|
TUARASCÁILRéamhrá1. Bhreithnigh an Comhchoiste an dréacht-Rún ón gComhairle ar chlár gnímh Comhphobail i dtaobh sábháilteacht agus sláinte ag obair a chuir an Coimisiún chun na Comhairle an 19 Nollaig 1977 [R/3311/77 (SOC 341)]. Sa Chlár Gnímh Shóisialta leanar ghlac sí i 1974 ghabh an Chomhairle uirthi féin glacadh le clár d’fheabhsú dálaí sláinte agus sábháilteachta ag obair mar cheann de na bearta a thugann faoi cheann dá chuspóirí luaite a bhaint amach, eadhon, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú. An clár atá beartaithe ag an gCoimisiún, leanann sé as comhchomhairlí a bhí ar siúl thar tréimhse dhá bhliain le Rialtais náisiúnta, ceardchumainn, fostóirí agus buíonta saineolaithe. 2. Tá traidisiún fada ag na Ballstáit uile ag cur sláinte agus sábháilteacht tionscail chun cinn. Ach tá an Coimisiún ag iarraidh comhbheartas coiscthe i ndáil le gach uile fhiontar ceirde a thionscnamh, a chur ar aghaidh agus a fhorbairt. Tiocfaidh de sin go mbeidh sé riachtanach ní amháin smaointe agus bunphrionsabail a chomhchuibhiú, ach freisin ascnamh teicniúil agus eagraíocht oibre a phleanáil agus a threorú sa tslí go gcuirfear riachtanais sláinte agus sábháilteachta san áireamh. 3. Tá an Coimisiún tar éis a iarraidh ar an gComhairle cinneadh a ghlacadh ar an gclár beartaithe faoi dheireadh na bliana seo. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste go raibh an dréacht-chlár faoi scrúdú ag Meitheal Ceisteanna Sóisialta na Comhairle agus go bhféadfar a bheith ag súil le cinneadh ón gComhairle go luath. An Clár Beartaithe4. Is iad seo a leanas na rudaí atá luaite mar chuspóirí an chláir bheartaithe: (a) an dáil oibre a fheabhsú le go méadófaí sábháilteacht agus le haird chuí ar riachtanais sláinte in eagrú na hoibre, (b) eolas a fheabhsú d’fhonn fiontair a aithint agus a mheas agus deiseanna coiscthe agus rialaithe a thabhairt chun foirfeachta agus (c) dearcadh na ndaoine a fheabhsú d’fhonn is go mbeidh meabhair níos fearr agus níos forbartha acu do shábháilteacht agus sláinte. Chun na cuspóirí sin a shroichint tá na túsbhearta seo a leanas á moladh ag an gCoimisiún:— —gnéithe sábháilteachta a bheith ina gcuid chorpraithe de dhearadh, táirgeadh agus oibríocht áiteanna oibre, innealra, trealaimh, etc, —a chinntiú cad iad na teorainneacha risíochta a bhainfeadh le hoibrithe i gcás truailleán agus substaintí díobhálacha a bheadh i láthair nó ba dhóigh a bheadh i láthair ag obair, —faireachas níos fairsinge a dhéanamh ar shláinte agus sábháilteacht oibrithe, —fiosrú faoi chúiseanna tionóiscí agus galar agus na fiontair a bhaineann le hobair a mheas, —taighde ar shláinte agus sábháilteacht cheirde a chomhordú agus a chur ar aghaidh, agus —meabhair do shláinte agus sábháilteacht a fhorbairt trí oideachas agus oiliúint. Tá roinnt bearta áirithe i bhfís i ngach réimse acu sin mar atá curtha síos go comair sa dréacht-chlár. Ciallachais d’Éirinn5. Má ghlacann an Chomhairle leis an dréacht-chlár, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh tograí éagsúla ag teacht ón gCoimisiún ar na gnéithe iomaí sláinte agus sábháilteachta ag obair a mbaineann an clár leo. Go dtí go mbeidh fáil ar na tograí mionsonraithe sin, ní féidir a mheas conas a rachaidh an scéal i gcion sa deireadh thiar ar thionscal agus talmhaíocht na Éireann. 6. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste nach é atá ar intinn treoracha ceangailteacha a thabhairt isteach i gcás na mbeart go léir atá á moladh. Tuigtear don Chomhchoiste, nuair a bheidh aontaithe ar an ngréasán ginearálta, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún meithleacha oibre saineolaithe ar na “túsbhearta” a thabhairt le chéile, agus go molfaidh siad sin foirm na n-ionstraimí a bheidh le cur ar aghaidh ag an gCoimisiún. Is í an aidhm ghinearálta lámhleabhair nó múnlaí a chur ar fáil ar leibhéal Comhphobail a dhéanfaidh gnó mar eolairí do Bhallstáit ar leithligh. Is é an dóigh, áfach, go n-eiseofar roinnt treoracha, go speisialta i dtaobh truailleán sonraithe. 7. Tá cuid mhaith reachtaíochta ann a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas ceirde oibrithe go mórmhór i dtionscail atá á riaradh ag an Roinn Saothair. Tá sásra ann cheana féin chun an reachtaíocht atá ann a oiriúnú le go mbeidh sé ag gabháil de réir aon reachtaíocht Chomhphobail a d’fhéadfadh teacht. Ar leithligh ó rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, tá foráil sa Bhille um Shábháilteacht i dTionscal, 1978, atá os comhair na Dála faoi láthair, á chumasú don Aire Saothair reachtaíocht láithreach a leasú le hordú ionas go mbeidh sé i gcomhréir le haon oibleagáidí idirnáisiúnta. Tá sé beartaithe leis an mBille freisin oibleagáid reachtúil a chur ar sholáthróirí gléasra chun a chinntiú go mbeidh gach uile dheis chosanta is gá ar an ngléasra sin roimh é a sholáthar chun go n-oibreoidh sé go sábháilte. Tá sé sin i gcomhréir le ceann de thúsbhirt an dréachtchláir. 8. Beidh spéis ag an Roinn Oideachais sna túsbhearta atá á moladh sa dréacht-chlár agus arb é a gcuspóir go ndéanfaí meabhair do shábháilteacht agus do shláinte a fhorbairt sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí bhíthin oideachais agus oiliúna. Sa mhéid a bhaineann le hoideachas is é an cuspóir go múinfí sna scoileanna bun-phrionsabail oideachais sábháilteachta agus sláinte. Maidir leis sin atá sé á bheartú ag an gCoimisiún, iad féin agus comhlachtaí atá freagrach in oideachas náisiúnta, réamhstaidéir a dhéanamh d’fhonn pleanáil chomhchuibhithe a shainiú ar leibhéal Comhphobail. 9. Tá ábhar díreach spéise freisin don Roinn Talmhaíochta sa cheist faoi oideachas agus oiliúint sa chúram do shábháilteacht ag obair sa mhéid gurb é is bonn do bheartas na Roinne maidir le sábháilteacht feirme a chur ar aghaidh i rith na mblianta. Tá baint aige go háirithe le dáil fheirmeoireachta na hÉireann sa mhéid gurb iad na feirmeoirí féin agus a gclann, agus nach oibrithe fostaithe, an fórsa saothair is mó. Tarlaíonn an chuid is mó de na tionóiscí ar fheirmeacha na hÉireann le linn bheith ag innliú tarracóirí. Tarlaíonn tuilleadh le linn innill agus uirlisí eile, nó ceimiceáin, a bheith á n-úsáid, nó le linn ainmhithe, etc., a bheith á n-ionramháil. Meastar gurb é an tslí is éifeachtúla chun deireadh a chur leis na contúirtí sin an pobal feirmeoireachta a theagasc agus a oiliúint chun réamhchúram ceart a ghlacadh. Ghlac an Roinn uirthi cheana féin comhordú a dhéanamh ar dhá thaibhsiú CEE de Shábháilteacht sa Talmhaíocht agus beidh spéis díreach aici in aon obair eile ar an ábhar a ghabhfaidh an Comhphobal ar láimh. Tuairimí Comhlachtaí lena ndeachthas i gComhairle10. Measann Cumann Cónaidhme na bhFostóirí gur féidir i gcoitinne glacadh le hábhar an dréacht-chláir. Ach mar gheall ar réim fhorleathan agus tograí mós ginearálta an chláir, measann sé nach bhféadfar trácht níos sonraithe a dhéanamh go dtí go scrúdófar dréacht de na moltaí, de na rialacháin nó de na treoracha a thiocfaidh de. Tharraing an Chónaidhm aird freisin ar a fheabhas a d’éirigh san am atá caite le beartas na gCigirí Tionscail chun cabhrú go gníomhach le cuideachtaí maidir le cúrsaí sábháilteachta agus chuir sé in iúl go raibh dóchas aige an chabhair sin a leathnú nuair is gá sin de thoradh bearta eile lena nglacfar do chomhlíonadh an chláir. 11. Tá curtha in iúl ag Comhlachas Feirmeoirí na hÉireann go dtabharfaidh sé lán-tacaíocht d’iarrachtaí Comhphobail chun go mba shábháilte saothrú ar fheirmeacha. Go háirithe, aontaíonn sé leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun dearadh tarracóirí agus inneall a fheabhsú le go mbeadh sé níos sábháilte innealra mar sin a oibriú. Cé nach bhfuil scrúdú an dréacht-chláir críochnaithe ag an gComhlachas, tá forchoimeádais curtha in iúl aige maidir le togra i dtaobh substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, i dtaobh srianta agus coscanna oibre a chomhchuibhiú ar leibhéal Comhphobail agus i dtaobh an méid uaire oibre a shaothrófar. Tá sé i bhfabhar le bearta réasúnacha chun úsáid ceimiceán nimhiúla a dhéanamh níos sábháilte ach leagann sé béim ar an ngá atá lena chinntiú go mbeidh na bearta lena nglacfar inoibrithe agus praiticiúil. Maidir leis an bhfaireachas ar dhálaí sláinteachais agus saothair óna dtig cineálacha risíochta le gníomhairí éagsúla fisiciúla, ceimiciúla agus bitheolaíochta a bhíonn i láthair sa timpeallacht saothair, measann an Comhlachas gur mhaith an rud cuid den fhaireachas sin a dhéanamh in Éirinn ionas go gcuirfear dálaí Éireannacha san áireamh go cuí. 12. Chuir Dónal Ó Súilleabháin ó Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann tacaíocht lándaingean leis an gclár beartaithe in iúl. Dar leis, go gcumhdaíonn sé roinnt réimsí, agus go háirithe sláinte ag obair, ina bhfuil feabhsuithe ag teastáil go géar. Creideann sé go bhfuil forbairtí i roinnt Ballstát go mór chun tosaigh cheana féin orthu sin sa tír seo agus go n-éascódh sé le caighdeáin a ardú anseo dá nglacfaí le clár comhchoiteann. Barúlacha an Chomhchoiste13. Féachann an Comhchoiste ar an gclár beartaithe Comhphobail mar ghréasán rí-mhaith a bhféadfaí laistigh de dlús a chur le cosaint níos fearr d’oibrithe. Is í Éire an tír is lú chun cinn de na Ballstáit i gcúrsaí tionscail agus mar sin tá deis aici a áirithiú go nglacfar ó thús leis na caighdeáin is airde sláinte agus sábháilteachta sna tionscail nuabhunaithe agus is iad na caighdeáin is túisce lena nglacfar iad sin a thagann de thoradh taighde forleathan agus tacaíocht leo ó shaineolaithe ag a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta. Ba cheart go gcabhródh an clár beartaithe leis an gcuspóir sin má ghlactar leis. 14. Fáiltíonn an Coiste roimh an mbéim atá leagtha sa chlár beartaithe ar an ngá atá le gnéithe sábháilteachta a chorprú i ndearadh láithreacha oibre, innealra, trealamh agus gléasra. Molann sé freisin an bhéim a leagtar ar shláinte ag obair, gné nár mhiste breis aird a thabhairt uirthi sa tír seo. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil gá lena chinntiú ní amháin caighdeáin chearta a fhorordú ach fós faireachas rialta a dhéanamh ar shláinte oibrithe lena dheimhniú gur leor iad mar chaighdeáin. Is léir gur mír riachtanach den chlár cúram do shláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn agus is í barúil an Choiste nár mhór do chláir oiliúna cuidiú leis an dualgas sin. 15. Baineann an clár beartaithe le réimse chomh fairsing sin gur dóigh go mbeidh gá, má ghlactar leis an gclár, tosaíochtaí a bhunú agus amscála a leagan amach chun na bearta éagsúla a chur i gcrích. Ba mhaith leis an gComhchoiste dá dtabharfaí tosaíocht éigin don ghníomh atá beartaithe i dtaobh (a) torann agus tonnchrith a rialú, (b) comhchuibhiú ar na leibhéil incheadaithe risíochta le substaintí tocsaineacha nó le substaintí a dhéanfadh díobháil choirp do dhuine, (c) carcainigíní, (d) tocsaineolaíocht a mheas agus (e) faireachas ar shábháilteacht agus ar shláinte lucht saothair. Admháil16. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl as an mórchúnamh a fuair sé, le linn an togra seo a bheith faoi scrúdú, ó Chumann Cónaidhme na bhFostóirí, ó Chomhlachas Feirmeoirí na hÉireann agus ó Dhónal Ó Súilleabháin ar shon Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann. (Sínithe) EOIN Ó RIAIN, Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste. 28 Meitheamh, 1978. |
||||||||||||