Committee Reports::Report No. 13 - Common Organisation of the Market in Sheepmeat::28 June, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Scrúdaigh an Comhchoiste an togra a rinne an Coimisiún san Aibreán, 1978 le haghaidh Rialachán ón gComhairle i dtaobh comheagrú ar an margadh caoireola [R/769/78]. Cuimsíonn an comheagrú a mholtar córas praghsanna a fholaíonn caoirigh bheo agus gabhair bheo, caoireoil, uaineoil agus feoil ghabhair. Níl olann, earra nach táirge talmhaíochta chun críocha Chonradh CEE, folaithe sa togra.


2. Nuair a thug Éire aontachas do CEE, ba í an chaoireoil an t-aon táirge beostoic nach raibh faoi réir margaidh a bheith comheagraithe. Bhí deireadh curtha le dleachtanna custam i ndáil le trádáil sa Chomhphobal agus bhí comhtharaif 15 faoin gcéad i ndáil le caoirigh bheo agus comhtharaif 20% i ndáil le caoireoil agus le huaineoil i bhfeidhm i gcás allmhaire ó áiteanna lasmuigh den Chomhphobal. Tar éis do Bhallstáit nua aontachas a thabhairt, ligeadh diaidh ar ndiaidh, i rith na hidirthréimhse, as dleachtanna custam a ghearradh ar allmhairiú astu agus cuireadh an chomhtharaif i bhfeidhm de réir a chéile i rith na hidirthréimhse ionas go mbaineann an chomhtharaif sin anois le hallmhairí as tríú tíortha isteach sna naoi mBallstáit.


3. Mar gheall ar an margadh a bheith gan chomheagrú, bhíodh roinnt Ballstáit, an Fhrainc mar shampla, ag feidhmiú beartanna náisiúnta le ioncaim a dtáirgeoirí féin a chosaint. D’urasaigh beartanna a rinne an Coimisiún faoi Airteagal 115 de Chonradh CEE comheagrú mhargadh na Fraince a fheidhmiú. Ach measann an Coimisiún go gcuireann breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gCás 48/74 Charmasson v France [1974) ECR 1383 toirmeasc le beartanna den sórt sin a dhéanamh tar éis deireadh 1977. Sa chás sin thug an Chúirt breith nach féidir le comheagrú margaidh náisiúnta, tar éis na hidirthréimhse, toirmeasc a chur ar lánfheidhmiú Airteagal 33 do Chonradh CEE ina bhfuil foráil chun deireadh a chur le sriantachtaí cainníochtaí. Is é tuairim an Choimisiúin go gcuireann an bhreith sin deireadh le haon oibleagáid a bheith ar na Ballstáit nua glacadh le córas náisiúnta na Fraince tar éis deireadh 1977.


4. I 1975 rinne an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle a dhéanfadh socrú le haghaidh comheagrú idirthréimhseach ar an margadh caoireola agus uainfheola a mbeadh feidhm leis go dtí deireadh 1977. Thug an Comhchoiste roimhe seo tuairisc ar an togra sa seachtó tuarascáil déag uaidh (Prl. 5163) den 10 Nollaig, 1975. Ach níor ghlac an Chomhairle leis an togra.


Táirgeadh, Tomhailt agus Trádáil sa Chomhphobal

5. 43.5 milliún caora a bhí sa Chomhphobal faoin Nollaig 1976 ar sa Ríocht Aontaithe a bhí 46 faoin gcéad díobh, ar san Fhrainc a bhí 25 faoin gcéad díobh, ar san Iodáil a bhí 20 faoin gcéad díobh agus ar in Éirinn a bhí 5 faoin gcéad díobh. Táirgeadh 534,000 tona caoireola sa Chomhargadh ar tháirg an Ríocht Aontaithe 245,000 an Fhrainc 154,900, an Iodáil 49,700 agus Éire 40,000 tona de. Cé is moite den Danmhairg, mar ar cuid an bheag den fheirmeoireacht inti tógáil chaorach, is í Éire an t-aon Bhallstát ar laghdaigh an líon caorach agus an táirgeadh caoireola ann le roinnt blianta anuas.


6. Tomhaltar os cionn 800,000 tona caoireola sa bhliain i gcónaí sa Chomhphobal. Níor tháinig aon athrú ar an méid a thom altar in Éirinn. Laghdaigh sé, idir 1962 agus 1976, de 29 faoin gcéad sa Ríocht Aontaithe ach mhéadaigh ar san Fhrainc, san Iodáil agus i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine de 67, 26 agus 178 faoin gcéad faoi seach. Tá difríochtaí maithe móra idir na meánmhéideanna bliantúla, in aghaidh gach duine den phobal, a tomhaileadh sna Ballstáit de réir na bhfigiúr do 1976, is é sin, Éire 9 cg, an Ríocht Aontaithe 8 cg, an Fhrainc, 4cg, an Bheilg agus Lucsamburg 1.3 cg, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine 1cg, an Danmhairg 0.4 cg, agus an Isiltír 0.2 cg, le gur 3 cg, an meánfhigiúr.


7. D’ardaigh an ráta féin soláthair sa Chomhphobal ó 59.4 go dtí 63.9 % idir 1973 agus 1978. I 1976, sholáthraigh an Nua-Shéalainn, an Airgintín, an Aistráil agus an Ungáir 80.2, 5.2, 4.6, agus 3.1 faoin gcéad, faoi seach, d’allmhaire isteach sa Chomhphobal. Is í an Ríocht Aontaithe is mó go mór a d’allhairigh: d’allmhairigh sí, i 1976, 225,000 tona nó ceithre cúigiú den mhéid a d’allmhairigh an Comhphobal, lena n-áirítear 200,000 tona uaineola reoite as an Nua-Shéalainn.


8. Mhéadaigh an trádáil sa Chomhphobal ó 60,000 go dtí 82,000 tona idir 1973 agus 1976. Is é a bhí i bhformhór na trádála sin gluaiseacht 40 go 50,000 tona isteach san Fhrainc as an Ríocht Aontaithe, as an Isiltír, as Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus as Éirinn (16,000, 15,000, 9,500 agus 1,200 tona faoi seach i 1976).


9. Is iad margaidh na Ríochta Aontaithe agus na Fraince a shocraíonn, go príomha, praghsanna caoireola na Chomhphobal. Ó 1968, timpeall 50 faoin gcéad de phraghas margaidh na Fraince an difríocht idir praghas margaidh na Fraince agus praghas margaidh na Ríochta Aontaithe. Tá an difríocht laghdaithe roinnt ó 1975, mar mhéadaigh an ceatadán den phraghas Francach arb ionann é agus praghas na Ríochta Aontaithe ó 46 faoin gcéad i 1975 go dtí 49 faoin gcéad i 1976 agus 53 faoin gcéad i 1977.


Beartanna Cosanta Náisiúnta

10. Tá allmhairiú caoireola reoite ó thíortha nach ballstáit faoi réir chuóta 3,000 tona faoi chomheagrú mhargaidh náisiúnta na Fraince. Ní thugtar údarás caoirigh bheo agus feoil, seachas feoil reoite, a allmhairiú ach amháin nuair a théann na praghsanna ar an margadh baile suas thar thairseach áirithe. Ina theannta sin, toibhítear muirear cothromaíochta a athraíonn de réir praghas an mhargaidh baile. Tá sé toirmiscithe caoirigh bheo nach mbeifear lena marú láithreach a allmhairiú; ach ceadaítear, faoi réir cuóta, caoirigh a allmhairiú, gan an muirear cothromaíochta a íoc, lena ramhrú. Tugtar cúnamh do ghrúpaí táirgeoirí caorach le caoirigh a tháirgeadh.


11. Ó thús na bliana seo tá teacht gan teorainn ar mhargadh na Fraince gan an muirear cothromaíochta a íoc ag conablaigh uan ard-cháilíochta as Éirinn de réir meáchain atá oiriúnach don mhargadh sin.


12. Tá allmhairiú isteach i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ó thíortha nach ballstáit faoi rialú dlí; ní thugtar ceadúnais ach le táirge áirithe san earnáil a allmhairiú. Cé go bhféadfaí ceadúnais a fhionraí aon tráth, níor fionraíodh aon cheann ó 1972. Tá allmhairí isteach sa Danmhairg ó thíortha nach ballstáit faoi réir cuóta. Ar an gcuóta 3,500 tona i 1977/78 bhí 500 tona as Éirinn.


13. Nuair a thiteann an margadh phraghas síos thar phraghas ráthaithe, faigheann feirmeoirí íocaíocht easnaimh ar cóimhéid, nó timpeall ar cóimhéid, leis an difríocht. Tá córas praghais ráthaithe ann freisin i gcás olla a fheidhmíonn go bunúsach mar chóras cobhsaithe praghsanna. Ní shriantar allmhairiú.


14. Sna Ballstáit eile, ní shriantar allmhairiú ná ní dhéantar aon bheartanna le tacú le hioncam táirgeoirí. Ach ní cheadaíonn Éire, ar chúiseanna sláinte tréidliachta, go hiondúil, ach ón Ríocht Aontaithe.


Oibleagáidí GATT

15. Le linn na caibidlíochta taraife i 1962, cheangail an Coiste Seisir na mírchinn seo a leanas in earnáil na caoireola:


—caoirigh íonphóir síolraíochta bheo de ghné tís (in aisce)


—caoireoil, úr, cuisnithe nó oighrithte (20%)


—scartach caorach (12%)


—sailleanna le haghaidh úsáide tionscail (in aisce)


—sailleanna eile (10%)


—caoireoil leasaithe (20%)


Laghdaíodh rátaí dleachta ceangailte le linn taraif-chaibidlíochta 1967 (scartach: 6%; sailleanna eile: 7%). I 1973 chaibidligh an Comhphobal, ar fhoras Airteagal XXIV-6 den CGTT, ar na mírchinn eile a cheangail an seisear a ligean a chuig na naoi mBallstáit. Ina theannta sin, laghaíodh an dleacht ar scartach caorach go dtí 3%. Dá réir sin, is iad seo a leanas na mírchinn in earnáil na caoireola nach bhfuil ceangailte:


—caoirigh bheo seachas ainmhithe síolraíochta íonphóir (dleacht uathrialach: 25%).


—feoil agus scartach, saillte i sáile, triomaithe nó deataithe (dleacht uathrialach: 25%)


Tógraí an Choimisiúin

16. Is iad na príomh-ghnéithe atá sa Rialachán tograithe


(i) Praghas Bunaidh


Déanfaí praghas bunaidh i gcás conablach, a d’fhéadfaí a choigeartú de réir an tséasúir, a shocrú in aghaidh na bliana don bhliain mhargaidh dar tosach 1 Aibreán faoi threoir chor an mhargaidh, ionchas forbartha, costas táirgthe agus chor earnáil na mairteola agus na laofheola. Is é an praghas bunaidh a bheadh ann do 1978/ 79 meán-phraghas meachta an Chomhphobail i 1977.


(ii) Idirghabháil


Ní bheadh sna bearta idirghabhála ach cúnamh do stórasú príobháideach agus d’oibreodh siad nuair ba lú ná an praghas bunaidh margadh-phraghas an Chomhphobail arna ríomh faoi threoir praghsanna ar mhargaidh ionadaitheacha.


(iii) Allmhairí as Tríú Tíortha


Maidir le táirgí go formhór, in ionad dleachtanna custam, d’oibríodh tobhach athraitheach in aghaidh tríú tíortha ar cóimhéid leis an difríocht idir an praghas bunaidh agus an praghas allmhaire saor-ag-an-teorainn, faoi réir tobhach nach mó ná 20% maidir le hearraí faoi cheangail CGTT. I gcás allmhairí a bheith ina gcúis le suaitheadh tromaí sa Chomhphobal d’fheadfaí “bearta iomchuí” a dhéanamh.


(iv) Trádáil sa Chomhphobal


Bheadh trádáil sa Chomhphobal saor ar fad faoi réir aon socruithe i dtaobh sláinte a bheadh ann. Bunófaí Coiste Bainistí.


(v) Préimheanna


Bheadh deireadh leis an bpréimh athraitheach athugann an Ríocht Aontaithe faoin gcóras rácthaíochta praghsanna náisiúnta. Samhlaítear go bhféadfaí cúiteamh a dheonú, mar chomhshocraíocht idirthréimhseach, le haghaidh táirgeoirí caorach ar míbhuntáiste dóibh an córas nua. D’fhéadfaí, go háirithe, préimh (a bhféadfaí a méid a athrú ó am go ham agus a méid a chinneadh de réir réigiúin) a thabhairt do tháirgeoirí a laghdódh a n-ioncam.


(vi) Airgeadas


D’íocfadh CETRT costas an Rialacháin a fheidhmiú. Moltar an ráta cobhsú tráchtála a úsáid in ionad an ráta Uaine a úsáidtear d’earnálacha eile.


Tuairimí an Chomhchoiste

17. Is prionsabal bunúsach de Chonradh na Róimhe cead gluaiste a bheith ag earraí ar fud an Chomhphobail gan srian cainníochtaí agus saor ó mhuirir cosúil le dleachtanna custam. Is é tuairim an Chomhchoiste go gcaithfear glacadh, luath nó mall, le saorghluaiseacht caoireola d’ainneoin leasanna dá mhalairt sin i gcás roinnt Ballstát. Measann sé, dá bhrí sin, gur ceart glacadh le tograí an Choimisiúin a mhéid a fhéachann siad le dlús a chur le saorghluaiseacht. Ceanglaíonn Conradh na Róimhe, áfach, go gcaithfidh comheagrú an mhargaidh caighdeán cóir mhaireachtála a chinntiú do tháirgeoirí talmhaíochta agus measann an Comhchoiste go bhfuil tograí an Choimisiúin ro-ghann ar fad faoi chúnamh agus taca a thabhairt do fheirmeoirí caorach ar comhréir leis an méid de atá de thairbhe ag táirgeoirí eile talmhaíochta. Is é an locht is mó atá ar an Rialachán atá beartaithe gan sáith brí a bheith sna beartanna atá molta le déileáil le hallmhairí as tríú tíortha ach tá an Coiste míshásta freisin leis na tograí atá molta i ndáil leis an gcóras praghsanna agus idirghabhála.


Allmhairí as Tríú Tíortha

18. Is é tuairim an Chomhchoiste nach mbeidh margadh na caoireola comheagraithe go héifeachtúil gan leorchosaint in aghaidh allmhairí. An fad a bheidh an oiread sin agus atá d’allmhairí saora as an Nua-Shéalainn ag teacht isteach ar mhargadh an Chomhphobail, go háirithe isteach sa Ríocht Aontaithe, measann an Comhchoiste go gclaonfadh praghas mhargadh an Chomhphobail chun cothrom phraghas na n-allmhairí. Ní mó de chosaint a thabharfaidh an tobhach athraitheach atá beartaithe ná a thugann an dleacht custam atá i bhfeidhm faoi láthair agus is dócha gur annamh agus nach go minic a bhainfear leas as an gclásal cosanta. Thiocfadh go mbeadh de thoradh air sin nár mhór préimheanna móra a íoc le táirgeoirí Francacha. Feicthear, dá bhrí sin, don Choiste gur gá go gcuirfeadh na tíortha soláthair teorainn cainníochta le hallmhairí nó go n-ordóidis praghas íosta a íocfaí ar allmhairí. Níor mhór, ar ndóigh, caibidlíocht sásúil a dhéanamh chuige sin leis an Nua-Shéalainn go háirithe, agus is é tuairim an Choiste go ndlitear dul in mbun na caibidlíochta sin gan mhoill.


Idirghabháil

19. Dá mbeifí gan smaoineamh ach ar ráta uilíoch féindhóthanachta an Chomhphobail ba dheacair tacú le córas praghas-tacaíochta a bhraithfeadh ar bhuan-idirghabháil. Ach is beag an bhrí a bheadh le cion féindhóthanachta an Chomhphobail gan allmhairí a bheith faoi rialú. Fairis sin de, má chobhsaíonn comhphraghsanna ar chothrom idir praghsanna na Fraince agus praghsanna na Ríochta Aontaithe d’fhéadfadh sé go n-ardódh an ráta uilíoch féindhóthanachta má tharlaíonn, mar mheastar, go méadóidh ar an tomhailt san Fhrainc ach go laghdoidh go mór, ina aghaidh sin, an tomhailt sa Ríocht Aontaithe. Ina theannta sin, ní dóigh go ndéanfar gné shéasúrach an táirgthe sin a fhrithchothromú trí bhíthin cúnaimh le haghaidh stórala príobhaidí ar cúnamh é nach dóigh dó go mbainfí leas as. Chuir an Comhchoiste na tosca sin uile i gcuntas agus is é a thuairim gur ceart gné éigin cúnaimh dhírigh praghsanna a bheith ar fáil le linn tréimhsí barrachas sealadach.


Praghas Bunaidh

20. Molann an Coimisiúin go socrófaí an praghas bunaidh tosaigh do 1978/79 ar chothrom ab ionann agus na meán-phraghsanna meáchta sna Ballstáit i 1977. Is dóigh go ndéanfaí an praghas bunaidh a choigeartú in aghaidh na bliana nuair a dhéanfaí praghsanna a athbhreithniú. Is léir go mbeadh feidhm, go ceann go leor blianta, ar chothrom na bpraghsanna táirgeoirí ag an bpraghas a shocrófaí i dtosach. I 1977 bhí praghsanna na hÉirinn íseal go saorga mar gheall an gcaoi ar oibrigh comheagrú mhargadh na Fraince agus rinne an córas íocaíochtaí easnaimh difríocht i gcás proghsanna na Ríochta Aontaithe. Aontaíonn an Comhchoiste le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, sna himthosca sin, gur cheart an praghas tosaigh a bhunú ar na meánphraghsanna meáchta bunaidh do na Sé Ballstáit bunaidh nach ndearna beartanna na Fraince i 1977 aon dochar dóibh.


Buíochas

21. Is mian leis an gComhchoiste fíorbhuíochas a ghabháil as ucht an chúnaimh fhíormhóir a thug Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann dó ag breithniú an ábhair seo.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


28 Meitheamh, 1978.