Committee Reports::Report No. 26 - Right of Establishment and Freedom to Provide Services by Veterinary Surgeons::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thograí athbhreith- nithe le haghaidh dhá Threoir ón gComhairle maidir le ceart bunaíochta agus soláthar seirbhísí do ghníomhaíochtaí tréidlianna [R/864/77 (ES 44)]. Tá sé freisin tar éis breithniú a dhéanamh ar thogra gaolmhar le haghaidh Cinneadh ón gComhairle chun coiste comhairleach a bhunú ar oiliúint tréidliachta [R/858/78 (ES 38)].


2. Tuigtear don Choiste go bhfuil críoch curtha le breithniú na dtograí sin ag Meitheal Oibre Comhairle agus go bhfuil na tograí anois le COREPER. Is é an dóigh go dtiocfaidh na tograí faoi bhráid na Comhairle go luath.


3. Dréacht-Treoracha iad seo a ghabhann ionad tograí níos luaithe ab éigean a athbhreithniú de chionn breitheanna na Cúirte Breithiúnais i gcásanna Reyners [2/74 (1974) ECR 631] agus Van Binsbergen [33/74 (1974) ECR 1299]. Tá éifeacht na mbreitheanna sin pléite sa chúigiú tuarascáil is tríocha ó réamhtheachtaí an Chomhchoiste (Prl. 5591).


Réim na dTograí

4. Tá foráil i ndréacht-Treoir amháin le haghaidh aitheantas frith- pháirteach a bheith le fáil ag cáilíochtaí gairmiúla tréidlianna. Sa dara dréacht-Treoir tá caighdeáin sonraithe le haghaidh oiliúint d’ábhar tréidlianna.


5. Maidir le tréidlianna do bhuan-aistriú go dtí Ballstát eile tá forálacha ann i dtaobh fianaise charachtair agus sláinte a thabhairt dá mbeadh a leithéid ag teastáil ón tír chaoifeach i gcás a cuid náisiúnach féin. Tá forálacha ann freisin i dtaobh Ballstáit do thabhairt eolais maidir le hiompar míghairmiúil nó cionta coiriúla.


6. Tréidlianna a bheadh ag soláthar seirbhísí i mBallstát seachas a dtír féin níor ghá dhóibh clárú leis an gcomhlacht gairmiúil iomchuí sa tír chaoifeach. Níor mhór dóibh, áfach, iad féin a chur in iúl do na húdaráis inniúla agus fianaise iomchuí ar a gcuid cáilíochtaí a chur ar fáil.


7. Maidir leis an gceart bunaíochta agus le soláthar seirbhísí araon tá forálacha ann i dtaobh úsáid an teidil ghairmiúil agus Ballstáit do thabhairt eolais ar dhlíthe tréidliachta agus eitic ghairmiúil do dhaoine lena mbain- eann. Dá mba ghá é chaithfeadh Ballstáit freisin féachaint chuige go mbeadh an t-eolas ba ghá ar theangacha le fáil ag tréidlianna a bheadh ag baint leas as a gceartanna.


8. Tá sé á lorg leis an gCinneadh beartaithe ón gComhairle Coiste comhairleach a bhunú ar a mbeadh triúr saineolaí ó gach Ballstát ag fónamh agus a mbeadh sé de chúram air féachaint chuige go mbeidh an caighdeán oiliúna tréidliachta ar aon dul i ngach Ballstát.


Barúlacha an Chomhchoiste

9. De réir mar a chítear an scéal don Chomhchoiste ag féachaint do bhreitheanna na Cúirte Breithiúnais, is ceart bunúsach a thig díreach ó fhorálacha Chonradh na Róimhe ceart náisiúnaigh Ballstáit chun dul i mbun fostaíochta, nó é féin a bhunú mar dhuine féin-fhostaithe nó seirbhísí a sholáthar in aon áit sa Chomhphobal. Thairis sin, cuireann an Conradh sin oibleagáid follasach ar an gComhairle reachtaíocht iomchuí a ghlacadh á chinntiú go bhféadfar na cearta sin a fheidhmiú go héifeach- túil. Dá bhrí sin níl dada i bprionsabal ag an gComhchoiste in aghaidh na dtograí maidir le tréidlianna agus is é is ábhar cúraim dó go háirithe a chinntiú go gcaomhnófar leasanna thréidlianna na hÉireann a mhéid is féidir.


10. Dúradh leis an gComhchoiste go dtabharfadh na tograí, dá nglacfaí leo, ceart do thréidlianna Chomhlathas na Breataine, a raibh cáilíocht bainte amach acu lasmuigh den Ríocht Aontaithe, cleachtadh ar a dtoil sa tír seo dá n-éiríodh leo clárú sa chlár Breataineach. Tuigtear don Chomh- choiste, áfach, go bhfuiltear chun an Treoir bheartaithe a leasú lena chinntiú nach mbeidh an ceart sin le fáil ach acusan a bhainfidh céim amach in ollscoileanna na Ríochta Aontaithe. Is maith leis an gComh- choiste an leasú sin.


11. Tá Comhairle na dTréidlianna tar éis a chur in iúl don Chomh- choiste go dtabhódh sé, i gcás seirbhísí a sholáthar, le clárú sealadach lena chinntiú go bhféadfaí gníomh araíonachta a chur i bhfeidhm i gcás mí-iompair ó thaobh gairme nó eitice ag an duine atá ag soláthar na seirbhíse. Níl an Comhchoiste ina choinne sin ach tá sé in amhras an mbeadh glacadh leis ag féachaint don reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana maidir le gairmeacha eile. Bheadh iontas ar an gCoiste, áfach, mura bhféadfaí pionós a ghearradh mar gheall ar mhí-iompar den sórt sin tríd an gceart chun seirbhísí a sholáthar sa tír chaoifeach a tharraingt siar agus tá súil aige go mbreithneofar an ghné sin den cheist.


12. Is maith leis an gComhchoiste go bhfuil sé beartaithe coiste comh- airleach a bhunú. Ag cothabháil ardchaighdeán oiliúna tréidliachta sa Chomhphobal dó ba cheart don Choiste féachaint chuige go dtabharfar feidhm don chóir solúbthachta is fearr ó thaobh cáilíochtaí.


Comhlachtaí lena ndeachthas i gcomhairle

13. Chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle le Comhairle Tréidlianna na hÉireann agus le hAontas Tréidlianna na hÉireann maidir leis na tograí. Ba mhaith leis moladh agus buíochas a chur in iúl i dtaobh an chúnaimh a tugadh dó.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.