|
TUARASCÁILA. RÉAMHRÁTograí a Scrúdaíodh1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar na tograí a rinne an Coimisiún le haghaidh Treoracha ón gComhairle do lorg cosaint do thomhaltóirí maidir le (a) Conarthaí a caibidlíodh in áit seachas in Áitreabh Gnó [R/133/77, arna leasú le R/134/78], agus (b) Praghsanna Earraí Bia a Mharcáil agus a Chur ar Taispeáint [R/1277/77]. 2. Is é an cuspóir atá leis an gcéad togra an tomhaltóir a chosaint nuair a chuireann trádálaí tús le caibidlí chun earraí agus seirbhísí a dhíol agus é as aice a áitreabh gnó. Is é atá á lorg sa dara ceann é a bheith riachtanach go gcuirfí ar taispeáint an praghas díola agus an praghas aonaid [i.e. an praghas an t-aonad tomhais] ar earraí bia a bheidh á ndíol leis an tomhaltóir deiridh cibé acu réamhphacáistithe nó ina mórchainníochtaí. 3. Tograí iad sin a thig ó Réamhchlár Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa faoi Bheartas um Chosaint agus Eolas do Thomhaltóirí lenar ghlac an Chomhairle an 14 Aibreán 1975. Tá Meitheal Oibre leis an gComhairle tar éis an togra maidir le conarthaí a rinneadh as aice áitribh ghnó a bhreithniú cheana féin roinnt uaireanta. Ní dhearnadh breithniú go fóill ar an togra maidir le praghsú aonad. Comhlachtaí lena ndeachthas i gcomhairle4. Bhí deis ag an gComhchoiste breithniú a dhéanamh ar thuairimí Chomhlachas Ban Tí na hÉireann agus Chomhlachas Tomhaltóirí Éireann Teo maidir leis an dá thogra. I ndáil le praghsú aonad chuaigh sé i gcomhairle freisin le Comhlachas Tionscal Déiríochta na hÉireann Teo., le Cónaidhm na dTionscal Bianna, Deochanna agus Tobac (laistigh de Chónaidhm Thionscail na hÉireann) agus leis an gComhlachas Miondíoltóirí Earraí, Grósaerachta, Déiríochta agus Comhearraí. Maidir le conarthaí a caibidlíodh as aice áitreabh gnó bhí de bhuntáiste aige go bhfuair sé barúlacha ó Dhlí-Chumann Chorpraithe na hÉireann. Tá an Comhchoiste faoi mhórchomaoin ag na comhlachtaí sin as ucht a gcabhrach agus ba mhaith leis a bhuíochas croí a ghabháil le gach dream acu ar leithligh. B. CONARTHAÍ A CAIBIDLÍODH AS AICE ÁITREABH GNÓRéim an Togra5. Is é an bonn réasúin atá leis an Treoir bheartaithe go bhféadfadh tomhaltóir a bheith faoi cheataí ró-mhór dá dtiocfadh trádálaí chuige sa bhaile nó san oifig nó in áit éigin eile agus go mbeadh sé ag tairiscint earraí nó seirbhísí éigin dó gan iarraidh. D’fhéadfadh go meallfaí an tomhaltóir chun earraí nó seirbhisí a cheannach agus go bhfionnfadh sé, ar chaoi ceart machnaimh a fháil, nach dteastaíonn siad uaidh. Chuirfeadh an treoir bheartaithe d’oibleagáid ar Bhallstáit glacadh le bonnrialacha áirithe do chosaint an tomhaltóra i gcúinsí mar sin ach cheadódh sí dóibh rialacha níos déine a chur i bhfeidhm dá mba mhaith leo. 6. Bhainfeadh an Treoir le conarthaí agus gealltanais aontaoibhe a caibidlíodh as aice áitreabh gnó idir trádálaí agus tomhaltóirí ach amháin conarthaí (a) a caibidlíodh go huile ar thionscnamh an tomhaltóra, (b) a caibidlíodh i scríbhinn amháin, (c) a críochnaíodh os comhair cúirte, dlíodóra nó duine atá faoi oibleagáid ag an dá thaobh, (d) a bhaineann le maoin dochorraithe nó le cearta inti agus (e) nuair nach mó an praghas is iníoctha ná 15 ACE (tuairim £9.70). 7. Bheadh rialacha speisialta ann do rialú conarthaí “leac dorais” mar sin. Ní bheadh aon bhrí leis an conarthaí sin mura mbeidís i scríbhinn agus iad sínithe ag an tomhaltóir nó mura bhfuil eolas sonrach iontu nó mura ndearnadh cóip a thabhairt don tomhaltóir nó a chur ar aghaidh chuige láithreach. Bheadh sé de cheart ag an tomhaltóir an conradh a chealú laistigh de sheacht lá ó dháta a shínithe agus, sa tréimhse sin, lasmuigh d’aon éarlais ba ghá de réir an dlí náisiúnta, ní fhéadfaí a cheangal ar an tomhaltóir aon íocaíocht a dhéanamh ná ní fhéa dfaí aon íocaíocht a ghlacadh uaidh. Má chealaítear an conradh is ar chostas agus ar fhiontar an trádálaí a bheidh aischur aon earraí a fuarthas. Barúlacha an Chomhchoiste8. Aontaíonn an Comhchoiste láithreach go mbíonn an tomhaltóir go minic i bponc na ceataí ó thaobh caibidle nuair a thagann trádálaí gan choinne go lic an dorais chuige ag brú caint mhealltach díolacháin air. Is é cuspóir atá leis an dréacht-Treoir núis den sórt sin a mhaolú trí chosaint a thabhairt don tomhaltóir nach dtugann dlí na hÉireann dó faoi láthair. Tá an Comhchoiste ag tacú leis an gcuspóir sin go hiomlán. Caibidlí a thionscnamh9. Is é a thabharfadh idirbheart faoi réim na Treorach na caibidlí a thionscnamh as aici an áitribh ghnó. Dúradh leis an gComhchoiste go mba leor glaoch teileafóin ón trádálaí sula dtiocfadh sé ag triall ar an tomhaltóir chun idirbheart a thabhairt lasmuigh de na forálacha. Ina theannta sin, fágfar as áireamh conarthaí a caibidlíodh go hiomlán ar thionscnamh an tomhaltóra. D’fhéadfaí a áiteamh gurb ionann fiafraí teileafóin ag tomhaltóir agus tionscnamh den sórt sin ar a shon go mb’fhéidir gurb é an brú a cuireadh ar an tomhaltóir ar lic a dhorais féin a tharraing dáiríre é chun an conradh a thabhairt chun críche. Is eagal don Chomhchoiste, más ar thionscnamh na gcaibidlí a leagfar an bhéim mar chroí-lar an scéil, go bhféadfadh sé sin comhlíonadh an togra a bhac. Molann sé dá bhrí sin go mbeadh feidhm ag an Treoir freisin i gcás ina síneoidh an tomhaltóir an conradh as aice gnó an trádálaí. Moladh go bhfágfaí Idirbhirt áirithe as áireamh10. Chítear don Chomhchoiste go bhfuil seo de bhaol ag baint leis an Treoir bheartaithe, go dtugann sé cosaint don tomhaltóir i gcúinsí ina mbeadh sé faoi mhí-bhuntáiste ach ar a shon sin go bhféadfadh sé cur as do roinnt cineálacha trádála atá áiseach don tíosach. Má théann costas na seirbhíse thar 15 ACE dhealródh sé go bhféadfadh an Treoir baint le conarthaí seirbhíse a bheadh le comhlíonadh láithreach ar an spota ag daoine ar nós glantóirí simléar, glantóirí fuinneog, glascheardaithe, garradóirí ócáideacha agus a leithéidí. I gcásanna mar sin dealraíonn na ceanglais maidir le conradh i scríbhinn agus tréimhse stuanaithe a bheith mí-oiriúnach ar fad. Níl siad oiriúnach ach oiread nuair is earraí bia inmheata a bhíonn á ndíol. Ina theannta sin níorbh indéanta chor ar bith earraí áirithe a chur ar ais tar éis na tréimhse stuanaithe, mar shampla, earraí a chaitear le húsáid ar nós breosla nó earraí a soláthraíodh faoi chomhair éigeandála. Creideann an Comhchoiste go gcuirfeadh an pobal ina choinne, agus an ceart acu, dá mbeadh gnóthaí mar sin á gcur i mbaol mar gheall ar an iomarca foirmeáltachtaí. Molann sé go gcoimreofaí réim na Treorach beartaithe ionas nach n-áireofaí ann ach amháin cásanna ina bhfuil an tomhaltóir faoi mhí bhuntáiste i ndáiríre. 11. Cé go gcumhdaíonn an Treoir bheartaithe réim fairsing idirbhearta tráchtála tá Treoracha sonracha eile á dtuaradh aige chun déiléail le réimsí ar leith, mar shampla, creidmheas tomhaltóra, agus conarthaí árachais. Chítear don Chomhchoiste nach bhfuil an tógra láithreach seo ag déileáil sách maith le conarthaí den sórt sin a luaitear go deiridh. B’fhearr conarthaí mar sin a fhágáil as an togra ar fad agus déileáil leo in ionstraimí ar leithligh. Praghas is iníoctha12. Mhol an Coimisiún ar dtús nach mbainfeadh an Treoir le conarthaí nach ndeachaigh an praghas ab iníoctha ina leith thar 25 ACE ach tá an figiúr sin athraithe go dtí 15 ACE aige mar a mhol Parlaimint na hEorpa. Moladh don Chomhchoiste go mb’fhearr an figiúr a mhéadú go dtí 45 ACE in ionad é a laghdú ar an ábhar nárbh fhiú ceanglais dlí speisialta a chur ag gabháil le conarthaí a bhain le suim ba lú ná leath pá seachtaine ghnáthshaothraí. Tríd is tríd tá an Comhchoiste i bhfabhar an fhigiúir a mhol Parliamint na hEorpa toisc go gcreideann sé gur le hidirbhearta beaga a bhaineann na mí-úsáidí atáthar ag iarraidh a chur ar neamhní. Tréimhse Stuanaithe13. Fáiltíonn an Comhchoiste go háirithe roimh an bhforáil trína bhféadfadh tomhaltóir conradh a chealú laistigh de sheacht lá ó dháta a shínithe. Tugann sé dá aire go gceadódh an Treoir bheartaithe do Bhallstáit dáta níos déanaí a roghnú a bhféadfadh an tréimhse stuanaithe tosú uaidh. Creideann an Comhchoiste gur cheart leas a bhaint as sin chun ligean don tréimhse tosú in Éirinn ón dáta a glacadh leis na hearraí. Éifeacht sáraithe14. Mura ndéanfaí urramú ar fhorálacha Airteagail 3 (conradh i scríbhinn) agus 4 (síniú agus cóip a sholáthar) den Dréacht-Treoir bheadh an conradh ar neamhní. Aontaíonn an Comhchoiste le Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann, dá dtarlódh sárú mar sin, gur mó a bheadh an conradh in-neamhnithe ná ar neamhní. Ar an tomhaltóir amháin a bheadh sé, ar ndóighe, é a ghlacadh de rogha neamhniú a dhéanamh ar an gconradh. C. PRAGHSANNA EARRAÍ BIA A MHARCÁIL AGUS A CHUR AR TAISPEÁINTRéim an Tógra15. Thabharfadh an Treoir bheartaithe ar Bhallstáit é a dhéanamh éigeantach an praghas díola agus an t-aonad-phraghas, agus cáin orthu araon san aireamh, a mharcáil ar gach bia-earra a bheadh le díol leis an tomhaltóir. Thaispeánfadh an t-aonad-phraghas an phraghas an t-aonad tomhais. D’fhéadfaí praghsanna a thaispeáint le duillíní, duillíní seilfe, comharthaí, postaerí nó cairteanna balla. Chaithfí praghsanna i bhfógraín, i dtairiscintí agus i gcatalóga a thaispeáint sa slí chéanna. Nuair a bheadh tairiscintí speisialta gearr-ré á ndéanamh níor mhór an tréimhse bhailíochta a thaispeáint. Bheadh díolúine ar fáil i gcás bia-earraí a bheadh pacáistithe ina gcainníochtaí forordaithe de réir Treoracha Chomhphobail nó reachtaíochta náisiúnta. Bheadh díolúine ann freisin i gcás bia a dhíolfaí lena chaitheamh san áitreabh. Níor ghá ach an t-aonad-phraghas amháin a thaispeáint i gcás bia-earraí a dhíolfaí ar an mórchóir. Chaithfí aonad-phraghsanna a lua ina gcileagraim nó ina líotair ach d’fhéadfaí praghsanna a lua ina n-aonaid reachtúla in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe fad agus a cheadófar iad a úsáid le reachtaíocht Chomhphobail. Barúlacha an Chomhchoiste16. Is é cuspóir atá le haonad-phraghsú é a dhéanamh éasca praghsanna a chur i gcomórtas lena chéile agus é a chur ar chumas an tomhaltóra luach na n-earraí a bheidh á dtairiscint a mheas i ndáil lena chéile. Ba cheart dá bhrí sin go ndéanfadh sé tairbhe don tomhaltóir trí iomaíocht sa trádáil mhiondíola a chur i riocht níos buntáistí dó. Dá bhrí sin fáiltíonn an Comhchoiste i bprionsabal roimh an togra. Ach na costais bhreise a chuirfear ar an trádáil agus na díolúintí éagsúla atá i bhfís, is rúdaí iad sin a chinnfeadh cad iad na héifeachtaí praiticiúla a leanfadh as aonad-phraghsú a thabhairt isteach. Freagracht i leith Aonad-Phraghsú agus a Chostas17. Is dóigh leis an gComhchoiste, má ghlacfar leis an Treoir, gur ar an trádáil mhiondíola, de riachtanas, a thitfidh an fhreagracht i leith aonad-phraghsú. Tá CMEGDC ag tathant go láidir go n-ardódh sé sin costais miondíoltóirí go mór. Ar an leith eile tá an Chónaidhm Bia agus Dí agus Comhlachas Tionscal Déiríochta na hÉireann Teo in aghaidh aon mholta go gcuirfí an fhreagracht ar na monaróirí. Measann an Comhchoiste go bhféadfadh gurbh ionann aonad-phraghsú ag monaróirí agus praghas miondíola a chothabháil agus aontaíonn sé dá bhrí sin gur ar na miondíoltóirí amháin a thitfeadh sé aonad-phraghsanna a thaispeáint. Tugann sé dá aire, áfach, go dtiocfadh fógraíocht ag monaróirí sa mhéid a bhaineann sé le praghsanna faoi réim na Treorach. 18. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach féidir ag an gcéim seo a áireamh cad ba dhócha a chosnódh sé ar mhiondíoltóirí in Éirinn. Ach tugann sé dá aire go lamhálfadh an Treoir rogha fairsing maidir leis an slí ina gcuirfí aonad-phraghsanna ar taispeáint. Tugann sé dá aire go háirithe nach gceanglódh an Treoir ar mhiondíoltóirí aonad-phraghas a chur ar gach mír ar leithligh. Creideann sé, mar sin, go mbeadh caoi ag miondíoltóirí a n-imchostais bhreise a choimeád chomh híseal agus ab fhéidir. D’fhéadfadh go deimhin go dtabharfadh aonad-phraghsú uileata laghdú ar an leibhéal ginearálta praghsanna mar a rinne sé, de réir dealraimh, sna Stáit Aontaithe. Díolúine19. Bheadh bia-earraí atá réamhphacáistithe i gcainníochtaí a hordaítear le Treoracha CEE nó le reachtaíocht náisiúnta díolmhaithe ó cheanglais an aonad-phraghsaithe. Creideann Comhlachas Tomhaltóirí na hÉireann Teo gurb é toradh a bheidh air sin go dtabharfar isteach pacáistiú caighdeánach go forleathan, agus go dtiocfaidh de sin gur rí-annamh a bheidh aonad-phraghsú á dhéanamh fiú má ghlactar leis. 20. Is é an cuspóir atá leis an reachtaíocht faoi chainníochtaí forordaithe é a chur ar chumas tomhaltóirí comparáid láithreach a dhéanamh idir na praghsanna ar earraí atá in iomaíocht lena chéile trína cheangal na hearraí a chur ar díol i bpacáistí laistigh de raon sonraithe tuisí. I láthair na huaire tá togra os comhair Meitheal Oibre Comhairle do Threoir raon tuisí a bhaineann le héagsúlacht fairsing earraí. Is é éifeacht a bheadh leis an togra deiridh sin dá nglacfaí leis go mbeadh saorghluaiseacht ar fud an Chomhphobail ag earraí a réamhphacáistíodh de réir Treoir 76/ 211/CEE roimhe sin agus de réir an raon tuisí forordaithe bheartaithe, d’ainneoin aon dlíthe náisiúnta dá mhalairt. Ach ní dhéanfadh sé an raon tuisí éigeantach d’aon Bhallstát. Rinneadh forálacha den sórt céanna maidir le leachtanna réamhphacáistithe áirithe le Treoir 75/106/CEE (Treoir nach gá d’Éirinn a chur i ngníomh go dtí 1980). 21. In Éirinn tugann an tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1970 cumhacht don Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh orduithe a dhéanamh á cheangal go marcálfar méid na cainníochta ar earraí réamh-phacáistithe sonraithe. Tugann an tAcht seo cumhacht don Aire freisin a cheangal le hOrdú nach ndéanfar earraí sonraithe a réamhphacáil ach amháin i gcainníochtaí caighdeánacha agus go mbeidh ainm agus seoladh an phacálaí nó an allmhaireora marcáilte orthu. Tá Ordú amháin den sórt sin déanta cheana féin dar teideal An tOrdú Marcanna Earraí Ceannaíochta (Earraí Réamhpnacáilte) (Marcíil agus Cainníochtaí), 1973 (I.R. Uimh. 28 de 1973). Ceanglaíonn sé sin nach cead na hearraí atá sa liosta ann a phacáil ná a allmhairiú ná a dhíol ar mionreic i bhfoirm réamhphacáilte mura mbeidh marcáilte orthu cainníocht na lánas i dtéarmaí méadracha. Ina theannta sin ní cead cuid de na hearraí ar an liosta a réamh-phacáil ach amháin i dtuisí sonraithe áirithe. 22. Admhaíonn Comhlachas Tomhaltóirí na hÉireann Teo., go dtugann an raon tuisí is inlamháilte caoi don tomhaltóir i gcasanna áirithe (e.g.im) comparáid láithreach a dhéanamh idir praghsanna, ach deir sé go bhfuil an raon ró-fhairsing i gcásanna eile (e.g. bainne). Creideann an Comhlachas fós nach bhféadfaidh an tomhaltóir comparáid éifeachtúil a dhéanamh idir praghsanna nuair atá an earra céanna i bpacáiste a bhfuil an t-aonad-phraghas air agus i gceann eile atá saortha ón gceanglas. 23. Ba thrua dá gcuirfí trí-chéile ar thomhaltóirí mar gheall ar bhearta a ceapadh le bheith ina gcabhair dóibh. D’fhéadfadh go ndéanfadh aonadphraghsú trasna an bhoird ar bhia-earraí tairbhe an-mhór do thomhaltóirí dá gcuirfí moill fhada ar chainníochtaí forordaithe a thabhairt isteach. Dealraíonn sé don Chomhchoiste, ó tá gaolmhaireacht idir na bearta sin, gur cheart ord tosaíochta éigin do bhaint lena nglacadh. Mura bhfuil aonad-phraghsú le tabhairt isteach ach amháin tráth a bheidh go leor earraí díolmhaithe d’fhéadfadh go mb’fhearr éirí as aonad-phraghsú trasna an bhoird agus iarracht a dhéanamh raonta bia-earraí a shonrú ina bhféadfaí an córas a chur i bhfeidhm gan eisceacht. Maidir le raon na gcainníochtaí forordaithe tugann an Comhchoiste dá aire go dtuigeann an Coimisiún go bhfuil gá leis na raonta a shimpliú ar leibhéal Comhphobail agus creideann sé gur chóir dul ar aghaidh go lándícheallach leis an obair sin. Aonaid Chaighdeánacha24. Má ghlactar leis an togra chaithfí aonad-phraghsanna a lua i dtéarmaí an chileagraim nó an líotair ach d’fhéadfaí aonaid chaighdeánacha a úsáid in Éirinn fad agus a cheadódh reachtaíocht Chomhphobail é. Tá athbhreithniú le déanamh faoi 31 Nollaig 1979 i dtaobh cad a dhéanfar feasta maidir le haonaid chaighdeánacha chun críocha aonad-phraghsaithe (punt, unsa, galún agus pionta). 25. Tá sé molta ag Comhlachas Ban Tí na hÉireann go bhféadfaí le linn na hidirthréimhse aonad-phraghsanna a thaispeáint in Éirinn sna haonaid idirnáisiúnta agus san haonaid chaighdeánacha. Molann an Comhchoiste go ndéanfaí breithniú fabhrach ar an moladh sin má bhíonn agus nuair a bheidh an Treoir á cur i ngníomh in Éirinn. (Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN. Cathaoirleach an Chomhchoiste. 26 Aibreán, 1978. |
||||||||||||