Committee Reports::Report No. 16 - Misleading and Unfair advertising::28 June, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Bhreithnigh an Comhchoiste togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle i dtaobh fógraíocht atá míthreorach agus éagórach [R/511/78 (consom 6)].


2. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE a bhaineann le dlíthe náisiúnta a chomhfhogasú agus is é cuspóir atá leis míréireachtaí sna dlíthe náisiúnta a bhaineann le fograíocht éagórach agus mhídhleathach a chur ar ceal. Sa mhéid gur bealach míchuíúil fógraíocht den sórt sin chun dul i gcion ar an bpróis mhargaidh meastar gur rud é a théann in éifeacht ar fheidhmiú an chómhargaidh. Ina theannta sin foráltar sa Réamhchlár do bheartas chun Cosaint agus Eolas a thabhairt do Thomhaltóirí lenar ghlac an Chomhairle an 14 Aibreán 1975 go nglacfar bearta iomchuí ar láimh in aghaidh fógraíochta a bhíonn bréagach nó míththreorach.


3. Tá an Comhchoiste tar éis dul i gcomhairle le Foras na gCleachtóirí Fógraíochta in Éirinn, le Cónaidhm Thionscail na hÉireann, le Comhlachas Tomhaltóirí na hÉireann agus le Comhlachas Ban Tí na hÉireann mar gheall ar an Treoir bheartaithe agus ba mhaith leis admháil a thabhairt sa mhór-chúnamh a fuair sé uathusan le linn an togra a bheith faoi scrúdú.


Ineachar an Togra

4. Faoin Treoir ciallaíonn “Fógraíocht” aon fhógrairt a dhéanamh i gcúrsa trádála, gnó nó gairme d’fhonn soláthar earraí nó seirbhísí a chur ar aghaidh. Tá an togra dírithe in aghaidh fógraíocht atá (a) míthreorach nó (b) éagórach mar atá mínithe sa dréacht-Treoir.


5. Ciallaíonn “Fógraíocht mhíthreorach” aon fhógraíocht atá bréagach go hiomlán nó go páirteach nó, ag féachaint don éifeacht iomlán a bhíonn leis, ar a n-áirítear an bealach a chuirtear i láthair é, a dhéanann tríd sin daoine a bhfuil sé dírithe chucu nó a shroicheann sé a chur amú nó ar dóigh dó iad a chur amú, mura rud é nach bhféadfaí go réasúnach fios a fháil roimh ré go sroichfí na daoine sin tríd.


6. Folaíonn “Fógraíocht éagórach” go formhór aon fhógraíocht (a) a thugann drochtheist ar dhuine eile trí thagairt mhíchuíúil dá náisiúntacht, dá bhunadh, dá shaol príobháideach nó dá dhea-cháil; (b) a dhéan-ann dochar nó ar dóigh dó dochar a dhéanamh do chlú tráchtála duine eile trí ráitis bhréagacha nó trácht clúmhillteach i dtaobh a ghnólachta, a earraí nó a sheirbhísí; nó (c) a bhaineann leas míchóir as iontaobh, sochreidmheacht nó easpa cleachtadh thomhaltóra, nó a théann i gcion nó ar dóigh dó dul i gcion ar thomhaltóir nó ar an bpobal i gcoitinne ar aon bhealach míchuí eile.


7. Toisc go gcaithfear fógairt a dhéanamh “i gcúrsa trádála, gnó nó gairme d’fhonn soláthar earraí agus seirbhísí a chur ar aghaidh” ní thagann fógraíocht pholaitiúil ná fógraíocht ag daoine príobháideacha faoi réim na Treorach. Lamhálfar fógraíocht chomparáideach ag eagraíochtaí neamhspleácha toisc nach mbíonn orthu díol earraí nó seirbhísí a chur ar aghaidh. Agus de ghnáth ní bhainfidh an Treoir le hábhar eagarthóireachta sna nuachtmheáin ach oiread, toisc nach bhfuil ceaptha dóibh díol earraí nó seirbhísí a chur ar aghaidh.


8. Chuirfeadh an Treoir d’oibleagáid ar Bhallstáit saoráidí éifeachtúla neamhchostasacha chun imeachtaí dlí a bhunú a sholáthar gan mhoill do dhaoine ar ghoill fógraíocht mhíthreorach nó éagórach orthu agus freisin do chomhlachais a mbeidh leas dlisteanach acu san ábhar.


9. Má cheadaíonn Ballstát do chomhlachtaí féinrialaithe urlámh a oibriú d’fhonn fógraíocht mhíthreorach nó éagórach a bhacainniú, nó má thugann sé aitheantas don urlámh sin, ansin, aon daoine nó comhlachtaí ag a bhfuil ceart imeachtaí dlí a thionscnamh faoin Treoir beidh ceart acu freisin dul i dtadhall le comhlachtaí den sórt sin.


10. Chuirfeadh an dréacht-Treoir de cheangal ar Bhallstáit a chinntiú go mbeadh cumhacht ag a chuid cúirteanna bearta sonraithe áirithe a dhéanamh, lena n-áirítear fógraíocht mhíthreorach nó éagórach a thoirmeasc nó éirí as a leithéid, ráitis cheartúcháin a fhoilsiú agus a chinntiú gur leor de shás coisc na smachtbhannaí i leith sárú na Treorach.


11. Ní bhacfach an dréacht-Tuarascáil ar Bhallstáit bearta níos déine ná mar a bheidh sonraithe sa dréacht-Tuarascáil a ghlacadh ar láimh nó a chothabháil ach iad sin a bheith i gcomhréir le Conradh CEE.


An scéal in Éirinn

12. Faoin Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978, a ritheadh le déanaí is cion é tuairisc thrádála bhréagach nó tuairisc thrádála mhíthreorach a thabhairt ar earraí, nó earraí a dhíol a dtabharfar tuairisc thrádála bhréagach nó mhíthreorach orthu; forálann sé go bhfuil fógráin i nuachtáin, i dtréimhseacháin nó ar chraoltaí scannáin, fuaime nó teilifíse ina dtuairiscí trádála a bhforálann an tAcht pionóis ina leith má bhíonn siad bréagach nó míthreorach agus cuireann sé na forálacha sin i mbaint le soláthar seirbhísí i gcúrsaí gnó. Tugann an tAcht cumhachtaí á cheangal go gcaithfear fíorais thábhachtacha, a b’fhéidir a choinneofaí gan lua nó a cheilfí, a insint i bhfógráin agus i bhfógraí. Tá forálacha ann a chabhróidh lena chinntiú go mbeidh “díolacháin” agus tairiscintí praghais laghdaithe ag gabháil leis an bhfírinne. Tá foráil ann le haghaidh Orduithe Cúirte a thabhairt ag toirmeasc fógraí míthreoracha a fhoilsiú. Bunaíonn an tAcht freisin Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí agus déantar foráil ann le haghaidh a chuid feidhmeanna, ar a n-áirítear cleachtais nó cleachtais bheartaithe a choimeád faoi bhreithniú go ginearálta i ndáil le fógraíocht, agus faisnéis agus cuntas a thabhairt do dhaoine den phobal i dtaobh earraí, seirbhísí, cóiríocht agus saoráidí, scrúdú a dhéanamh ar aon chleachtas den sórt sin, a iarraidh ar dhaoine atá ag gabháil d’aon chleachtais den sórt sin, ar dóigh dóibh a bheith míthreorach do dhaoine den phobal, éirí as na cleachtais sin, agus imeachtaí a thionscnamh san Ard-Chúirt ag lorg Orduithe á cheangal ar dhaoine atá ag gabháil d’aon chleachtais den sórt sin, ar dóigh dóibh a bheith míthreorach nó atá míthreorach, scor de na cleachtais sin.


13. Tá Cód na gCaighdeán Fógraíochta i bhfeidhm freisin ar bhonn saorálach mar threoir do fhógróirí, dáileoirí, gníomhaireachtaí fógraíochta dóibh sin atá i gceannas ar mheáin fhógraíochta agus do sholáthróirí meán fógraíochta éagsúla. Ceanglaíonn an Cód go mbeadh gach uile fhógraíocht dlíthiúil, modhúil, macánta agus fírinneach. Má sháraítear an Cód cuireann Coiste Chód na gCaighdeán smachtbhannai i bhfeidhm. Dhealródh sé ón Treoir bheartaithe go mbeidh sí á cheangal ar an Stát a chinntiú go mbeadh rochtain ar an gCoiste seo ag pearsana aonair lena mbainfidh agus ag comhlachais a mbeidh leas dlisteanach acu sa scéal.


Barúlacha an Chomhchoiste

14. Chuirfeadh an Treoir bheartaithe d’oibleagáid ar Bhallstáit saoráidí tapaidh, éifeachtúla, neamhchostasacha a sholáthar chun imeachtaí dlí a thionscnamh do dhaoine lena mbainfeadh fógraí míthreoracha nó éagóracha, mar a mhínítear sa Treoir, agus freisin do chomhlachais a mbeidh leas dlisteanach acu sa scéal. Is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil roinnt ciallachas tábhachtacha d’Éirinn sa togra seo agus gurb iad seo a leanas is mó suntas—


(a) An oibleagáid á chinntiú go mbeidh imeachtaí dlíthiúla “neamhchostasach” chomh maith le “tapaidh” agus “éifeachtúil”, chiallódh sé sin de réir dealraimh nár mhór dlínse agus comhdhéanamh na gCúirteanna a athrú.


(b) An rialú atá beartaithe a dhéanamh ar fhógráin trí chaingne shibhialta is ar éigin a d’fhéadfadh sé a bheith ann in aon chor in éineacht leis an gcóras a thugtar isteach leis an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978, a chuireann os a chomhair fógráin bhréagacha nó mhíthreoracha a chosc trí áiteamh, orduithe cúirte nó inchúiseamh coiriúil.


(c) Thabharfadh an togra cúiseanna nua caingne don phearsa aonair i gcoinne fógróra mar gheall ar chur isteach ar a phríobháideacht (tagairt mhíchuí dá shaol príobháideach) nó leas míchóir a bhaint as a iontaobh, a shochreidmheacht nó a easpa cleachtadh nó dul i gcion air ar aon bhealach míchuí eile.


(d) Ón uair go n-áirítear sa mhíniú ar “fhógraíocht éagórach” tagairtí míchuí do dhea-cháil duine, ráitis bhréagacha a dhéanann dochar dá chlú tráchtála agus trácht clúmhillteach i dtaobh a ghnólachta, a earraí nó a sheirbhísí ba chóir dá chionn sin scrúdú a dhéanamh ar éifeacht na Treorach beartaithe ar an dlí mar atá sé maidir le clúmhilleadh, clúmhilleadh earraí agus bréag dhíobhálach nó mhailíseach.


(e) Maidir le ceart caingne a thabhairt do chomhlachais le leas dlisteanach d’fhéadfadh dá chionn sin go dtabharfaí caingne ionadaitheacha i gcoinne fhógróirí mar gheall ar inter alia idirdhealú sóisialta a chur ar aghaidh nó dul i gcion ar an bpobal ar aon bhealach míchuí.


15. Measann an Comhchoiste gurb iad Tithe an Oireachtais amháin atá i dteideal a chinneadh ar mhaith an rud é athruithe den sórt sin a dhéanamh sa dlí, tar éis dóibh na ciallachais uile a scrúdú go hiomlán. Ní cheapann an Comhchoiste dáiríre go bhféadfadh éifeacht mar seo nó mar siúd a bheith ag aon cheann de na hábhair atá luaite ar oibriú an chómhargaidh agus dá dhroim sin tá amhras air an bhfuil sé ar inmhe na Comhairle rialú le Treoir faoi Airteagal 100 de Chonradh CEE.


16. Dar leis an gComhchoiste tá sé i bhfad ró-luath bheith ag smaoineamh ar athruithe móra a dhéanamh sa chóras a tionscnaíodh leis an Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978. Ba cheart caoi cothrom a thabhairt don chóras agus molann an Comhchoiste gur cheart gach uile iarracht a dhéanamh lena chinntiú go leasófar an Treoir bheartaithe ionas go n-áiritheofar nach ndéanfar ach a laghad athrú is féidir sa chóras sin.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Meitheamh, 1978.