Committee Reports::Report No. 09 - Home Study Courses::26 April, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Treoir ón gComhairle ar chosaint a bheith le fáil ag rannpháirtithe i gcúrsaí staidéir bhaile (R/1985/77). Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE maidir le comhfhogasú dlíthe na mBallstát a bhaineann go díreach le bunú agus feidhmiú an Chómhargaidh. I láthair na huaire tá dlíthe speisialta i gcúig Bhallstát ag rialú cúrsaí staidéir bhaile. Níl aon reachtaíocht ar an ábhar sin in Éirinn.


Réim an Togra

2. Is é atá á lorg sa togra mic léinn atá ag déanamh cúrsaí comhfhreagrais a chosaint maidir leis na caighdeáin teagaisc a chuirtear ar fáil agus i ndáil leis na hoibleagáidí tráchtála a ghabhtar de láimh.


3. Cheanglófaí ar Bhallstáit féachaint chuige go mbeadh d’oibleagáid ar eagróirí na gcúrsaí sin, nó go mbeadh sé le glacadh mar rogha acu, a bheith creidiúnaithe chun na gcríocha sin ag comhlacht ainmnithe. D’fhéadfaí srian nó cosc a chur le gníomhaíochtaí comhlachtaí neamhchreidiúnaithe agus d’fhéadfaí creidiúnú a tharraingt siar mura gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos ag an mBallstát.


4. Bheadh rialacha sonracha ann do rialú cúrsaí a bheith á gcanbhasáil, á bhfógairt nó á gcur chun cinn. Bheadh gá le conradh i scríbhinn ina mbeadh forálacha sonracha agus bheadh toirmeasc ar chlásail áirithe. Ní cheadófaí réamhíocaíochtaí do dhul thar na táillí ab iomchuí do thrí mhí den chúrsa agus 25 faoin gcéad den chostas iomlán.


5. Thabharfadh an Treoir bheartaithe cead don mhac léinn deireadh a chur leis an gconradh laistigh de sheacht lá tar éis na hábhair mhúinte tosaigh a fháil agus aisíoc a fháil sna híocaíochtaí go léir a rinneadh. D’fhéadfadh an mac léinn deireadh a chur leis an gconradh freisin tráth ar bith ar chúis mhaith e.g. breoiteacht nó dífhostaíocht nó tar éis sé mhí gan chúis ar choinníoll go dtabharfaidh sé fógra nach rachaidh thar trí mhí. Sa chás deiridh sin ní bheadh dliteanas ar an mac léinn ach amháin i leith íocaíochtaí a bhí dlite cheana féin.


Tuairimí an Chomhchoiste

6. Níl mórán eagróirí cúrsaí staidéir bhaile ag obair sa tír seo agus níl aon fhianaise ag an gComhchoiste a thabharfadh le rá go raibh míchleachtais ar siúl anseo den sórt atá an Dréacht-Treoir ag iarraidh a chosc. Mar sin féin, fáiltíonn sé roimh an togra mar glacann sé leis gur cheart go mbeadh ráthú ag mic léinn ar chosaint an dlí a bheith acu agus creideann sé go n-oibreoidh an Treoir chun sochair do eagróirí dea-cháile trína chur i ndeimhin go mbeidh ard-chaighdeán á chothabháil.


7. Má ghlactar leis an Treoir measann an Comhchoiste nach foláir í a chur i ngníomh sa tír seo le reacht nó le hionstraim reachtúil. Sa mhéid a bhaineann le creidiúnú tuigtear don Chomhchoiste gur freagracht de chuid na Roinne Oideachais é sin. Lasmuigh de sin is faoi réim na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh a thagann an togra.


Creidiúnú

8. Forálann an Treoir bheartaithe go bhféadfaidh creidiúnú a bheith sainordaitheach nó saorálach. Dealraíonn sé don Chomhchoiste go mba leor creidiúnú saorálach sa tír seo. Ag féachaint don líon beag eagróirí atá ag obair sa tír ní mheasann sé go mb’fhiú an costas é comhlacht nua a bhunú chun gníomhú mar údarás creidiúnúcháin agus molann sé go ndéanfadh an tAire Oideachais an fheidhm sin a chomhlíonadh.


Deireadh a chur le Conradh

9. Fáiltíonn an Comhchoiste i bprionsabal roimh an bhforáil a cheadódh don mhac léinn tréimhse seacht lá chun stuanú agus a bhféadfadh sé lena linn tarraingt siar ón gConradh. Creideann sé, áfach, go mbeadh sé cineál éagórach ar na heagróirí dá bhféadfadh an mac léinn an t-ábhar múinteoireachta tosaigh a bhain le cúrsa a fháil, fótachóip de a dhéanamh agus é a chur ar ais gan íoc as. Ba leor dá dtabharfaí caoi don mhac léinn, roimh thosach na tréimhse seacht lá, féachaint ar shampla d’ábhar múinteoireachta a bhainfeadh le céim níos faide chun cinn den chúrsa.


10. Is cúram leis an gComhchoiste an fhoráil a cheadódh do mhac léinn deireadh a chur leis an gconradh tar éis fógra tráth ar bith tar éis sé mhí gan aon chúis a lua. Creideann sé go dtabharfadh sé sin ar eagróirí a dtáillí a mhéadú d’fhonn iad féin a chosaint in aghaidh a leithéid sin tarlú. Measann sé fós gur mhíchuí an rud gan a leithéid sin d’fhoráil do bhaint ach amháin le conarthaí i dtaobh cúrsaí staidéir baile agus gan é do bhaint le conarthaí eile nuair a bheadh cás chomh láidir céanna ann leis an gcustaiméir a chosaint.


Buiochas

11. Le linn don togra seo a bheith á bhreithniú aige fuair an Comhchoiste mórchúnamh ó Aontas (National Association of Adult Education), ó Choláiste Mhic Giolla Ruaidh agus ón Fhoras Oideachais Bhaile. Ba mhaith leis buíochas croí a ghabháil leis na comhlachtaí sin.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN.


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


26 Aibreán, 1978.