Committee Reports::Report No. 27 - Joint Research Programmes and Programmes for Co-ordinating Agricultural Research::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimis- iúin le haghaidh Cinneadh ón gComhairle ag glacadh le cláir chomh- thaighde agus le cláir do chomhordú taighde talmhaíochta [R/1861/78 (AGRI 571) (FIN 514)]. Tuigtear don Choiste go raibh Meitheal Oibre Comhairle ad hoc sásta leis an togra seo ach roinnt leasuithe a dhéanamh ar an téacs agus gur dócha go nglacfaidh an Chomhairle leis go luath.


Achomaireacht ar an Togra

2. Chuirfí an clár beartaithe i gcrích thar thréimhse chúig bliana ag tosú an 1 Eanáir 1978. Meastar go gcuirfidh an comhphobal 18.6 m. ACE ar leithligh chuige sin thar an tréimhse. Seachas bacanna ar thrádáil laistigh den Chomhphobal a chur ar neamhní ar nós scrúduithe le haghaidh galair ainmhithe agus plandaí, thabharfaí tosaíocht sa chlár d’fhadhbanna daonstruchtúrtha agus don úsáid ab éifeachtaí a d’fhéadfaí a bhaint as acmhainní agus fuinneamh aiceanta, é sin agus aird chuí a thabhairt ar na heasrais a bheadh ar fáil do tháirgeadh agus béim speisialta a leagan ar fhadhbanna na réigiún is lú bail, go háirithe réigiún na Meánmhara. Bhainfeadh an clár leis an deich théama sonrach seo a leanas:—


(a) úsáid talún agus forbairt tuatha


(b) Talmhaíocht Meánmhara


(c) iarmhar agus útruiscí talmhaíochta ó dhian-stocthógáil


(d) paiteolaíocht ainmhithe


(e) tairgiúlacht na mart-thréad Eorpach a fheabhsú


(f) rialú bitheolaíoch dlúth-tháite ar lotnaidí


(g) modhanna d’fheabhsú friotaíocht plandaí in aghaidh galar agus brú timpeallachta


(h) taighde ar bhia


(i) galar leamhán: treoirscéim é seo do chomhordú taighde ar ghalair crann


(j) feabhsuithe i dtáirgeadh próitéiní plandaí.


Ciallachais d’Éirinn

3. Clár taighde Comhphobail atá ar bun faoi láthair agus atá ag grinniú ar cheithre théama críochnóidh sé i ndeireadh na bliana seo. Leagadh béim sa chlár sin ar chomhbheartaíocht agus is é an Comhphobal a thug cuid den airgead le haghaidh tionscadail roghnaithe. Ar bheartaíocht chomhordaithe a leagfar an bhéim sa chlár nua agus is freagracht náisiúnta é maoiniú iomlán a dhéanamh ar thionscadail. Tabhófar caiteachas Comh- phobail ar idirbheartaíocht idir lucht taighde trí sheiminéair, saothar- lanna, cuairteanna malairte, oiliúint sa choigrích, etc. D’fhéadfadh gurb é a thoradh iomlán go mbeidh níos lú airgid ar fáil le haghaidh taighde ó CEE d’Éirinn ach táthar ag súil le sochar maith mór i bhforbairt pear- sanra taighde.


Barúlacha an Chomhchoiste

4. B’fhearr leis an gComhchoiste dá ndéanadh na forálacha buiséad- achta go huile lamháil le haghaidh breis solúbthachta chomh maith le boilsciú a tharlódh b’fhéidir thar an tréimhse chúig bliana. Tuigeann sé, áfach, gur dócha gur túisce a ghlacfar i gcoitinne leis an togra mar atá sé. Mar atá an scéal, aontaíonn an Coiste gur chóir tacú leis an togra.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain, 1978.