Committee Reports::Report No. 34 - Public Transport Carriage of Goods, Community Quot[Private] Road / Rail Transport and Infrastructure Expenditure::13 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar na tograí seo a leanas a chuir an Coimisiún chun na Comhairle sna míonna le déanaí maidir le hiompar; is le haghaidh Treoir ón gComhairle ceann acu [R/2041/78] agus is le haghaidh Rialacháin ón gComhairle an chuid eile:—


Beart ag Ballstáit i dtaobh na n-oibleagáidí is gné dhílis de choincheap seirbhíse poiblí in iompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre agus cúnamh a dheonú le haghaidh an iompair sin [R/1174/78].


Coigeartú ar acmhainn chun earraí a iompar ar fruiliú nó ar luaíocht idir Ballstáit [R/2461/78].


Córas cuntasaíochta do chaiteachas ar bhonneagar i ndáil le hiompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre [R/2145/78].


Cuóta Comhphobail le haghaidh iompar earraí de bhóthar idir Ballstáit [R/2069/78].


Comhrialacha do chineálacha áirithe comhiompair earraí de bhóthar/d’iarnród idir Ballstáit [R/2041/78].


2. Ag cruinniú an 23/24 Samhain, 1978, tháinig Comhairle na nAirí ar chinneadh i bprionsabal i dtaobh dhá cheann de na tograí thuasluaite [R/2041/78 agus R/2069/78] agus, sa tuarascáil seo, baineann barúlacha an Chomhchoiste i dtaobh na nithe i dtrácht inti le cinntí a rinne an Chomhairle cheana féin cé nach bhfuil glactha go foirmiúil fós leis na hionstraimí ina dtugtar na cinntí sin. Tá cinneadh le déanamh fós ag an gComhairle ar an gcuid eile de na tograí.


Iompar Seirbhíse Poiblí agus Cúnamh Náisiúnta

3. Molann an dréacht-Rialachán leasú a dhéanamh ar dhá Rialachán a rinne an Chomhairle cheana agus a bhaineann leis an gcúiteamh d’oibritheoirí iompair ó na Ballstáit i leith oibríochtaí a dhéanann siad sa tseirbhís phoiblí cé nach bhfuil bonn cóir gnó leo.


4. Chuir Rialachán Uimh. 1191/69 d’oibleagáid ar Bhallstáit deireadh a chur le hoibleagáidí a leagtar ar údaráis iompair agus a bhaineann go dlúth leis an leas poiblí. Ach féadfar na hoibleagáidí sin a choimeád ar bun i gcás géarghá a bheith leo cé go mbeadh d’iallach ar an Stát cúiteamh a íoc ina leith. Oibleagáidí seirbhíse poiblí a thugtar ar na hoibleagáidí sin agus tharlódh dóibh bheith ann mar gheall ar oibleagáid chun seirbhís a oibriú nó seirbhís iompair a chur ar fáil nó mar gheall ar oibleagáidí taraife. Is é an míniú atá ar oibleagáid taraife i Rialacháin 1969 an oibleagáid a chuirfeadh rátaí neamhthráchtála, arna socrú ag údaráis phoiblí de dhroim taraifí speisialta a fhorchur nó diúltú iad a mhodhnú, i mbaint le hearnálacha áirithe paisnéirí nó earraí nó ar thurais áirithe. Rinne Rialachán Uimh. 1107/70 leathnú ar réim an chúitimh i leith oibleagáidí taraife nach bhfuil cumhdaithe sa mhíniú sin agus i leith gnóthais agus gníomhaíochtaí nach bhfuil cumhdaithe ag Rialachán 1969. Dhearbhaigh Rialachán 1970, go sonrach, go mbaineann Airteagail 90 go 92 de Chonradh na Róimhe leis an gcúiteamh ón Stát.


5. Faoi Rialachán Uimh. 1191/69 is éigean cúiteamh a íoc agus tá modhanna cinnte leagtha amach leis an gcúiteamh a ríomh. Faoi Rialachán Uimh. 1107/70, áfach, glactar leis go bhfuil íoc an chúitimh deonach agus níl aon mhodhanna cinnte leagtha amach mar atá i Rialachán Uimh. 1191/69.


6. Molann togra an Choimisiúin leasú a dhéanamh ar an míniú ar oibleagáidí taraife i Rialachán Uimh. 1191/69 trína shocrú gur tharla siad de dhroim bearta taraife speisialta nó bearta taraife ginearálta a fhorchur nó diúltú iad a mhodhnú; mar leasú iarmhartach tá an tagairt d’oibleagáidí taraife i Rialachán Uimh. 1107/70 le scriosadh. Forálann sé, áfach, nach gcuimsíonn na hoibleagáidí sin bearta ginearálta praghas-pholasaí a bhaineann leis an ngeilleagar i gcoitinne.


7. Tacaíonn CIE leis an togra mar go bhfeictear dó go dtugann sé aitheantas don phrionsabal go mbeadh cúiteamh ceart le fáil de bharr oibleagáidí a bhaineann le seirbhís phoiblí a chomhlíonadh. Measann sé go bhfuil an chóir oibre a chuireann Rialachán Uimh. 1191/69 ar fáil cuimsitheach agus folúthach go leor agus is ábhar áthais leis an bhreis chórach sin.


8. Tugtar mar chomhairle don Chomhchoiste, áfach, nach bhfuil sé ceaptha don Rialachán atá beartaithe aon tionchar praiticiúil a bheith aige maidir le hÉirinn. Sa mhíniú breise ar oibleagáid taraife faoin Rialachán atá beartaithe d’fhágfaí oibleagáidí de dhroim bearta ginearálta praghas-pholasaí a bhaineann leis an eacnamaíocht i gcoitinne fós as an áireamh, sa chaoi nach mbunódh rialú táillí agus rátaí CIE, faoi na hAchtanna Praghsanna, oibleagáid taraife. Tugadh le fios don Choiste, fiú dá mbeadh srianta ar tháillí CIE a thabharfadh, b’fhéidir, faoi réim an mhínithe nua iad, nach n-athródh sé an fóirdheontas a íoctar le CIE agus nach mbeadh de thoradh leis ach go ndéanfaí aicmiú éagsúil ar chuid den fhóirdheontas. Níl aon chur in aghaidh an togra sin ag an gCoiste.


Iompar Earraí de Bhóthar ar Fruiliú nó ar Luaíocht

9. Faoi láthair déantar iompar earraí de bhóthar ar luaíocht idir Ballstáit a rialú go páirteach le reachtaíocht Chomhphobail [Cuótaí Comhphobail agus an Chéad Treoir ón gComhairle dar dáta an 23/7/1962, arna leasú, a dhíolmhaíonn earnálacha sonraithe ó rialú cuóta agus/nó ó rialú ceadúnúcháin] agus go páirteach le comhaontuithe déthaobhacha. Is follas go bhfuil formhór mór na n-oibríochtaí iompair sin faoi rialú comhaontuithe déthaobhacha fós.


10. Nuair a bhunófar cómhargadh i gcúrsaí iompair amach anseo ní bheidh cúis ar bith as sin amach le teorainn a chur leis an gcóir chun earraí a iompar de bhóthar ó Bhallstát go Ballstát. Tógfaidh sé tamall fada sin a dhéanamh, is cosúil, agus aontaíonn an Coimisiún gur gá socruithe idirlinne chun aistriú ón staid faoi láthair go dtí cómhargadh dílis. Sa togra seo ón gCoimisiún tá iarracht á dhéanamh córas na gcuótaí déthaobhacha a thabhairt isteach i mbonneagar Cómhargaidh.


11. Dá nglacfaí leis an Rialachán atá beartaithe ón gComhairle rachadh sé i gcion ar choigeartú na gcuótaí déthaobhacha mar a leanas:


(a)Chuirfí critéir Chomhphobail i mbaint le coigeartú na gcuótaí déthaobhacha.


(b)Bheadh an Coimisiún páirteach i gcáil chomhairleach i gcaibidlí chun cuótaí déthaobhacha a choigeartú.


(c)Bheadh feidhm ag nós imeachta Chomhphobail i gcás go gclisfeadh ar na caibidlí faoi chuótaí déthaobhacha.


(d)Bheadh ceadú an Choimisiúin ag teastáil chun cuótaí déthaobhacha a fhorchur i gcás nach mbeadh aon chuótaí den sórt sin ann in alt na huaire.


(e)Shaorfaí ó shriantachtaí cuóta trácht aistreach thar chríoch Ballstát i gcúrsa iompair idir na Ballstáit.


Ina theannta sin, forálann an Rialachán atá beartaithe go bhféadfaidh an Comhphobal dul i mbun comhaontuithe le tríú tíortha faoi iompar idir na tíortha sin agus Ballstáit CEE.


12. Tá comhaontuithe déthaobhacha maidir le hiompar de bhóthar déanta ag Éirinn leis an bhFrainc, leis an mBeilg agus le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine. Tá sriantacht chuóta i ngach ceann de na comhaontuithe sin i dtaobh an uimhir oibríochtaí a fhéadfar a chur i gcrích gach bliain. Tá foráil i ngach comhaontú le Comhchoiste a bhunú d’údaráis inniúla an dá thír chun athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí an chomhaontaithe, lena n-áirítear, más gá, leibhéal an chuóta. Dá nglacfaí leis an Rialachán atá beartaithe bheadh baint aige leis an gCoimisiún a mhéid a léirítear sa mhír sin roimhe. Thairis sin, dá gcuirfí sriantachtaí cuóta ar ceal in oibríochtaí aistreacha bheadh saoráidí aistreacha neamhshrianta ag tarlaitheoirí Éireannacha trí thíortha eile de chuid an Chomhphobail. Bheadh na saoráidí aistreacha sin freisin ag tarlaitheoirí ó thíortha eile de chuid an Chomhphobail in Éirinn ach is le tarlaitheoirí na hÉireann a bheadh an bhuntáiste mar gheall ar shuíomh na tíre seo.


13. Féachtar ar thograí an Choimisiúin mar chéim ar aghaidh chun ceadúnais dhéthaobhacha a chur ar ceal ar fad. Cé go bhfuil CIE in aghaidh saoirse iomlán a bheith ag gnóthaí iompair de bhóthar sa Chomhphobal bheadh amhras air faoin gcóras ceadúnúcháin déthaobhach a chur ar ceal ar fad. Mar sin féin tuigtear dó nach bhfuil i gceist ag an gCoimisiún faoi láthair ach comhchuibhiú éigin a dhéanamh ar na critéir ar a mbunófaí caibidlí chun a chinntiú go mbeadh freastal sásúil ar fhíor-riachtanais ghnóthaí iompair.


14. Measann an Comhchoiste go dtiocfadh an bhuntáiste is fearr as taobhú le togra an Choimisiúin.


Córas Cuntasaíochta do Chaiteachas Bonneagair

15. Tá d’aidhm ag togra an Choimisiúin leasú a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 1108/70 a bhunaigh buanchóras cuntasaíochta do chaiteachas bonneagair i gcás iompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre. Cuireann an Rialachán deiridh sin de cheangal ar Bhallstáit tuairisceáin a thabhairt don Choimisiún i dtaobh an chaiteachais ar an mbonneagar agus ar úsáid an bhonneagair sin. Molann an togra seo leasú agus simpliú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann leis na tograí sin.


16. Measann an Comhchoiste, tar éis an togra a scrúdú, nach mbeidh aon deacracht ar leith ann don tír seo má ghlactar leis an togra sin.


Cuóta Comhphobail

17. Bhí ceaptha don chóras cuóta Comhphobail a tugadh isteach i 1968 céim ar aghaidh a thabhairt chun iompar earraí de bhóthar a shaoradh ar fad ó gach sriantacht chainníochtúil. Faoin scéim, dáiltear an cuóta údarúchán bliantúil ar na Ballstáit. Na daoine a bhfuil na húdarúcháin sin acu, thig leo earraí a iompar de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht idir Ballstáit CEE ar bhonn déthaobhach (i.e. idir tír an tarlaitheora féin agus tír eile de chuid CEE) agus ar bhonn iltaobhach (i.e. idir dhá thír de chuid CEE, nach tír an tarlaitheora féin ceachtar acu).


18. 2,835 údarúchán atá mar chuóta Chomhphobail do 1978 agus faigheann Éire 60 údarúchán díobh. Tugann an tAire Turasóireachta agus Iompair amach na húdarúcháin a fhaigheann Éire. Mhol togra Choimisiún CEE 20 faoin gcéad de mhéadú ar an gcuóta le héifeacht ón 1 Eanáir, 1979, rud a d’fhágfadh 3,402 údarúchán mar chuóta. Bheadh an 20 faoin gcéad de mhéadú ar an gcuóta le dáileadh ar na Ballstáit mar a leanas:—


(a) a leath ar bhonn líneach; agus


(b) an leath eile ar bhonn ráta úsáide na n-údarúchán i 1977.


19. Chinn an Chomhairle nach mbeadh ach 10 faoin gcéad de mhéadú ar chuóta 1978; a leath ar bhonn líneach agus an leath eile bunaithe ar an ráta úsáide. Faoi thogra an Choimisiúin bheadh 69 n-údarúchán le fáil ag Éirinn as 3,402 ar fad ach ní bheadh ach 65 údarúchán le fáil aici as na 3,122 atá ceadaithe ag an gComhairle. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh tarlaitheoirí na hÉireann ach cúig fheithicil bóthair bhreise a úsáid faoin scéim mar nach féidir ach feithicil amháin sa turas a úsáid do gach údarúchán.


20. Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur i bhfios gur díomá dóibh an dáileadh údarúchán d’Éirinn do 1979. Ar leith ar fad ó mhífhonn na Comhairle aontú le níos mó údarúchán ná an beagán breise a ceadaíodh ar an gcuóta go huile, is míbhuntáiste d’Éirinn é leath na n-údarúchán a dháileadh ar bhonn úsáide. D’fhéadfadh turas amháin farraige nó b’fhéidir dhá thuras farraige as Éirinn bheith i gceist in iompar fíorcheart idirnáisiúnta de bhóthar. Ní haon chabhair an aimsir ach oiread agus bíonn dua agus moill dá tairbhe. Sin deacracht nach mbíonn le sárú ach go hannamh ag oibritheoirí i mBallstáit atá ag críochantacht le chéile ar an mór-roinn. Le cur leis an míbhuntáiste oibríochta agus coimhlinte áirithe sin ó thaobh tarlaitheoirí na hÉireann tá córas bóthair mearluais, a ceapadh go speisialta don ghnó, ar fáil go forleitheadach ar an mór-roinn. Déanta na fírinne, ba chóir go lorgódh Éire meánmhéadú níos mó ar an mbundáileadh ceadúnas atá ag dul di mar chúiteamh as an moilliú ama agus as úsáid na gceadúnas atá ag baint lenar suíomh forimeallach mar oileán. Molann an Comhchoiste go ndéanfar gach dícheall aitheantas a bheith ag an méid sin nuair a bheidh an chéad athbhreithniú eile á dhéanamh ar an gcuóta Comhphobail.


Comhrialacha do Chomhiompar Earraí de Bhóthar, d’Iarnród

21. Tá Treoir 75/30 ón gComhairle a thug saoirse ó gach córas cuóta agus údarúchán do chineálacha áirithe comhiompair earraí de bhóthar, d’iarnród le dhul in éag an 31ú lá de Nollaig, 1978. Mhol togra an Choimisiúin Treoir leasaitheach a thabharfadh bunanadas, faoi réir leasuithe áirithe, do na gnáth-rialacha a leagadh amach i dTreoir 75/130. Chinn an Chomhairle gnáth-rialacha na huaire seo a bhuanú ach iad a chur i mbaint, go ceann dhá bhliain, mar thriail, le trácht choimeádan de bhóthar, d’iarnród.


22. Níl aon saoráidí iarnóid in Éirinn do chomhiompar de bhóthar, d’iarnród agus, ó tharla gur dócha nach leor an t-éileamh a bheidh ann chuige sin amach anseo, níor cheart go mbeadh ach an tionchar is lú ag an togra sin ar chúrsaí iompair de bhóthar in Éirinn. Chuir CIE i bhfios don Chomhchoiste nach bhféadfadh oibríocht den chineál sin íoc as féin gan sruth trom rialta de thrácht oiriúnach a bheith ar fáil thar thurais fhada. I bprionsabal, tacaíonn CIE leis an dearcadh faoi chomhiompar de bhóthar, d’iarnród. Mar gheall ar shuíomh na tíre agus méid na tráchtála ní dócha do CIE glacadh a bheith aige leis an moladh ach creideann sé go bhfuil glacadh leis an Treoir leasaitheach mar go dtugann sé deis do tharlaitheoirí na hÉireann bealach a dhéanamh isteach ar mhargaí an Chomhphobail.


Comhlachtaí lena ndeachthas i gComhairle

23. Chuaigh an Comhchoise i gcomhairle leis na comhlachtaí seo a leanas i dtaobh na nithe atá faoi thrácht sa tuarascáil seo:—


CIE


Comhar Ceardchumann na hÉireann


Cumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉirinn


Cónaidhm Thionscail na hÉireann


Comhlachas Tarló Bóthar na hÉireann


Comhlachas Tarló Trasmhara na hÉireann.


Ba mhór an chabhair don Choiste an t-eolas a cuireadh ar fáil dó nuair a bhí an t-ábhar á phlé aige, agus tá an Coiste fíor-bhuíoch de na comhlachtaí a chabhraigh leis.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


13 Nollaig 1978.