|
TUARASCÁILRéamhrá1. Scrúdaigh an Comhchoiste dhá chumarsáid a chuir an Coimisiún go dtí an Chomhairle i mí Dheireadh Fómhair, 1977, i ndáil leis an margadh mairteola agus laofheola a chomheagrú mar leanúntas ar chaibidlíocht na Comhairle nuair a bhí na praghsanna talmhaíochta don bhliain mhargaidh 1977/78 á socrú. Déileálann ceann díobh sin (R/2291/77) le tuillteanais faoi seach an chórais phréimheanna agus na mbeartanna idirghabhála. Baineann an dara ceann (R/2292/77) le leasú ab fhéidir a dhéanfaí ar chomheagraíocht an mhargaidh. 2. Tá curtha in iúl ag an gCoimisiún é bheith ró-luath tograí reachtaíochta foirmiúla a sheachadadh chun na hathruithe go léir a luaitear i ndoiciméad (R/2292/77) a dhéanamh. Ach tá sa togra (R/545/78 ón gCoimisiún i dtaobh praghsanna do 1978/79 a shocrú togra foirmiúil go ndéanfaí athruithe áirithe láithreach ar an gcóras idirghabhála. Tá tagairtí do na hathruithe anseo ina dhiaidh seo sa tuarascáil seo. Comhlachtaí lena nDeachthas i gComhairle3. Le linn na n-ábhar sin a bheith á scrúdú aige bhreithnigh an Comhchoiste meabhráin áirithe scríofa a fuarthas ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, ó CBF (Bord Beostoic agus Feola na hÉireann) agus ón Irish Fresh Meat Exporters Society Ltd., agus fuair Comhaltaí den Chomhchoiste deis ar an ábhar a phlé le hionadaithe ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann. Mí-ámharach go leor, níor bhféidir an cruinniú a socraíodh a bheith ann le hionadaithe ó Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann a thionól toisc go mb’éigean don Chumann sin freastal do ghnóthaí práinneacha eile dá chuid a ráinig gan choinne leo. Ba mhaith leis an gComhchoiste fíorbhuíochas a ghabháil leis na comhlachtaí sin as ucht na cabhrach a fuair sé go fial uathu. 4. Ghlac Comhaltaí den Chomhchoiste a chuaigh chun na Bruiséile, ar chuireadh ón gCoimisiún, ón 19ú lá go dtí an 21ú lá Márta, 1978, leis an deis sin le staid mhargadh na mairteola agus na laofheola a phlé le hoifigeach de chuid an Choimisiúin. Thabhaigh na comhaltaí áirithe sin leas fíor-mhór as trácht iomlán a rinneadh a bhfuil an Comhchoiste fíorbhuíoch den Choimisiún mar gheall air. Cúlra an Mhargaidh5. Mhéadaigh an táirgeadh de thuairim 2.7 faoin gcéad sa bhliain thar fhad-téarma (1963/76). Mhéadaigh tomhailt de thuairim 1.5 faoin gcéad sa bhliain (1960/76) ach bhí sé ag dul chun cothromais le roinnt blianta anuas. Bíonn tiomghluaiseacht faoi tháirgeadh. 6.3 mhilliún tona a mhéid i 1977, sin 2 faoin gcéad níos lú ná mar bhí i 1976. De réir mar atá an claonadh faoi láthair, meastar go sroichfidh an laghdú atá, faoi láthair, faoi tháirgeadh an pointe is ísle i 1978/79 agus tá coinne le hé tosú ag méadú arís ansin nó go scroichfeadh sé barr réime i 1980/81. Tá an Coimisiún ag tuar gur mó, de bheagán, an méid mairteola agus laofheola a tomhalfar idir seo agus 1985 ach go leanfaidh de laghdú a theacht ar an gcéatadán mairteola agus laofheola a thomhalfar den méid iomlán feola a thomhalfar. Meastar go bhfuil praghas ró-ard na mairteola i gcomórtas le praghas muiceola agus praghas éanlaithe clóis ina chúis le héileamh ar mhairteoil a bheith ag laghdú. 6. Is é tuairim an Choimisiúin go bhfuil bonn leis an tuar atá aige go bhféadfadh géarchéim a bheith ann arís. Tá sé á chur in iúl nár bhféidir le heagrú an mhargaidh san am a caitheadh tiomghluaiseacht táirgthe a chosc. Creideann sé nárbh é ba mhó ba chúis nach raibh toradh fónta ar na modhanna a oibríodh le linn na géarchéime de bharr iomarca táirgthe i 1974 na modhanna sin a bheith neamhéifeachtach ó bhunadh ach an tslí ar oibríodh iad agus, go háirithe, an tráth a oibríodh iad, rud ar mó de dhochar ná do leas a rinne sé don ábhar. Chruthaigh an aimsir nár leor, tríd is tríd, na bearta a cuireadh i ngníomh le hioncam a áirithiú do lucht sainbhólachta a bheith ar aon chothrom le hioncam lucht bólachta measctha. Chosain siad, ámh, lucht bólachta ar iomlán oilc an mheirbeasa trádála. Le linn tréimhse an ghanntanais i 1972 agus i 1973 níor bhféidir leis an gComhphobal cosc a chur le praghsanna ardú ná leis an laghdú a tháinig ar an méid mairteola agus laofheola a tomhaltadh. Córas Préimheanna agus Beartanna Idirghabhála7. Scrúdaigh an Coimisiún na beartanna a rinneadh leis an margadh a bhainistí idir 1974 agus 1977 agus chinn sé tuairim mar a leanas faoi thairbhe na gcóras préimheanna agus na mbeartanna idirghabhála faoi seach:- (a)Is féidir cuspóirí an Chonartha a bhaint amach trí chóras idirghabhála le praghsanna a chobhsú nó trí chóras préimheanna inathraithe a ligean saoirse le gluaiseachtaí margaidh. (b)Is féidir le gach córas díobh bacainn a chur le luail táirgíochta suas nó anuas agus margaidh a chobhsú dá bhrí sin. (c)Ní féidir praghsanna a chobhsú ach le beartanna idirghabhála. (d)Ní théann idirghabháil i bhfeidhm ar speisialtóireacht ach is féidir le roinnt préimheanna táirgeoirí a sheoladh chun feoil a tháirgeadh agus ligean as bainne a tháirgeadh. (e)Le linn ró-sholáthair srianann idirghabháil tomhailt ach is amhlaidh a neartaíonn préimheanna inathraithe leis. Le linn ganntanais is fabharaí idirghabháil don tomhaltóir. Agus ní mar a chéile a fhreagraíonn tomhaltóirí gach Ballstáit d’athrú ar phraghsanna. (f)I gcás nach bhfeidhmítear go comhréireach beartanna préimheanna agus beartanna idirghabhála éiríonn neamhréireachtaí i dtrádáil idir-Chomhphobail agus sa chóras idirghabhála a mhaoiníonn FEOGA. Ach níor tharraing préimheanna inathraithe a thabhairt sa Ríocht Aontaithe i 1975 aon mhór-chorraíl. (g)Is cosúil nach ndéanann beartanna préimheanna nó idirghabhála aon difear do thrádáil le tíortha nach ballstáit. (h)Is é an córas idirghabhála is lú costais. Cuspóirí is Cóir a Lorg8. Measann an Coimisiún gur cóir don eagras margaidh na cuspóirí seo a leanas a lorg (i)Gné thiomghluaiseachta tháirgeadh na mairteola a bhacainniú, (ii)Sáith soghluaiseachta a chothú san idirimirt idir soláthar agus éileamh, agus (iii)Cabhrú le cothromaíocht i margadh na déiríochta a aisiriú agus le tuilleadh speisialtóireachta i ndáil le táirgeadh mairteola. 9. Is é tuairim an Choimisiúin gur ceart, maidir leis na beartanna a dhéanfar de bhun na gcuspóirí a luaitear anseo roimhe seo (a) go mbeadh feidhm ar fud an Chomhphobail eile acu le go seachnófaí ainriochtaí iomaíochta, (b) go bhféadfaí an margadh a bhainistí go héifeachtúil, (c) go n-úsáidfí acmhainní go héifeachtúil, (d) go ndéileálfaí le gach cor de thiomghluaiseacht an táirgthe, (e) go ndéanfaí an athscinnteacht mhíchuimseach a bhaineann le éileamh a bharraíocht, agus (f) go ndéanfaí an mhaith chéanna do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí. Athrú a Mholtar a Dhéanamh ar Eagrú an Mhargaidh10. Molann an Coimisiún go ndéanfaí an leasú seo ar eagrú coiteann an mhargaidh:- (a)Ba cheart an praghas idirghabhála a shocrú síos ó 90 faoin gcéad den treoir-phraghas (an praghas idirghabhála faoi láthair) agus gur cóir an tairseach ag ar chóir scor de cheannach (agus sin é, faoi láthair, nuair is ionann an praghas margaidh agus 95 faoin gcéad den treoir-phraghas) a ísliú. (b)Bheadh áiseanna stórála príobháideacha ar fáil nuair a laghdódh praghsanna margaidh síos thar 93 faoin gcéad den treoir-phraghas. (c)Déanfaí préimh athraitheach, ar cóimhéid leis an difríocht idir 90 faoin gcéad den treoir-phraghas agus praghas margaidh an Chomhphobail, ach 10 faoin gcéad den treoir-phraghas a bheith de theorainn leis, a íoc tráth a marófaí eallach cáilithe nuair a laghdódh margadh-phraghas an Chomhphobail síos thar 90 faoin gcéad den treoir-phraghas. Nuair a bheadh margadh-phraghas an Chomhphobail ar cóimhéid le cuid ba mhó ná 90 faoin gcéad den treoir-phraghas scoirfí de phréimh a íoc. Ach i mBallstát ar leith a mbeadh difear mór idir an margadh-phraghas ann agus an meánmhargadh-phraghas sa Chomhphobal, d’fhéadfaí íoc préimhe ann a fhionraí nó a choinneáil ar bun. Déanfaí an chuid den phréimh ar mó í ná an difríocht ná 90 faoin gcéad den treoir-phraghas agus an praghas idirghabhála a bhaint as an bpraghas ceannaigh i gcás ainmhithe cáilithe. Maoineofaí an phréimh go hiomlán as FEOGA. (d)Nuair a bheadh margadh-phraghsanna níos mó ná an treoir-phraghas agus ag méadú tosófaí ag íoc préimheanna i ndáil le ba agus/nó budóga déiríochta a mharú. (e)Coinneofaí ar bun an córas tobhach atá ann faoi láthair i gcás allmhairí ó thríú tíortha. Ina theannta sin laghdófaí an dleacht taraifí custam choiteann nuair a rachadh an margadh-phraghas suas thar 106 faoin gcéad den treoir-phraghas agus nuair is neamhní an dleacht. (f)Déanfaí beartanna breise nuair a bheadh deireadh le scéim phréimheanna bó deiríochta neamhmhargaidh. (g)Níor mhór go ndéanfaí claontaí a thuar go héifeachtúil, agus taifeadfaí margadh-phraghsanna ar fhoras conablaigh a aicmiú ar feadh raoin an Chomhphobail in ionad iad a aicmiú de réir praghsanna ainmhithe beo. 11. Measann an Coimisiún gur gá polasaí cúramach praghsanna a leanúint le seasamh in aghaidh na hiomaíochta ó fheoil éanlaithe clóis agus ó mhuiceoil, agus le tairgeadh bainne a choinneáil ar gcúl. Athrú ar Idirghabháil i 1978/7912. Tá curtha in iúl ag an gCoimisiún go bhfuil sé ró-luath tograí foirmiúla reachtaíochta a fhoilsiú faoin am seo i gcomhréir leis na moltaí atá i ndoiciméad R/2291/77. Ach tá togra foirmiúil déanta aige go ndéanfaí Rialacháin Comhairle a dhéanfadh athruithe áirithe ar an gcóras idirghabhála i 1978/79. Is é an t-athrú is tábhachtaí díobh go moltar ceangal a dhéanamh idir an praghas idirghabhála agus praghsanna earraí de cháilíocht idirghabhála. Cuirfí idirghabháil ar fionraí go hiomlán nó go páirteach nuair is mó a bheadh praghas na cáilíochtaí áirithe a bheadh i gceist ná an praghas uasta ceannaigh idirghabhalá. Ríomhfaí an praghas deiridh sin trí 90 faoin gcéad den treoir-phraghas a iolrú ar chomhéifeacht a léireodh an gnáth-choibhneas idir praghas na cáilíochta a bheidh i gceist agus praghas ainmhithe beo mar a thaifeadtar sin i ndáil leis na margaí faoi seach, agus an coibhneas sin coigeartaithe de réir airíona táirge gach Ballstáit faoi seach. Tuairimí an Chomhchoiste13. Mar gheall ar a ró-thábhachtaí atá trádáil na mairteola d’Éirinn, is ró-riachtanach go gcosnófaí táirgeoirí na hÉireann i gceart. Is é tuairim an Chomhchoiste nár cheart go mbeadh de thoradh ar cibé athruithe ar an gcomheagraíocht lena nglacfar faoi dheoidh gur lú san iomlán comhshocraíochtaí tacaíochta an Comhphobail. 14. Tá an Comhchoiste in imní go bhféadfadh mífheidhm a bheith, mar a bhaineann le táirgeoirí na hÉireann de, ag tograí an Choimisiúin maidir le hidirghabháil. Is í Éire an t-onnmhaireoir is mó sa Chomhphobal agus dá laghdódh an córas idirghabhála is mó dá réir sin a bheimis ag brath ar onnmhairíocht. Ní go maith atá éirithe fós le mairteoil na hÉireann ar mhargadh na hEorpa. Glacann an Comhchoiste chuige go gcaithfear tuilleadh díchill a dhéanamh anseo in Éirinn le mairteoil níos fearr a chur ar fáil agus cúrsaí margaíochta a fheabhsú agus a dhéanamh níos éifeachtaí. Ach tá an Comhchoiste, faoi láthair go háirithe, go láidir in aghaidh aon athrú a dhéanamh ar na comhshocraíochtaí atá ann faoi láthair i ndáil le hidirghabháil. 15. Measann an Comhchoiste go bhféadfadh buntáiste dearfa a bheith ag gabháil leis an gcóras préimheanna athraitheacha atá molta. Ach bhraithfeadh a lán ar na coinníollacha ar a n-íocfaí préimheanna le táirgeoirí Éireannacha. Is lú i gcónaí ariamh praghsanna na hÉireann ná meánphraghsanna an Chomhphobail agus ní féidir, nó go mbeidh a fhios cé na comhshocraíochtaí a bheidh ann chun préimheanna a íoc in imthosca den sórt sin, a mheas an fheidhm iomlán a bheadh aige ar an tír seo. Trádáil na Mairteola Proisithe16. Tar éis punt uaine na hÉireann a dhíluachadh, agus nuair nár díluachadh punt uaine na Ríochta Aontaithe, bhí an mhairteoil a onnmhairíodh as Éirinn chun na Ríochta Aontaithe cáilithe le fóirdheontas MCA a thuilleamh dá honnmhaireoir. Ach ní bhíonn táirgí mairteola cócairithe, próisithe, Éireannacha cáilithe don fhóirdheontas. Mar gheall air sin baineann mórcheataí do chomhlachtaí Éireannacha, ar mhargadh na Breataine dóibh, agus iad, an tráth céanna, i ngéar-iomaíocht ar mhargadh an bhaile le cannadóirí ón Ríocht Aontaithe. Measann an Comhchoiste nach bhfuil aon chúis ariamh ann nach gcealófaí an aimhrialtacht sin agus tá súil aige go gceartófar an t-ábhar le linn praghsanna na bliana seo a bheith á socrú. (Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 19 Aibreán, 1978. |
||||||||||||