann an córas Éireannach go n-íocfar sochar dífhostaíochta ar feadh tréimhse leanúnaí suas go 65 seachtain agus má hídítear an íocaíocht i leith na tréimhse sin agus go bhfaighfear 13 ranníoc eile i leith fostaíochta inárachaithe is leor sin chun an duine lena mbaineann a athcháiliú chun sochar a fháil ar feadh 55 seachtain eile. Ba cheart a rá freisin, fad a bhíonn sochar dífhostaíochta á fháil ag duine, go gcoinnítear a theideal chun sochair slándála sóisialta eile ar marthain de bhíthin go ndámhtar ranníocaí fostaíochta creidiúnaithe a choinníonn leanúnacht a chuid árachais ar marthain.


39. Tá oibrithe cultúir féin-fhostaithe cáilithe le haghaidh liúntas leanaí. Níl cumhdach breoiteachta, easláine ná árachais seanaoise acu, áfach, mura raibh cumhdach den sórt sin acu roimhe sin mar fhostaithe ar feadh 3 bliana ar a laghad agus má bhí tá sé de rogha acu leanúint de bheith faoi árachas ar bhonn saorálach le haghaidh pinsin do bhaintreacha, pinsin scoir agus pinsin seanaoise (ach níl i gcás sochar breoiteachta agus pinsin easláine). Ach déanann córas cúnaimh shóisialta an Stáit cosaint a sholáthar dóibhsean nach bhfuil cumhdaithe nó nach bhfuil leorchumh- daithe ag árachas sóisialach. Ar chuid de na sochair atá ar fáil faoin gcóras seo tá cúnamh dífhostaíochta, pinsin do bhaintreacha agus do dhílleachtaí agus pinsin seanaoise atá faoi riaradh na Roinne Leasa Shóisialaigh agus liúntais slándála forlíontacha agus liúntais chothabhála duine mhíchumasaithe atá á riaradh ag na boird sláinte thar ceann na Ranna Leasa Shóisialaigh agus Sláinte, faoi seach.


40. Níl cumhdach ag oibrithe féin-fhostaithe go fóill faoin gcóras árachais shóisialaigh ach tá breithniú á dhéanamh faoi láthair ar chumh- dach árachais shóisialaigh a sholáthar dóibh agus foilsíodh páipéar caibidle le déanaí ar an ábhar sin. Idir an dá linn féadfaidh oibrithe cul- túir féin-fhostaithe cáiliú faoin gcóras cúnaimh shóisialaigh díreach mar a dhéanann aicmí eile féin-fhostaithe. Thairis sin tuigtear don Chomh- choiste go bhfuil tograí maidir le scéim pinsean d’aos ealaíne á bhreithniú faoi láthair ag an gComhairle Ealaíon.


Barúlacha an Chomhchoiste

41. Ní léir don Chomhchoiste cad é díreach atá ar aigne ag an gCoimi- siún ná cén éifeacht a bheadh ag na bearta atá i bhfís aige ar chóras aon- taithe slándála shóisialaigh mar atá i bhfeidhm in Éirinn. Tá sé beartaithe aige dá bhrí sin gan aon tuairim a lua go dtí go bhfaighfear léargas cruinn ar na tograí le haghaidh reachtaíocht Chomhphobail.


42. Tá an Comhchoiste tar éis a bharúlacha a chur i bhfios cheana féin sa seachtú tuarascáil déag uaidh (Prl. 7276) faoi dháta 28 Meitheamh 1978 i dtaobh na Rialachán beartaithe ón gComhairle maidir le scéimeanna árachais shóisialaigh a fheidhmiú i gcás daoine féin-fhostaithe a bhíonn sa tsiúl laistigh den Chomhphobal.


I. BEARTA EILE

Oighreacht Ailtireachta a Chaomhnú

43. Tagraíonn an Coimisiún don chuidiú atá tugtha ag an gComh- phobal do chaomhnú na hoighreachta ailtireachta trí oiliúint d’ath- chóiritheoirí a spreagadh agus cúnamh a thabhairt le haghaidh teic- níochtaí nua caomhnaithe agus athchóiriúcháin a fhorbairt. Tá scoláir- eachtaí Comhphobail ar fáil d’athchóiritheoirí le haghaidh cúrsaí sain- oiliúna i mBruges, sa Róimh, sa Veinéis. Tá cúnamh Comhphobail curtha ar fáil freisin le haghaidh obair an Airmheáin Taighde Núicléigh i nGrenoble áit a bhfuiltear tar éis teicníocht chaomhnaithe núicléach a thabhairt chun foirfeachta agus le haghaidh eolas ar an Airmheán sin a chraobhscaoileadh. Ar chuid den teicníocht sin áirítear ionradú clocha, marmair nó sean-adhmaid nó, i gcásanna áirithe ina mbeidh gá le modh- anna níos fíneáilte, ionradú tar éis tréamhghabháil le substaint a chruann faoi éifeacht gamma-ghathanna.


Cómhalairt Chultúrtha

44. Cé go n-admhaíonn an Coimisiún an tábhacht atá le cómhalairt chultúrtha is é a mheas nach bhféadfaidh an Comhphobal cuidiú lena leithéid ach go hindíreach. Tá pátrúnacht curtha ar fáil do Cheolfhoireann Ógánach Comhphobail agus tá siadsan le seinnt i ngach cathair de na naoi bpríomhchathair. Creideann an Coimisiún freisin go bhféadfadh an Comhphobal cabbrú leis na himeachtaí cultúrtha tábhachtacha a ghrinn- mheas. Deir sé, thairis sin, go mb’fhéidir go dtabharfadh an Comhphobal spreagadh do “sheomraí Eorpacha” a bhunú i músaeim agus freisin d’earraí a mhalartú idir mhúsaeim agus socruithe a dhéanamh le go mb’fhusa rochtain ar a gcuid mórshaothair.


Comhoibriú idir Fhorais Chultúir

45. Tá an Coimisiún ag tathant go ndéanfaí comhoibriú idir fhorais chultúir sa Chomhphobal agus lasmuigh de maidir le hamchláir, gníomh- aíochtaí agus cláir oibre. Ní amháin go dtabharfadh comhar-thions- cadail laghdú ar chostais ach bheadh éifeacht níos forleithne acu go háirithe i gcás tíortha nach baill atá i bhfad ón gComhphobal. Ballstáit nach bhfuil ionadaíocht chultúir acu i dtír eile d’fhéadfaidís b’fhéidir comhoibriú a spreagadh trína iarraidh ar fhoras i dtír eile a bheith freagrach i leith a n-ionadaíocht chultúir sa Stát sin.


Gníomhaíochtaí Caidrimh Chultúrtha a chur ar aghaidh

46. Tá an Coimisiún ag tathant go gcuirfí ar aghaidh gníomhaíochtaí caidrimh chultúrtha ar leibhéal Eorpach agus iad sin a bheith bunaithe de riachtanas ar chómhalairt chultúrtha agus ní amháin iad a bheith bainteach leis na healaíona ach caidreamh sóisialta a bheith ina gcuid díobh chomh maith. Ba cheart úsáid a bhaint as an gcabhair is féidir a fháil ó na nuacht- mheáin phobail nó, lé cúnamh Comhphobail, a d’fhéadfaí a fháil uathu, agus go háirithe ó raidió agus teilifís. Toisc go mbíonn oiread sin daoine ag breathnú ar chúrsaí spóirt, ba cheart úsáid a bhaint astu sin mar dheis chun gníomhaíochtaí caidrimh chultúrtha a chur ar aghaidh ach ba cheart don Chomhphobal a bheith daingean in aghaidh seobhaineachais i gcúrsaí spóirt.


Barúlacha an Chomhchoiste

47. Glacann an Comhchoiste leis go bhfuil go leor de na rudaí atá curtha i láthair ag an gCoimisiún le moladh ach cosúil leis an gComhairle Ealaíon is díomá leis nach dtuaraíonn an Coimisiún clár beacht áirithe comhalartuithe cultúrtha a bheith á ghlacadh agus á chur ar aghaidh ag an gComhphobal. Is dóigh leis an gCoiste go mb’fhusade an dlí in earnáil an chultúir a chomhchuibhiú agus gur thúisce a ghlacfaí leis dá mbeadh sé ag gabháil le clár dá leithéid sin a mbeadh sé ceaptha dó eolas agus dea- thuiscint ar na cultúir éagsúla sa Chomhphobal a leathadh i measc na daoine.


48. Tá pátrúnacht Chomhphobail curtha ar fáil cheana féin do Cheol- fhoireann Ógánach Comhphobail. Is dóigh leis an gComhchoiste gur cheart an phátrúnacht sin a leathnú chun go mbainfidh sé leis an amhar- clainn agus na hamharc-ealaíona. Is maith leis an gComhchoiste an smaoineamh gur cheart do Mhúsaeim Náisiúnta na mBallstát “Seomraí Eorpacha” a bhunú. I ndáil leis sin, molann an Comhchoiste gur cheart do Bhallstáit éascaíocht a dhéanamh dá chéile ag aischur nó ag malartú earraí stairiúla atá bunúsach ina stair cultúir agus ealaíne.


49. Tá roinnt áirithe tionscnamh i réimse na cómhalairte cultúrtha arbh fhiú don Chomhphobal tacú leo, dar leis an gCoiste. D’hfhéadfadh Amhar- clanna Náisiúnta na mBallstát scéim phrintíseachta chómhalairte a sheoladh do dhaoine óga sna cuideachtaí Amharclainne, i réimsí ar nós aisteoireacht, stiúrú agus obair stáitse. Bheadh buan-toradh ar a leithéid sin sa mhéid go dtiocfadh tuiscint níos fearr ar chultúr dá bharr. Níor mhiste smaoineamh freisin ar fhéile amharclainne Eorpach a bhunú agus é a chur ar siúl in áiteanna éagsúla gach cúpla bliain. Tá na moltaí sin á ndéanamh ag an gCoiste toisc gur in Éirinn atá an Amharclann Náisiúnta is faide bunaithe sa CEE, agus sin réimse amháin a chítear dó a chuireann deis chómhalairte cultúir ar fáil ina bhféadfaimis a bheith lánpáirteach.


50. Síleann an Comhchoiste gur chóir tús a chur le bearta, le cabhair ón gComhphobal, á chinntiú go ndéanfar, i gcás foirgnimh nua a bhíonn á n-úsáid ag an bpobal de ghnáth, soláthar le haghaidh saothar ealaíne, ar nós dealbhóireacht, péintéireacht agus múrmhaisiú a chur ar taispeáint go poiblí. Ba chóir cuid den chostas tógála, ó 1 go 3 faoin gcéad, a chur ar fáil chuige sin agus cáin a bheith inasbhainte i leith an chostais.


51. Chuir sé iontas ar an gComhchoiste a chloisteáil ón gComhairle Ealaíon nach raibh a fhios aige i dtaobh na scoláireachtaí a bhí i dtrácht ag an gCoimisiún atá ar fáil ag ailtirí, innealtóirí, baile-pnleanálaithe agus ceardaithe. Tá súil aige go bhféachfaidh an Roinn Rialtais lena mbaineann isteach sa scéal lena chinntiú go gcuirfear eolas ar na scoláireachtaí sin ar fáil do gach n-aon lena mbaineann.


Díospóireachtaí sna Tithe

52. Mar gheall ar an tábhacht atá le Beart Comhphobail in Earnáil an Chultúir tá an Comhchoiste á iarraidh go mbeadh díospóireacnt ar an tuarascáil seo sa dá Theach. Maidir leis sin tagraíonn an Comhchoiste d’Orduithe an 3 Bealtaine 1978 agus an 11 Deireadh Fómhair 1978, faoi seach, ó Sheanad Éireann agus ó Dháil Éireann.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.