Committee Reports::Report No. 33 - European Communities Generalised Tariff Prefences Scheme for 1979::06 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

Gearrthuairisc ar an Scéim

1. I 1970 bhunaigh Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD) córas fabhar ginearálta (SGF) faoinar ghlac na tíortha tionsclaithe orthu féin, gach ceann acu, scéim fabhar taraife a bhunú agus a oibriú i bhfabhar allmhairí ó thíortha i mbéal a bhforbartha. Faoi Scéim SGF na gComhphobal a tháinig i ngníomh i 1971, tugtar fabhair tharaife do tháirgí áirithe críochnaithe agus leathchríochnaithe ó thíortha i mbéal forbartha a allmhairítear isteach sa Chomhphobal. Ar mhodh neamhspleách a thugtar na fabhair sin agus ní bhíonn siad ag brath ar na tíortha a thairbhíonn díobh an comhar a fhreagairt. Déantar athbhreithniú ar an gcóras in aghaidh na bliana agus corpraítear na fabhair a thugtar i Rialacháin CEE agus i gCinntí CEGC a mbíonn feidhm acu go ceann dhá mhí dhéag. Is é an beartas atá ann na fabhair a fheabhsú go comhleanúnach gach bliain agus a réim a fhairsingiú. Bhí sé ceaptha an scéim a bheith i bhfeidhm go ceann deich mbliana ach chuir an Chomhairle in iúl gur gá í a choimeád i bhfeidhm tar éis 1980.


2. Tugtar na fabhair i bhfoirm (a) allmhairí ar rátaí dleachta nialasacha nó fabhracha gan teorainn nó (b) allmhairí saor ó dhleacht go feadh teorainn chuóta a dháiltear idir na Ballstáit nó go feadh teorainn bharrmhéid shonraithe san iomlán. I gcásanna áirithe déantar socrú chun dleachtanna a athfhorchur go hiomlán nó go páirteach má dhéantar dochar do tháirgeoirí sa Chomhphobal.


3. Sa mhéid a bhaineann le táirgí tionscail teorannaítear fabhair do na táirgí sin ar fhoras cuótaí taraife do tháirgí íogaire agus barrmhéideanna uasta do tháirgí leathíogaire agus, más gá sin, do tháirgí neamhíogaire, maille le tuilleadh teorainneacha ar mhodh tíortha uasmhéide a chuirtear i bhfeidhm i gcás tíortha tairbhíocha, seachas na tíortha is lú forbairt, maidir le táirgí leathíogaire agus neamhíogaire. Déantar leibhéal na gcuótaí agus na mbarrmhéideanna a chinneadh ó bhliain go bliain ar fhoras a mbíonn allmhairithe i mbliain tagartha roimhe sin.


4. Déantar freisin faoin scéim táirgí talmhaíochta próisithe áirithe a thionscain i dtíortha i mbéal forbartha agus a allmhairítear ó na tíortha sin a dhíolmhú go páirteach ó dhleachtanna custam. Ó 1971 go dtí 1973 tháinig 147 táirge talmhaíochta san iomlán faoin scéim agus mhéadaigh an méid sin go dtí 305 faoin mbliain 1978. Táirgí teochreasa nó meánmhara is ea cuid an-mhór de na táirgí lena mbaineann an scéim agus dá bhrí sin ní bhíonn siad in iomaíocht le táirgí na hÉireann.


5. Tá an Comhchoiste tar éis críoch a chur lena scrúdú ar thograí an Choimisiúin [R/2553/78 (COMER 50)] le haghaidh oibriú na scéime i 1979.


Tograí an Choimisiúin

6. Sa mhéid a bhaineann le táirgí tionscail, ní dhéanann tograí an Choimisiúin do 1979 aon mhór-athrú a mholadh ar an scéim SGF ach amháin go bhfuil gné tábhachtach nua le tabhairt isteach i mbainistíocht na scéime, maidir leis na tíortha is lú forbairt, faoina mbeartaítear go bhfionrófar i gcás na dtíortha sin feidhmiú na bhforálacha tíortha uasmhéide ar na liostaí íogaire agus ar liostaí speisialta na dtíortha uasmhéide araon. Tá tuilleadh léirscaoilte i ndáil leis sin beartaithe sa Mheitheal Oibre ar an SGF, trína bhfionrófaí freisin feidhmiú barrmhéideanna i gcás na dtáirgí sin ar na tíortha is lú forbairt.


7. Is é an mór-athrú eile atá i bhfís i dtograí an Choimisiúin córas na n-allmhairí fabhair do theicstíleacha a athmhúnlú, de dhroim atheagar a bheith curtha ar an gComhaontú Ilsnáithíneach agus comhaontuithe déthaobhacha, arb é a mbrí inter alia go gcuirfear srianta saorálacha ar onnmhairí do CEE, a bheith déanta le formhór soláthróirí teicstíleacha an Chomhphobail, leis an aidhm go ndéanfar comhchuibhiú idir bainistíocht an SGF agus na socruithe sin. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste, áfach, nach rachfar ar aghaidh faoi láthair le tograí an Choimisiúin chun an córas a athrú maidir le teicstíleacha mar gheall ar Bhallstáit a bheith ina choinne ar an ábhar nach bhfuair siad am chun na ciallachais a scrúdú. Is é atá ar intinn 5 go 10 faoin gcéad díreach de mhéadú a thabhairt thar 1978.


8. De réir an ghnáthchleachtadh tá athríomh déanta ar na barrmhéideanna go léir chun bliain tagartha níos déanaí, i.e. 1976, a thabhairt i gcuntas. Ach mar gheall ar an gcor geilleagrach i roinnt earnálacha tionscail, cruach agus coisbheart go háirithe, níl aon mhéadú á mholadh do 1979; i gcás roinnt táirgí eile ní féidir lánéifeacht an athríofa a chur chun feidhme. Cúig déag faoin gcéad, mar is gnách, an méadú ginearálta sna barrmhéideanna do tháirgí neamhíogaire atá beartaithe do 1979.


9. Sa mhéid a bhaineann le táirgí próisithe talmhaíochta tá sé á bheartú ag an gCoimisiún don bhliain 1979 roinnt táirgí nua a áireamh sa scéim agus cuid de na fabhair láithreacha a fheabhsú. Tá sé á bheartú acu freisin na 28 dtíortha is lú forbairt a shaoradh ó dhleachtanna custam a íoc i leith na dtáirgí talmhaíochta uile atá cumhdaithe ag an scéim.


10. Molann an Coimisiún go ndéanfaí an tAonad Cuntais Eorpach (ACE) a chur chun feidhme maidir le scéim SGF ón 1 Eanáir 1979. Sna Rialacháin a rialaíonn an scéim reatha, is i luachthéarmaí go formhór a shainítear barrmhéideanna agus cuótaí, etc., do tháirgí, seachas teicstíleacha, agus tá siad leagtha amach ina n-aonaid cuntais (AC) atá fanta le roinnt blianta ar luach socraithe 2.4 aonad cuntais in aghaidh an phuint sterling. Nuair a thabharfar isteach an t-aonad cuntais nua beidh luach 1.5 ACE ag an bpunt.


Barúlacha Ginearálta an Chomhchoiste

11. Tacaíonn an Comhchoiste go hiomlán leis an gComhphobal do thabhairt fabhair tharaife chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha agus tá sé ar thaobh aon fhorbairt a sheolann an chabhair sin chun na dtíortha is mó atá ina ghá. Dá bhrí sin is maith leis go mór na loghaíochtaí atá beartaithe do 1979 do na tíortha is lú forbairt. Thairis sin aontaíonn sé leis an togra gur cheart na cuótaí don Chóiré Theas, don Rómáin agus do Hong Cong i leith na dtáirgí lena mbaineann CIS a bheith ag freagairt do chionúireacht scaireanna tairbhíthe eile ag féachaint do dháil iomaíochta speisialta na dtíortha sin agus a n-ionad láidir i margadh an Chomhphobail.


12. Is fadhb é a ghabhann le cabhrú le tíortha i mbéal forbartha trí fhabhair tharaife a dheonú dóibh go gcaithfear cothrom a choinneáil idir an ngá atá ag na tíortha sin rochtain ar mhargadh an Chomhphobail agus an dóchas is dleathach a ghlacadh do thionscail an Chomhphobail féin. Tá sé curtha in iúl don Choiste nach bhfuil aon dochar follasach déanta tríd is tríd ag scéim SGF do thionscail na hÉireann go nuige seo. San am atá caite is dóigh gurbh iad teicstíleacha, éadaí agus coisbheart na réimsí b’íogaire. Níl aon ardú beartaithe ar an mbarrmhéid do choisbheart i 1979 ag féachaint don chor ríbhaolach geilleagair san earnáil sin. Sa mhéid a bhaineann le teisctíleacha tá sé curtha in iúl don Choiste go gcabhróidh na hathruithe de dhroim Chomhaontú CIS leis an mbaol a laghdú do gcuirfí an margadh trí chéile mar gheall ar allmhairí ísealchostais a chomhchruinniú in earnáil amháin den mhargadh. Dúradh leis an gCoiste, áfach, gur cheart an córas earnálacha reatha atá bunaithe ar an NIMEXE a choinneáil faoi bhreithniú de shíor d’fhonn a ábharthacht a choimeád slán. Ar leithligh ón ACE a chur chun feidhme mar atá measann an Coimisiún gur féidir tríd is tríd glacadh leis an scéim do 1979 mar atá sí ag teacht i gcruth anois.


13. Cuireadh cor na n-earraí leathair i bhfáir go sonrach ar an gCoiste. Tá ardú tagtha ar phraghas seithí úra de dhroim rialú ar onnmhairí a bheith á chur i bhfeidhm ag tíortha tionscnaimh a mbíonn a dtionscail féin, a bhfuil rochtain acu ar amh-ábhair shaora, ag onnmhairiú earraí leathair a dtagann sé deacair ar mhonaróirí Éireannacha dul in iomaíocht leo. Cé go bhfuil sé curtha in iúl dó nach réiteodh sé an fhadhb fós dá ndéantaí na hearraí a eisiamh as an SGF is dóigh leis an gCoiste nach bhfuil cúis ar bith ann le cóir fabhair a thabhairt do na hearraí sin sna cúinsí atá luaite.


Feidhm a thabhairt do ACE

14. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gurb é an éifeacht a bheidh leis an ACE a chur i bhfeidhm ar an SGF ó 1979, mar a mhol an Coimisiún, méadú tuairim 60 faoin gcéad a thabhairt ar a mbeadh d’oibleagáid ar Éirinn a allmhairiú saor ó dhleacht i dtéarmaí luacha mar a shloinntear i sterling. Rachadh sé i gcion mar an gcéanna ar na tíortha airgid reatha bog eile, an RA agus an Iodáil (breis ar an Iodáil), ach i gcás na dtíortha airgid reatha crua, is iad sin an Ghearmáin agus Benelux, bheadh súil le laghdú i dtéarmaí luacha mar a shloinntear ina n-airgid reatha sin. Tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag Meitheal Oibre na Comhairle ar an SGF féachaint an bhféadfaí athrú anonn go dtí an ACE thar thréimhse deich mbliana. Tá amhras ar an gCoiste i dtaobh ar mhaith an chomhairle aontú le hathrú ar bith ag an gcéim seo. Is dóigh leis gur cheart an cheist a chur siar nó go mbeidh caoi ann chun éifeachtaí an Chórais Airgeadaíochta Eorpaigh nua a mheas. Thairis sin measann an Coiste nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh athrú go dtí ACE comhbhainteach le togra chun an teorainn 50 faoin gcéad a bhaint de tháirgí áirithe a allmhairítear isteach in aon Bhallstát ar leith.


Poiblíocht

15. Tugann an Comhchoiste faoi deara gur mhol a réamhtheachtaí nuair a bhí sé ag plé le SGF do 1976 agus 1977 go soláthrófaí teagasc níos fearr do lucht tionscail i dtaobh forálacha SGF. Ón bhfianaise a chuala an Coiste dhealródh sé go bhfuil gá fós lena leithéid. Tá sé curtha i bhfios don Choiste go bhfuil an-chuid trí chéile i measc lucht tionscail agus gnó, ní amháin i dtaobh SGF é féin ach freisin maidir leis an ngaol atá idir é féin agus oibleagáidí an Chomhphobail faoi Choinbhinsiún Lomé agus an CGTT agus a chuid comhaontuithe comhlachaithe ar nós an CIS. Dá bhrí sin chinn an Coiste a iarraidh go gcuirfeadh an Coimisiún seimineár ar bun i mBaile Átha Cliath i gcomhar le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus leis an Roinn Tionscail Tráchtála agus Fuinnimh chun teagasc a thabhairt do lucht tráchtála agus tionscail ar ghnéithe de na hábhair sin a bhaineann lena ngnó.


Admháil

16. Ba mhaith leis an gCoiste admháil a thabhairt sa mhórchúnamh a fuair sé ó Chóras Tráchtála, ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ó Eagras Iascairí na hÉireann Teo le linn an togra seo a bheith á bhreithniú aige agus is rí-bhuíoch é dá chionn.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


6 Nollaig, 1978.