Committee Reports::Report No. 35 - Approximation of the Legislation of Member States in order to Combat Illegal Migration and Illegal Employment::13 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar an togra ón gCoimisiún i ndáil le Treoir ón gComhairle maidir le reachtaíocht na mBallstát a chomhfhogasú chun imirce neamhdhleathach agus fostaíocht neamhdhleathach a chomhrac [R/808/78 (SOC 97)]. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE a cheanglaíonn dlíthe náisiúnta a fheidhmíonn go díreach ar oibriú an chómhargaidh a chomhfhogasú. Is leagan modhnaithe an togra seo faoi láthair ar an togra a chuir an Coimisiún go dtí an Chomhairle i mí na Samhna, 1976 agus a lochtaigh an Pharlaimint Eorpach agus an Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialach ar an bhforas nár leor an chosaint a bhí ann d’oibrithe imirceacha neamhdhleathacha.


An tÁbhar atá sa Togra

2. Féachann an Treoir atá beartaithe le iallach a chur ar Bhallstáit a reachtaíocht agus a gcleachtais riaracháin a oiriúnú lena áirithiú go mbeidh socrú ann dóibh seo a leanas:—


(a) eolas a leathadh, sna Ballstáit agus in áiteanna eile, i dtaobh dála oibre agus rialacháin náisiúnta maidir le teacht isteach, cónaí agus fostaíocht;


(b) rialú chun imirce neamhdhleathach agus fostaíocht neamhdhleathach a chosc agus a bhraith go háirithe ar fhostóirí agus ar ghníomhaireachtaí fostaíochta;


(c) pionóis a ghearradh orthu siúd, lena n-áirítear fostóirí, a eagraíonn imirce neamhdhleathach agus fostaíocht neamhdhleathach nó a ghlacann páirt in imirce neamhdhleathach nó i bhfostaíocht neamhdhleathach, agus baol príosúnachta a bheith ar áireamh na bpionós;


(d) ceanglas go ndéanfaidh fostóirí agus daoine eile a mbeidh baint acu leis na hábhair costas adúichithe a íoc.


(e) ceanglas go ndéanfaidh imirceach a chiontófar a bheith ag obair go neamhdhleathach a oibleagáidí fostaíochta a chomhalladh cibé acu a bheidh sé faoi bhrí a ionnarbtha nó nach mbeidh;


(f) nós imeachta achomhairc in aghaidh ionnarbtha agus teacht ar fhianaise thacaíochta agus ar chabhair dlí in aisce i gcás a mbeidh feidhm leis sin;


(g) ceanglas go gcomhallfaidh fostóirí oibleagáidí i leith imirceach neamhdhleathach, go háirithe i ndáil le luach saothair, íocaíochtaí téarfa, rannaíocaí slándála sóisialaí agus cánacha;


(h) ceanglas go ndéileálfar le himircigh neamhdhleathacha ar mhodh nach lúfhabharaí ná mar a dhéileáiltear le náisiúnaigh an Bhallstáit féin maidir le ranníocaí slándála sóisialaí a aisíoc.


An Dlí agus Cleachtas in Éirinn

3. Tugann Acht na nEachtrannach, 1935, Alt (5) (i) (h) cumhacht don Aire Dlí agus Cirt orduithe a dhéanamh dá cheangal ar eachtrannaigh déanamh de réir forálacha áirithe maidir le clárú, áit chónaí a athrú, taisteal, fostaíocht, eagrú agus ábhair eile den sórt sin. Forálann Orduithe na hEachtrannach, 1946 agus 1975, a rinneadh faoin Acht sin, nach cead d’eachtrannach dul i seirbhís fostóra sa Stát ach amháin de réir cheada a fuair an fostóir ón Aire Saothair. Forálann siad freisin gur féidir diúltú d’eachtrannach a ligean isteach más chun fostaíochta nach bhfuil faoi bhrí ceada atá sé ag teacht. Is cion is inphionósaithe le fíneáil agus/nó le príosúnacht an rialú ar eachtrannaigh, e.g. oibriú gan chead, a shárú. Níl aon smachtbhannaí forordaithe in aghaidh fostóirí. Is gnás ag na Gardaí gan daoine a ionchúiseamh a fhaightear ag obair gan chead. Thiocfadh nach ndéanfaí ach a ordú don fhostóir an scéal a cheartú nó b’fhéidir go n-ordófaí don eachtrannach scor d’fhostaíocht agus cruthúnas ar acmhainn airgid a thabhairt más mian leis fanacht sa Stát.


4. Tá de cheangal anois sna coinníollacha a ghabhann le ceadanna a thugtar d’fhostóirí ionchasacha oibrithe eachtrannacha nach mór don Aire Saothair a bheith cinnte nach bhfuil aon náisiúnach de chuid na hÉireann nó de chuid Bhallstát CEE ar fáil don post a bhfuil iarratas ar chead oibre ina leith faighte.


5. Tá cead faoin dlí, mar atá sé, ag an Aire Dlí agus Cirt eachtrannach a ionnarbadh ar mhaithe le leas an phobail agus aon airgid nó maoin de chuid an ionnarbthaigh a úsáid le cuid den chostas ionnarbtha a ghlanadh. Níl aon fhoráil shonraithe ann faoi láthair le hachomharc a dhéanamh in aghaidh ionnarbtha ach d’fhéadfadh an duine áirithe ordú do thoirmeasc a ionnarbtha a iarraidh ar an Ard-Chúirt. Tá cearta achomhairc áirithe in aghaidh ionnarbtha ag eachtrannaigh ó Bhallstáit Chomhairle na hEorpa, faoin gCoinbhinsiún Eorpach ar Bhunachais (1956, sraith de Chonarthaí Eorpacha, Uimh. 18).


Tuairimiú an Chomhchoiste

6. Mar gheall ar nach mórán imirceach atá fostaithe in Éirinn, ní cúis deacrachtaí móra a shamhlaíonn an Treoir don tír seo. Measann an Comhchoiste gur leor an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa tír seo faoi láthair cé go measann sé go bhfuil údar ann an fhreagracht a chur ar an bhfostóir, go príomha, in ionad sin a bheith ar an bhfostaí, i gcás fostaíochta neamhdhleathaí. Ach ní bheadh sé i bhfabhar córas costasach ilchasta rialacháin nach bhfuil riachtanas áirithe leis a bhunú anseo agus tá súil aige go ndéanfaidh roinnt bheag mionathruithe an gnó mar chuspóir don Treoir is ábhar don togra.


7. Glacann an Comhchoiste, áfach, leis an tuairim gur ceart lánchosaint a bheith ann d’oibrithe imirceacha. Is maith leis, go háirithe, an fhoráil go dtabharfar gach uile dheis d’imirceach neamhdhleathach, bíodh nó ná bíodh sé faoi bhrí a ionnarbtha, lena chearta féin agus cearta a theaghlaigh a chur in iúl do na húdaráis chuí, go mbeidh teacht aige ar an bhfianaise go léir a mbeidh fáil air agus ar chabhair dlí in aisce i gcás a mbeidh feidhm leis sin. Faoi réir cosaint oiriúnach a bheith ann i gcás mbeartaítear ionnarbadh ar fhorais sándála ba mhaith leis an gCoiste córas achomharc éigin a bheith ann cosúil leis an gceann a cuireadh i bhfeidhm tá gairid ó shoin do náisiúnaigh CEE le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 (I.R. Uimh. 393 de 1977).


8. Chuirfeadh an Treoir, dá nglacfaí léi, d’oibleagáid ar na Ballstáit eolas a leathadh ar fud an Chomhphobail agus lasmuigh de faoi dhála oibre agus faoi rialacháin i dtaobh teacht isteach, cónaí agus fostaíocht sna Ballstáit. Is é tuairim an Chomhchoiste go mb’fhéidir go n-iarrfaí ar an gCoimisiún féin gníomhú i ndáil leis an ábhar sin in ionad an t-ábhar a fhágáil go heisiatach faoi na Ballstáit.


Comhlachtaí lenar Glacadh Comhairle

9. Le linn don Chomhchoiste a bheith ag scrúdú an togra sin ghlac sé comhairle le Cumann Cónaidhme na bhFostóirí, le Comhar Ceardchumann na hÉireann agus le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus tá an Comhchoiste an-bhuíoch faoin gcabhair a fuair sé.


(Siníthe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


13 Nollaig, 1978.