Committee Reports::Report No. 19 - Micro-Pollutants in water Atmospheric Pollutants, Pollution of Ground Water Sulphorous Emissions from Fuel Oil and Protection of Electrical Equipment::28 June, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí seo a leanas ón gCoimisiún:—


Dréacht-Chinneadh ón gComhairle ag glacadh le gníomh comhbheartaithe maidir le hanailísiú ar mhicrea-thruailleáin in uisce [R/281/78 (RECH 17)].


Dréacht-Chinneadh ón gComhairle ag glacadh le gníomh comhbheartaithe maidir le hiompraíocht fhisice-cheimiceach aer-thruailleán [R/280/78 (RECH 16)].


Dréacht-Treoir ón gComhairle chun uisce talún a chosaint ar thruailliú ó shubstaintí contúirteacha áirithe [R/236/78 (ENV 3)].


Leasú ar dhréacht-Treoir ón gComhairle i dtaobh úsáid olaí breosla d’fhonn astaíochtaí sulfaracha a laghdú [R/1986/77 (ENV 114) (ECO 212)].


Dréacht-Treoir ón gComhairle i dtaobh chomhfhogasú ar dhlíthe na mBallstát maidir leis na ceanglais ghinearálta i leith foirgníochta agus cineálacha áirithe cosanta do threalamh leictreach a úsáidtear in atmasféir inphléascacha (R/3316/77 (ECO 307)].


2. Baineann na chéad cheithre thogra le Clár Gnímh na gComhphobal Eorpach um an Timpeallacht. Baineann an cúigiú togra le comhchuibhiú ar na dlíthe náisiúnta d’fhonn constaicí áirithe a chur as bealach na trádála i dtrealamh leictreach sa Chomhphobal.


Micrea-thruailleáin in Uisce.

3. Is é is aidhm don togra seo comheagrú a dhéanamh go ceann ceithre bliana ar an taighde atá ar siúl nó á bheartú sna Ballstáit faoi mhicreathruailleáin orgánacha in uisce agus le go bhféadfaí obair atá á dhéanamh ag stáit eile atá i gcomhar le chéile san Eoraip faoi Thaighde Eolaíoch agus Theicniúil (COST) a thabhairt faoi réim an chomheagraithe sin. Cuireadh tionscadal dá shórt, ina raibh Éire páirteach, i gcrích faoi stiúradh COST i 1972-76.


4. Is é is aidhm don taighde substaintí truaillithe uisce a bhrath agus a gcainníocht a chinneadh agus na torthaí a mheas (tá breis agus 1,200 substaintí truaillithe aimsithe go dtí seo, agus ar a líon sin tá comhdhúile atá fíorthocsaíneach agus fíorcharcanaigíneach). Nuair a bheidh na torthaí ar fáil féadfar barúil níos fearr a thabhairt ar an dochar a dhéanann truailliú uisce do shláinte an duine.


5. Tugadh le fios don Chomhchoiste go mbeadh Éire páirteach sa tionscadal trí fhaisnéis a chur ar fáil faoin obair atá ar siúl faoi láthair ag an bhForas Forbartha agus go mba chabhair don tír seo faisnéis a fháil faoi aon taighde den sórt sin atá ar siúl ag Stáit eile atá rannpháirteach ann.


Aer-thruailleáin

6. Is é is aidhm don togra seo comheagrú a dhéanamh ar thaighde na mBallstát faoi réimeanna áirithe den aer-thruailliú agus dul i gcomhar sa taighde atá ar siúl ag tíortha eile atá páirteach in COST. Faoi mar a tharla maidir leis na togra faoi thaighde ar thruailliú uisce is as tionscadal COST i 1972-76 a d’fhás an togra seo.


7. Tá beartaithe taighde a dhéanamh go ceann ceithre bliana sna réimeanna seo a leanas:


(a) Staidéir ar chomhshó agus iompar aer-thruailleán,


(i) staidéir shaotharlainne,


(ii) staidéir sheachtracha,


(iii) múnlú.


(b) Staidéir ar dheascadh agus súiteacht aer-thruailleán.


Meastar go dtabharfaidh an taighde tuiscint níos fearr ar gach a mbaineann le haer-thruailliú agus ar an gcaoi a dtéann sé i gcionn ar shláinte an duine agus ar an timpeallacht.


8. Tugadh le fios don Chomhchoiste go mbeadh Éire páirteach sa tionscadal trí fhaisnéis a chur ar fáil faoin obair atá ar siúl faoi láthair ag an Roinn Innealtóireachta Ceimicí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Dála an tionscadail a bhaineann le micrea-thruailleáin in uisce ba chabhair d’Éirinn faisnéis a fháil faoi aon taighde den sórt céanna atá ar siúl sna Stáit eile atá rannpháirteach ann.


Truailliú Uisce Talún

9. Tá an Treoir seo bunaithe ar Threoir 74/464/CEE ón gComhairle dar dáta an 4 Bealtaine, 1976, ina ndéileáiltear leis an truailliú a tharlaíonn nuair a scardtar substaintí contúirteacha áirithe amach in uisce. Mhol Airteagal 4 Treoir ar leithligh a leagan amach maidir le huisce talún. Is é is cuspóir don Treoir atá beartaithe gach uile acmhainn uisce talún is inúsáidte a chosaint ar thruailliú. Is é an míniú a thugtar ar uisce talún, an t-uisce go léir faoi dhromchla na talún sa réigiún tuilithe atá i dteagbháil go díreach leis an talamh. Forálann an Treoir toirmeasc a chur ar shubstaintí Liosta I (an liosta dubh) a scardadh amach go díreach in uisce agus rialú a dhéanamh trí chóras údaraíochta ar na substaintí sin a scardadh go neamhdhíreach agus, ina theannta sin, na substaintí ar Liosta II (an liosta liath) a scardadh go díreach nó go neamhdhíreach amach in uisce.


10. Ceapadh an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977, chun a áirithiú go gcoimeádfar gach uile achmainn náisiúnta uisce ar chaighdeán sásúil a bheidh ag cur leis na buntáistí éagsúla a bhaineann leo. Rialaítear uiscigh faoin Acht agus is é an míniú atá ar an téarma “uiscíoch” “aon stratam nó comhstratam a stórálann nó a thugann dóthain uisce chun fónamh mar fhoinse do sholáthar uisce”. Measann an Roinn Comhshaoil go bhfuil an méid sin ag cur le téarmaí na dréacht-treorach faoina bhfágtar uisce talún neamhinúsáidte scoite as an áireamh. Measann sí freisin go bhfuil na príomh-phrionsabail eile atá sa Treoir bheartaithe, go háirithe maidir le scardáin a thoirmeasc agus a údarú (ceadúnú) fara coinníollacha ag rialú tiubhachán substaintí agus araíonna na meán glactha ag cur leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm in Éirinn. Ach tharraing an Roinn aird ar fhoráil amháin sa Treoir bheartaithe atá as cor agus a bhaineann le scardáin neamhdhíreacha a údarú, e.g. ábhair a shíothlaíonn sa talamh agus atá inrialaithe faoi alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977, ach nach bhfuil incheadúnaithe faoin Acht sin. Tuigtear don Chomhchoiste gur thug toscaireachtaí na hÉireann agus na Breataine le fios nuair a bhí an togra á scrúdú ag Gasra Oibre na Comhairle gurbh fhearr a d’fhóirfeadh an togra faoi scardáin neamhdhíreacha a rialú, amhail mar a bhí molta sa Treoir áirithe seo, do reachtaíocht faoi fhuíoll soladach nó tocsaíneach a dhiúscairt agus go mbeadh forálacha an togra ag brú isteach ar na forálacha i dTreoracha lenar glacadh cheana ina leith seo. Tacaíonn an Comhchoiste leis an dearcadh sin agus tá súil aige go leasófar an togra dá réir sin.


11. Is dóigh leis an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh, má ghlactar leis an Treoir atá beartaithe, go dtabharfaí ar roinnt tionscal sa tír seo a ligean fuíoll amach in uisce talún gléasra cóireála a chur i bhfearas. Deir an Roinn, cé nach bhfuil meastacháin dhearfa ar fáil go fóill, go bhféadfadh an costas a bheith sách mór. Measann an Comhchoiste nach ceart aon chostas thar mar is gá chun freastal do cheanglais an Achta Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977, a chur ar thionscal agus gur chóir, más gá sin, an Treoir bheartaithe a leasú chun an méid sin a áirithiú.


Astaíochtaí Sulfaracha ó Olaí Breosla

12. I ndoiciméad an Choimisiúin a scrúdaigh an Comhchoiste tagraítear do mhodhnuithe ar thogra le haghaidh Treoir ón gComhairle a rinne an Coimisiún i 1975. Tá na modhnuithe á moladh i bhfianaise na tuairme a nocht Parlaimint na hEorpa. Scrúdaigh an sean-Chomhchoiste an dréacht-tuarascáil féin agus tá cuntas aige uirthi sa chaogadú tuarascáil (Prl. 6164) dar dáta an 23 Márta, 1977.


13. Shocródh an dréacht-Tuarascáil ceantair chosanta speisialta ina ndéanann an t-aer-thruailliú ó dhé-ocsaíd sulfair agus ó thoit sárú ar na teorainneacha sonraithe. Laistigh de na ceantair sin ní fhéadfaí, cé is moite de roinnt eisceachtaí, ach ola ghannsulfair a úsáid tar éis an l Deireadh Fómhair, 1978. Bheadh socrú ann freisin do cheantair lasmuigh de cheantair chosanta speisialta chun déileáil le tiubhacháin áitiúla de dhé-ocsaíd sulfair agus de thoit agus le ráigeanna d’aimsir chortha.


14. Faoin leasú atá á mholadh anois bheadh roinnt athruithe le déanamh agus, ar na cinn is tábhachtaí díobh sin, moltar:


(a) laghdú ó thrí bliana go bliain amháin a dhéanamh ar an tréimhse nach foláir na teorainneacha sonraithe a bheith sáraithe sula ndéanfar ceantar a ainmniú mar cheantar cosanta speisialta.


(b) laghdú ó 24 uair a chloig go 6 uair a chloig a dhéanamh ar an tréimhse a mbeadh sé ceaptha do ghléasraí atá á rialú go sealadach ola bhreosla ghannsulfair a dhó tar éis d’aer-thruailliú titim go dtí leibhéil inghlactha.


15. B’é dearcadh an sean-Chomhchoiste, fiú má ghlactar leis an Treoir, go mbeidh blianta fada ann sula mbeidh sé riachtanach ceantair chosanta speisialta a dhearbhú sa tír seo. B’ábhar mórdhíoma don Chomhchoiste é áfach go gcuirfeadh an fhoráil de cheangal ar ghléasraí dócháin lasmuigh de cheantair chosanta speisialta le grádú 100 mw de chumhacht teirmeach ola bhreosla ghannsulfair a “úsáid a luaithe is airde, ag cothrom talún laistigh de limistéar feidhme na ngléasraí, na teorainneacha sonraithe, ar feadh tréimhse 24 uair a chloig, an meán-tiubhachán dé-ocsaíde agus ábhair cháithnínigh fuaidrimh.” Bhí an Coiste den bharúil gur beag an tairbhe a dhéanfadh an fhoráil sin don tír seo agus nach mbeadh sé ceart ná cóir go dtabhódh Bord Soláthair an Leictreachais aon mhórchostas breise dá bharr. Laghdódh an leasú atá molta an tréimhse ó 24 uair a chloig go 6 uair a chloig.


16. Tugadh le fios don Chomhchoiste go mbíonn athrú, le gach coinsíneacht, ar an gcion sulfair in ola bhreosla a úsáideann Bord Soláthair an Leictreachais ina stáisiúin ghineadóireachta ach gur cóngaraí do 3% ná do 2% de réir meáchain an meán. Thiocfadh dó go mbeadh os cionn 4% sa chion is mó. Dá mbeadh ola bhreosla ghannsulfair le húsáid go forleathan i stáisiúin ghineadóireachta thitfeadh ualach trom airgid ar Bhord Soláthair an Leictreachais. Cé nach bhfuil aon mheastacháin chinnte déanta ar an gcostas a bhainfeadh leis an dréacht-Treoir a chur i bhfeidhm measann an Bord dá mbeadh air ola bhreosla ghannsulfair a úsáid go leanúnach i Staisiún Cumhachta na Rinne (270 mw) go gcosnódh sé tuilleadh mór agus £1 milliún breise sa bhliain de réir praghsanna 1977. Ba throime arís an costas i Stáisiún an Phoill Bhig ag a bhfuil 240 mw mar rátú ach atá le méadú go 510 mw i 1978-79. Measann an Bord dá mbeadh air cloí go hiomlán le hola bhreosla ina bhfuil 1% de chion sulfair, go mbeadh suas le 20% de mhéadú ar an £50 milliun a íocann sé as ola gach bliain. Thairis sin, má bhíonn lánghléasra faireacháin le cur i bhfearas sna stáisiúin, tharraingeodh sé £300,000 de chaiteachas breise ar gach stáisiún ar feadh ré saoil an stáisiúin. Níl aon chúlchistí airgid ag an mBord agus chaithfeadh na caiteoirí táillí níos airde a íoc leis an gcostas sin a ghlanadh. Go ginearálta, bíonn 1% d’ardú ar phraghas an leictreachais le gach £2 mhilliún breise costais a thiteann ar an mBord. Cé go bhfuil an Comhchoiste ar aon tuairim leis an sean-Chomhchoiste go gcaithfear cur i gcoinne togra a cheanglódh orainn ola bhreosla ghannsulfair a úsáid measann sé gur cheart a iarraidh ar an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán tomhas iniúchóireachta a dhéanamh ó am go ham chun a áirithiú go bhfuil promhadh éigin ar an tiubhachán de dhé-ocsaíd sulfair san aer.


Cosaint do Threalamh Leictreach

17. Tugadh roinnt rialacha isteach faoi Threoir 76/117/CEE dar dáta an 18 Nollaig, 1975 chun constaicí teicniúla a chur as bealach na trádála i dtrealamh leictreach a úsáidtear in atmasféir inphléascacha. Leag na rialacha síos go gcaithfeadh an trealamh sin cloí le caighdeáin chomhchuibhithe ach níor sonraíodh na caighdeáin sin. Is é is aidhm don togra seo seacht gcaighdeán chomhchuibhithe a shocrú.


18. Tugadh le fios don Chomhchoiste gur beag an tionchar a bheidh ag Treoir bhunaidh 1975 agus ag an togra nua maidir le hÉirinn. Ní dhéantar an trealamh dá dtagraíonn siad in Éirinn. Níl aon deiseanna in Éirinn chun an trealamh sin a thástáil agus, ó thaobh gnó, ní bheadh sé ceart ná cóir na deiseanna sin a chur ar fáil faoi láthair. Dá bharr sin, is dócha go gcaithfear leas a bhaint as deiseanna tástála lasmuigh den tír.


19. Tá an reachtaíocht Éireannach a bhaineann leis an ábhar seo le fáil sna Rialacháin Leictreachais a rinne an tAire Saothair faoin Acht Monarchan, 1955 agus faoin Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965. D’fhéadfadh mionleasuithe a bheith riachtanach ar na Rialacháin sin chun a áirithiú nach sáróidh siad Airteagal 4 de Threoir 1975 faoina gcoisctear ar Bhallstát toirmeasc a chur le díol nó le saorghluaiseacht nó le ceartúsáid an trealaimh lena mbaineann an Treoir áirithe sin. Beidh sé de dhualgas ar Éirinn freisin comhlacht ceadaithe nó comhlachtaí údaraithe a bhunú nó a cheapadh chun feidhm a thabhairt d’fhorálacha éagsúla i dTreoir 1975 agus sa togra nua, má ghlactar leis. As Treoir 1975 a d’fhás an togra seo agus níl aon chur ina choinne ag an gCoiste.


Comhlachtaí óna bhfuarthas comhairle

20. Chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle leis na comhlachtaí seo a leanas faoi na tograí atá luaite anseo thíos:


R/280/78

 

R/281/78

An Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta.

agus

An Taisce

R/236/78

 

R/1986/77

An Taisce

 

Bord Soláthair an Leictreachais.

R/3316/77

Cónaidhm Thionscail na hÉireann.

 

Comhar Ceardchumann na hÉireann.

 

Cumann Conaidhme na bhFostóirí

 

Comhairle Leictre-Theicniúil na hÉireann.

Gabhann an Coiste a bhuíochas leis na comhlachtaí sin a chur meabhráin isteach chuige nó a chur a mbarúlacha in iúl dó.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Meitheamh, 1978.