Committee Reports::Report No. 07 - Shipbuilding Industry::26 April, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar Chumarsáid an Choimisiúin chun na Comhairle i dtaobh tionscal longthógála an Chomhphobail a atheagrú agus freisin ar an dréacht-Rún ón gComhairle agus ar thogra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle ag bunú Coiste Longthógála atá i gceangal leis sin [R/3216/77 (ECO 301)].


2. Tá leas ag an gComhphobal i bhfadhbanna an tionscail longthógála sna Ballstáit go páirteach mar gheall ar an mbeartas iomaíochta agus go páirteach mar gheall ar an gComhphobal a bheith gafa le cúnamh airgid a thabhairt tríd an gCiste Réigiúnach do limistéir ina bhfuil dlús mór longthógála. Rinneadh idirghabháil bheag freisin faoin gCiste Sóisialach le dul chun sochair d’oibrithe sa tionscal.


Cúlra

3. Idir 1960 agus 1973, tháinig méadú ar chumas longthógála an domhain d’fhonn freastal ar an ró-dhóchas a bhí ann go dtiocfadh forás ar eacnamaíocht an domhain. Measann an Coimisiún gur dóigh go dtarlódh a leitheid de ró-chumas fiú d’éagmais na ngéarchéimeanna ola agus eacnamaíochta ach, gan amhras, chuireadar sin leis an fhadhb. Sa lagar a tháinig ar an margadh bhí an longchlóis rí-inniúla Seapánacha maraon le longchlóis eile atá i bhfearas chun mórtháirgiúlachta, a bhfuil saoráidí táirgiúlachta urnua le teicneolaíocht níos foirfe acu agus a bhfuil de bhuntáiste acu fós a gcostais fostaíochta a bheith níos lú, bhí siadsan i gcomórtas le tionscal longthógála an Chomhphobail. Ar an ábhar go bhfuil 90% de thrádáil an Chomhphobail á hiompar ar an fharraige is é mór-leas an Chomhphobail féachaint chuige go mairfidh a chuid tionscail longthógála. Cheana féin, tá d’éifeacht leis an laghdú ar orduithe go bhfuil laghdú tagtha ar líon na bhfostaithe i dtionscal longthógála an Chomhphobail ó 180,000 i 1975 go dtí 165,000 faoi láthair. Ina theannta sin measann an Coimisiún go ndéanfadh atheagrú éifeachtúil difear do geall le 75,000 post.


Leigheasanna a glacadh

4. I ndáil leis an laghdú atá tagtha ar éileamh long is iad na bearta a rinne tionscal an Chomhphobail obair gearr-ama a thabhairt isteach, maraon le huaire oibre a laghdú, spreagadh a thabhairt d’fhostaithe imeacht, a laghad earcaíochta agus is féidir a dhéanamh, agus gabháil le malairt oibre d’fhonn is nach mbeifí ag brath an oiread sin ar longthógáil, e.g. deisiú long agus obair innealtóireachta, lena n-áirítear, i gcás na hÉireann, obair ar shuiteálacha ola amach ón gcósta. Rinneadh beart ar an leibhéal idirnáisiúnta chomh maith. Bhí an ró-chumas, agus rudaí ab fhéidir a réiteodh é, á bplé ar feadh i bhfad idir an Comhphobal agus tíortha eile in Iarthar Eorpa, ar leith amháin, agus an tSeapáin ar an leith eile, faoi chuimsiú ECFE. I rith na bliana seo caite tá bearta déanta ag an tSeapáin chun a cumas longthógála a choimriú trí fhear-uaire a laghdú agus a praghsanna onmhairithe a ardú 5%. Ach sa phlé faoi chuimsiú ECFE le déanaí bhí an tSeapáin á chasadh leis an gComhphobal go raibh sé i gcónaí á lorg go laghdófaí cumas longthógála na Seapáine agus san am céanna nach raibh dada á dhéanamh ag an gComhphobal chun a cumas longthógála féin a laghdú. Is é intinn an Choimisiúin go bhféadfadh bunú an Choiste Longthógála bheartaithe deis níos fearr a thabhairt don Chomhphobal chun cosaint éigin in aghaidh an lochtúcháin sin a chur i láthair.


Cumarsáid an Choimisiúin

5. Tá sé á lorg i gcumarsáid an Choimisiúin go leagfaí síos treoirlínte beartais áirithe chun beartais náisiúnta a chomhordú le go gcuirfí tionscal longthógála an Chomhphobail sa riocht go bhféadfadh sé dul in iomaíocht tráchtála ar mhargadh an domhain. Tá sé i bhfís ag an gCoimisiún (1) beart a dhéanamh a chuirfeadh na gréasáin táirgeachta in oiriúint do na hionchais margaidh ó thaobh cainníochta agus cáilíochta, (2) lucht oibreachais a atreorú, rud lena ngabhfadh oibrithe a athoiliúint agus postanna a chur ar fáil lasmuigh den tionscal agus (3) éileamh a ghríosú trí bhearta a cheapadh a bheadh ina dtaca in aghaidh iomaíocht mhíchóir agus buntáistí na dtíortha longthógála eile.


6. Molann an Coimisiún go n-áireofaí ar na bearta a dhéanfadh an Comhphobal nuair a bheadh an tionscal á atheagrú (a) cúnaimh náisiúnta a chomhordú de réir an Cheathrú Treoir ón gComhairle lenar glacadh le déanaí, (b) bearta sóisialta speisialta agus (c) airgead a chaitheamh. Maidir le héileamh a ghríosú luann an Coimisiún (i) bearta timpeall:— achta in aghaidh truailliú farraige, rud a chruthódh a thuilleadh éilimh sna longchlóis, (ii) caighdeáin shábháilteachta íosta agus rialacha sóisialta íosta a chur i bhfeidhm d’fhonn iomaíocht mhíchóir a bhac agus (iii) bearta eile atá á bplé ag an gComhairle maidir le hiompar ar muir. Molann an Coimisiún freisin go ndéanfadh an Comhphobal a thuilleadh beart ar leibhéal idirnáisiúnta.


7. Tá an Coimisiún tar éis a iarraidh ar an gComhairle Coiste Longthógála a bhunú. Is iad a bheadh air seo oifigigh shinsearacha a bheadh freagrach i mbeartas longthógála, a chomhairleodh an Coimisiún agus an Chomhairle agus a chuideodh le beartais náisiúnta agus beartais Chomhphobail a chomhordú trí fhaireachas a dhéanamh ar threoghluaiseachtaí i leibhéal an éilimh. Ghabhfadh sé ar láimh freisin staidéir a dhéanamh ar staid eacnamaíoch, sóisialach agus airgeadais tionscail longthógála an Chomhphobail.


An Tionscal in Éirinn

8. In Éirinn, d’fhéadfaí a rá gur mar a chéile an tiosncal longthógála agus Longlann Verolme Chorcaí Teo., ina bhfuil scairsheilbh 47% ag an Stát trí Fhóir Teoranta. Tá 1200 de líon (700 sa longthógáil agus an chuid eile ar obair eile) á bhfostú ag an Longlann. Tá a chuid pleananna éagsúlachta curtha in iúl cheana féin don Choimisiún mar chuid de chlár atheagraíochta na longlainne. Murab ionann agus longlanna i mBallstáit eile, is spéisiúil an rud go bhfuil Longlann Verolme Chorcaí Teo., ábalta ar an oiread oibre a sholáthar nach raibh uirthi éinne dá cuid oibrithe longthógála a ligean chun siúil fiú go sealadach. Ní foláir go mbeidh sé deacair, áfach, fostaíocht iomlán a choinneáil ar bun i mblianta 1980.


Barúlacha an Chomhchoiste

9. Tuigeann an Comhchoiste na fadhbanna ollmhóra atá ag bagairt faoi láthair ar thionscal longthógála an Chomhphobail agus glacann sé leis go bhféadfadh sé a bheith ar cheann de na bearta réitigh an cumas táirgeachta a chiorrú. Ach measann sé gur cheart aon atheagrú ar an tionscal longthógála a dhéanamh i slí go bhféadfadh Ballstáit ar leithligh leibhéal criticiúil íosta d’oibríochtaí longthógála a chothabháil. Sa chomhthéacs sin ní féidir laghduithe pro rata trasna an bhoird a dhéanamh ar chumas táirgeachta Ballstát ar leithligh.


10. Tá Longlann Verolme Chorcaí Teo., ar an laghad is lú a fhéadfaí a choinneáil ar siúl le haghaidh an chineál saoráidí táirgeachta atá aici agus ar chúiseanna réigiúnacha agus straitéise ní fhéadfaí cumas na longlainne a laghdú. Creideann an Comhchoiste gur chóir cur go daingean in aghaidh aon togra chun a leithéid a dhéanamh.


11. Tuigeann an Comhchoiste gur mhaith leis an tionscal longthógála ionadaíocht dhíreach a bheith acu ar an gCoiste Longthógála. Is é atá i bhfís ag an gCoimisiún, ar an leith eile, go rachadh an Coiste Longthógála ag lorg tuairim an tionscail aon uair ba ghá. Dar leis gComhchoiste is é an rud tábhachtach innealra a bheith ann le go bhféadfaí tuairimí an tionscail a fháil go tapaidh.


12. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh thograí an Choimisiúin tuarascálacha a thabhairt in aghaidh gach sé mhí ar staid atheagraithe longthógála ceannaíochta nua agus ar an dul chun cinn a bheidh déanta leis sin agus freisin tograí oiriúnacha a chur isteach lena gcinneadh a luaithe is féidir. Tugann sé dá aire go gcuirfidh an Coimisiún tograí isteach a luaithe is féidir le haghaidh bearta sóisialacha breise.


Buíochas

13. Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl go bhfuair sé mórchúnamh ó Longlann Verolme Chorcaí Teo., ag scrúdú na Cumarsáide dó agus go bhfuil sé buíoch dá chionn.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN.


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


26 Aibreán, 1978.