Committee Reports::Report No. 22 - Application of VAT to Works of Art Collectors' Items, Antiques and Used Goods::08 November, 1978::Report

TUARASCÁIL

RÉAMHRÁ

Tógra

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra le haghaidh Seachtú Treoir ón gComhairle ar chomhchuibhiú dlíthe na mBallstát maidir le cánacha láimhdeachais—comhchóras cánacha breisluacha a fheidhmiú maidir le saothair ealaíne, míreanna bailitheoirí, earraí sean- dachta agus earraí úsáidte [R/75/78 (Fin 24)].


2. Maidir leis an Séú Treoir [77/388/CEE] atá á chur i ngníomh in Éirinn tríd an mBille Cánach Breisluacha (Leasú), 1977, thug sé sin isteach comhfhoras measúnachta le haghaidh CBL. Ní bhaineann sé, áfach, le hearraí úsáidte, saothair ealaíne agus míreanna bailitheoirí ach údaraíonn sé do Bhallstáit leanúint d’aon scéimeanna cánach náisiúnta speisialta a bhaineann leis na hearraí sin a choimeád i bhfeidhm go dtí go nglacfar le córas Comhphobail maidir leo. Bhí sé i bhfís sa Séú Treoir go nglacfaí le córas den sórt sin roimh dheireadh 1977 ach mar a tharla níor tháinig an togra láithreach seo ón gCoimisiún go dtí mí Eanáir, 1978. Tuigtear don Chomhchoiste nach dtiocfaidh an dréacht-Treoir os comhair na Comhairle roimh dheireadh na bliana seo.


CBL agus Earraí Úsáidte

3. Faoin ngnáthchóras CBL muirearaítear cáin ar earraí a dhíolann daoine inchánach ag gach céim sa slabhra dáilte. Féadann gach díoltóir sa slabhra suim a bhaint den cháin a dhlitear de is ionann agus an cháin is iníoctha i leith an idirbhirt ar dá bhua a fuair sé na hearraí ó dhuine inchánach eile.


4. Chun críocha cánach áirítear gurb é a chiallaíonn earraí úsáidte earraí a shroich an tomhaltóir deiridh agus a dhíolann seisean le duine inchánach a athdhíolann iad i gcúrsa a ghnó. Dá gcuirfí an gnáthchóras cánach i bhfeidhm ar athdhíol den sórt sin ba léir go mbeadh cineál cánachais dúbailte á bhaint amach. D’fhonn é sin a sheachaint tá socruithe éagsúla i bhfeidhm i leith earraí den sórt sin sna Ballstáit éagsúla. In Éirinn gearrtar cáin ar earraí úsáidte de réir ráta níos ísle. Fairis sin, lamháltar creidiúint i gcás earraí trádáilte isteach a nglacfar leo mar pháirt-íocaíocht ar earraí den chineál céanna a dhíoltar. Dá bhrí sin, mar shampla, má dhíolann trádálaí carr nua agus gur ghlac sé le carr ath- láimhe mar pháirt-íocaíocht, ní híoctar an cháin ach ar an gcuid ab airgead den idirbheart. Tagann an fheithicil trádáilte isteach faoi bhrí cánach arís nuair a athdhíolann an trádálaí í.


Tograí an Choimisiúin

5. Is iad seo a leanas príomh-thograí an Choimisiúin :


(a) bheadh CBL inmhuirir ar 30 faoin gcéad de phraghas díola an déileálaí i gcás earraí seandachta, saothair ealaíne, míreanna bailitheoirí agus earraí úsáidte i gcoitinne ach gan gluaisteáin, leantóirí, gluaisrothair, aerárthaí agus báid aeraíochta a áireamh. Ceapann an Coimisiún gur dóigh gur 30 faoin gcéad an figiúr is gaire don mheán-chorrlach brabúis a chuireann déileálaithe le hearraí. Ach amháin i gcás saothair ealaíne, earraí seandachta agus míreanna bailitheoirí a allmhairíodh nó a díoladh lena n-onn- mhairiú ní lámhálfaí aon asbhaintí i leith aon chánach a íocadh tráth an cheannaigh (fiú má ceannaíodh iad ó dhuine inchánach eile a bhaineann cáin amach ar an díol) nó i leith cánach a íocadh ar cheannach earraí agus seirbhísí a úsáideadh go teagmhasach chun críocha na ngníomhaíochtaí sin.


(b) i gcás gluaisteáin, leantóirí, gluaisrothair, aerárthaí agus báid aeraíochta bheadh CBL le gearradh ar an bpraghas díola iomlán ach d’fhéadfadh déileálaithe, fiú dá mba ó dhuine neamh-in- chánach a rinneadh an ceannach, suim chánach “inchuir” a asbhaint a bheadh bunaithe ar an bpraghas iarbhír a thugadar ar an earra, ach sin faoi réir theorainn ceithre chúigiú den cháin aschuir atá dlite.


(c) ní bheadh aon CBL le híoc ar shaothair ealaíne a dhíol nó a d’allmhairigh an t-ealaíontóir é féin. Deir an Coimisiún, inter alia, mar bhonn leis an díolúine teoranta sin, go bhfuil rí-thábhacht chultúir ag gabháil le saothar ealaíontóirí agus gurbh shin cúis gur cheart d’údaráis phoiblí dea-mhéin a chleachtadh sa scéal.


6. Tá foráil sa dréacht-Treoir freisin go bhféadfaidh daoine inchánach nach bhfaigheann aon tairbhe ó scéimeanna CEE a ghlacadh de rogha go bhfeidhmeofaí orthu an ghnáthscéim chánach breisluacha.


7. Chuirfeadh an dréacht-Treoir d’oibleagáid ar Bhallstáit CBL a chur i bhfeidhm ar sholáthairtí nuair a bhíonn siad sin á soláthar ag daoine inchánach, a fhaigheann na hearraí sin le hintinn iad a athdhíol agus fós ar aistriú ar na hearraí sin nuair is daoine a mbíonn feidhm idirmheánach de shórt ar bith á chur i gcrích acu a dhéanann an t-aistriú. Mar atá curtha in iúl amach anseo sa tuarascáil seo tá deacracht ag leanúint as léiriú na forála seo.


Ciallachais d’Éirinn

8. Is deacair ciallachais na Treorach beartaithe a mheas ó thaobh na hÉireann. Tá sé ceaptha don Treoir éifeacht na cánach dúbailte nó easghluaiseacht i gcánachas earraí úsáidte a mhaolú. Is é an modh chun an maolú sin a dhéanamh in Éirinn faoi láthair ráta 10 faoin gcéad a chur i bhfeidhm i gcás ina dtarraingíonn earraí nua ráta 20 faoin gcéad chucu féin. Dá leantaí den ráta 10 faoin gcéad b’fhéidir go n-oibreodh an scéim Chomhphobail chun an t-ualach láithreach a laghdú ar chuid ar a laghad de na hearraí lena mbaineann ach b’fhéidir go bhféachfaí air sin mar shocrú dúbailte in aghaidh easghluaiseachta. Is trí reachtaíocht náisiúnta gan amhras a dhéanfar an ráta iarbhír a chinneadh.


9. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go gcaithfí éirí as na socruithe “trádáil isteach atá ann faoi láthair faoina ndlitear CBL den déileálaí ar an méid airgid, agus air sin amháin, a ghabh le díol an earra nua agus ina dhiaidh sin ar an bpraghas ar a ndíolann sé an t-earra a trádáladh isteach. Dá nglactaí le socrú an Choimisiúin, bheadh éifeacht aige gan amhras ar an gcineál sin trádála in Éirinn. Creideann Cumann Thionscal Gluaisteán na hÉireann go méadódh sé an titim cánachais agus is deacair gan a mheas go dtiocfaidh athrú follasach ar a laghad dá chionn i mbeartais phraghsaithe déileálaithe.


10. Tá éifeacht eile curtha i bhfios freisin don Choiste. Faoin scéim láithreach níl baint le hábhar ag luacháil an earra trádálaithe isteach toisc nach mbaineann an cháin ach leis an méid airgid. Ach faoin Treoir chaithfí na luachanna ar leithligh a rialú. Tarlaíonn sé sin toisc nach bhféadfar an asbhaint a éileamh go dtí tráth an athdhíola agus freisin mar gheall ar an uasteorainn cheithre chúigiú. Mar gheall air sin chaithfeadh an trádálaí taifid níos sonraithe a thabhairt.


11. Tá sé curtha in iúl don Choiste nach féidir, mar gheall ar éagsúlacht na n-imthosca ina n-oibreodh scéim an Chomhphobail, meas cruinn a thabhairt ar an méid ioncaim ba dhócha a chaillfí dá bharr. Ar fhoras na rátaí atá ann faoi láthair, níor cheart go rachadh an caillteanas bliantúil thar £300,000, ach má tá an ráta 20 faoin gcéad le cur in ionad an ráta “earraí úsáidte”, nuair is iomchuí, laghdófaí an caillteanas go dtí suim faoi bhun £100,000 sa bhliain.


Barúlacha an Chomhchoiste

12. Is dóigh leis an gComhchoiste gurb é an gné is tábhachtaí den Treoir bheartaithe an éifeacht is cosúil a bheadh aige ar shocruithe trádála isteach, go háirithe maidir le gluaisteáin, mar a oibríonn siad sa tír seo faoi láthair. Ní féidir leis an gCoiste glacadh leis go bhfuil tograí an Choimisiúin sásúil i ndáil leis sin. Glacann an Coiste le háiteamh na trádála go bhfuil an glacadh ar a bhfuil na tograí bunaithe, is é sin, go ndéantar 25 faoin gcéad de mharcáil suas ar phraghas sean-ghluaisteán, go bhfuil sé mealltach. Dá bhrí sin molann sé gur cheart cur in aghaidh na forála seo sa Treoir.


13. Fairis sin creideann an Coiste go bhfuil cás ag luacht trádála gluaisteán nuair a éilíonn siad gur chóir cibé creidiúint inchuir atá le lamháil i leith praghas fála gluaisteán úsáidte a lamháil an tráth a fhaigh- tear an gluaisteán úsáidte. Molann sé gur cheart an scéal a scrúdú féa- chaint an gceadaíonn treoracha CBL an toradh sin a bhaint amach le reachtaíocht náisiúnta.


14. Tá locht faighte ar na tograí freisin ag Comhlachas Déileálaithe Seandachtaí na hÉireann. Deir an Comhlachas gur bunghné de ghnó seandachtaí na hÉireann imeacht mear ar earraí agus corrlaigh ísle brabúis. Dá bhrí sin dá muirearaítí CBL ar 30 faoin gcéad caighdeánach de phra- ghas díola na ndéileálaithe gan asbhaint i leith aon chánach inchuir a íocadh tráth na fála chuirfí deacrachtaí ar an trádáil dá chionn sin. Dealraíonn sé go mb’fhearr leis an gComhlachas go bhfanfadh an córas atá ann i bhfeidhm. Creideann an Comhchoiste, i gcás ina ndíolann déil- eálaí earraí a fuarthas ó dhaoine inchánach eile, go gceadódh an Treoir bheartaithe dó an córas cánach láithreach a ghlacadh de rogha maidir leis an sórt sin trádála.


15. Ba dheacair leis an gComhchoiste brí léir a bhaint as an bhforáil go bhfuiltear chun CBL a mhuirearú ar sholáthairtí earraí lena mbaineann an Treoir i gcás “aistriú ar na hearraí sin nuair is daoine a mbíonn feidhm idirmheánach de shórt ar bith á chur i gcrích acu a dhéanann an t-aistriú”. Is í ciall a bhaineann Foras Ceantálaithe agus Luachálaithe na hÉireann as sin go ndlífí CBL a ghearradh ar dhíol na n-earraí athláimhe go léir a ghabhann trína lámha. Ní shin í an chiall a bhaineann an Coiste as ach nach n-éireodh dliteanas cánach, i gcás earraí a dhíol trí idirmheánaigh, ach amháin nuair ba dhuine inchánach an díoltóir agus tugann sé dá aire gurb shin í freisin barúil an Choiste Eacnamaigh agus Shóisialaigh. Cibé ní a bhí ar intinn, measann an Coiste nár cheart go ndlífí CBL a ghearradh ar earraí a dhíolann daoine príobháideacha trí cheantálaithe agus molann sé go leasófaí an Treoir bheartaithe dá réir sin. Tá foráil sa Bhille Cánach Breisluacha (Leasú), 1978, go ndlífí CBL a mhuirearú ar cheantálaithe i leith a gcoimisiún.


Buíochas

16. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil, le dúth- racht, i dtaobh an chúnaimh mhórluachmhair a fuair sé ó Chomhlachas Déileálaithe Seandachtaí na hÉireann, ó Chumann Thionscal Gluaisteán na hÉireann agus ó Fhoras Déileálaithe agus Luachálaithe na hÉireann le linn dó an dréacht-Treoir a bheith á breithniú aige.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


8 Samhain 1978.