Committee Reports::Report No. 20 - Statutory Instruments [53]::28 June, 1978::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Ionstraimí a Scrúdaíodh

1. Ó bunaíodh an Comhchoiste scrúdaigh sé na trí ionstraim is caoga sa liosta i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo. Faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a rinneadh aon agus daichead de na hionstraimí sin. Faoi reachtanna eile a rinneadh an chuid eile acu ach is faoi oibleagáidí ár mballraíochta de na Comhphobail Eorpacha a fríth a riachtanas. Tá trácht sonrach le déanamh ag an gComhchoiste ar sheacht gcinn déag de na hionstraimí a scrúdaíodh. Tá cóip den chomhfhreagras leis na Ranna Rialtais freagracha maidir leis na seacht gcinn déag sin leagtha amach i bhFoscríbhinní II go VIII den tuarascáil seo.


B. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (TÁILLÍ A FHOIRCEANNADH AR IM ONNMHAIRITHE), 1977 (I.R. Uimh. 281 de 1977).

Údarás a Lua

2. Faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a rinneadh na Rialacháin seo, agus chuir siad deireadh, le héifeacht ó 30 Lúnasa 1977, le táillí áirithe is iníoctha ar im nach im uachtarlainne a onnmhairiú. De réir na hionstraime rinneadh sin chun Airteagal 13 de Chonradh CEE agus Airteagal 36 den Acht Aontachais a chomhlíonadh. Ní ar mhuirir ar onnmhairí ach ar mhuirir ar allmhairí a thráchtann na hAirteagail sin agus de réir dealraimh is iad na forálacha den Chonradh ba chóir a lua Airteagal 16 de Chonradh CEE agus Airteagal 37 den Acht Aontachais. De réir na Roinne Talmhaíochta tá Oifig an Ard-Aighne tar éis a chomhairliú nach ndéanann an dearmad sin aon difear do bhailíocht na Rialachán.


Forálacha na gConarthaí

3. Rinne Airteagal 16 de Chonradh CEE foráil le haghaidh na sé Bhallstát bunaidh do dhíothú eatarthu féin gach dleacht chustam agus muirear comhéifeachta um dheireadh na céad chéime den idirthréimhse. Rinne Airteagal 37 den Acht Aontachais foráil le haghaidh na ndleachtanna agus na muirir sin idir an Comhphobal bunaidh agus na Ballstáit nua, agus idir na Ballstáit nua iad féin, a dhíothú “tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 1974”. Dealraíonn sé, dá bhrí sin, nár chóir na táillí lenar bhain Rialacháin a mhuirearú tar éis an dáta sin. Dealraíonn nach raibh ach tuairim £500 sa bhliain iontu ar fad.


Onnmhairí go dtí Tríú Tíortha

4. Is é an tAcht Tora Déiríochta (Leasú), 1941, a d’fhorchuir i gcéaduair na táillí atá i gceist agus bhain siad le honnmhairí go dtí gach tír. Na Rialacháin atá faoi athbhreithniú airbheartaíonn siad, i bhfeidhmiú cumhacht an Aire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, Acht ón Oireachtas a leasú agus táillí a dhíothú is iníoctha ar onnmhairí go dtí tíortha lasmuigh den Chomhphobal agus chomh maith leis sin ar onnmhairí go dtí Ballstáit. D’fhéadfadh go mba chiallmhar an beart é sin ag féachaint don suim bheag a bhí i gceist ach, dar leis an gComhchoiste, ní de dhroim na n-oibleagáidí conartha a bhfuil tagairt déanta dóibh cheana féin a thig díothú na dtáillí ar onnmhairí go dtí tríú tíortha. Má tá an ceart ag an gCoiste, ní fhéadfadh go mbeadh d’éifeacht ag Rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 go ndíothófaí táillí ar onnmhairí go dtí tíortha lasmuigh de CEE agus tá Acht do leasú Acht 1941 ag teastáil más rud é nach mbeidh na táillí sin le bailiú feasta. Tá súil ag an gComhchoiste go scrúdóidh an Roinn an ní sin.


C. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (IOMPAR MARSANTAIS DE BHÓTHAR), 1977 [I.R. Uimh. 386 de 1977].

RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (IOMPAR PAISINÉIRÍ DE BHÓTHAR), 1977 [I.R. Uimh. 388 de 1977].

Réim na nIonstraimí

5. Is é an tAire Turasóireachta agus Iompair a rinne an dá ionstraim faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Tugann I.R. Uimh. 386 de 1977 feidhm do Threoir ón gComhairle Uimh. 74/561/CEE a chuireann d’oibleagáid ar Bhallstáit riachtanais maidir le dea-chlú, seasamh airgeadais agus inniúlacht ghairmiúil a fhorchur ar dhaoine a bheidh ag lorg slí bheatha a chleachtadh mar oibritheoir tarlaithe bóthair in iompar náisiúnta nó idirnáisiúnta. Tugann I.R. Uimh. 388 de 1977 feidhm do Threoir Uimh. 74/562/CEE ina bhfuil forálacha dá shamhail maidir le slí bheatha mar oibritheoirí (bus) iompair paisinéirí de bhóthar.


Earnálacha Díolmhaithe

6. Ceadaíonn Airteagal 2.2 de Threoir 74/561/CEE do Bhallstáit, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, daoine nó gnóthais “a bhíonn ag gabháil go heisiatach d’oibríochtaí iompair náisiúnta nach bhfuil ach mion-tionchar acu ar an margadh iompair mar gheall ar chineál na n-earraí a bhíonn á n-iompar nó mar gheall ar an ngearrthuras a bhíonn i gceist” a dhíolmhú ó chuid d’fhorálacha na Treorach nó uathu go léir. Bhain an tAire leas as an bhforáil sin in I.R. Uimh. 380 de 1977 chun daoine atá ag gabháil d’iompar eallach, caoirigh nó muca a dhíolmhú ón riachtanas deimhniú náisiúnta fartha bóthair a bheith acu. Tá a Roinn tar éis a rá (féach Foscríbhinn III) go bhfuil an cineál sin iompair díolmhaithe ó rialú ceadúnaithe náisiúnta leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1971 agus go bhfuil sé á dhíolmhú ó na rialacha nua CEE ar chúiseanna den sórt céanna. Tuigeann sé go bhféadfadh an Coimisiún a mholadh nár cheart tarló eallaigh a bheith díolmhaithe.


7. Is léir don Chomhchoiste ó thuairiscí oifigiúla na ndíospóireachtaí go raibh glacadh forleathan le reachtaíocht 1971 sa dá Theach agus go raibh na Comhaltaí sásta go raibh cúiseanna maithe ann le tarló eallaigh, caoirigh agus muca a dhíolmhú ó rialú ceadúnúcháin náisiúnta. Tá an Comhchoiste sásta go bhfuil cúiseanna chomh maith céanna ann leis an tarló sin a dhíolmhú ó cheanglais CEE agus tá súil aige go nglacfaidh an Coimisiún leis an gcás.


Ceanglas Roimh Ré

8. Ceadaíonn Airteagal 2.2 de Threoir 74/561/CEE agus Airteagal 1.3 de Threoir 74/562/CEE do Bhallstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, earnálacha áirithe iompair a dhíolmhú ó cheanglais na Treoracha. Tá foráil le haghaidh díolúine mar sin sa dá ionstraim reachtúil a rinne an tAire ach níl sé ráite i gceachtar ionstraim acu go ndeachthas i gcomhairle leis an gCoimisiún. Nuair a bhíonn foráil in ionstraim reachtúil ag brath dá bhailíocht ar cheanglas éigin nós imeachta roimh ré ba cheart, dar leis an gCoiste, go mba léir ó théacs na hionstraime gur comhlíonadh an ceanglas. Tá súil aige go dtabharfar aird ar an bpointe sin nuair a bheidh ionstraimí á ndréachtú as seo amach.


9. Tá ceist á hardú i litir na Roinne chun an Chomhchoiste an bhfuil comhchomhairle leis an gCoimisiún críochnaithe nuair nach bhfuil moladh eisithe ag an gCoimisiún. Dhealródh sé don Choiste fad agus atá intinn an Aire curtha in iúl don Choimisiún agus deis réasúnach tugtha don Choimisiún a bharúlacha a lua, go bhfuil freastal déanta do fhorálacha na dTreoracha. Ní dhealraíonn go ndéanann sé aon difear don cheist gan “moltaí” a bheith eisithe ag an gCoimisiún nó gan bheith aontaithe aige le togra an Aire.


Táillí

10. Tá foráil in I.R. Uimh. 386 de 1977 á cheangal go n-íocfaí leis an Aire cibé táillí (más ann) a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais maidir le (a) deimhnithe fartha bóthair, (b) deimhnithe inniúlachta, (c) scrúduithe agus (d) cúrsaí teagaisc agus oiliúna. Tá foráil den sórt céanna in I.R. Uimh. 388 de 1977. De réir na Roinne tá an tAire tar éis freagracht a thabhairt don Fhoras Cairte Iompair chun cúrsaí a sheoladh agus scrúduithe a chur ar siúl agus de réir dealraimh ní hé an tAire ach an Foras a bhainfidh amach táillí i leith na nithe sin agus úsáidfear iad do mhaoiniú a scéime. Níl aon táillí bainte amach fós i leith deimhnithe.


11. Glacann an Comhchoiste leis go bhféadfadh gearradh táillí a bheith ina fhoráil foghabhálach, forlíontach agus iarmartach faoi réim alt 3 (2) d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 agus aontaíonn sé nach bhfuil sé míréasúnach foráil a chur san áireamh i leith táillí sna Rialacháin atá faoi athbhreithniú. Ina theannta sin, ní hionann agus a réamhtheachtaí, ní ghlacann sé leis go bhfuil teideal ag Airí i rialacháin faoin Acht an chumhacht chun táillí a shocrú agus a athrú go riarthach a tharmligean chucu féin nó chun daoine eile. Déanann beart mar sin táillí a aistriú amach ar fad ó raon na hurláimhe atá Tithe an Oireachtais ag iarraidh a fheidhmiú tríd an gComhchoiste ar rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.


12. Dhealródh sé ó litir na Roinne agus ón meamram atá ag gabháil léi nach bhfuil táillí á ngearradh faoi láthair i gcás deimhnithe fartha bóthair agus deimhnithe paisinéirí bóthair agus deimhnithe inniúlachta ach go bhféadfadh go ngearrfaí táillí ar dháta níos déanaí. Maidir le scrúduithe agus cúrsaí teagaisc dealraíonn sé go mbeidh na táillí ina gcúram a bhainfidh leis an bhForas Cairte Iompair. Ní léir go mbeartaíonn an tAire aon urlámh a fheidhmiú ar mhuirir an Fhorais ach cibé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn tá na Rialacháin faoi láthair mí-oiriúnach. Measann an Comhchoiste gur cheart an fhoráil i dtaobh táillí sa dá ionstraim a leasú chun go bhfreagróidh sé do nithe mar atá. Má chinntear ar ball táillí a fhorchur, a rialú nó a athrú, ba chóir Rialacháin leasaitheacha oiriúnacha a dhéanamh ina sonrófar méid na dtáillí sin. Sa tslí sin tiocfaidh na táillí faoi réim iniúchta an Chomhchoiste agus d’fhéadfadh sé sin a mholadh na táillí a chur ar neamhní dá measadh sé iad a bheith iomarcach.


D. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (COIMEÁDÁN BHUIDÉIL A THOMHAS), 1977 [I.R. Uimh. 237 de 1977].

Táillí

13. Tugann na Rialacháin seo feidhm do Threoir ón gComhairle Uimh. 75/107/CEE a lorgaíonn go n-áiritheofaí saorghluaiseacht ar fud an Chomhphobail do bhuidéil atá monaraithe de réir ghráid shonraithe cruinnis agus a bhfuil comharthaí áirithe marcáilte orthu. Tá foráil san Ionstraim go ndéanfaidh Cigire Meáchan agus Tomhas seiceálacha áirithe a bhfuil foráil ina leith sa Treoir agus go muirearófar i leith seirbhísí an Chigire cibé táillí a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. Mar gheall ar na cúiseanna atá leagtha amach cheana féin i mír II den tuarascáil seo d’iarr an Coiste ar an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh cén chúis nárbh fhéidir na táillí a shonrú san ionstraim. Tá freagra na Roinne faoi athchló i bhFoscríbhinn IV. Tugann an Comhchoiste dá aire ó fhreagra na Roinne go bhfuil beartaithe Bille Meáchan agus Tomhas nua a thabhairt isteach ina mbeidh foráil maidir leis na táillí sin. Faoin bhforáil sin beidh ar an Aire Rialacháin a cheapadh do dhéanamh socrú le haghaidh leibhéal agus modh tobhaigh agus diúscartha na dtáillí sin. Beidh an fhoráil sin cinnte ina réiteach ar na heasnaimh a luaigh an Comhchoiste. Ina theannta sin, níl sé socair fós an muirearófar aon táillí in aon chor faoi na Rialacháin. Ós mar sin atá, níl sé á mholadh ag an gComhchoiste go ndéanfar aon bheart maidir leis na Rialacháin.


E. NA hORDUITHE IASCAIGH MHARA (CAOMHNÚ AGUS SAOTHRÚ RÉASÚNACH) (UIMHREACHA 5, 6 agus 8), 1977 [I.R. Uimhreacha 259 agus 260 agus 402 de 1977].

Cuspóir na nIonstraimí

15. Tá na horduithe thuasluaite a rinneadh faoi alt 35 den Acht Iascaigh (Leasú), 1962, caite anois ach tá pointe tábhachtach le sonrú i ndáil leo maidir le reachtaíocht thánaisteach Comhphobail a chur i ngníomh. De réir an Roinn Iascaigh (féach Foscríbhinn V) ba é cuspóir na nOrduithe (Uimh. 5 agus 6) Rialachán Uimh. 1672/77 ón gComhairle a chur i ngníomh. Inter alia, tá foráil sa Rialachán sin, a tháinig i bhfeidhm an 27 Iúil 1977, go mbeadh toirmeasc ar iascach díreach scadán go dtí (a) 31 Lúnasa 1977 amach ó chóstaí Thiar agus Thiar-Theas na hÉireann agus (b) go dtí 31 Nollaig 1977 amach ón gcósta Thoir. Fadaíodh an toirmeasc deiridh sin go dtí 31 Eanáir 1978 le Rialachán Uimh. 2899/77 ón gComhairle a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 1978. Bhí foráil (Airteagal 3) in Ordú (Uimh. 5) go dtoirmiscfí iascach scadán sa limistéar sonraithe (i.e. amach ó na cóstaí Thiar agus Thiar Theas) ó 4 go 31 Lúnasa 1977. Bhí foráil den sórt céanna in Ordú (Uimh. 6) maidir leis an gcósta Thoir i leith na tréimhse 4 Lúnasa go 31 Nollaig 1977 agus d’airbheartaigh Ordú (Uimh. 8) an toirmeasc sin a fhadú go dtí 31 Eanáir 1978.


Dír-infheidhmeacht Rialachán Comhphobail

16. De réir Airteagal 189 de Chonradh CEE beidh feidhm ghinearálta ag Rialachán Comhphobail agus beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Forálann Airteagal 191 go bhfoilseofar Rialacháin in Iris Oifigiúil an Chomhphobail agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a shonrófar iontu nó, mura sonraítear dáta chuige, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe. I gcás 34/73 [1973] ECR 990 d’fhógair Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal go gciallaíonn dír-fheidhmiú Rialacháin go bhfuil a theacht i ngníomh agus a fheidhmiú i bhfabhar nó i gcoinne iadsan faoina réir neamhspleách dá ghlacadh isteach, is cuma cá mhéid, sa dlí náisiúnta. I gcás 34/73 [1973] ECR 981 a bhaineann leis an éifeacht a bheadh le forálacha Rialacháin Comhphobail a thabhairt isteach i reachtaíocht náisiúnta na hIodáile is é an rialú a thug an Chúirt nach incheadaithe aon nós imeachta trína ndéanfaí brí Chomhphobail rialach dlí a cheilt orthu sin atá faoina réir.


Comhréireacht Orduithe Aire le Rialacháin ón gComhairle

17. Foráileadh le Rialachán Uimh. 1672/77 go dtiocfadh sé i bhfeidhm an lá i ndiaidh a fhoilsithe san Iris Oifigiúil. Foilsíodh é in Iris an 26 Iúil 1977 agus dhealródh sé gur tháinig an toirmeasc a d’fhorchuir sé ar iascach scadán i ngníomh an 27 Iúil 1977. Rinne na hOrduithe ón Aire (Uimh. 5 agus 6), a shamhail de thoirmeasc a fhorchur, áfach, le héifeacht ón 4 Lúnasa 1977.


Barúlacha an Chomhchoiste

18. Ní deacair don Chomhchoiste glacadh le háiteamh na Roinne (féach Foscríbinn V) gur gá, ar a shon go bhfuil gach Rialachán ó Chomhairle CEE infheidhmithe go díreach i ngach Ballstát, gur gá i gcásanna áirithe iad sin a fhorlíonadh i reachtaíocht náisiúnta ar mhaithe lena gcur i bhfeidhm go héifeachtúil. Ina theannta sin aontaíonn sé gur dócha go mbeadh an toirmeasc ar iascach scadán ar mí-éifeacht gan é a bheith athneartaithe le forálacha éagsúla tacaíochta na nOrduithe ón Aire. Ach ní fheiceann an Comhchoiste aon chúis luaite i meabhrán na Roinne a chuirfeadh ina luí air gur ghá an dír-thoirmeasc a bhí forchurtha agus fadaithe cheana féin le Rialacháin ón gComhairle a athlua sna hOrduithe ón Aire agus an toirmeasc a chur i bhfeidhm ó dháta niba dhéanaí ná an dáta a bhí ordaithe i Rialachán Uimh. 1672/77 ón gComhairle. Tá na hOrduithe áirithe sin caite anois ach ba mhaith leis an gComhchoiste aird a tharraingt ar an ábhar toisc go gcreideann sé gur bonn mearbhaill é forálacha i Rialacháin Chomhphobail a ghlacadh isteach i reachtaíocht náisiúnta.


F. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MÉADAIR FHUARUISCE), 1977 [I.R. Uimh. 320 de 1977].

19. Rinne an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh na Rialacháin seo an 12 Deireadh Fómhair 1977 agus cuireann siad i ngníomh Treoir 75/33/CEE ar chomhfhogasú dlíthe Ballstát maidir le méadair fuaruisce. Sa lua atá ann ar údarás reachtúil tá tagairt d’alt 2 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, ar a shon dáiríre gurb é alt 3 den Acht an t-alt iomchuí. Glacann an Comhchoiste leis go ndeachaigh an Roinn i gcomhairle leis an Ard-Aighne agus go bhfuil seisean tar éis a chomhairliú nach ndéanann an dearmad aon difear do bhailíocht na hionstraime.


G. AN tORDÚ CHUN ALLMHAIRÍ A RIALÚ (CUÓTA UIMH. 51) (TEICSTÍLEACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1977 [I.R. Uimh. 107 de 1977].

AN tORDÚ CHUN ALLMHAIRÍ A RIALÚ (CUÓTA UIMH. 52) GRÉASÁIN THEICSTÍLEACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1977 [I.R. Uimh. 108 de 1977].

RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (TEICSTÍLEACHA ILGHNÉITHEACHA), 1977 [I.R. Uimh. 196 de 1977].

RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (GRÉASÁIN THEICSTÍLEACHA ILGHNÉITHEACHA), 1977 [I.R. Uimh. 197 de 1977].

20. Is é cuspóir na n-ionstraimí sin modhnuithe agus leasuithe éagsúla a dhéanamh ar an Ordú chun Allmhairí a Rialú (Cuóta Uimh. 51) (Teicstíleacha Ilghnéitheacha), 1964 agus an tOrdú chun Allmhairí a Rialú (Cuóta Uimh. 52) (Gréasáin Theicstíleacha Ilghnéitheacha), 1964, d’fhonn iad a thabhairt ar comhréir le riachtanais CEE. Níl aon tagairt i gceachtar de na hionstraimí do reachtaíocht tánaisteach an Chomhphobail ónar fríth siad agus dá bhrí sin, b’éigean don Chomhchoiste meabhráin a lorg a mhíneodh cad iad na hoibleagáidí Comhphobail a bhí i gceist. Tá na freagraí a fuarthas faoi athchló i bhFoscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil seo


21. Dealraíonn sé ó na freagraí a fuarthas ón Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh go dtig I.R. Uimh. 107 agus 108 ó Rialachán 109/70 ón gComhairle agus ó Chinntí 75/210 agus 74/214 ón gComhairle agus go dtig Uimh. 196 agus 197 ó Rialacháin ón gComhairle 109/70 agus 1439/74. I gcás I.R. Uimh. 196 agus 197 de 1977 a rinne an tAire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 admhaíonn an Roinn gur de thaisme a fágadh ar lár tagairt do reachtaíocht tánaisteach CEE agus gur imeacht ón ngnáthchleachtadh é nár tugadh faoi deara. I gcás I.R. Uimh. 107 agus 108 de 1977 a rinne an Rialtas faoin Acht chun Iomportálanna do Rialú, 1934 áitíonn an Roinn nach mbeadh sé oiriúnach tagairt do reachtaíocht Chomhphobal na hEorpa. Ag géilleadh áfach do na barúlacha a luaigh an Comhchoiste roimhe seo, tá sé á bhreithniú ag an Roinn, i gcásanna as seo amach ina mbeadh sé oiriúnach sin a dhéanamh, tagairt a fhoilsiú do fhorálacha iomchuí CEE i nóta míniúcháin leis an Ionstraim Reachtúil áirithe nó sa Tuarascáil iomchuí do Thithe an Oireachtais faoi Fhorbairtí sna Comhphobail Eorpacha.


22. In ionstraimí reachtúla den sórt sin aontaíonn an Comhchoiste lena réamhtheachtaí gur cheart go mba léir bainteachas aon reachtaíocht tánaisteach Chomhphobail ó léamh na hionstraime féin. Ní leor an t-eolas sin a chur isteach i dtuarascálacha sé-mhíosúla an Rialtais. Níl sé curtha ina luí in aon chor ar an gComhchoiste go bhfuil sé mí-oiriúnach tagairt do reachtaíocht Chomhphobail a lua i dtéacs ionstraime arna déanamh faoi reacht seachas Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Is dóigh leis an gComhchoiste go bhféadfaí tagairt mar sin a chur isteach i mbrollach iomchuí nó, faoi leagan feiliúnach focal, sa ghnáth-lua údaráis. Ba mhaith leis an gComhchoiste go ndéanfadh an Roinn athscrúdú ar an ngné seo den scéal. Ar aon chuma, mura bhfuil aon tagairt le bheith sa téacs, ní léir don Chomhchoiste cúis ar bith le gan eolas iomlán ar an bpointe a thabhairt sa mheabhrán míniúcháin. Ionann agus a réamhtheachtaí, creideann an Comhchoiste ní hamháin gur cheart tagairt a bheith sa mheabhrán don reachtaíocht Chomhphobail iomchuí ach gur cheart tuairisc achomair a bheith ann ar fhorálacha iomchuí na reachtaíochta sin.


H. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (BLÁTHANNA GEARRTHA, BLEIBÍNÍ BLÁTHÚLA AGUS DUILLIÚR ORNÁIDEACH), 1977 [I.R. Uimh. 129 de 1977].

Cuspóir na hIonstraime

23. An tAire Talmhaíochta a rinne an ionstraim seo faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 agus is é a cuspóir na rialacha a chur i bhfeidhm atá leagtha síos i Rialacháin na Comhairle maidir le caighdeáin cháilíochta do bhleibíní bláthúla, cormáin, tiúbair, bláthanna gearrtha úra, agus duilliúir ornáideacha úra. Airbheartaíonn sé pionóis a fhoráil i leith sárú ar na rialacha sin agus a chinntiú go n-urramófar na rialacha trína chumasú d’oifigigh údaraithe dul isteach in áitribh, taifid a iniúchadh agus samplí a thógáil. In aon chás nach bhfuil samplí de réir caighdeáin féadfaidh an tAire a cheangal go ndíothófar na hearraí. Tá freagra na Roinne Talmhaíochta ar roinnt ceisteanna a d’ardaigh an Comhchoiste leagtha amach i bhFoscríbhinn VII a ghabhann leis an tuarascáil seo. Ba mhaith leis an gCoiste trácht ar dhá phointe i bhfreagra na Roinne.


Cionta

24. Deir Rialachán 4 de na Rialacháin:—


“Duine a dhéanfaidh aon toradh nó aon táirge a chur ar taispeáint, a thairiscint lena dhíol nó a chur suas lena dhíol, a dhíol, a sholáthar nó a mhargú ar shlí eile nó a onnmhairiú nó a allmhairiú, nó a choimeád nó a iompar mar shárú ar Airteagal 3 de Rialachán 234/68 nó Airteagal 2 de Rialachán 315/68 (arna leasú le hAirteagal 1 de Rialachán (CEE) on gComhairle Uimh. 338/77 an 14 Feabhra 1977) nó ar Airteagal 2 de Rialachán 316/68 beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur air.”.


Tá sé á áiteamh ag an Roinn nach é atá á chur in iúl leis an fhoráil sin go bhféadfadh gach ceann de na bearta a luaitear i Rialachán 4 a bheith ina shárú ar na Rialacháin uile ón gComhairle dá dtagraítear; ach go bhfuil Rialachán 4 á fhágáil faoin léitheoir féin na Rialacháin ón gComhairle atá luaite ansin a léamh d’fhonn a fháil amach go beacht cad iad na toirmisc áirithe faoi gach ceann acu a bhfuil pionóis ina leith á bhforchur le Rialachán 4. Ní ghlacann an Comhchoiste leis gur cheart dua a leagan ar an léitheoir nuair a d’fhéadfaí sin a sheachaint. Measann sé go bhféadfaí na toirmisc atá á bhforchur le Rialacháin 234/68 agus 315/68 (arna leasú) ón gComhairle a leagan amach ar leithligh go héasca san ionstraim baile.


Gnóthaí lena mbaineann

25. Baineann Rialachán 6(6) den ionstraim reachtúil na gnóthaí seo a leanas, eadhon:


(a) aon toradh a luaitear in Airteagal 1 de Rialachán 315/68 a dhíol, a sholáthar nó a mhargú ar shlí eile, agus


(b) aon toradh a luaitear in Airteagal 1 de Rialachán 316/68 a mhórdhíol nó a allmhairiú nó a onnmhairiú.


De réir na Roinne ní foláir an tagairt do thoradh a dhíol nó a sholáthar i Rialachán 6(6) (e) a léiriú mar ní a fholaíonn aon ghnóthas atá bainteach le honnmhairiú go dtí tríú tíortha. Ach ba ghá de réir dealraimh tagairt shonrach a chur i Rialachán 6(6) (b) do allmhairiú agus onnmhairiú. Is dóigh leis an gComhchoiste gur léir go mba chóir tagairt a bheith i Rialachán 6(6) (a) do ghnó onnmhairithe go tríú tíortha.


I. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (CUNTAIS ÁRACHAIS NEAMHSHAOIL), 1977 [I.R. Uimh. 401 de 1977].

Cuspóir na hIonstraime

26. Ceanglaíonn na Rialacháin sin ar ghnóthais árachais neamh-shaoil in Éirinn tuairisceáin a chur faoi bhráid an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh sna foirmeacha atá leagtha amach sa sceideal a ghabhann leis na Rialacháin. Gabhann na tuairisceáin sceidealta ionad na dtuairisceán a sonraíodh sna hAchtanna Árachais, 1909 go 1971. Tá gá leis an athrú i bhfoirm na dtuairisceán chun go bhféadfaidh an tAire a fheidh meanna maoirseachta a fheidhmiú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-shaoil), 1976. Rinneadh an ionstraim sin chun Treoir 73/239/CEE ón gComhairle a chur i ngníomh, Treoir a bhaineann le ceart bunaíochta gnóthas árachais neamh-shaoil.


Eolas a iarrfar ar Ghnóthais

27. Tá Comhlachas Árachais na hÉireann tar éis a chur in iúl don Chomhchoiste go bhfuil forálacha na hIonstraime Reachtúla idirdhealaitheach sa mhéid go ndéantar dealú bunúsach, maidir leis an eolas a bheidh le tabhairt ag árachóirí agus foilsiú an eolas a thugtar, idir cuideachtaí árachais agus siondacáití de chuid Lloyd. Tá cás an Chomhlachais bunaithe ar an áiteamh (a) go mbeidh sé i bhfad níos costasaí na tuairisceáin a bheidh á lorg ar chuideachtaí árachais a thiomsú ná iad sin a bheidh á lorg ar Shiondacáití Lloyd, (b) go n-áiritheoidh foilsiú na dtuairisceán go mbeidh rochtain ag Lloyd ar i bhfad níos mó eolais i dtaobh na gcuideachtaí árachais atá san iomaíocht leo ná mar a bheidh acusan i dtaobh na Siondacáití agus (c) cé go bhfuil sé socair faoi na Rialacháin go mbeidh na tuairisceáin a chuirfidh na cuideachtaí árachais isteach ar oscailt le haghaidh a n-iniúchta ag gach uile dhuine in Oifig Chláraithe na gCuideachtaí, ní bheidh na tuairisceáin a chuirfidh Siondacáití Lloyd isteach ar fáil ach amháin i Leabharlann an Oireachtais, áit nach bhfuil rochtain ag na cuideachtaí árachais air.


28. Taispeánann an fiafraí a rinne an Comhchoiste faoin ábhar seo nach ndéanadh na Siondacáití ar leithligh de chuid Lloyd tuairisceáin a chur ar fáil in aon chor go dtí seo ionas go bhfeictear dó gur feabhas iad na Rialacháin ar an scéal sin. Tá sé curtha in iúl don Choiste nach féidir le Siondacáití ar leithligh, mar gheall ar an gcineál córais chuntasaíochta atá in úsáid ar fud an domhain faoi láthair, nach féidir leo eolas a sholáthar maidir le hÉirinn ar choimisiúin agus ar éilimh a bhíonn amuigh i ndáil le hárachas seachas árachas gluaisteáin. Tá sé deimhnithe dó, áfach, go bhfuiltear ag gabháil i gcónaí don cheist i dtaobh eolas níos iomláine a fháil.


29. Measann an Comhchoiste nach foláir do Shiondacáití Lloyd, faoi Threoir 73/239/CEE ón gComhairle, gach uile eolas a sholáthar is gá le go bhféadfaidh an tAire a chuid feidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú go hiomlán. Tá súil aige go leanfar go lándúthrachtach den cheist i dtaobh breis eolais a fháil uathu. Maidir leis na tuairisceáin a tugadh a chur ar fáil do chuideachtaí árachais, ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl gur doiciméid phoiblí na doiciméid a leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais, de bhua Buan-Orduithe na dTithe. Dá bhrí sin, measann an Comhchoiste gur chóir don Roinn cóipeanna de na tuairisceáin a chur ar fáil do Chomhlachas Árachais na hÉireann agus d’aon chuideachta árachais a iarrfaidh iad.


J. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (EACHTRAN-NAIGH), 1977 [I.R. Uimh. 393 de 1977].

Uiríolla i gcoinne Cinneadh

30. An tAire Dlí agus Cirt a rinne na Rialacháin sin agus cuireann siad i ngníomh roinnt Treoracha ón gComhairle maidir le náisiúnaigh CEE do theacht isteach agus do chónaí sa tír. Tá cóipeanna den chomhfhreagras le Roinn an Aire maidir leis an ionstraim leagtha amach i bhFoscríbhinn VIII a ghabhann leis an tuarascáil seo. Ba mhaith leis an gComhchoiste trácht ar phointe amháin i meamram na Roinne den 20 Meitheamh 1978.


31. Tá foráil sna Rialacháin, de réir ceanglas na Treorach, le haghaidh údarás a cheapadh chun uiríolla a bhreithniú ó dhaoine lena mbaineann i gcoinne cinntí codarsnacha. Earnáil amháin a bhfuil sé ceadaithe dóibh leis na Rialacháin uiríolla a dhéanamh is éard iad féin náisiúnaigh CEE a bhí sa Stát go dleathach agus a ndiúltaítear dóibh teacht i dtír ina dhiaidh sin. Ní ó aon fhoráil speisialta sna Treoracha ón gComhairle a thig an fhoráil seo agus b’éigean don Chomhchoiste dá bhrí sin a bhreithniú ar chóir glacadh leis mar shlí chun an chumhacht a úsáid a thugtar don Aire faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Measann an Coiste gur foráil réasúnach é agus go bhfuil sé i gcomhréir go ginearálta le cuspóirí na dTreoracha ón gComhairle. Dá dhroim sin tháinig sé ar an gcinneadh gur úsáid réasúnach é den chumhacht a thugtar don Aire faoi alt 3(2) d’Acht 1972.


K. AN tORDÚ d’FHORCHUR DLEACHTANNA (Uimh. 233) (RÁTAÍ DLEACHTA MÁIL AR THÁIRGÍ TOBAC), 1977 [I.R. Uimh. 384 de 1977].

NA RIALACHÁIN UM THÁIRGÍ TOBAC, 1977 [I.R. Uimh. 38 de 1977].

Cúlra

32. I mí Iúil, 1973, chuir Treoir 72/464/CEE ón gComhairle tús le próis chomhchuibhithe na ndleachtanna máil ar thoitíní sa Chomhphobal. Thug sé isteach córas faoina mbeadh an dleacht a mhuirearófaí i ngach Ballstát déanta suas go páirteach de chomhchuid shonrach (cáin an toitín) agus go páirteach de chomhchuid ad valorem (bunaithe ar an bpraghas miondíola). Cinneadh nach gcuirfí an córas sin i ngníomh i gcás na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe go dtí 1 Eanáir 1978. Tugadh an córas isteach iarbhír in Éirinn leis an Acht Airgeadais (Dleacht Mháil ar Tháirgí Tobac), 1977.


33. Tá cumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim le hAcht 1977 rialacháin a dhéanamh agus baineadh leas as an gcumhacht sin in I.R. Uimh. 389 de 1977 do dhéanamh forálacha i dtaobh nithe áirithe maidir le hallmhairiú, monarú, stórasú, ceadúnú agus cruinniú dleachtanna. An Rialtas a rinne an ionstraim reachtúil eile agus luaitear go bhfuil sé ag brath ar chumhachtaí a tugadh dóibh le hAcht 1977 agus reachtanna níos luaithe. Sonraíonn sé na rátaí ar dá réir atá an dleacht a fhorchuirtear le hAcht 1977 le cur i bhfeidhm maidir le táirgí éagsúla tobac. Sá mhéid gur ó na reachtanna luaithe a thig sé ní foláir é a dhaingniú le hAcht ón Oireachtais agus tá foráil le haghaidh an daingnithe sin in alt 28 den Bhille Airgeadais, 1978.


An Bhaint le hÁbhar atá ag Téarmaí Tagartha an Chomhchoiste

34. Luaitear an dá ionstraim reachtúil san Aonú Tuarascáil Déag ón Rialtas ar Fhorbairtí sna Comhphobail Eorpacha i measc ionstraimí reachtúla eile (i.e. seachas rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972) is gá de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail Eorpacha a rinneadh sa tréimhse 1 Iúil 1977—31 Nollaig 1977.


35. Ar leithligh óna chuid feidhmeanna maidir le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 tá sé de chumhacht ag an gComhchoiste faoina théarmaí tagartha scrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar “cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin”. Faoin gceannteideal sin bíonn an Coiste ag déileáil leis na cásanna sin ina bhfuil reachtaíocht tánaisteach Chomhphobail á chur i ngníomh go díreach, ní le reacht ná le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ach le hionstraim reachtúil arna déanamh faoi reacht éigin eile.


36. Tá an Comhchoiste tar éis teacht ar an mbarúil nach dtagann an dá ionstraim atá i gceist faoi réim a théarmaí tagartha. Chítear dó nach mbaineann fo-reachtaíocht ach le athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht tánaisteach Chomhphobail a bhíonn á ghlacadh isteach mar chuid den dlí baile go díreach trí ionstraim reachtúil agus tuarascáil a thabhairt air sin do na Tithe. Nuair a bheidh reachtaíocht Chomhphobail á chur i ngníomh le reacht beidh deis faighte cheana féin ag na Tithe na ciallachais go léir a mheas agus bheadh aon ionstraimí reachtúla a dhéanfar faoi reacht ceaptha chun an reacht a chur i ngníomh seachas an reachtaíocht Chomhphobail bhunaidh.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Meitheamh 1978.