Committee Reports::Report No. 25 - Studies of Veterinary Medicinal Products::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thograí an Choimis- iúin [R/1238/76 (ECO 105)] le haghaidh Treoracha ón gComhairle ar chomhfhogasú dlíthe Ballstát maidir le—


Táirgí leighis tréidliachta,


Caighdeáin anailíseacha, chógaisíoch-tocsaineolaíocha agus chlini- ciúla agus prótacail maidir le táirgí leighis tréidliachta a thástáil.


2. Tá a scrúdú ar na Treoracha beartaithe críochnaithe ag Meitheal Oibre Comhairle tar éis roinnt cruinnithe a bheith acu. Cuirfear na Treoracha go COREPER anois lena gcur faoi bhráid na Comhairle. Táthar ag súil le cinneadh uaidhsean laistigh de thrí nó cheithre mhí.


Achomaireacht ar Thograí an Choimisiúin

3. Tá sainiú sa chéad dréacht-Treoir ar na táirgí lena mbainfeadh an dá Threoir, agus leagann sé toirmeasc ar na táirgí sin a mhargú nó a riaradh mura mbíonn údaraíocht chuige sin ó údarás náisiúnta inniúil. Theastódh údaraíocht shonrach freisin le haghaidh monarú na dtáirgí sin nó a n-allmhairiú ó thríú tíortha. Baineann forálacha eile le lipéadú agus in- toilleán pacáiste, oibleagáidí Ballstát maidir le cur i bhfeidhm agus bunú Choiste Táirgí Leighis Tréidliachta chun oibriú na Treorach a mhaoirsiú. De réir an dréachta is déanaí de na tograí bheadh ar Bhallstáit glacadh leis na forálacha laistigh de dhá bhliain ach lamhálfaí tréimhse deich mbliana do chéimniú isteach a ndéanfaí lena linn na forálacha sin a chur i bhfeidhm go leanúnach ar tháirgí atá cheana féin ar an margadh.


4. Sonraíonn an dara dréacht-Treoir na ceanglais a bheidh le comh- líonadh chun an údaraíocht is gá a fháil. Go háirithe, tá forálacha mionsonracha ann maidir leis na tástálacha a bheidh le déanamh.


Barúlacha Ginearálta an Chomhchoiste

5. Glacann an Comhchoiste leis go dtugann feidhmiú an chómhargaidh chun riachtanais go ndéanfaí comhfhogasú ar dhlíthe náisiúnta maidir le táirgí leighis tréidliachta. Ag féachaint do thábhacht na talmhaíochta i ngeilleagar na hÉireann, measann sé gur cheart cibé reachtaíocht Chomh- phobail lena nglacfar a bheith de réir na gcaighdeán is airde is féidir. Ag breathnú ar na nithe sin glacann an Coiste láithreach leis na prionsabail ar a bhfuil tograí an Choimisiúin bunaithe.


6. Dealraíonn an córas rialaithe atá á bheartú sa chéad dréacht-Treoir a bheith forshonraithe thar gnáth agus a bheith ceaptha le haghaidh saor- áidí do mhonarú ullmhóidí tréidliachta atá níos faide chun cinn agus níos sofaistiúla ná iad sin atá ar fáil in Éirinn. B’fhearr leis an gComhchoiste dá lamháltaí an tréimhse 15 bliana do chéimniú isteach a mhol an Coimis- iún i gcéaduair ionas go bhféadfadh gnólachtaí beaga iad féin a chur in oiriúint don chóras. Tuigtear dó, áfach, gur tréimhse céimnithe isteach 10 mbliana ar a mhéid an tréimhse is dóichí lena nglacfar i gcoitinne.


7. Ábhar cúraim don Chomhchoiste freisin an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith aige ar chostais feirmeoireachta. Tá sé curtha in iúl dó gur dhócha go mbeadh éifeacht ar phraghsanna ar aon chuma ag córais rialaithe náisiúnta atá i bhfeidhm nó atá beartaithe sa Ríocht Aontaithe agus san Ísiltír, na bunaidh is mó óna n-allmhairímid, agus má ghlactar leis an Treoir féin gur neamhdhóigh go mbeidh tionchar an-mhór aici ar chostais.


8. I gcoitinne, dá bhrí sin, tá glacadh ag an gComhchoiste leis an Treoir bheartaithe ach ba mhaithe leis trácht go sonrach ar chuid dá forálacha.


Táirgí lena mbaineann an dréacht-Treoir

9. Chuirfeadh an chéad dréacht-Treoir toirmeasc ar ullmhóid tréid- liachta a thabhairt d’ainmhithe gan údaraíocht ina leith a bheith tugtha amach ag an údarás inniúil. Dealraíonn sé go bhfuil sé ceaptha don toir- measc sin baint le hullmhóidí a chumaisc tréidlia go speisialta don ócáid má bhí an ullmhóid beartaithe do níos mó ná ainmhí amháin. Creideann an Coiste go dtabharfadh an fhoráil sin leathantas míréasúnach do rialachas biúrocráideach agus tá sé glan ina choinne. Má ghlaotar isteach ar thréidlia chun cóireáil a thabhairt do roinnt ainmhithe agus má chin- neann sé ullmhóid a úsáid a chumaisc sé féin creideann an Comhchoiste go mba leor a cuid oibleagáidí gairmiúla agus conarthacha mar chosaint in aghaidh mí-úsáide.


10. Dealraíonn sé go gcuirfeadh an dréacht-Treoir toirmeasc freisin ar ábhar leighis lena nglactar mar chóireáil do dhaoine a thabhairt d’ain- mhithe mura mbeidh sé údaraithe go sonrach chun na críche sin. Tuigtear don Chomhchoiste go mb’fhéidir go nglacfaí le leasú á chinntiú nach mbeadh feidhm ag an toirmeasc sin i gcás ainmhithe nach bhfuil ceaptha mar bhia do dhaoine sa deireadh. De thoradh na bhfiafraithe a rinne an Comhchoiste féin ceapann sé go mbeadh sé deacair seasamh ar shon na forála fiú leis an leasú sin uirthi.


Tástálacha, Lipéadú agus Rialú Náisiúnta.

11. D’ardaigh Comhlachas na dTionscal Cógaisíochta, Ceimice agus na dTionscal Comhcheirde leis an gComhchoiste (i) an gá atá le sonraí a thabhairt i dtaobh tástálacha speisialta ag lorg údaraíochtaí, (ii) ceanglas go n-áireofaí sonraí substaintí rianaire ar lipéid agus (iii) go bhféadfaí substaintí aitheanta a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe a eisceadh ó oibleagáidí chuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an dara dréacht- Treoir. Taispeánann fiosruithe an Choiste maidir leis na pointí sin (a) gur amháin mar mhíniú atá tagairt á dhéanamh do thástálacha speisialta agus nach bhforchuireann sé docht-oibleagáid, (b) ní ceanglas sainordaitheach an ceanglas i dtaobh substaintí rianaire ach rud atá faoi rogha an údaráis náisiúnta agus (c) rachaidh leasuithe ar an dara dréacht-Treoir cuid den bhealach ar a laghad chun réiteach le barúil an Chomhlachais.


12. Mhol Comhlachas Feirmeoirí na hÉireann don Chomhchoiste nár cheart aon iarmhair antaibheathacha a bheith i mbainne nó i bhfeoil atá ceaptha mar bhia do dhaoine. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil sé beartaithe foráil a chur sa chéad dréacht-Treoir i bhfoirm leasaithe “go bhféadfaidh na húdaráis inniúla, go dtí go ndéanfar rialacha Comh- phobail, diúltú údaraíocht a thabhairt le haghaidh táirge leighis tréid- liachta nuair is gá sin mar chosaint ar shláinte phoiblí, ar shláinte tomhal- tóirí nó ar shláinte ainmhithe”. Má ghlactar leis sin, dealraíonn go mbeidh sé ar inmhe na n-údarás náisiúnta rialú a dhéanamh ar an gceist a d’ar- daigh an Comhlachas.


Admháil

14. Nuair a bhí na tograí seo á mbreithniú ag an gComhchoiste fuair sé mórchúnamh ó Chomhlachas na dTionscal Cógaisíochta, Ceimice agus na dTionscal Comhcheird, ó Chomhlachas Feirmeoirí na hÉireann, ó Chomhairle na dTréidlia agus ó Chomhlachas Tréidlia na hÉireann. Ba mhaith leis a bhuíochas a ghabháil, le dúthracht, leis na comhlachtaí sin.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.