Committee Reports::Report No. 06 - Fixing of Representative Conversion Rates in Agriculture and Use of the European Unit of Account in Common Agricultural Policy::19 April, 1978::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán ón gComhairle i dtaobh rátaí inmhalairte ionadaitheacha sa talmhaíocht a shocrú (R/2601/77) agus le linn a scrúdaithe dó bhreithnigh sé freisin tuarascáil an Choimisiúin ar úsáid an aonaid chuntais Eorpaigh sa chomhbheartas talmhaíochta (R/2651/77).


2. I mí na Samhna, 1976, thíolaic an Coimisiún dréacht-Rialachán maidir leis na rátaí inmhalairte a choigeartú agus na liúntais chúiteacha airgid a dhíscaoileadh ach níor ghlac an Chomhairle leis. Dá bhrí sin, cuireadh ina ionad i mí na Samhna, 1977 an togra atá i nDoiciméad R/2601/77. Phléigh an Chomhairle an togra nua ar roinnt ócáidí ach níor fhéad Poblacht Chónaidhme na Gearmáine ná an Ríocht Aontaithe glacadh leis.


3. Maidir leis an aonad cuntais Eorpach deir an Coimisiún ina thuarascáil cé go dtaobhaíonn sé i bprionsabal lena úsáid sa chomhbheartas talmhaíochta, go n-ardaíonn an t-ábhar ceisteanna bunúsacha nár mhór tuilleadh staidéir a dhéanamh orthu. Measann an Comhchoiste go mbeadh sé ró-luath teacht ar thuairim chinnte go dtí go gcuirfidh an Coimisiún togra foirmeáilte i láthair. Ar an ábhar sin, ní bhaineann an tuarascáil seo ach amháin le tátail an Choimisiúin agus roinnt torthaí ab fhéidir a thiocfadh de dhroim an athraithe dá ndéanfaí é.


Na Comhlachtaí a Ceadaíodh

4. Bhí deis ag an gComhchoiste staidéar a dhéanamh ar mheabhráin ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann ar an dá ábhar atá faoi thrácht sa tuarascáil seo. Phléigh comhaltaí den Chomhchoiste an t-ábhar freisin le hionadaithe de chuid na bhFeirmeoirí Aontaithe. Socraíodh cruinniú le Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann ach níorbh fhéidir é a chur ar siúl toisc go mb’éigean don Chumann sin freastal do ghnóthaí práinneacha eile dá chuid a ráinig gan choinne idir an dá linn. Ba mhaith leis an gCoiste a bhuíochas a ghabháil fós arís leis na comhlachtaí sin i dtaobh na cabhrach a fuair sé uathu.


5. Ghlac comhaltaí den Chomhchoiste a chuaigh chun na Bruiséile ar cuireadh ón gCoimisiún ó 19 go 21 Márta 1978 leis an deis chun bearta sa réimse talamh-airgeadaíochta a phlé go ginearálta le hoifigeach den Choimisiún. Tá an Comhchoiste rí-bhuíoch don Choimisiún i dtaobh na tairbhe a bhain a chomhaltáí as caibidlíocht fhairsing eolasach.


Oibriú an Chórais Talamh-Airgeadaíochta

6. Baineann an dá dhoiciméad ón gCoimisiún leis an gCóras talamhairgeadaíochta a oibríonn chun críocha an chomhbheartais thalmhaíochta. Tá tuairisc sa dá mhír a leanas ar phríomhghnéithe an chórais sin.


7. Faoin gComhbheartas talmhaíochta (CT) déantar praghsanna agus cúnaimh a shocrú don Chomhphobal go huile in aonaid chuntais. Athraítear iad sin go hairgeadraí náisiúnta ar an ráta malairte ionadaitheach a shocraítear le Rialachán ón gComhairle do gach Ballstát agus a shonraíonn chun críocha CT luach an aonaid chuntais san airgeadra náisiúnta (punt uaine, lira uaine, etc.) Ar ndóighe ní hionann na rátaí ionadaitheacha sin agus rataí malairte margaidh na n-airgeadraí Comhphobail. D’fhonn cúiteamh sa difear eatarthu cuirtear suimeanna cúiteacha airgeadaíochta (SCA) i bhfeidhm ag teorainneacha Ballstát d’fhonn éifeacht an difir a chur ar ceal i bprionsabal. I gcás Ballstáit le hairgeadraí a bhfuil a rátaí malairte margaidh tar éis ardú vis-a-vis a rátaí malairte ionadaitheacha (An Ghearmáin, An Ollóin, An Bheilg agus Lucsamburg) cuirtear SCA i bhfeidhm mar cháin ar allmhairí agus mar fhóirdheontas le honnmhairí. A chontrárthacht sin a tharlaíonn i gcás Ballstáit a bhfuil a rátaí malairte margaidh tar éis laghdú i gcoibhneas lena rátaí uaine (Éire, An R.A., an Fhrainc agus an Iodáil); cuirtear SCA i bhfeidhm mar cháin ar onnmhairí agus mar fhóirdheontas le hallmhairí.


8. Tá roinnt Ballstát (An Ghearmáin, Benelux, An Danmhairg) atá ina gcomhaltaí den “chomhfhuaidreamh” nó den “nathair” i.e. coinníonn siad achair chinnte idir a gcuid féin airgeadraí le linn dóibh fuaidreamh (i.e. ligean d’airgeadra a luach margaidh féin a bhaint amach i dtéarmaí airgeadraí eile) mar ghrúpa in aghaidh airgeadraí eile. Tá SCA cinnte ann i gcás na n-airgeadraí sin agus is ionann iad agus an difear idir an ráta malairte talmhaíochta agus lár-ráta an airgeadra áirithe. Tá airgeadraí na mBallstát eile (Éire, An R.A., an Fhrainc agus an Iodáil) ag fuaidreamh go neamhspleách agus tá na SCA inathraithe. Comharthaítear orthu an difear idir an ráta malairte margaidh arna thomhas i gcoinne lár-rataí na n-airgeadraí nathrach agus an ráta malairte talmhaíochta iomchuí. Taispeántar i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo conas mar a inneadh SCA na hÉireann a ríomh mí Eanáir, 1978.


B. RÁTAÍ MALAIRTE IONADAITHEACHA A SHOCRÚ SA TALMHAÍOCHT

Rialachán Beartaithe

9. Forálann tograí an Choimisiúin go ndéanfar (i) SCA a bheidh i bhfeidhm ar an Rialachán a theacht in éifeacht a chur ar ceal ina gcéimeanna comhionanna thar seacht mbliana agus (ii) aon SCA a dtiocfaidh ann dóibh ina dhiaidh sin a chur ar ceal go bliantúil. D’fhéadfaí é sin a thabhairt i gcrích trí choigeartú bliantúil aonair a dhéanamh ar ráta ionadaitheach gach Ballstáit i dtús na mbliana margaíochta, i gcás táirgí a bhfuil bliain mhargaíochta acu agus, ar dháta a bheadh le socrú, i gcás táirgí eile. Bheadh coigeartú ráta ionadaithigh in aon bhliain faoi réir theorainn 5 faoi gcéad; dá mbeadh feidhm leis an teorainn in aon bhliain áirithe chuirfí siar go dtí an bhliain ina dhiaidh sin an chuid eile d’aon choigeartú á bheadh ag teastáil.


Barúlacha an Chomhchoiste

10. Tugadh isteach SCA mar dheis shealadach chun saobhadh trádála a chosc ach leanadh díobh toisc nach raibh roinnt Ballstát toilteanach a gcuid rátaí ionadaitheacha a choigeartú go rialta de réir rátaí malairte margaidh. Cuireann sé costas tuairim £600 milliún sa bhliain ar an gComhphobal SCA a mhaoiniú. Ina theannta sin tugann SCA saobhadh ar thrádáil agus ar iomaíocht, is bacainn iad ar thrádáil agus briseann siad aontas an chómhargaidh. Rinne Éire mar bheartas ginearálta a ráta ionadaitheach a choigeartú de réir forbairtí sa ráta malairte margaidh agus ba mhaith leis an gComhchoiste dá gcuirfí SCA ar ceal de réir phlean éigin den sórt atá molta ag an gCoimisiún. Níl dóchas rómhór aige, afach, de thoradh na bhfiafraithe a rinne sé, go gcuirfear na SCA ar ceal go huathoibreach. Tuigtear dó, cé go mbeartaíonn an Coimisiún a chuid tograí a fhágáil ar an mbord, gur dóichí go mór mar chuid den athbhreithniú bliantúil ar phraghsanna talmhaíochta a tharlóidh aon choigeartú ar rátaí malairteacha.


C. ÚSÁID AN AONAID CHUNTAIS EORPAIGH SA CHOMHBHEARTAS TALMHAÍOCHTA

An tAonad Cuntais Eorpach

11. Ó 1975 i leith tá an Comhphobal diaidh ar ndiaidh ag leathnú úsáid an Aonaid Chuntais Eorpaigh a úsáideadh i gcéaduair chun críocha Chiste Forbraíochta na hEorpa. Déantar ACE a ríomh in aghaidh meán meáite na n-airgeadraí Comhphobail uile. Tá an ciseán airgeadraí a úsáidtear sa ríomh atá leagtha amach i bhFoscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil seo agus tá ann freisin sampla de ríomh an ráta ACE in aghaidh an £ arna bhunú ar na rátaí malairte a bhí i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath an 10 Eanáir 1978. Ó tá na hairgeadraí Comhphobail go léir ar áireamh i ríomh an ACE (i.e. na hairgeadraí laga mar aon leis na hairgeadraí nathrach), is lú a luach ná an tAonad Cuntais (AC) láithreach agus, dá bhrí sin, dá sonraítí praghsanna in ACE ba lú a luach sterling (de 17.4%) ná praghsanna a sonrófaí in AC. Ba é luach an ACE don 19 Eanáir 1978 1£=1.5787 ACE agus ba é ráta margaidh an AC arna bhunú ar an gcúig lá dar críoch 10 Eanáir £1=1.30457 AC.


Na Torthaí a Bheadh le Athrú go ACE

12. Dá gcinnfí glacadh leis an ACE chun críocha CT, is in ACE a sonrófaí comhphraghsanna agus comhshuimeanna. Thiocfadh de na difríochtaí i luachanna airgid náisiúnta idir AC agus ACE go mba ghá an ráta malairte a chinneadh a húsáidfí chun críche an athraithe agus ardaíonn sé sin an cheist i dtaobh leibhéil an chomhphraghais a rachadh na Ballstáit ina chomhrac de réir mar a chuirfí ACE ar ceal ar ball. Tá trí bharúil déanta amach ag an gCoimisiún ar fhoras rátaí malairte éagsúla agus tá achomaireacht ar a dtorthaí sin i bhFóscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil seo. Admhaíonn an Coimisiún nach bhfuil aon ghaol geilleagair idir an dá aonad cuntais atá infheidhme maidir leis an gComhphobal uile agus gur ábhar a bheadh le cinneadh go polaitiúil é cad é an ráta malairte a roghnófaí.


13. Dealraíonn sé go nglacann an Coimisiún leis nár cheart go ndéanfaí difear láithreach do na praghsanna in airgeadraí náisiúnta ba chuma cén ráta malairte a húsáidfí. Dhéanfaí é sin trí ghlacadh le rátaí ionadaitheacha oiriúnacha ionas nach mbeadh aon toradh eile ar an athrú i dtosach ach SCA a athdháileadh.


14. Cibé modh athraithe a húsaidfí bheadh SCA inathraithe faoi as sin amach. Faoi láthair ní athraíonn ach na SCA d’airgeadraí dímheasta. Cé go mba chóra de shocrú é sin sa mhéid go leathfadh sé éifeachtaí iomathruithe airgeadais níba chothroime (féach Foscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil seo) dhéanfadh sé oibriú an chórais SCA níos casta fiú ná mar atá sé. Tá achomaireacht i bhFoscríbhinn III a gabhann leis an tuarascáil seo ar conas mar a rachadh cibé ráta malairte a roghnófaí in éifeacht ar SCA.


15. Tagraítear freisin i bhFoscríbhinn III ar an éifeacht a bheadh ag rátaí malairte éagsúla ar phraghsanna. Is é an tátal atá le baint as go hiomlán dá n-athrófaí anonn go dtí ACE go dtiocfadh de go mbeadh praghsanna talmhaíochta ag taobhú le bheith níos ísle dáiríre. Bhrathfadh sé ar ar mhodh an athraithe anonn agus ar a mhinice a choigeartófaí an ráta uaine cé chomh híseal agus a bheidís.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN.


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


19 Aibreán, 1978.