Committee Reports::Report No. 28 - Control of Concentrations between Undertakings::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimis- iúin le haghaidh Rialachán ón gComhairle do Rialú Comhchruinnithe idir Gnóthais [R/1989/73]. Tháinig an togra seo ón gCoimisiún mí Iúil 1973. Chaith Meitheal Oibre Comhairle tamall fada á scrúdú agus ní féidir a rá cathain a ghlacfar leis.


Ábhar an Togra

2. Baineann an togra le beartas iomaíochta CEE. Is é atá á lorg ann cumhacht a thabhairt don Choimisiún chun rialú a chur i bhfeidhm ar chomhchruinnithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil idir Ballstáit, trína bhfaigheann duine nó gnóthas nó grúpa urlámh ar ghnóthas nó ar ghnóthais agus trína bhfaigheann sé dá thoradh sin cumhacht nó méadú cumhachta chun iomaíocht éifeachtúil sa chómhargadh nó i mórchuid de a bhac. Tá an córas rialaithe a bheartaítear cosúil leis sin atá cheana féin á fheidhmiú ag an gCoimisiún faoi Rialachán Uimh. 17/62 ar chomhaontuithe idir gnóthais nó ar mhí-úsáid a gcuid ceannais sa chó- mhargadh nó i gcuid mhór de ag gnóthais mhóra. Má leasaítear é mar atá molta ag an gCoimisiún sa Mheitheal Oibre Comhairle bhainfeadh an Rialachán le Rialachán le comhchruinnithe (1) inar mó ná 500m. AC comhshuim láimhdeachais na ngnóthas atá i gceist agus inar mó ná 20% a scair den mhargadh le haghaidh na ngnóthaí nó na seirbhísí lena mbaineann, nó (2) inar mó a scair den mhargadh ná 30% cé gur lú ná 500m. AC comhshuim an láimhdeachais. Bheadh sé éigeantach scéala a thabhairt don Choimisiún i dtaobh comhchruinnithe den sórt sin mura rud é gur lú ná 50m. AC láimhdeachas an ghnóthais a bhí á tháthcheangal. Mura dtionscnóidh an Coimisiún imeachtaí laistigh de thrí mhí, glactar leis go bhfuil an comhchruinniú i gcomhréir leis an gcómhargadh. Mura bhfuil fiosrú nó fiafruithe speisialta ag teastáil, ní mór don Choimisiún teacht ar chinneadh laistigh de naoi mí tar éis tionscnamh na n-imeachtaí. Beidh cinneadh an Choimisiúin bunaithe ar chaighdeáin shonraithe, agus féadfaidh sé a dhearbhú go bhfuil comhchruinniú ar neamhréir leis an gcómhargadh nó go bhfuil sé i dteideal a bheith díolmhaithe ó na forá- lacha toirmisc ach sin, b’fhéidir, faoi réir coinníollacha sonraithe a chomh- líonadh. D’fhéadfadh an Coimisiún a cheangal go mbrisfí suas comhchruin- niú atá ann. Bheadh cumhacht ag an gCoimisiún fíneálacha agus íocaíoch- taí pionóis thréimhsiúla a ghearradh chun a thabhairt go gcomhlíonfaí an Rialachán. Bheadh cinntí ag an gCoimisiún agus gearradh fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis thréimhsiúla faoi réir achomhairc chun na Cúirte Breithiúnais.


Cumhachtaí an Choimisiúin a leathnú

3. Más rud é, de thoradh comhchruinniú den chineál lena mbaineann an Rialachán beartaithe, go mbainfidh gnóthas staid cheannais amach sa chómhargadh nó i gcuid mhór de agus go mbíonn an ceannas sin á mhí-úsáid aige, tá an chumhacht cheana féin ag an gCoimisiún faoi Rialachán Uimh. 17/62 é a cheangal ar an ngnóthas deireadh a chur leis an mí-úsáid. Ina theannta sin, tá an Chúirt Bhreithiúnais tar éis breith a thabhairt (Cás Uimh. 6/72) go bhféadfadh cumasc ann féin a bheith ina thrúig mhíúsáide má dhéanann gnóthas ag a bhfuil staid cheannais an staid sin a neartú i slí go mbeadh an chéim cheannais a bheidh sroichte ina mhór-laincis ar iomaíocht, i.e. nach bhfanfaidh aon ghnóthais ar an margadh ach amháin iad sin a bhfuil a n-iompar ag brath ar an gceann ceannais. Sa chás sin féadfaidh an Coimisiún díchairtéiliú a ordú. Dá bhrí sin, tá cumhachtaí substainteacha ag an gCoimisiún cheana féin chun droch-thorthaí cumasc a mhúchadh. Is é éifeacht an ruda atá á lorg aige sa Rialachán beartaithe cumhacht chun cumaisc bheartaithe a chosc.


4. Aontaíonn an Comhchoiste i bprionsabal gur gá cumaisc a rialú d’fhonn a chinntiú go ndéanfar de réir rialacha iomaíochta CEE. Tá roinnt éigin amhrais air, áfach, i dtaobh gá a bheith le sásra fairsing a bhunú chun cumaisc bheartaithe den chineál a shonraítear a rialú d’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach. Toisc go bhfuil breis agus cúig bliana caite anois ó tháinig an togra ón gCoimisiún dhealródh sé gur mhaith an rud é ag an gcor seo athbhreitnniú a dhéanamh ar chúrsaí féachaint an bhféadfaí a chruthú gur mar gheall ar gan an rialú beartaithe a bheith ann a tharla dáiríre forbairtí mhíchuíúla ó thaobh na hiomaíochta de.


Feidhmeanna an Choiste Chomhairligh

5. Dá nglacfaí leis an Rialachán chaithfeadh an Coimisiún, sula ndéan- fadh sé cinntí, dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach ar Shrianta agus Monaplachtaí arb iad a bheadh air oifigeach ó gach Ballstát. Creideann an Comhchoiste gur cheart urlámh a bheith ag na Ballstáit ar riaradh an Rialacháin i dtús báire ar a laghad agus ina dhiaidh sin nár chóir cinntí an Choimisiúin a ghlacadh ach amháin le cead ón gCoiste Comhairleach.


Teorainneacha Ama do Chinntí

6. Má táthar leis an trom-fhreagracht a thabhairt don Choimisiún cumaisc bheartaithe a bhreithniú chítear don Chomhchoiste nach foláir dó a bheith réidh le plé leis an ábhar go réasúnta práinneach. Dar leis an gComhchoiste go bhfuil tréimhse dhá mhí dhéag ó fhógra a chur in iúl i bhfad ró-fhada le caoi a thabhairt don Choimisiún teacht ar chinneadh. Is dóigh leis gur chóir go gcaithfeadh an Coimisiún imeachtaí a thionsc- namh laistigh de mhí agus cinneadh a thabhairt laistigh de dhá mhí.


Ábhar a bheith faoi Rún

7. Mar fhocal scoir, i gcás ábhair chomh híogair le cumasc beartaithe, ba mhaith leis an gComhchoiste béim a leagan ar an tábhacht rómhór a bhaineann le ceanglais rúndachta an Rialacháin bheartaithe. Tá sé lán- riachtanach na ceanglais sin a urramú agus a chur i bhfeidhm go beacht.


Admháil

8. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a chur in iúl i dtaobh an chúnaimh a fuair sé ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann le linn an togra seo a bheith á bhreithniú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.