Committee Reports::Report No. 24 - Study of the European Community in Schools::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis Cumarsáid a bhreithniú a chuir an Coimisiún chun na Comhairle maidir le staidéar ar an gComhphobal Eorpach sna scoileanna [R/1515/78 (EN 26)]. Tuigtear don Choiste go bhfuil breithniú le déanamh ar an gCumarsáid ag na hAirí Oideachais ag cruinniú dóibh i ndáil Chomhairle an 27 Samhain 1978.


2. Ghlac an Chomhairle an 9 Feabhra 1976 le clár gnímh ina raibh sé i bhfís toise Eorpach a thabhairt do chleachtadh daltaí agus múinteorí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna sa Chomhphobal. Tá an Coimi- siún á mholadh anois gur cheart do Bhallstáit breithniú ar shraith beart a mbeadh de chuspóir acu gné sonrach amháin den toise Eorpach a neartú sna scoileanna—is é sin, staidéar ar Chomhphobal na hEorpa féin. Molann an Coimisiún gur ar oideachas ba chóir a luí suas go dtí aois 18 sa chéad chéim, leis an intinn go mbunófaí nua-thionscnaimh dóibh sin os cionn 18 ag an dara céim.


Achomaireacht ar thograí an Choimisiúin

3. Tá an Coimisiún á iarraidh ar an gComhairle staidéar ar Chomh- phobal na hEorpa sna scoileanna a cheadú i bprionsabal agus cabhrú le staidéar den sórt sin a chur ar aghaidh i meánscoileanna at dtús. Tá ceadú na Comhairle á lorg aige do chlár Comhphobail ar a n-áireofaí:


(a) Soláthar le haghaidh Léannchúrsaí


Scrúdú rianúil ag Ballstáit ar léannchúrsaí láithreacha thar tréimhse 3 bliana.


(b) Forbairt léannchúrsaí


Glacadh le roinnt Léannchúrsaí a chuirfear i ngníomh i scoileanna roghnaithe agus a ndéanfaidh an Comhphobal 50% de mhaoiniú orthu.


(c) Oiliúint Múinteoirí


Athbhreithniú ag Ballstáit ar thúsoiliúint agus oiliúint inseirbhíse múinteoirí a dtacóidh an Coimisiún leis trí cheangail idir fhorais sna tíortha éagsúla a sholáthar, trí chabhrú le forbairt chomh- chúrsaí agus trí chuairteanna staidéir agus malartú múinteoirí a urasú.


(d) Saoráidí Cabhrach do Mhúinteoirí


An Coimisiún do sholáthar liosta d’ábhar múinteoireachta iomchuí agus de fhaisnéis i dtaobh nua-thionscnaimh i dtíortha áirithe chun ábhair a chur ar fáil a theastódh ó mhúinteoirí.


(e) Páirteachas i nGréasán Faisnéise Oideachais an Chomhphobail


Eolas maidir leis an toise Eorpach sna scoileanna a sholáthar tríd an nGréasán Faisnéise Oideachais a bhunóidh an Comh- phobal i 1979.


Gheofaí cuid den airgead le haghaidh an chláir ón gComhphobal agus cuid eile ó na Ballstáit.


Barúlacha an Chomhchoiste

4. Bheadh amhras ar an gComhchoiste ar mhaith an rud é staidéar ar an gComhphobal Eorpach a thabhairt isteach sa chúrsa scoile mar ábhar ar leithligh. Measann sé, áfach, gur mhaith an rud é comhábhar Eorpach a bheith ina chuid den chúrsa saoranaíochta scoile. Thabharfadh an Comhchoiste tacaíocht do mholadh an Choimisiúin i dtaobh scrúdú rianúil a dhéanamh ar léannchúrsaí iomchuí áirithe. Is ceart féachaint arís ar an stádas atá ag saoránaíocht mar ábhar i scoileanna na hÉireann. Go háirithe, ba cheart smaoineamh a dhéanamh ar an éifeacht atá ar a sheasamh mar ábhar go bhfuil sé iata amach as na scrúduithe poiblí. Tugadh fianaise don Choiste a chuireann i mbrí gur gá scrúdú a dhéanamh freisin ar oiriúnacht agus leordhóthanacht na n-ábhar múinteoireachta atá ar fáil. Is é tuairim an Choiste gur rí-mhaith an rud é fáil a bheith ar théacsleabhair saoránachta oiriúnacha cothrom-le-dáta ina mbeadh ábhar Eorpach oiriúnach agus iad sin a bheith ullmhaithe ag Éireannaigh a bhfuil cleachtadh acu ar riachtanais leanaí na hÉireann.


Admháil

5. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil as ucht an chúnaimh a fuair sé ó Chumann Meán-Mhúinteoirí na hÉireann agus ó Chumann Múinteoirí Náisiúnta na hÉireann le linn an t-ábhar seo a bheith á bhreithniú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.