Committee Reports::Report No. 15 - Maintenance of Minimum Stocks of Crude Oil and / or Petroleum Products::28 June, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Bhreithnigh an Comhchoiste Togra an Choimisiúin le haghaidh Treoir ón gComhairle ag Leasú Treoir 68/414/CEE, ón gComhairle dar dáta an 20 Nollaig 1968 (arna modhnú le Treoir 72/425/CEE ón gComhairle dar dáta an 19 Nollaig 1977) faoinar cuireadh d’oibleagáid ar Bhallstáit Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa stoic íosta amh-ola agus/nó táirgí peitriliam a chothabháil [R/20/78 (ENER 2)]. Tugadh tuairisc sa cheathrú agus sa daicheadú tuarascáil ón sean-Chomhchoiste ar Threoir 68/414/CEE agus Treoir 72/425/CEE ón gComhairle agus ar na Rialacháin Éireannacha á bhforghníomhú.


2. Faoi Threoir 68/414/CEE, arna leasú le Treoir 72/425/CEE ón gComhairle, tá de dhualgas ar Bhallstáit cúlstoic amh-ola agus/nó táirgí peitriliam a chothabháil ina mbeidh, ar a laghad, 90 oiread a meán-chaitheamh inmheánach laethúil an bhliain féilire roimhe sin. Forálann Treoir 68/414/CEE ón gComhairle go bhféadfar suas le 15% de dhíolúine a thabhairt ón oibleagáid stoc-choimeáda sin i gcás na ndíorthaíoch ó amh-ola dhúchasach a úsaideann an Ballstát táirgthe.


3. In Éirinn, forálann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Stoic Íosta Olaí Peitriliam), 1974 go 1977, lena dtugtar feidhm do Threoir 68/414/CEE agus Treoir 72/425/CEE, go gcoimeádfar an méid íosta reachtúil de stoic ola nach foláir d’allmhaireoirí ola a choimeád sa bhaile nó i gcéin ar leibhéal a thabharfaidh cothrom 80 lá ar a laghad den mheánchaitheamh inmheánach laethúil an bhliain féilire roimhe sin. Ó tharla cothrom 10 lá de sholáthar stoic teagmhais a bheith á choimeád ar Faoide, tá cothrom 90 lá ar a laghad san iomlán de sholáthar stoic ar láimh i gcónaí.


Togra an Choimisiúin

4. Go dtí seo níor iarradh aon athchóiriú a dhéanamh ar an leibhéal díolúine 15% mar gheall ar na mionmhéideanna amh-ola a táirgeadh sa Chomhphobal. Anois, áfach, tá an teorainn 15% scoite ag an Ríocht Aontaithe agus leis an saothrú breise atá ar siúl tá an chuma air go mbeidh Ballstáit eile in ann an mhórchuid dá n-éileamh náisiúnta ola a shásamh trí tháirgeadh dúchasach. Dá chionn sin, mhol an Coimisiún modhnú a dhéanamh ar Threoir 1968. Faoin Treoir atá beartaithe d’ardódh an teorainn díolúine ó 15% go dtí 40% ar a mhéid. Thairis sin, ní amháin go mbeadh feidhm, amhail mar a tharla i gcás an díolúine 15%, ag an díolúine 40% atá molta sna Ballstáit sin a bhfuil ola dhúchasach á táirgeadh acu, ach bheadh feidhm aici freisin i mBallstáit a úsáideann díorthaigh amh-ola a tháirgtear i mBallstáit eile. Is dóigh leis an gCoimisiún go luíonn sé leis an gcóir bogadh a dhéanamh ar an oibleagáid chun stoic a choimeád i gcás amh-ola dhúchasach mar go spreagfadh sé táirgeadh breise.


5. Forálann an Treoir atá beartaithe freisin, má tharlaíonn deacrachtaí soláthair, go mbeidh ar Bhallstát a sholáthairtí amh-ola agus díorthaíoch le haghaidh Ballstáit eile a choimeád ar aon leibhéal le meánleibhéal ráithiúil na bliana roimhe sin nó ar leibhéal a chinnfidh an Comhphobal.


Tionchar maidir le hÉirinn

6. Má ghlactar leis an díolúine atá beartaithe bheadh tionchar na díolúine sin ar oibleagáid na hÉireann chun stoic a choimeád ag brath ar a mhéid a úsáidimid d’amh-ola (nó a díorthaigh) a tháirgtear inár dtír féin nó i mBallstát eile. D’fhéadfadh an díolúine uasta laghdú anuas go 54 lá a thabhairt ar an oibleagáid chun cúlstoc 90 lá a choimeád. I dtaca leis an togra chun onnmhairí a choimeád le Ballstáit eile i gcás deacrachtaí soláthair ní bheadh aon tionchar aige ar Éirinn mura bhfaighfear agus go dtí go bhfaighfear ola sa tír féin. Maidir le hallmhairí, thiocfadh dó, dá ndéanfaimis amh-ola na Mara Thuaidh (nó a díorthaigh) a allmhairiú ón Ríocht Aontaithe, go mbeadh a bheag nó a mhór de sholáthar leanúnach ar fáil againn nuair a bhainfeadh deacracht le cúrsaí soláthair.


Dearcadh an Chomhchoiste

7. Measann an Comhchoiste gur le leas na tíre agus le leas an Chomhphobail go huile é go mbeadh dóthain stoic d’olaí peitriliam á gcoimeád chun freastal d’aon chruóg a tharlódh. Ach sula bhféadfar laghdú a thabhairt ar na stoic éigeantacha atá molta ag an gCoimisiún caithfidh na Stáit tháirgthe a bheith sásta soláthairtí a choimeád ar fáil má tharlaíonn deacrachtaí i gcúrsaí soláthair. Creideann an Comhchoiste, má bhíonn ráthaíocht leordhóthanach ann chuige sin, go bhféadfaí glacadh leis an Treoir atá beartaithe.


8. Is ar na cuideachtaí ola agus ar na mórchaiteoirí ola a thiteann an costas faoi láthair stoic éigeantacha a choimeád. Má dhéantar laghdú ar na stoic atá ar coimeád beidh laghdú ar an gcostas. Dá bhrí sin, má ghlactar leis an Treoir atá beartaithe, bheadh an Comhchoiste ag súil go ndéanfaí beart lena chinntiú go bhfaigheadh an caiteoir tairbhe an laghdaithe costas.


9. Nuair a bhí an Comhchoiste i ndáilchomhairle leis na cuideachtaí ola tháinig roinnt mionphointí ar barr agus is mian leis an gComhchoiste tagairt dóibh:—


(a) Dúradh go bhféadfaí, i gcás práinne, teorainn a churle honnmhairí d’ola dhúchasach atá ag gabháil amach as CEE faoi láthair agus go bhféadfaí an méid sin a chur san áireamh chun stoic íosta a shocrú. Measann an Comhchoiste go bhféadfaí díriú ar an bpointe sin má théid Éire i mbun táirgíochta.


(b) Dúradh freisin gur chóir don Treoir atá beartaithe déileáil leis an dóigh a ndéanfaí an bhris maidir leis an méid d’ola dhúchasach atá ceadaithe do Bhallstát a chionroinnt orthu sin a bhfuil sé ceaptha dóibh na stoic a choimeád sa Stát. Is é dearcadh an Chomhchoiste gur chóir rialú na ceiste sin a fhágáil faoi reachtaíocht náisiúnta ionas go bhféadfadh na cuideachtaí ola agus na mórchaiteoirí sa tír seo an cheist a phlé leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh.


(c) Mheas cuideachta ola amháin a mbíonn táirgí a fhaightear go páirteach as mínghlanadh ar amh-olaí na Mara Thuaidh á gceannach aici óna cuideachta chleamhnaithe sa Ríocht Aontaithe gur chóir don Choimisiún foirmle a cheapadh chun déileáil leis an cheist áirithe sin. Bhí an Comhchoiste den bharúil gur cheist í a mbainfeadh reachtaíocht náisiúnta léi freisin, agus go bhféadfaí dul i gcomhairle leis an Aire ina taobh.


Buíochas

10. Tá an Comhchoiste buíoch de na gnólachtaí seo a leanas as an gcúnamh as miosúr a thug siad dó nuair a bhí an Treoir bheartaithe á scrúdú aige: BP Ireland Limited, Conoco (Ireland) Limited, ESSO Teoranta, Irish Shell Limited, McMullan Bros., agus Texaco (Ireland) Limited.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Meitheamh, 1978.