Committee Reports::Report No. 32 - Situation in Milk Sector::06 December, 1978::Report

TUARASCÁIL

Tuarascáil an Choimisiúin

1. I mí Bealtaine 1978 d’iarr Comhairle na nAirí ar an gCoimisiún tuarascáil iomlán a thabhairt ar an gcor in earnáil an bhainne ionas go bhféadfadh sí an cor sa mhargadh a athbhreithniú roimh 1 Deireadh Fómhair 1978. Thug an Coimisiún an tuarascáil don Chomhairle i Meán Fómhair 1978 [R/2369/78 (AGRI 689)] agus tá an Comhchoiste tar éis í a scrúdú. Bhí an tuarascáil os comhair na Comhairle ag a cruinniú an 25/26 Meán Fómhair 1978 ach ní raibh deis ann le haghaidh plé substainteach ag an gcruinniú sin. Tá an Coimisiún tar éis a chur in iúl go mbeidh na taifigh ar an margadh agus an plé ar an mbeart a d’fhéadfaí a dhéanamh, ar ábhair iad atá sa tuarascáil, go mbeidh siad, tar éis barúlacha na ndaoine lena mbaineann a chur san áireamh, ina mbonn do thograí sonracha atá sé ar intinn ag an gCoimisiún a chur isteach tráth amach anseo an bhliain seo lena gcinneadh i bpacáiste praghais 1979/80.


Éagothroime sa Mhargadh

2. Nochtann taifeach an Choimisiúin ar an gcor in earnáil an bhainne go bhfuil éagothroime ag tarlú de shíor idir soláthar agus éileamh agus gur ag dul i méid atá sé. Is é is cúis leis an éagothroime go formhór ná go bhfuil táirgeacht ag méadú de réir ráta 1.7 faoin gcéad sa bhliain ach go bhfuil caitheamh táirgí bainne san iomlán ag fanacht mar atá. I 1976 de réir mheastachán an Choimisiúin b’ionann an barrachas agus 10 faoin gcéad den méid a seachadadh do dhéirithe agus tá an scéal tar éis dul in olcas ó shin. Tá an éagothroime á chur i riocht níos measa de bhíthin gealltanais an Chomhphobail faoi CGTT saillte agus próitéiní a fhaightear ó ghlasraí a allmhairiú ar rátaí nialais nó rátaí an-ísle dleachta agus de bhíthin a ghealltanais im a allmhairiú ón Nua-Shéalainn agus cáis a allmhairiú ón Eilvéis, ón Ostair agus ón bhFionlainn.


Tomhailt

3. Tá laghdú ag teacht san fhadtéarma ar thomhailt ime sa Chomhphobal. Tá tomhailt bhliantúil an duine tite ó 7 cg. i 1968 go dtí 6.5 i 1976. Ina choinne sin tá méadú leanúnach ag teacht ar thomhailt cáise. 8.7 cg. an duine a caitheadh i 1968 agus 10.7 i 1976. Dealraíonn go bhfuil caitheamh bainne agus táirgí úra ag fanacht mar a bhí ar tuairim 102 cg. an duine sa bhliain.


4. Leis an gcúnamh ó fhóirdheontais atá de shíor ag méadú tá mórchainníochtaí próitéin bhainne á n-úsáid anois mar bheatha ainmhithe. Úsáidtear bainne bearrtha leachtach agus púdar bainne bhearrtha mar bheatha do ghamhna agus do mhuca. Táirgeadh breis agus 2 mhilliún tona de phúdar bainne bhearrtha i 1976, sin dhá oiread an méid a táirgeadh le deich mbliana roimhe sin. Téann thar 80 faoin gcéad den táirgeadh sin chun ainmhithe a bheathú le cúnamh fóirdheontas chun go bhféadfaidh sé dul san iomaíocht le hábhair bheatha ó ghlasraí. Tá laghdú leanúnach, ó 5.5 milliún tona i 1968 go dtí 3.5 milliún tona i 1977, tagtha ar an méid bainne leachtach a úsáidtear go díreach ar an bhfeirm chun gamhna agus muca a bheathú.


Táirgeadh

5. Is é an chúis atá leis an táirgeadh a bheith ag dul i méid go leanúnach an méadú leanúnach a bhí ag teacht ar an meán-tál bainne an bhó (ó 3,444 cg. i 1968 go dtí 3,770 cg. i 1976) mar d’fhan an líon bó mar a bhí, tuairim 25 mhilliún. As an mbainne a tháirgtear tá méadú ag teacht ar a mbíonn de á phróiseáil agus á mhargú ag déirithe (84.9 faoin gcéad i 1968 agus 90 faoin gcéad i 1976). Tháinig méadú de bhreis ar 10.5 milliún tona idir 1968 agus 1976 ar an méid bainne a seachadadh do dhéirithe. Ón méadú ar thál bainne a thig tuairim an tríú cuid den bhreis sin agus tá an chuid eile de le cur i leith an mhéadaithe atá ag teacht i gcónaí ar an gcionúireacht den táirgeadh bainne a sheachadtar do dhéirithe mar gheall ar gan beathú gamhna a bheith á dhéanamh ar an bhfeirm oiread agus a bhíodh cheana agus de bhíthin athruithe bonneagair. Tháinig de sin go mbíonn breis ime (1.5 faoin gcéad sa bhliain) agus breis púdair bhainne bhearrtha (4.9 faoin gcéad sa bhliain) á tháirgeadh. Sna deich mbliana seo caite tá dúbailt tagtha ar an meán-tréad sa Chomhphobal agus tá méadú ag teacht i gcónaí ar an táirgeadh le cabhair na dteicníochtaí nua-aoiseacha.


Trádáil Seachtrach

6. Le fad aimsire tá an Comhphobal ar cheann de na trádálaithe is mó ar mhargadh an domhain. Maidir le táirgí áirithe ar nós bainne chomhdhlúite (tuairim 80 faoin gcéad), púdar fíor-bhainne (65 faoin gcéad go 70 faoin gcéad) agus cáis (35 faoin gcéad go 45 faoin gcéad) tá a chion de mhargadh an domhain fanta tríd agus tríd cobhsaidh. I gcás táirgí eile tá éagsúlacht fhairsing ann. Idir 1973 agus 1976 d’athraigh cion an Chomhphobail idir 15 faoin gcéad agus 60 faoin gcéad i gcás ime agus idir 25 faoin gcéad agus 40 faoin gcéad i gcás púdair bhainne bhearrtha. I 1977 d’onnmhairigh an Comhphobal oiread ime agus púdair bhainne bhearrtha agus a d’fhreastail do leath mhargadh an domhain. Go minic, áfach, ní bhíonn sa mhargadh domhanda ach gnó imeallach i gcomparáid le margadh an Chomhphobail agus is mar sin atá go háirithe i gcás táirgí próisithe ar nós cáise (7 faoin gcéad) agus ime (11 faoin gcéad).


7. Is iad na táirgí bainne is mó atá ar áireamh i gclár Chúnamh Bia an Chomhphobail do thíortha an Tríú Domhain ola ime (tuairim 45,000 t. sa bhliain) agus púdar bainne bhearrtha (tuairim 100,000 t. sa bhliain). Is bac ar fhorbairt na soláthairtí sin eagrú neamhdhóthanach agus iompar agus dáileadh neamhdhóthanach sna tíortha a fhaigheann iad.


8. Allmhairítear isteach sa Chomhphobal im agus cáis a bhfuil gealltanais allmhairithe tugtha ina leith. Maidir le hallmhairí ime ón Nua-Shéalainn leanann an gealltanas ar aghaidh go dtí 1980 agus caithfear 125,000, 120,000 agus 115,000 tona a allmhairiú i 1978, 1979 agus 1980, faoi seach. Faoi chomhaontuithe CGTT allmhairíonn an Comhphobal go rialta 60,000 go 80,000 tona cáise in aghaidh na bliana ón Eilvéis, ón Ostair agus ón bhFionlainn. Is ionann na hallmhairí sin agus 7 faoin gcéad de tháirgeadh an Chomhphobail i gcás ime agus 2.5 faoin gcéad i gcás cáise.


Na bearta atá déanta cheana féin

9. Le blianta beaga anuas d’fhéach an Coimisiún le cothroime a bhaint amach in earnáil an bhainne trí pholasaí cúramach praghsanna mar aon le bearta eile, a mholadh don Chomhairle. Tá an cor ag dul in olcas i gcónaí, áfach, agus costas bearta feabhais ag síor-ardú. I 1977 b’ionann an caiteachas ó Roinn Ráthaíochta CETRT agus 20 faoin gcéad de luach an táirgthe deiridh i gcomparáid le 10 faoin gcéad i 1968. Tá an caiteachas méadaithe faoi dhó ó 1973 cé nach bhfuil ach méadú 40 faoin gcéad tagtha ar phraghas an bhainne. Idir 1968 agus 1977 b’éigean don Chomhphobal 15 faoin gcéad den táirgeadh ime agus 80 faoin gcéad den táirgeadh bainne bhearrtha a dhíol ar phraghsanna laghdaithe.


10. Tá an méid seo le rá ag an gCoimisiún faoi bhearta sonraithe atá déanta nó a bheartaítear a dhéanamh:


(a)níor chomhlíon an tobhach comhfhreagrachta, a tugadh isteach i 1977, an cuspóir a bhí aige táirgeadh a laghdú; ba é an phríomhchúis a bhí leis sin, i dtuairim an Choimisiúin, gur ligeadh ar lár an togra go mbeadh tobhach inathraithe i bhfeidhm;


(b)Ba é an toradh a bhí ar scéim na bpréimheanna neamhmhargaithe agus imathrúcháin a tugadh isteach i 1977 gur maraíodh 1.6 faoin gcéad den tréad déiríochta laistigh den chéad deich mí a raibh sé i ngníomh. Cé gur cuireadh an scéim i bhfeidhm arís i 1978, ní mheasann an Coimisiún gur réiteach na faidhbe inti féin í;


(c)Níl glactha ag an gComhairle, go dtí seo ar aon nós, le togra a rinne an Coimisiún sa phacáiste praghais deiridh go bhfionrófaí idirghabháil i leith bainne bhearrtha le linn an gheimhridh;


(d)Tá caiteachas buiséadachta trom, atá ag méadú de shíor, tar éis teacht as bearta chun tuilleadh margaí a fháil do tháirgí bainne laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal;


(e)Maidir le beatha ainmhithe tugann an Comhphobal fóirdheontais i leith 45 faoin gcéad den phúdar bainne a úsáidtear mar bheatha do ghamhna agus i leith 85 faoin gcéad den mhéid a úsáidtear do mhuca. Cé go bhfuil aonad-chostas an chúnaimh i dtionscal na muc go hard, diúscraíodh an ceathrú cuid de tháirgeadh an Chomhphobail de phúdar bainne bhearrtha sa réimse sin i 1977. De thoradh an chúnaimh a dheonaítear maidir le bainne bearrtha leachtach ní gá é a phróiseáil go púdar, rud a chuireann deireadh le costais stórála, agus


(f)Chomh fada is a bhaineann le honnmhairí, is ionann an t-aisíoc ar im agus tuairim 70 faoin gcéad den luach agus suas le 85 faoin gcéad i gcás púdair bhainne bhearrtha. Úsáidtear tuairim an tríú cuid de na honnmhairí ime agus púdair bhainne mar chúnamh bia.


Na bearta feabhais is féidir a dhéanamh

11. Cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil sé ar intinn aige leanúint leis na gnéithe sin den pholasaí láithreach a mheasann sé a bheith fóinteach, is é sin, praghsanna réasúnacha, na stoic atá ann a dhiúscairt go dícheallach agus margaí nua a lorg. Léiríonn sé freisin roinnt réimsí sonracha inar gá beart a dhéanamh, dar leis.


12. Is é tuairim an Choimisiúin gur cóir cúnaimh le haghaidh infheistíochta ag leibhéal na feirme agus ag leibhéal na próiseála a fhionraí ach amháin chun críocha teoranta m. sh. bainne leachtach agus bainne bearrtha, taighde agus táirgí nua.


13. Tá an Coimisiún fós i bhfabhar na mbearta speisialta a dhéantar chun barrachais a dhiúscairt agus, go háirithe, tacaíonn sé le leanúint de chúnamh a thabhairt le bainne bearrtha leachtach agus púdar bainne bhearrtha úir a tháirgeadh chun idirghabháil a laghdú. Ba cheart, i dtuairim an Choimisiúin, go dtabharfadh an chaoi ina dtéitear i gcionn trádála le tríú tíortha léargas ar an staid sa mhargadh inmheánach agus baineann sé seo go háirithe lena bhfuil i ndán d’allmhairí ón Nua-Shéalainn i ndiaidh 1980. Dearbhaíonn an Coimisiún go bhféachfaidh sé le Comhaontú Idirnáisiúnta Déiríochta a chaibidil faoin gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) agus i gcás aon lamháltais i leith cáise a dhéanfar chuig CEE, nó a dhéanfaidh CEE, tabharfar aird ar a dtionchar ar an margadh inmheánach.


14. Measann an Coimisiún nach bhfuil ach teip i ndán d’aon pholasaí nach gcuireann i gcuntas go bhfuil easpa teorann agus ardleibhéal na ráthaíochtaí ina mbac go fóill ar athbhunú na cothroime sa mhargadh bainne. Cé nár chóir prionsabal na ráthaíochtaí a thabhairt i gceist, áitíonn sé gur gá na bearta tacaíochta a oiriúnú fad a leanann an éagothroime.


15. Breithníonn an Coimisiún dhá phríomh-rogha i ndáil leis an gcóras tacaíochta a oiriúnú, viz. (a) cuótaí (ag leibhéal na feirme, an déirí nó na tíre), ach diúltaíonn sé don rogha sin ó thaobh prionsabail agus praiticiúlachta agus (b) beart ar an ráthaíocht praghais, arbh fhéidir ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheith i gceist leis:—


(i)praghsanna idirghabhála agus leibhéal tháirgeadh an Chomhphobail a chur i gcoibhneas a chéile;


(ii)praghsanna idirghabhála agus leibhéal na stoc idirghabhála a chur i gcoibhneas a chéile;


(iii)an tobhach comhfhreagrachta a athrú de réir leibhéal tháirgeadh an Chomhphobail;


(iv)cionúireacht den mhéid a sheachadtar a thabhairt ar ais do tháirgeoirí ina bhainne bearrtha leachtach nó ina phúdar bainne bhearrtha;


(v)fáil gan choinníoll ar idirghabháil a shrianadh (níl aon sonraí tugtha).


16. D’fhonn an t-ioncam a chaillfeadh táirgeoirí áirithe a chúiteamh, tá breithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar scéim de chineál sóisialach agus d’fhéadfadh a bheith ar áireamh inti cúnamh díreach d’ioncam feirmeoirí lánaimseartha áirithe nach mbeadh aon mhalairt réadúil acu ar an mbainne.


Tionscal na déiríochta in Éirinn

17. Sula dtabharfaidh sé a bharúlacha i dtaobh doiciméad an Choimisiúin ba mhian leis an gComhchoiste aird a dhíriú ar cé chomh tábhachtach is atá an déiríocht i ngeilleagar na hÉireann. Is bainne a tháirgtear ar fheirmeacha Éireannacha (£400m. i 1977 agus réamhaisnéis £490m. do 1978) 31 faoin gcéad den táirgeadh talmhaíochta iomlán i gcomórtas le 19 faoin gcéad is meán don Chomhphobal. I 1977 táirgí déiríochta ab ea 23 faoin gcéad d’iomlán na n-onnmhairí talmhaíochta nó 9 faoin gcéad den onnmhairiú iomlán.


18. Tá leath na bhfeirmeacha sa tír ag gabháil d’fhiontair thráchtála déiríochta. Le linn 1977, 17 mbó a bhí sa mheán-táin déiríochta in Éirinn agus i Mí na Nollag, 1977, ba lú ná 20 an líon bó ar 79 faoin gcéad de na feirmeacha déiríochta uile. D’fhormhór na bhfeirmeoirí sin is í an déiríocht an t-aon seans atá acu slí bheatha a bhaint amach ón bhfeirmeoireacht. Roimhe seo, cé is moite de bhainne leachtach agus de bhiatas siúcra, is ó tháirgeadh bainne uachtarlainne a fuarthas an t-ioncam is mó in aghaidh an acra ar fheirmeacha teaghlaigh.


19. I gcomparáid le tíortha eile CEE níl an déiríocht in Éirinn forbartha go hiomlán. Cé go bhfuil buntáiste ag Éirinn i gcomórtas leis na tíortha eile le bainne a tháirgeadh níos saoire ar thailte féir, ní buntáiste iarbhír é sin ach buntáiste a bhfuil brí ann a d’fhéadfaí a shaothrú fós. 603 ghalún an bhó an meán-tál bainne i 1977 agus 870 galún an bhó an meán-tál sa Chomhphobal an bhliain chéanna.


20. Chomh maith leis sin is í an déiríocht in Éirinn is bonn leis an aonad is mó (37 faoin gcéad) den táirgeadh talmhaíochta i.e. eallach. Is ba mairteola go háirithe tuairim an ceathrú cuid de bha na tíre ar fad agus, dá dhroim sin, braitheann táirgeadh mairteola go mór ar sholáthar rialta de bheithigh óga ó na limistéir dhéiríochta.


21. Ó thaobh tionscail de, b’fhiú £663m. an táirgeadh i 1977 de tháirgí déiríochta próiseáilte, is é sin, 14.4 faoin gcéad den táirgeadh déantóireachta uile. Tá tuairim 8,800 duine ar fostú sna tionscail sin. Meastar go bhféadfaí 13,750 duine eile a bheith fostaithe le próiseáil déiríochta teacht 1985 de bharr méadú ar tháirgeadh bainne agus tuilleadh próiseála.


An Gá atá le Cóir Speisialta

22. Ag féachaint do dhálaí sa Chomhphobal, ní forbairt mhór ar bith atá déanta ar tháirgeadh bainne in Éirinn d’ainneoin córach aimsire. Tá sé fíor-riachtanach ar mhaithe le leas na tíre go ndéanfaí tionscal na déiríochta a fhorbairt go lán a chumais mar gheall ar an líon mór a bhíonn i gcónaí gan fostaíocht sa tír agus ar an deacracht a bhaineann le híocaíochtaí a chothromú. Ní a cuireadh go mór san áireamh nuair a chuaigh Éire isteach i CEE go ndéanfaí forbairt den sórt sin a spreagadh. Ina cheann sin, dealraíonn sé a bheith ar aon-réim le dearbhchuspóir Chonradh na Róimhe táirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú go ligfí do tháirgeadh bainne in Éirinn méadú nó go mbeadh an meán-tál chomh mór ar a laghad le meán-tál an Chomhphobail.


23. Sa Chomhphobal ar fad is lú ná 5 bhó atá ar 35 faoin gcéad de na feirmeacha déiríochta agus is é is cúis le roinnt mhaith den rótháirgeadh tréada beaga atá ag brath go mór ar ábhair bheatha allmhairithe a cheannaítear ar phraghsanna fabhracha. Tá a mhalairt de scéal ar fad in Éirinn, áit nach mbaintear úsáid iomlán as na buntáistí nádúrtha atá ann i ndáil le táirgeadh bainne. Ba cheart go mbeadh sé chomh tábhachtach ar a laghad ó thaobh leasa an Chomhphobail, mar chuspóir a bhainfí amach faoi dheireadh, táirgeadh ó thailte féir in Éirinn a spreagadh is atá sé teorainn a chur le táirgeadh ar fheirmeacha beaga a bhraitheann go mór ar ábhair bheatha chumaiscthe.


24. Le linn bhreithniú a bheith á dhéanamh ar aon tograí chun an éagothroime bainne a leigheas, tá sé tábhachtach, dar leis an gComhchoiste, a mheabhrú gur beag an bhaint atá ag Éirinn leis an bhfadhb a bheith ann. Faoi láthair ní tháirgeann Éire ach 4.1 faoin gcéad, 5 faoin gcéad agus 2 faoin gcéad faoi seach de bhainne, d’im agus de cháis an Chomhphobail. Níor díoladh aon im isteach san idirghabháil ó chuamar isteach sa Chomhphobal agus níl i gcion na hÉireann ach 30,000 tona den 700-800,000 tona púdair bhainne bhearrtha atá ar láimh in idirghabháil.


25. Glacann an Comhchoiste leis ar fad gurbh é leas an Chomhphobail cothroime in earnáil an bhainne a athbhunú ach dearbhaíonn sé nach mbeadh sé eacnamaíoch ná cothrom tabhairt faoi sin a dhéanamh trí bhearta ginearálta a chur i bhfeidhm i leith cásanna atá éagsúil ar fad le chéile. Is dóigh leis an gComhchoiste nach féidir a shéanadh gur chóir ligean d’Éirinn táirgiúlacht in earnáil an bhainne a mhéadú go dtí meán-táirgeadh an Chomhphobail trí úsáid iomlán a bhaint as a cuid acmhainní nádúrtha. Ní foláir an cuspóir seo a bheith ar aird le linn bheith ag cinneadh tuairim na hÉireann i dtaobh cibé bearta sonracha a bheidh á moladh.


Cúnamh a Fhionraí

26. Is ábhar imní don Chomhchoiste an chaoi a rachadh sé i gcionn ar Éirinn teorainn a chur le cúnamh le haghaidh infheistíochta. Toisc go n-athraíonn an táirgeadh de réir na séasúr in Éirinn is gá, le go gcuirfí soláthar áirithe ar fáil, acmhainn phróiseála níos airde ná i dtíortha eile CEE. Ina theannta sin, d’fhéadfadh laghdú na hinfheistíochta dul i gcionn go tubaisteach ar fhorleathnú na fostaíochta sa tionscal agus ar na deiseanna chun earraí éagsúla a tháirgeadh. Ó tharla go bhfuil ár dtionscal déiríochta gan forbairt go lán a chumais ná in aon ghaobhar dó, tá sé fíor-riachtanach, i dtuairim an Choiste, nach gcuirfear chun feidhme ar an tír seo aon bhearta do shrianadh infheistíochta.


Tobhach Comhfhreagrachta

27. Tá sé roinnt deacair ag an gComhchoiste an tobhach comhfhreagrachta, lena n-ardaítear an praghas ar an tomhaltóir, agus an cuspóir sonraithe tomhaltas a ghríosú, a chur ag freagairt dá chéile. Ach féadfar glacadh le tobhach measartha ar choinníoll gur go heisiatach chun easraisí margaidh a chur chun cinn agus a mhéadú sa cháil sin a úsáidfear an sochar. Measann an Comhchoiste gur cóir, sula mbreithneofar an ceart an tobhach atá ann faoi láthair a athrú, measúnacht a dhéanamh ar an gcaoi inar caitheadh an sochar go dtí seo.


Úsáid Bainne Bhearrtha

28. Is maith leis an gComhchoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil an Coimisiún ar son leanúint den fhóirdheontas a íoc ar bhainne bearrtha a chuirtear ar ais chuig an bhfeirm. Creideann sé gur mó an úsáid a bhainfí as bainne bearrtha amh dá mba chinnte do tháirgeoirí muc go mbeadh sé ar fáil ar feadh tréimhse fada, 7 go 10 mbliana, abair. Measann an Coiste gur cheart go mbeadh deontais CEE ar fáil chun infheistíochta i gcaiteachas caipitiúil a mbeadh beartaithe dó méadú ar an méid bainne bhearrtha leachtaigh a úsáidfí ar an bhfeirm. Ba cheart, go háirithe, go bhfaigheadh feirmeoirí a bhfuil faileanna muc déanta cheana féin acu deontas de chúnamh le hathrú a dhéanamh ionas go bhféadfaidís bainne bearrtha a úsáid.


Táirgí Déiríochta a Allmhairiú

29. Is cosúil nach léir don Choimisiún, maidir le sriantachtaí le hallmhairí ó thríú tíortha, nach mórán difríochta a dhéanann siad, faoi dheireadh, d’éagrothroime tráchta an Chomhphobail. Thairis sin leanann na hallmhairí sin as gealltanais Chonartha agus gealltanais eile. Glacann an Coimisiún chuige, áfach, gur cheart go mbeadh feidhm ag an ngníomh is gá a dhéanamh ar mhargaí an Chomhphobail ar an tslí a bhfreastalaíonn an Comhphobal dá oibleagáidí i ndáil le hallmhairí.


30. Cé gur fíor nach bhfuil in allmhairí táirgí déiríochta ach 7 faoin gcéad de tháirgeadh ime an Chomhphobail agus 2.5 faoin gcéad dá tháirgeadh cáise, is mó é sin ná cion na hÉireann den táirgeadh sin, is é sin, 5 faoin gcéad i gcás ime agus 2 faoin gcéad i gcás cáise. Caithfear beart éigin a dhéanamh maidir le hallmhairí má tá brí ar bith le bheith le tosaíocht Chomhphobail. Ní réasúnach bheith ag súil go mbainfeadh cailleadh ioncaim d’fheirmeoirí déiríochta sa Chomhphobal, le súil go gceartófaí an éagothroime, agus cion ráthaithe den mhargadh san am céanna ag tíortha lasmuigh de CEE agus an margadh sin ag dul i laghad.


31. Maidir le caibidlí CGTT tá sé riachtanach ó thaobh na hÉireann de nach mbeadh aon chomhaontú ann cáis chéadair a allmhairiú isteach sa Ríocht Aontaithe ó thíortha lasmuigh de CEE. Is é an margadh sin an t-aon mhargadh atá ann do cháis chéadair na hÉireann.


32. Is cúram rí-thábhachtach d’Éirinn freisin an t-ionad atá ag im na Nua-Shéalainne ar mhargadh na Ríochta Aontaithe. Faoi láthair tá im ón Nua-Shéalainn ar díol ar an margadh sin ar £1,410 an tona agus im na hÉireann agus na Danmhairge á dhíol ar £1,625 an tona. De réir na gcomhshocraíochtaí atá ann faoi láthair, tá tuairim 40 faoin gcéad de mhargadh ime na Breataine ráthaithe don Nua-Shéalainn. Toisc gan aon athrú teacht ar an éileamh agus an táirgeadh baile ag dul i méid, ní foláir nó tiocfaidh laghdú ar an méid iomlán a bheifear a allmhairiú, rud a fhágfaidh buntáiste bunúsach ar thíortha CEE ag an Nua-Shéalainn, tír nach bhfuil i CEE, i gcuid de mhargadh an Chomhphobail. Tá na comhshocraíochtaí leis an Nua-Shéalainn faoi réir a n-athbhreithnithe i 1980 agus ag féachaint don chor sa mhargadh inmheánach is deacair a shamhlú go bhféadfar aon ghealltanais nua a thabhairt tar éis an ama sin.


Ábhair Bheatha a Allmhairiú

33. Is léir gurb é is cúis le cuid mhaith den mhéadú atá tagtha ar an tál bainne sa Chomhphobal an úsáid a bhaintear as tiubhacháin a allmhairítear ar phraghsanna atá i bhfad níos ísle ná praghsanna na dtáirgí Comhphobail is inchurtha leo. Ba cheart gníomhú láithreach chun an ceannteideal taraife do mhanioc i CGTT a dhíscaoileadh. Níor mhór don Chomhphobal ansin na bearta a dhéanamh is gá chun teorainn a chur leis an méadú ar a n-allmhairítear de mhanioc, de bhrain arbhair, de ghlútan gráin bhuí agus de mholás, agus an saobhadh ar phraghsanna táirgí beostoic sa Chomhphobal, de bharr na hionadáin arbhair sin a allmhairiú ar phraghsanna ísle. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí chóras na bPraghsanna Tairsí/na dtobhach a úsáid agus comhéifeachtaí a úsáid a bheidh bunaithe ar luach na heorna mar ábhar beatha. Dhéanfaí na praghsanna ar a n-allmhaireofaí ionadáin arbhair a ríomh ina n-aonaid chuntais. Dhéanfaí comhéifeachtaí ionadán arbhair a ríomh i leith luach eorna mar ábhar beatha, agus iad a fheidhmiú gan aon uasteorainn le tobhaigh allmhairiúcháin, fad is nach mó praghsanna ghrán an Chomhphobail ná na phraghsanna tairsí.


Préimheanna Neamh-mhargaithe agus Imathrúcháin

34. De réir na fianaise a cuireadh os comhair an Chomhchoiste ní gnaoi mhór atá ag feirmeoirí déiríochta na hÉireann ar phréimheanna neamh-mhargaithe agus imathrúcháin. Cuireadh i dtuiscint don Choiste gur ghá 25 faoin gcéad ar a laghad d’ardú le brí ar bith a bheith sna préimheanna.


Córas Ráthaíochta agus Idirghabháil

35. Is maith leis an gComhchoiste a thabhairt faoi deara nach bhfuil an Coimisiún féin i bhfabhar cuótaí táirgeachta. I dtuairim an Choiste, bheadh d’éifeacht ag na cuótaí sin, cibé acu ag leibhéal na feirme, na huachtarlainne nó ag an leibhéal náisiúnta iad, támhstaid a chur le tionscal atá ag forbairt, agus ar cóir dó bheith ag forbairt, agus go bhfuil siad neamhoiriúnach ar fad dá réir sin don chor in Éirinn.


36. Ní aontaíonn an Comhchoiste ach oiread go mbeadh praghsanna idirghabhála ar comhréir le cothrom táirgeachta ná le díolacháin idirghabhála. Is é tuairim an Choiste go mbeadh feidhm mhíréireach ar tháirgeoirí na hÉireann ag aon bhearta den sórt sin.


Easraisí Nua

37. Tugann an Chomhchoiste dá aire go bhfuil ar intinn ag an gCoimisiún leanúint air ag lorg easraisí nua do tháirgí bainne sa Chomhphobal agus ar mhargaí coigríche. Maidir leis an margadh inmheánach, bealach amháin atá ann chun an tomhaltas a mhéadú a mhéid is féidir ná díol ar leac an dorais leis an tomhaltóir. B’fhéidir gur cheart dá ndéanfaí breithniú ar thosú arís le cúnamh ón gComhphobal ar dhíolacháin ar leac an dorais in áiteanna inar éiríodh as sin. D’fhéadfaí tabhairt ar dtús faoi roinnt treoir-thionscadal lena mheas go cruinn conas a d’éireodh leis an mbeart.


38. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil an Coimisiún chun breithniú a dhéanamh an bhféadfaí conarthaí fadtéarma a dhéanamh i leith táirgí bainne ar an margadh coigríche. Má thagann conarthaí den sórt sin i gcrích tá súil ag an gCoiste gur ar bhonn cothrom a dháilfear deiseanna chun bheith páirteach iontu agus go bhfaighidh Éire a cion cuí.


Clár Cúnaimh Bhia

39. Tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil an Coimisiún i bhfabhar iarracht a dhéanamh an cúnamh bia do thíortha forásacha a mhéadú. Go dtí seo ní raibh cion na hÉireann de chúnamh bia an Comhphobail sásúil agus molann an Coiste go bhféachfar chuige go méadófar cion na hÉireann amach anseo. Sa mhéid gur bac ar an gclár cúnaimh bhia na tíortha a fhaigheann é a bheith neamhábalta ar na táirgí a láimhsiú i gceart, creideann an Coiste gur chóir a bhreithniú an bhféadfaí cúnamh ón gComhphobal a thabhairt chun ionaid dáilte agus, b’fhéidir, gléasraí athchomhdhéanaimh, a sholáthar. D’fhéadfaí coinníoll ré cúig bliana, abair, a chur le cúnamh den sórt sin a ghlacadh.


Cúnaimh Ioncaim

40. Dearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil breithniú á dhéanamh aige ar scéim de chineál sóisialach ar chuid di cúnaimh ioncaim dhíreacha a thabhairt d’fheirmeoirí lánaimseartha a mbeadh orthu, de dheasca athrú ar an gcóras ráthaíochtaí, éirí as bainne a tháirgeadh gan bheith ar a gcumas gabháil le haon cheird eile chomh maith leis. Creideann an Comhchoiste gur gá, ó thaobh na hÉireann de, a thabhairt ar an bhfeirmeoir beag a éifeachtúlacht a mhéadú agus a tháirgiúlacht a fheabhsú. Mar gheall ar chor na fostaíochta sa tír seo faoi láthair, agus ar an mbaol go gcuirfí dream eile ó tháirgeadh agus é a bheith d’iallach orthu maireachtáil ar ioncam de chineál cúnaimh shóisialaigh ní ábhar é a bhféadfaí bheith sásta leis ar aon slí. Creideann an Comhchoiste, mar gheall ar na cúiseanna atá luaite cheana, gur chóir maolú a lamháil, a thabharfadh aitheantas do chás speisialta na hÉireann, ar aon bhearta chun táirgeacht a laghdú. Tá súil aige, dá bhrí sin, nach mbeidh gá an scéim shóisialach atá beartaithe a chur i ngníomh sa tír seo.


Admháil

41. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil leis an mBord Bainne, le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, le Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann agus le Comhlachas Tionscal Déiríochta na hÉireann Teoranta as ucht an mhórchúnaimh a fuair sé uathu le linn an cor in Earnáil an Bhainne a bheith á bhreithniú aige. Thug gach ceann de na comhlachtaí seo meabhráin chuimsitheacha ar an ábhar don Choiste agus bhí deis ag comhaltaí an Choiste gach gné a phlé go mion le hionadaithe ó na heagraíochtaí feirmeoireachta sin.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


6 Nollaig, 1978.