Committee Reports::Report No. 29 - Statutory Instruments [15]::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Na hIonstraimí a Scrúdaíodh

1. Ó eisíodh an fichiú tuarascáil uaidh (Prl. 7279) faoi dháta an 28 Meitheamh 1978 tá an Comhchoiste tar éis cúig ionstraim déag eile a scrúdú ar faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 a rinneadh naoi gcinn agus ar faoi reachtanna eile a rinneadh an chuid eile. Tá liosta de na hIonstraimí a scrúdaíodh i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo. Ba mhaith leis an gCoiste trácht ar sheacht gcinn de na hionstraimí a scrúdaíodh.


B. AN tORDÚ CHUN ALLMHAIRÍ A RIALÚ (CUÓTA UIMH. 51) (TEICSTÍLEACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ) (UIMH. 2), 1977 [I.R. Uimh. 266 de 1977] AGUS AN tORDÚ CHUN ALLMHAIRÍ A RIALÚ (CUÓTA UIMH. 52) (GRÉASÁIN THEICSTÍLEACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ) (UIMH. 2), 1977 [I.R. Uimh. 257 de 1977].

AN tORDÚ CHUN ALLMHAIRÍ A SHRIANADH (BOINN GHLUAISTEÁN Ó PHOBLACHT DHAONLATHACH NA GEARMÁINE), 1977 [I.R. Uimh. 376 de 1977].

RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (FAIR- EACHAS AR ALLMHAIRÍ ÁIRITHE BONN GLUAISTEÁN), 1978 [I.R. Uimh. 111 de 1978].

Airbheartú Orduithe

2. Déanann I.R. Uimhreacha 266 agus 257 de 1977, a rinne an Rialtas faoin Acht chun Iomportálanna do Rialú, 1934, srianta allmhairithe a bhaint d’earraí áirithe ó thríú tíortha. Déanann I.R. Uimh. 376 de 1977, a rinne an Rialtas faoin Acht um Shrianadh Allmhairí, 1962, allmhairiú bonn ón Oir-Ghearmáin a chur faoi rialú ceadúnais. Déanann I.R. Uimh. 111 de 1978, a rinne an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, allmhairiú bonn de thion- scnamh Oir-Ghearmánach, atá curtha sa timpeall ar fud Ballstát eile, a chur faoi chineál faireachais. Mar a fheicfear ón gcomhfhreagras leis an Roinn lena mbaineann (féach Foscríbhinn II) tá na cheithre hion- straim bunaithe ar Chinntí ón gComhairle nó ón gCoimisiún.


Reachtaíocht Chomhphobail a Lua

3. Níl aon tagairt in aon cheann de na hionstraimí seo don reachtaí- ocht Chomhphobail atá á chur i ngníomh acu sa téacs féin ná sa nóta míniúcháin a ghabhann leo agus ní hamháin sin ach i gcás amháin (I.R. Uimh. 376 de 1977) níl aon nóta míniúcháin curtha leis in aon chor. Toradh amháin den ligean ar lár sin nach bhfuair an Comhchoiste amach gur tháinig trí cinn de na hionstraimí faoi raon a théarmaí tagartha go dtí gur cuireadh é sin i bhfios san Aonú Tuarascáil Déag ón Rialtas ar Fhorbairtí sna Comhphobail Eorpacha. Níor tharla an deacracht sin, ar ndóighe, i gcás an cheathrú ionstraim (I.R. Uimh. 111 de 1978) toisc gur faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a rinneadh é.


4. Mar a fheicfear ón gcomhfhreagras atá faoi chló i bhFoscríbhinn II, admhaíonn an Roinn lena mbaineann gur de dhearmad a tharla gur fágadh ar lár as I.R. Uimh. 111 de 1978 tagairt don reachtaíocht Chomh- phobail iomchuí. I gcás na n-ionstraimí eile nach ndearnadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, measann an Roinn nárbh iomchuí tagairtí a dhéanamh do Reachtaíocht Chomhphobal na hEorpa. Deir sé freisin go bhfuiltear á bhreithniú an gcuirfear tagairt mar sin i nótaí míniúcháin nó sna tuarascálacha sé-mhíosúla ón Rialtas.


5. Tá an Comhchoiste suite de, nuair is gá ionstraim a dhéanamh mar gheall ar reachtaíocht Chomhphobail, gur cheart é sin a bheith soiléir ó léamh na hionstraime. San fhichiú tuarascáil uaidh (Prl. 7279) faoi dháta an 28 Meitheamh 1978 luann sé a bharúlacha i dtaobh conas a fhéadfaí ionstraimí faoi Achtanna seachas Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, a dhréachtú agus aird á thabhairt ar an gcuspóir sin. Le hómós do thuairim na Roinne tá sé tar éis a sheasamh a athbhreith- niú. Ach ní dearfa fós é nárbh “iomchuí” tagairt do reachtaíocht Chomhphobail a chur i mbrollach oiriúnach. Dá bhrí sin, tá sé á iarraidh go scrúdódh an Roinn an scéal arís. Tabharfaidh sé a thuilleadh tuarascála i dtaobh an scéil do na Tithe i dtráth cuí.


Nóta Míniúcháin

6. Tar éis dó a bheith ag scrúdú na n-ionstraimí sin bhí breithniú á dhéanamh ag an gComhchoiste i dtaobh an leor a mbíonn sna nótaí míniúcháin i ndeireadh ionstraimí reachtúla a bhunaítear ar reachtaíocht Chomhphobail. Tá an Coiste tagtha ar an mbarúil nach bhfuil sé míréasúnach a bheith ag súil leis go mbeadh i nótaí den sórt sin, atá gan éifeacht dlí, achomaireacht ar (a) forálacha na reachtaíochta Comh- phobail agus (b) na bearta atá faoi réir san ionstraim chun an reacht- aíocht sin a chur i ngníomh. Dar leis an gComhchoiste tá na daoine lena mbaineann na hionstraimí sin i dteideal an méid sin eolais ar a laghad.


C. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (GNÍOMH- AIRÍ AGUS BRÓICÉIRÍ ÁRACHAIS), 1978 [I.R. Uimh. 178 de 1978].

Airbheartú na Rialachán

7. Cuireann na Rialacháin Treoir 77/92/CEE ón gComhairle i bhfeidhm, Treoir ina bhfuil forálacha idirlinne maidir le ceart gníomhairí agus bróicéirí gnó a chur ar bun i mBallstáit seachas a dtír féin. I mBallstáit áirithe ní foláir do dhaoine a dteastaíonn uathu leanúint den ghníomhaíocht sin eolas agus cumas ginearálta, tráchtála nó gairmiúil sonraithe a bheith acu. Cuireann an Treoir d’oibleagáid ar na Stáit sin, i gcás náisiúnaigh ó Bhallstáit eile, glacadh le fianaise ar thaithí son- raithe áirithe in ionad na gcáilíochtaí náisiúnta sonraithe. Ceanglaíonn an Treoir ar na Ballstáit eile sin a dúradh údaráis agus comhlachtaí a ainmniú atá inniúil chun deimhnithe ar an taithí sin a eisiúint. Tá foráil sna Rialacháin le haghaidh Coiste a bhunú in Éirinn do dheimhniú taithí Gníomhairí agus Bróicéirí Árachais ar mian leo oibriú i mBall- stáit eile ina bhfuil feidhm ag dlithe náisiúnta maidir le cáilíochtaí son- raithe.


Comhdhéanamh agus Téarma Oifige an Choiste

8. Forálann na Rialacháin go n-ainmneoidh “an tAire comhalta amháin den Choiste agus déanfaidh cibé comhlachtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach den tionscal árachais an seisear a ainmniú.” Bhreithnigh an Comhchoiste arbh oiriúnaí mar a bheadh dá ndéantaí na comhlachtaí dá dtagraítear a ainmniú san ionstraim féin. Ach tar éis dó barúlacha na Roinne lena mbaineann (féach Foscríbhinn III) aon- taíonn sé gur fearr an fhoráil a luadh mar atá sé.


9. Forálann na Rialacháin freisin go gceapfaidh an tAire comhaltaí an Choiste agus go mbeidh siad i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh sé. Tugann an Comhchoiste dá aire, áfach, nach bhfuil aon fhoráil ann le haghaidh ceapachán a fhoirceannadh le linn na tréimhse sin. Is dóigh leis an gCoiste go mb’fhearr dá sonrófaí tréimhse an cheapacháin san ionstraim féin agus dá ndéanfaí foráil i dtaobh an ceapachán a fhoirceannadh le linn na tréimhse sin dá dtarlaíodh ócáid a dhéanta. Molann sé go n-athscrúdófaí an taobh sin den scéal.


Idirmheáin Árachais in Éirinn

10. Mar a thuigfear as an gcomhfhreagras idir an Comhchoiste agus an Roinn fhreagrach (féach Foscríbhinn III) níl aon rialú reachtúil faoi láthair sa tír seo ar dhaoine a chuireann gnó ar bun mar bhróicéirí agus gníomhairí árachais. Tá an Roinn ag breithniú an scéil, áfach. Aon- taíonn an Comhchoiste go bhfuil sé oiriúnach di é sin a dhéanamh ag an gcéim seo toisc nach bhfuil sna socruithe dá bhforáltar i dTreoir 77/93/CEE ach socruithe eatramhacha agus tá súil go nglacfar sa deireadh le comhrialacha Comhphobail maidir leis an ngairm. Creideann an Comhchoiste gur mhaith an rud breathnú go háirithe ar an ngá atá le ceanglais reachtúla i dtaobh sócmhainneachta.


D. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (OLA- BHREOSLAÍ I STÁISIÚIN GHINIÚNA), 1978 (I.R. Uimh 75 de 1978).

Stáisiúin Ghiniúna a Cheadúnú

11. Forálann Treoir 75/405/CEE ón gComhairle gur gá údaraíocht roimh ré a fháil ón údarás iomchuí sa Bhallstát lena mbaineann le haghaidh stáisiúin ghiniúna nua a thógáil a úsáideann ola ar fad nó go formhór nó le haghaidh stáisiúin ghiniúna a athrú go hola ar fad nó go formhór. Sonraíonn an Treoir na cásanna ina bhféadfar údaraíocht a thabhairt. Déanann I.R. Uimh. 75 de 1978 an Treoir a chur i ngníomh in Éirinn agus forálann sé gurb é an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh an t-údarás iomchuí. Forálann sé freisin nach gá údaraíocht roimh ré i gcás cineálacha beaga áirithe gineadóirí. Níl aon fhoráil chomhréire sa Treoir. De réir litir faoi dháta 16 Meitheamh 1978 a fuair an Comhchoiste ón Roinn (féach Foscríbhinn IV) is é an cuspóir atá leis an bhforáil deiridh sin (a bhfuil an Coimisiún tar éis toiliú léi) laghdú a thabhairt ar an saotharlód a thiocfaidh de chionn na n-iarratas faoin ionstraim. Aontaíonn an Comhchoiste gur ciallmhar an socrú é sin.


E. NA RIALACHÁIN OLA HIDREACARBÓIN (LEASÚ), 1977 [I.R. Uimh. 382 de 1977].

Oibleagáidí Comhphobail

12. Ghlac an Comhchoiste ar láimh na Rialacháin sin a scrúdú toisc go ndeir an tAonú Tuarascáil Déag ón Rialtas ar Fhorbairtí sna Comhphobail Eorpacha nárbh fholáir é a dhéanamh mar gheall ar oibleagáidí a thig ó bheith ina chomhalta den Chomhphobal. Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a rinne an ionstraim faoi na hAchtanna Airgeadais, 1935 go 1940 agus 1960 agus baineann sé le heagar méadrach a chur ar ghnéithe rialaithe áirithe den dleacht mháil ar olaí hidreacarbóin. Deal- raíonn sé ó chomhfhreagras an Choiste leis na Coimisinéirí Ioncaim (féach Foscríbhinn V) nach mbeidh sé ina ábhar dlí Chomhphobail go dtí tráth éigin i mblianta 1980 go gcaithfear aonaid mhéadracha a chur in ionad aonaid reachtúla, an ghalúin agus an lb. agus go ndearnadh na Rialacháin ar iarratas ó lucht tionscail na hola a bhí díreach tar éis a gclár méadrachta féin a chríochnú. Tá an Coiste tar éis teacht ar an mbarúil nach dtagann an ionstraim faoi raon a théarmaí tagartha, toisc nach bhfuil aon oibleagáid dlíthiúil de bhíthin comhaltais an Chomh- phobail i gceist faoi láthair.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.