Committee Reports::Report No. 02 - Right of Establishment and Freedom to provide services by Dental Surgeons::07 February, 1978::Report

TUARASCÁIL

Tograí a Scrúdaíodh.

1. Rinne an Comhchoiste scrúdú ar na tograí seo a leanas a bhfuil sé ceaptha dóibh a urasú do dhéidlianna is náisiúnaigh de Bhallstát feidhm a bhaint as a gcearta faoi Chonradh na Róimhe chun fostaíocht a ghlacadh nó cleachtadh a bhunú i mBallstáit eile nó seirbhísí gairmiúla a chur ar fáil i mBallstát seachas an ceann ina bhfuil siad bunaithe:—


Dhá dhréacht-Treoir athscrúdaithe ón gComhairle maidir leis an gceart bunaíochta agus le seirbhísí a sholáthar do ghníomhaíochtaí déidlianna [R/2196/74].


Dréacht-Chinntí ón gComhairle


—ag bunú Coiste Comhairleach ar Oiliúint Déidlianna.


—ag leasú Cinneadh 75/365/CEE ag bunú Coiste Oifigeach Sinsearach ar Shláinte Phoiblí [R/103/77].


2. Gabhann na Dréacht-Treoracha ionad trí dhréacht-Treoir roimhe sin a tarraingíodh siar toisc gan gá a bheith feasta le forálacha áirithe iontu mar gheall ar bhreitheanna na Cúirte Breithiúnais i gcásanna Reyners (Cás 2/74 [1974] RCE 631) agus Van Binsbergen (Cás 33/74 [1974] RCE 1299). Tá éifeacht na mbreithiúnas sin luaite sa chúigiú tuarascáil agus tríocha ó réamhtheachtaí an Chomhchoiste (Prl. 5591).


Réim na dTograí.

3. Chuirfeadh dréacht-Treoir amháin de cheangal ar gach Ballstát aitheantas a thabhairt do na cáilíochtaí foirmiúla i bhfiaclóireacht nó i bhfiaclóireacht shaineolach a dámhadh i mBallstáit eile. Tá liosta na gcáilíochtaí sin sa dréacht-Treoir.


4. I ndáil le fiaclóirí d’fheidhmiú an chirt bhunaíochta tá forálacha sa dréacht-Treoir a bhaineann le fianaise ar charachtar nó ar shláinte a thabhairt nuair a iarrtar a leithéid ar náisiúnaigh den Bhallstát caoifeach. Tá forálacha ann freisin a bhaineann le heolas a thabhairt maidir le míiompar gairmiúil nó cionta coiriúla.


5. Fiaclóirí ó Bhallstáit eile a théann isteach sa tír chaoifeach d’fhonn seirbhísí gairmiúla a sholáthar ann go sealadach bheidís díolmhaithe ó chlárú le comhlacht gairmiúil áitiúil. Níor mhór dóibh, áfach, fógra roimh ré a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit chaoifigh agus fianaise ar cháilíochtaí gairmiúla a thabhairt. I gcásanna práinne, d’fhéadfaí fógra a thabhairt tar éis na seirbhísí a sholáthar.


6. Tá forálacha ann freisin a bhaineann leis an gceart bunaíochta agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar araon, a bhaineann le húsáid an teidil ghairmiúil, le soláthar eolais ar dhlithe sláinte agus slándála sóisialta agus ar eitic ghairmiúil agus ar eolas faoi theangacha a fháil.


7. Is é cuspóir atá leis an dara dréacht-Treoir ceanglais íosta a leagan síos le haghaidh oiliúint fiaclóirí agus saineolaithe sa déidliacht agus sonraíonn sé na caighdeáin le haghaidh na hoiliúna sin d’fhonn comhionannas leathan a áirithiú ar fud an Chomhphobail.


8. Is é atá beartaithe leis na dréacht-Chinntí faoi seach Coiste Comhairleach ar Oiliúint a bhunú agus an fheidhm chéanna maidir le déidlianna a thabhairt do Choiste ar Shláinte Phoiblí láithreach a fheidhmíonn an Coiste sin cheana féin i gcás dochtúirí. Saineolaithe ó gach Ballstát a bheadh ar an gCoiste Comhairleach ar Oiliúint, agus choinneodh sé oiliúint déidlianna faoi bhreithniú; oifigigh ó gach Ballstát atá ar an gCoiste ar Shláinte Phoiblí, agus shonródh sé aon deacrachtaí ag cur na dTreoracha i ngníomh. Bheadh sé ar a gcumas araon leasuithe ar na Treoracha a mholadh laistigh dá réimsí freagrachta faoi seach.


Breithniú ag Meitheal Oibre na Comhairle.

9. Bhí na tograí faoi bhreithniú ag Meitheal Oibre na Comhairle a thagadh le chéile go rialta i rith na tréimhse Nollaig, 1976 to dtí Meitheamh, 1977. Ar dhá cheann de na príomh-fhadhbanna lenar theagmhaigh an Mheitheal Oibre bhí (a) nach gairm ar leithligh an fhiaclóireacht san Iodáil ach go mbíonn sí á cleachtadh ag lia-chleachtóirí-us (b) an deacracht atá ag an mBeilg glacadh le míniú ar réimse gníomhaíochtaí fiaclóirí.


10. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil an fhadhb Iodáileach réitithe toisc go bhfuil Rialtas na hIodáile tar éis comhaontú scoil fiaclóireachta Iodáileach a chur ar bun agus socrú a dhéanamh le go mbronnfaí cáilíochtaí dioplómaí fiaclóireachta. Táthar tar éis a chomhaontú ar bhearta idirthréimhseacha do dhochtúirí Iodáileacha a bhfuil fiaclóireacht á cleachtadh acu faoi láthair agus do mhic léinn leighis Iodáileacha a bhfuil sé beartaithe acu fiaclóireacht a chleachtadh.


11. Lasmuigh de thoscaireacht na Beilge tá an Mheitheal Oibre ar aon tuairim gur chóir gníomhaíochtaí déidlianna a mhíniú mar ghníomhaíochtaí a bhaineann le mínormáltachtaí fiacal agus galair fiacal, béil, géill agus fíochán comhghabhálach a chose, a fháithmheas agus a chóiréáil. Ní theastaíonn ó thoscaireacht na Beilge go ndéanfaí na gníomhaíochtaí a mhíniú in aon chor agus in aon chás measann sé gur míniú ró-leathan an míniú a bheartaítear. Is é bonn atá le deacracht na Beilge go mbíonn fiaclóireacht sa Bheilg á cleachtadh ag (a) stómaiteolaithe, is é sin, saineolaithe liachta a bhíonn ag cúramaíocht ar dhálaí éagsúla béil agus géill ach nach n-oibríonn ar fhiacla, agus (b) fiaclóiri, arb iad amháin de réir dlí atá i dteideal saothrú ar tharraingt agus líonadh fiacal, cír bhréige, etc. Níl an fhadhb sin réitithe agus tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil sé curtha faoi bhráid COREPER.


Inchialla d’Éirinn.

12. Faoin Treoir chomhordúcháin bheartaithe is é an fhianaise ar cháilíocht shaineolaíochta a bheadh ag teastáil i gcás na hÉireann deimhniú fiaclóra saineolaíochta arna eisiúint ag an údarás inniúil atá aitheanta chuige sin ag an Aire Sláinte. Ní dhéanann an clár a choinnítear faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928, idirdhealú idir fiaclóirí saineolaíochta agus fiaclóirí eile ná níl aon fhoráil san Acht le haghaidh clárú saineolaíochta. Cé nach bhfuil sé ceangailte faoi na Treoracha beartaithe clárú amhlaidh, d’fhéadfadh gurb é an t-aon tslí amháin is indéanta é chun éifeacht a thabhairt do na tograí má ghlactar leo.


13. Ní mheasann an Roinn Sláinte ná Comhlachas Fiaclóirí na hÉireann go mbeidh aon mhórghluaiseacht fiaclóirí idir Éirinn agus an Mór-Roinn de dhroim glacadh leis na tograí. Tá cheana féin roinnt áirithe céimithe fiaclóireachta ag dul ar imirce chun na Ríochta Aontaithe agus ní cheaptar go dtiocfaidh athrú ró-mhór air sin.


Barúlacha an Chomhchoiste.

14. Is é barúil an Chomhchoiste gur bealach réasúnach iad na tograí chun go bhféadfaidh fiaclóirí na cearta atá acu faoi Chonradh na Róimhe a fheidhmiú go héifeachtúil. I gcoitinne tá siad cosúil leis na Treoracha do Dhochtúirí atá i ngníomh cheana féin sa tír seo.


15. Má ghlactar leis na tograí ní foláir go deimhin Acht na bhFiaclóirí, 1928, a leasú. Is dóigh leis an gComhchoiste gur le Bille a bhreithneodh an dá Theach is cóir é sin a dhéanamh agus nach le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Tuigtear don Chomhchoiste gur dóigh gur ocht mí dhéag de thréimhse a bheidh ag na Ballstáit chun na Treoracha a chur i ngníomh agus nach bliain mar a mhol an Coimisiún i dtosach. Thabharfadh sin neart ama chun Bille a ullmhú.


Admháil.

16. Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl go bhfuil sé buíoch as ucht an mhórchúnaimh a fuair sé ó Chomhlachas Fiaclóirí na hÉireann le linn na dtograí seo a bheith á mbreithniú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Feabhra, 1978.