Committee Reports::Report No. 23 - Teaching of Languages in the Community::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis Cumarsáid a scrúdú a chuir an Coimisiún chun na Comhairle an 22 Meitheamh 1978 i dtaobh múineadh teangacha sa Chomhphobal [R/1683/78 (EN 29)]. Tuigtear don Choiste go bhfuiltear chun an Chumarsáid a bhreithniú ag an gcéad chruinniú eile i ndáil Chomhairle de na hAirí Oideachais, mar a d’iarr an Coimisiún. Tá an Chumarsáid á scrúdú faoi láthair ag an gCoiste Oideachais a bhunaigh an Chomhairle an 9 Feabhra 1976.


2. Sa rún uaithi faoi dháta an 9 Feabhra 1976 d’aontaigh an Chomhairle ar chuspóirí agus ar bhearta tionscnaimh chun leathnú múineadh tean- gacha do dhaltaí sa Chomhphobal a spreagadh. Sa chumarsáid ón gCoimisiún faoi dháta an 22 Meitheamh 1978 tá plean á mholadh ag an gCoimisiún a bhfuil sé ceaptha dó deiseanna leanúnacha le haghaidh múineadh teangacha ag tosú go luath sa chúrsa bunscoile trí na céimeanna éagsúla oideachais amach agus suas go dtí oideachas ardréime agus do dhaoine fásta.


Tograí an Choimisiúin go hAchomair

3. Dhéanfaí plean an Choimisiúin a chur i ngníomh sa tréimhse 1980-3 agus bheadh airgead le caitheamh air ag an gComhphobal agus ag Ball- stáit araon. Tá sé déanta suas mar a leanas:—


(a) Oiliúint tosaigh do Mhúinteoirí


Is é an cuspóir a chinntiú go gcaithfeadh múinteoirí foghlama teanga tréimhse staidéir sa tír ina labhartar an teanga atá beart- aithe acu a mhúineadh. D’íocfadh an Comhphobal deontais cheannsraithe.


(b) Oiliúint Leanúnach Múinteoirí


Tá sé ceaptha go mbeidh tréimhsí fadtéarma cómhalairte (3-5 bliana) ann do mhúinteoirí agus tréimhsí cómhalairte nó cuairt- eanna meántéarma (1 bliain) agus gearrthéarma do mhúinteoirí. Is é atá sa togra go dtabharfadh an Comhphobal 50 faoin gcéad den airgead le haghaidh na dtréimhsí nó na gcuairteanna meán- téarma agus gearrthéarma.


(c) Teangacha Coigríche a Mhúineadh go luath


Ballstáit do dhéanamh breithniú i dtaobh teangacha Comh- phobail a mhúineadh níos fairsinge sna bunscoileanna. Bunófaí roinnt treoirchúrsaí le cabhair airgid Chomhphobail.


(d) Soghluaiseacht agus Malartú Mic Léinn


Chiallódh sé sin (i) go mbeadh cuairteanna buíne agus scéimeanna malairte ann do dhaltaí ó 11 go 16, (ii) go mbeadh gníomhaíochtaí saoire ann do mhic léinn idir 16 agus 19 mbliana d’aois, (iii) go dtionscnófaí treoirchúrsaí áirithe agus (iv) go ndéanfaí comhair- leacha agus seirbhísí faisnéise náisiúnta a fhorbairt agus a cheangal le chéile.


(e) Teagasc Daltaí nach bhfuil chomh hábalta


Tá sé ceaptha sraith treoirchúrsaí a bhunú.


(f) Daoine Fásta a Mhúineadh


Tá staidéar speisialta ar leibhéal Comhphobail beartaithe.


(g) Scoileanna ina mbeidh níos mó ná Teanga amháin á mhúineadh


Moltar idirghabháil bhreise ón gCiste Sóisialta chun leanaí de chuid oibrithe imirce a mhúineadh.


Tráchtadh freisin ar scoileanna atá ann cheana féin a chur in oiriúint do riachtanais leanaí áitiúla agus leanaí coigríche.


(h) Seirbhísí Faisnéise/Doiciméadachta


Tá an Comhphobal chun an Gréasán Eolais Eorpach a bhunú i 1979 agus tabharfaidh sé sin tosaíocht do sholáthar saineolais ar mhúinteoireacht teangacha coigríche.


Barúlacha an Chomhchoiste

4. Tá béim á leagan air ag an gCoimisiún go bhfuil méadú na tuisceana dá chéile i measc muintir an Chomhphobail agus feidhmiú éifeachtúil a gcuid ceart do shaorgh luaiseacht ag brath go han-mhór ar a gcumas chun iad féin a chur in iúl trí theanga Chomhphobail eile. Ba mhaith leis an gComhchoiste a rá fairis sin go bhfuil breis tadhaill agus trádála leis an Mór-Roinn ó chuamar in aontachas leis an gComhphobal á chruthú go bhfuil gá le tuilleadh mór daoine a mbeidh teangacha na Mór-Roinne ar a dtoil acu. Tá iarrachtaí déanta sa tír seo le déanaí beart a dhéanamh in ionad na faillí a bhíodh á thabhairt cheana ach tá a lán le déanamh fós. Mar shampla tá an réim teangacha a bhféadfadh na mic léinn roghnú eatarthu i bhfad ó bheith fairsing go leor sna meánscoileanna. Ina theannta sin, is rí-mhíshásúil an cor nach bhfuil aon triaileacha béil fós do mhic léinn meánscoile a bhíonn ag dul faoi na scrúduithe poiblí.


5. Creideann an Comhchoiste go rachadh sé go mór chun leasa d’Éirinn dá mbeadh an Comhphobal bainteach le múineadh teangacha. Fáiltíonn sé dá bhrí sin roimh thionscnamh an Choimisiúin agus ba mhaith leis go dtabharfaí an tacaíocht is lán-chroíúla dó. Maidir le hÉirinn go háirithe mar a bhfuil an oiread sin d’easpa le slánú tá cás le haghaidh cóir speisialta. Is dóigh leis an gCoiste nach mbeadh sé míréasúnach i gcás na hÉireann dá bhfaighfí ranníocaí ón gComhphobal ar bhonn 70 nó 75 faoin gcéad den chostas in ionad an 50 faoin gcéad atá ina shúil ag an gCoimisiún.


6. Tá an Coimisiún ag iarraidh a chinntiú go gcaithfidh ábhar múin- teoirí agus múinteoirí cleachtacha tréimhse a chaitheamh sa tír ina labhartar an teanga a bheartaíonn siad a mhúineadh nó a bhíonn á mhúineadh acu. Aontaíonn an Comhchoiste gur maith ar fad an ní é sin ach creideann sé gur chóir go bhféadfadh múinteoirí teanga feidhm a bhaint as an gceart saorghluaiseachta atá ceaptha a bheith acu faoi Chon- radh na Róimhe. Is ceart go mbeadh múinteoirí cáilithe, a bhfuil inniúl- acht inghlactha teanga acu, a dteanga féin a theagasc i mBallstáit eile. Chiallódh sé sin, gan amhras, go gcaithfí glacadh le Treoir ón gComhairle ag déanamh forála le haghaidh aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí ach tá dualgas soiléir leagtha ag an gConradh ar institiúidí an Chomhphobail foráil den sórt sin a dhéanamh.


7. Is léir go bhfuil sé rí-thábhachtach a shonrú cén aois is fearr tosú ag foghlaim teanga Mhór-Roinne. Tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil an Coimisiún á mholadh go ngabhfaí roinnt bheag treoirchúrsaí ar láimh i mbunscoileanna le cabhair airgid Chomhphobail. Tá súil ag an gComh- choiste go nglacfaidh an Chomhairle leis an moladh seo agus go gcuirfear i ngníomh in Éirinn é i dtráth chuí.


Díospóireacht i Seanad Éireann

8. Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le teangacha Mór-Rinne a mhúineadh tá an Comhchoiste á iarraidh go mbeadh díospóireacht i Seanad Éireann ar an tuarascáil seo. Maidir leis sin tagraíonn an Comh- choiste d’Ordú an 3 Bealtaine 1978 ó Sheanad Éireann.


Admháil

9. Ba mhaith leis an gComhchoiste admháil a thabhairt sa mhór- chúnamh a fuair sé ó Chumann Meán-Mhúinteoirí na hÉireann agus ó Chumann Múinteoirí Náisiúnta na hÉireann le linn Cumarsáid an Choimisiúin a bheith á breithniú acu agus a bhuíochas croí a ghabháil leis an dá chomhlacht acu.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.