Committee Reports::Report - Special Committees and Select Committees::13 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

1. Tugann na Buan-Orduithe cumhacht don Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí chun cúrsaí nós imeachta i gcoitinne a bhreithniú, maille le rudaí eile, agus féadfaidh an Coiste breisithe nó leasuithe a mholadh ar na Buan-Orduithe.


2. Le déanaí bhí forálacha na mBuan-Orduithe a bhaineann le Coistí Speisialta agus le Roghchoistí faoi bhreithniú aige. I gcás an dara léamh a bheith tugtha do Bhille ag an Seanad, féadfaidh sé an Bille a bhreithniú i gCoiste den Teach uile nó féadfaidh sé, más maith leis, é a chur faoi bhráid Choiste Speisialta nó Roghchoiste a bheidh ceaptha go speisialta chuige sin. Is iad na difríochtaí atá idir an dá chineál Coiste is déanaí a luaitear, go hachomair,


(a) go bhféadfaidh an Teach cumhacht a thabhairt do Roghchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid, foráil nach ndéantar maidir le Coistí Speisialta, agus


(b) nach foláir Bille a tuairiscíodh ó Roghchoiste, dar tugadh cumhacht mar a luaitear thuas, a chur faoi athchúrsa i gCoiste den Teach uile ach i gcás Coiste Speisialta go bhféadfaidh an Bille dul díreach go Céim na Tuarascála.


3. Is rí-annamh a tharlaíonn sé sa Seanad go gcuirtear Billí faoi bhráid cheachtar cineál Coiste. Ach sa Teach eile cuireadh roinnt mhaith Billí faoi bhráid Choiste Speisialta le blianta beaga anuas. Ní raibh sé ina chleachtadh, áfach, Billí a chur faoi bhráid Roghchoistí, toisc gur dhócha nós imeachta an Roghchoiste a bheith níos faide, toisc gurbh annamh ar fad a measadh fianaise ó dhaoine lasmuigh a bheith riachtanach, agus toisc go gcuirtear céim sa bhreis leis an imeacht.


4. Is í an bhuntáiste is mó a ghabhann le Bille a chur chun Coiste Speisialta gur féidir na comhaltaí sin den Teach a bhfuil cruinn-eolas speisialta acu ar an réimse reachtaíochta atá i gceist a thabhairt le chéile in aon bhuíon bheag amháin agus gur fusaide dá bharr beachtstaidéar a dhéanamh ar Bhille. Gan amhras, ní théann an Teach féin gan deis eile a fháil ar an mBille a bhreithniú, mar go gcaithfidh sé teacht fós os comhair an Tí ar Chéim na Tuarascála agus ar an gCúigiú Céim agus thairis sin go bhféadfaidh an Teach é a chur faoi athchúrsa i gCoiste den Teach uile má ordaíonn sé amhlaidh.


5. Níl ach cineálacha áirithe Billí a mheastar a bheith oiriúnach lena gcur faoi bhráid Choiste Speisialta. I gcás formhór mór na mBillí, ba mhaith leis an Teach go léir a bheith páirteach i gCéim an Choiste. Ach ó am go ham tagann Billí de chineál teicniúil, go formhór, os comhair an Tí. I gcásanna den sórt sin ní hamháin go bhféadfaí an Bille a fheabhsú de dhroim é a chur faoi bhráid bhuíon Seanadóirí atá saineolach ar réimse an Bhille ach bhainfeadh an Teach féin tairbhe as an tuarascáil a thiocfadh dá chionn.


6. Is í an bhun-chríoch atá le Roghchoiste ábhar a bhreithniú agus a bharúil air a thuairisciú mar eolas agus mar chúnamh don Teach. Samplaí suntasacha de Roghchoistí is ea an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach agus an Comhchoiste ar Chomhlachtaí Stát-tionscanta. Roghchoistí iad sin de gach Teach comhcheangailte le chéile. Mar a dúradh thuas, féadfar cumhacht a thabhairt do Roghchoistí fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar dhoiciméid mar chúnamh dóibh ina mbreithniú ar an ábhar a bheidh curtha faoina mbráid. Tairbhe áirithe a fhéadfaí a fháil ó nós imeachta an Roghchoiste is ea go bhféadfaí dáil chomhairle a dhéanamh de ina bhféadfadh ionadaithe tofa breithniú a dhéanamh ar roinnt tuarascálacha saineolacha a bhaineann le leas an phobail, tuarascálacha a dtéann go leor acu gan breithniú dá leithéid faoi láthair mar gheall ar chastachtaí teicniúla a d’fhéadfadh bheith ag baint leis na hábhair.


7. Ar bhealach amháin, is gá leasú a dhéanamh ar an nós imeachta atá ann faoi láthair maidir le Coistí Speisialta agus Roghchoistí. Tá foráil sna Buan-Orduithe gur go príobháideach a shuífidh na Coistí sin mura n-ordaí an Coiste áirithe a mhalairt. Meastar gur cheart, de ghnáth, cead isteach chun na n-imeachtaí a bheith ag an bpobal agus ag nuachtóirí mar atá acu chun cruinnithe an tSeanaid. D’fhéadfaí na Buan-Orduithe a leasú dá réir sin ach ceart a bheith ag aon Choiste áirithe an pobal agus na nuachtóirí a eisiamh má mheasann sé gur gá sin.


8. Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí ar na Buan-Orduithe i gcoitinne mar chuid de chúram leanúnach. Tabharfaidh sé tuarascáil don Teach i dtráth cuí agus tá sé ar intinn aige an cheist a luaitear i mír 7 thuas a áireamh ar a chuid moltaí.


9. Is é cuspóir na Tuarascála seo é a chur i bhfáir go speisialta ar an Teach gur féidir leis, ar na cúiseanna atá faoi chaibidil sa tuarascáil seo, Coistí Speisialta agus Roghchoistí a cheapadh, tagairt do na buntáistí a ghabhann leis na nósanna imeachta atá ann, agus a mholadh don Teach gur chóir glacadh nuair is oiriúnach leis an deis chun leas a bhaint as na nósanna imeachta sin.


(Sínithe) SÉAMUS Ó DÓLÁIN,


Cathaoirleach.


13 Nollaig, 1978.